Cartlanna Clibe: Gaeilge

Comhghairdeas leat a Ghaeil ghroí!

An tuairisc uaim a fhoilsiodh san Evening Echo maidir le bronnadh ghradam Ghael na Bliana ar Des Bishop

An tuairisc uaim a fhoilsíodh san Evening Echo maidir le bronnadh ghradam Ghael na Bliana ar Des Bishop

Des Bishop, Gael na bliana.   Comhghairdeas leat.  Ní thagaim leis an tuairimíocht atá ag Joe Steve O Neachtain, dá mhéid mo mheas agam ar Joe,  a deir nach ar leas an OIreachtais nó na Gaeilge do leitheid, daoine mór clú, bheith ag baint leo.

Creidim gur teanga í an Ghaeilge atá ar fáil do gach duine agus ní chuireann sé as dom má bhionn daoine ag iarraidh í a fhoghlaim de bharr go bhfuil sé ‘gnéasach’ anois.   

Ní doigh liom gurb é sin atá ar chúl suim Des Bishop. Creidim go bhfuil Des gafa leis an Ghaeilge don fhad treimhse.  Tá paisean aige don teanga agus tuigeann sé í agus an polataíocht a bhaineann lei. 

Ach fiú dá mbeadh sé ann de bharr í bheith ‘gnéasach’ faoi láthair, nach cuma.  

Bhí sé súntasach, chomh maith, go raibh rún ar chlár na n-ábhar don dreas cainte ag an Oireachtas ag tabhairt le fios ‘go raibh an t-aos óg ró líonmhar ag an Oireachtas.   B’fheidir go bhfuil aicme áirithe ag an Oireachtas agus i measc saol na Gaeilge a chreideann go daingean gur cheart gach rud gaelach a bheith ann ar an ‘sean nós’ amháin agus don sean aos amháin. 

B’fheidir gurb é Ré na Gaeilge Gnéasaí cothrom na linne seo de Ré an Tiogair Cheiltigh atá díreach cáite.  Is cinnte go bhfuil an Ghaeilge ag teacht in uachtar arís, in ainneoin iarrachtaí Fhoras na Gaeilge agus an Roinn Oideachais í a chur faoi chois tre nuachtáin a dhúnadh agus tumoideachas Ghaeilge a shéanadh ar naíonáin. 

An ceacht atá le foghlaim ón méid a tharla le linn ré an Tiogair Cheiltigh go gcaithfimíd togáíl go stuam ar an dea mhéin atá ann don teanga i measc an phobail, dea mhéin den chineál a léirigh an Evening Echo.  Conas teacht i dtír ar sin chun todhchaí faoi bhlath san fhad treimhse a dhearbhú don Ghaeilge, sín í ár ndúshlán? 

Aon tuairimí agaibh a chairde!

Saint, craos agus bróga Manolo Blahnik

 

Tá clú agus cáil ar bhróga chostasacha Manolo Blahnik ón gclár Sex and The City

Tá clú agus cáíl ar bhróga chostasacha Manolo Blahnik ón gclár Sex and The City

Agus an tóin ag titim as an tsaol, go fóill, is cosúil nach bhfuil ciall againn fós.  Inné agus scamall an amhrais fós ós ár gcionn, agus os cionn ár gcóras airgeadais, d’osclaíodh siopa bróg i mBaile Atha Cliath.  Ní gnath siopa bróga atá i gceist – ach siopa an dearthóra, Manolo Blahnik, an dearthóir bróg ón Spáinn a thuill clú agus cáil de bharr an clár teilifíse, Sex and The City. 

Bróga do mhná atá i gceist agus cosnaíonn siad na céadta Euro an peire.   Deirtear go mbeadh mná sásta a gcéad páiste a dhíol le teacht ar phraghas peire acu.   Anois ní chreidim sin – ach is é sin an cineál áibhéil a leanann na bróga seo. 

Agus mé ag léamh na bolscaireachta faoi theacht Manolo go Baile Atha Cliath san Irish Times agus san Irish Examiner,  tá mothú aisteach agam.  Mothaím go bhfuil saol osréalaíoch á thuairisciú ann – ag am go bhfuil cáinaisnéis thar a bheith cruaigh á gheallúint ag an dTaoiseach, táimíd go fóill dallta ag na bróga seo, bróga nach bhfuil ag teacht leis an aoráid nua eacnamúil ina mairimíd ná baol air. 

Ag an am céanna is atá na criosanna á cúngú agus arduithe cánach agus ciorruithe caiteachais á lua agus an cosmhuintir go mór i mbaol de bharr seo, tá an bolscaireacht saor in aisce á thabhairt do theacht an siopa bróg seo. 

Ní miste liom a rá gur dóichí ná a mhalairt go mbeidh margadh ann i gcónaí do rudaí alainn – ach níl a fhios agam cé a cheannóidh na bróga seo?  Mná cheile – agus mná breise – na mbaincéirí atá tar éis creachadh a dhéanamh orainn? 

Idir Manolo Blahnik agus na bialannaí galanta a bhionn faoi chaibidil ag leitheidí Tom Doorley agus leirmheastóirí bialannaí eile a bhionn ag scríobh do nuachtáin na mór uaisle, tá ár gciall caillte. 

Gach seans go mbeidh orainn teacht ar ár gciall go gasta sa tréimhse atá romhainn!  In alt eile san Irish Times tugtar le fios go bhfuil ampal, craos agus saint rábach in Éirinn faoi láthair – seo an léargas i leabhar nua dar teideal Vitali’s Ireland – Time Travels in the Celtic Tiger.

Pádraig Ó Cuanacháin – i bParrthas na nGael go raibh sé

Chuala mé an scéal inniu go raibh Pádraig Ó Cuanacháin ar shlí na firinne. Duine abea Pádraig a chuir an ‘gníomh’ i ‘ghníomhaí teanga’.  

Pádraig Ó Cuanacháin 1932-2008 

Is boichte sinn de bharr é bheith caillte ach is saibhre an tír agus an teanga de bharr an meid a rinne sé.Chas mé le Pádraig beagnach cúig bliain is fiche ó shin den chéad uair nuair a tháinig sé go Cúil Aodha le labhairt leis an óg eagras ann. Bhíos mar runaí ar Óg Eagras Chúil Aodha ag an am – Eoghan Ó Lionaird abea an chathaoirleach.   D’iarr sé orainn leacht cuimhneacháin a nochtadh do Sheán Ó Riordáin ar ar an teach inar saolaíodh an sár fhile i mBaile Mhuirne i nGaeltacht Mhúsgraí.  Agus sinn ag nochtadh an leachta seo, mhol Eoghan Ó Lionaird, ar iarratas ó Phádraig, go mbunófaí Gaelscoil i mBaile An Chollaigh mar leacht chuimhneacháin bheo ar an fhile.  Ar ndóigh bhí an obair déanta ag Pádraig Ó Cuanacháin roimhe sin agus an Fhomhar sin i 1983 – nochtadh an leacht i mí Bealtaine – osclaíodh an scoil, Gaelscoil Uí Riordáin.  Tá breis is scór bunscoil Ghaeilge oscailte i gCorcaigh ó shin agus dornán gaelcholáistí.   Tá athas orm gur chas mé ar fhear chomh gniomhach agus chomh h-eifeachtach le Pádraig.  Guím comhbhrón ar a bhean Nóirín agus ar a chlann.     Tá an príomhscéal faoi i Lá Nua inniu – http://www.nuacht.com