Cartlanna Clibe: Gaeilge mar chroí abhar don Ard Teist

Deireadh na Dála…tús an fheachtais

Faoi dheireadh thiar tá an 30ú Dáil ar scor agus na teachtaí ag ardú a seol is iad ag ullmhú d’fheachtas nua nó do saol nua taobh amuigh den pholataíocht. Thug An Taoiseach, Brian Ó Comhain, a oráid dheireanach sa Dáil inniu agus é ag ráite aige ón oíche aréir [Dé Luain] nach mbeidh sé san iomaíocht don Dáil i mbliana.

Bhí go leor Gaeilge ina oráid – agus in oráid Enda Kenny freisin – agus bhí sé oiriúnach. Ni h-é go raibh croí Brian Ó Comhain san áit mícheart – ní raibh an t-adh leis agus chothaigh sé go leor deacrachtaí do féin – ach is dócha gur féidir a rá gur dhein sé, mar a dúirt sé féin, a mhíle dícheall. Bhí cúpla focal Ghaeilge in oráid Éamon Gilmore chomh maith – leath líne ó dhán Raifteirí’. Go deimhin bhí ceannairí na bpríomh phairtithe ar fad ag baint úsáide as an dán céanna….

Deirtear linn go mbeidh an fheachtas romhainn ar an toghchán is tabhachtaí i stair na tíre. Feachtas stairiúil, is cosúil, mar den chéad uair riamh, beidh díospóireacht i nGaeilge ar TG4. B’é seo sprioc a chuir mé romham nuair a chuireas m’ainm chun tosaigh sa chomórtas phoiblí le bheith i m’ionadaí phoiblí ar Bhórd TG4. Anois, ar amharaí an tsaoil b’fhéidir nó ‘events, dear boy, events’, tarlóidh sé agus tá cuireadh seolta ag an staisiún chuig ceannairí na dtrí mórpháirtí, Fianna Fáil (Mícheál Martin), Fine Gael (Enda Kenny) agus An Lucht Oibre (Eamon Gilmore), chun páirt a ghlacadh i ndiospóireacht a chraolfar BEO, is cosúil, ag 10 AR MAIDIN, ar an 16ú Feabhra, naoi lá roimh an olltoghchán.

Is cuma liom triúr nó cúigear bheith sa dhíospóireacht – ba chuma liom freisin, go deimhin ba mhaith liom, dá mbeadh diospóireachtaí foirmeálta idir urlabhraithe na bpairtithe sna príomh réimsí, cúrsaí oideachais, sláinte, gnó agus fiontraíocht is airgeadais, Gaeilge/Gaeltacht.

Ach tá sé tabhachtach go mbeadh diospóireacht ann idir iad san a fhéadfaí, go réadúil, bheith tofa mar Thaoiseach. Agus má tá sé tabhachtach go mbeadh sé ann i mBéarla, tá sé chomh tabhachtach céanna go mbeadh sé i nGaeilge.

Feicim go bhfuil ráiteas éisithe ag Conradh na Gaeilge ag cur fáilte roimh an dhiospóireacht stairiúil seo. Tá tagairt sa ráiteas céanna don éileamh ar gach páirtí go mbeadh an Ghaeilge ina chroí-ábhar san Ard Teist. Tá ceangal laidir idir an dhá rud, creidim, Má bhionn an diospóireacht seo ann uair amháin, beidh sé tabhachtach leanúint leis an nós seo agus má leantar cothóidh sé bunriachtanas d’ábhar ceannairí sna toghcháin amach anseo: is é sin go mbeidh Gaeilge ag aon duine ar mhaith leo bheith ina ceannaire ar mhór pháirtí. Ciallaíonn sin, d’fhéadfá a rá, go mbeadh Gaeilge ag furmhór mhór na bpolaiteoirí, is é sin má tá suim acu i gceannaireacht a bpairtithe. Caithfidh sin cuidiú leis an nGaeilge a choimeád ina chroí-ábhar san Ard Teist amach anseo.

Creidim go laidir gur fearr i bhfad iacaill a chur ar cheannairí pholatúla an dea-shampla a thabhairt ná bheith ag caint de shíor faoi ‘stadas oifigiúíl’ agus ‘caipéisí’ is reachtaíocht bheith aistrithe go Gaeilge fiú is go bhfuil a fhios againn nach mbionn cainteoirí Ghaeilge á lorg nó á léamh. Ach sin mo shean phort….