Cartlanna Clibe: Foinse Nua

Independent ar fáil saor in éineacht le Foinse [Nua]

 

Foinse snásta suas go dáta

Cheannaigh mé Foinse Nua ar maidin agus fuair mé an Irish Independent saor in aisce in éineacht leis… Ní raibh aon fhoclóir Ghaeilge Béarla ann áfach.

 

Iatán 24 leathnach tablóideach lán daite atá i gceist le dearadh snásta agus teacht i láthair taithneamhach.   Is léir go bhfuil fios a gnó ag an Eagarthóir nua, Emer Ní Chéidigh agus tá moladh nach beag ag dul di as ucht an méid oibre atá déanta chun Foinse a fhorbairt  agus aghaidh nua a chur air.

Beidh aithne againn ar na pearsaí atá ag scríobh don nuachtán – leithéidí Daithí O Sé, Blathnaid Nic Donnchadha (Paisean Faisean) agus Gemma Ní Chionnaith (Anocht FM), Hector O hEochagáin agus Mícheál  O Conaola.    Glacaim leis gur scriobhnóirí rialta iad seo – ach tá dornán ainmneacha eile luaite leis an gcéad eagrán, ainmneacha a thugann le fios an meas atá ar Phádraig O Céidigh, foilsitheoir Foinse,  i ndorchlaí na cumhachta.

Uachtarán na hÉireann, Maire Mhic Giolla Iosa, An Taoiseach, Brian O Comhainn, agus, ar leathnach na litreacha, leithéidí Enda Kenny, Eamon Gilmore, Mary Kennedy, Máirtín O Muilleoir agus Peadar Mac Fhlannchadh – tá litir comhghairdis uatha san ar fad ar leathnach na litreacha.    Tabhair faoi ndeara nach bhfuil aon litir comhghairdis ann ó phríomh fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh.

Is beag nuachta sa nuachtán nua.   As an 24 leathnach, níl ach cúig leathnach nuachta ann agus tá colún Dhaithí Uí Shé faoi ‘Jedward’  maraon le focal failte ón Eagarthóír san áireamh ansan.   Tá dhá leathnach eile le ‘nuacht’ mar cheannteideal orthu – ach anseo tá colúin ó Mícheál O Conaola (Cén baile is feiliúnaí don Oireachtas), athchúrsáil ar abhar Gaelport agus colún airgeadais.      Tá tús áite tugtha d’agallamh leis an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, agus a gheallúint go bhfuil airgead na gColáistí Samhraidh slán ‘go foill’.

Ní caineadh é sin, mar a cheapfá, nó níl sa nuacht ach gné amháin i bpacaiste iomlán nuachtáin an lae inniu, trath go mbionn an nuacht le fáil 24/7 ar an idirlíon.  Tá ar ‘nuachtáin’ iad féin a chur in oiriúint don ré go bhfuil eolas ag an leitheoir ar an nuacht is déanaí ó fhoinsí eile roimh a shroicheann an nuachtán féin a lámha.

Is athrú iomlán Foinse Nua ar an sean Foinse.  In áit go raibh an sean Foinse tuatach agus sean aimseartha ina chur chuige agus ina dhearadh, tá Foinse Nua nua aoiseach agus snásta.    An feabhas é seo?  Braitheann sé sin ar do dhearcadh.  Más leitheoir rialta an “Irish Times” tú,  mar a mhaíonn go leor Gaeilgeoirí aitheanta agus iad á léamh i dteannta le latte na maidine, bhuel ní bheidh morán sásaimh anseo duit.

Nuachtán é seo atá dírithe ar na scoileanna agus ar na bhfoghlaimeoirí Ghaeilge don chuid is mó – tá 10 leathnach nó 40% den nuachtán dírithe orthu san.   Tá ceithre leathnach spóirt ann – san abhar seo tá aistriúcháin ar dhá leathnach d’ailt ó ghné scriobhnóirí an Irish Indo, Tony Ward agus Vincent Hogan.     Arís ní miste sin – is úsáid mhaith é ar acmhainn an Indo agus ar ghnó an aistriúcháin.

 

Nuacht 7 - nuachtán a dhéanfadh an beart taobh le taobh le Foinse

An eilifint sa seomra nach bhfeictear tagairt ar bith do sa nuachtán, an chinneadh atá le déanamh ag Foras na Gaeilge faoin chomórtas atá le déanamh ag bord na h-institiúide teanga tras teorainn Dé hAoine faoi na h-iarratasóirí ar an gconradh seachtainiúil a dhiultaigh Foinse i mí an Mheithimh.   Ní h-é gur ligeadh i ndearmad é a lua, táim ag glacadh leis, ach fagann an t-easnamh maraon leis an liosta le h-áireamh de thacadóirí cumhachtacha atá bailithe ag an nuachtán, An Taoiseach, an tUachtarán, ceannairí an fhreasúra – ceist mhór san aer.   An mbeidh an cnamh droma ag an bhForas leanúint leis an gcomórtas a thosnaigh siad – agus a chuir grúpaí isteach air le dóchas ionraic agus le h-uaillmhian measúil – nó an dtapóidh siad ‘deis’ gan leanúint leis agus na h-iarratasóirí a fhagail ar an dtrá folamh? Go deimhin ní doigh liom go bhfuil an Foras luaite olc nó maith san eagrán seo de Foinse.

 

Ceapaimse go bhféadfadh nuachtán seachtainiúil Ghaeilge le cois Foinse bheith rathúil agus go mbeadh an nuachtán sin tarraingteach do lucht léite Foinse agus Lá Nua roimhe.  Bheadh sé mar ‘bhreischéim leitheoireachta’ do lucht Foinse agus tá sé sin tabhachtach freisin.   Creidimse go mbeadh an nuachtán atáim féin luaite leis, Nuacht 7, go maith ábalta an ról sin a ghlacadh agus go bhféadfadh sé tarlú gur mó suim na bpairteanna, má thuigeann sibh mé.  Is deis é seo don Fhoras le tapú, má thapaíonn siad é.    Ach d’fhéadfaí a rá faoin Fhoras an méid a duradh faoi John Bruton trath:  dá mbeadh anraith sa bhaisteach, bheadh siad amuigh faoin chlagar le forc.

Guím gach rath ar Foinse [Nua].   Is céim chun cinn é d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus is maith ann é.     Guím gach rath ar an Eagarthóir, Emer Ní Chéidigh, agus ar a foireann.

 

Tréan oibre á dhéanamh ag muintir Nuacht 24 - gan deontas freisin

 

Dá bhfaighinn mo rogha den triúr acu – thogfainn an triúr acu!

nuacht7masthead

 

foinse\

nuacht24logo

 

Tugadh spléachadh dúinn i scéal san Irish Independent ar maidin inniu.ar an gcuma is ar an gcrut a bheadh ar Foinse Nua nuair a eiseofar é an tseachtain seo chugainn.     Neosann an ceannteideal seo go leor: Irish Independent to distribute Foinse, Ireland’s biggest Irish language newspaper.

Mé féin atá ag leagadh na béime ar ‘distribute’ – ritheann sé liom nach ionann é seo agus an Irish Independent ag tabhairt le fios gur nuachtán i stábla an Independent é seo agus mar sin gurb é Foinse féin a bheidh ag íoc as an gclódóireacht agus as an ndáileacháin.    Sin iad an dhá ghné is costasaí den obair seo, foilsiú agus daileadh nuachtáin.    Níl aon eolas agam ar seo ach mo thaithí féin – is é mo chonclúid gurb é an rud atá ag titim amach anseo, go bhfuil Pádraig  O Céidigh ag athsheoladh Foinse leis an airgead a bhí fagtha ag an sean Foinse ag deireadh mí an Mheithimh.   Tá sé ag súil go bhfaighidh sé an t-airgead ar ais – agus brabhús le cois – má bhionn rath ar chúrsaí fograíochta san fhoilseachán nua.   Is é an geall is mó a deineadh i saol na Gaeilge go dtí seo – seans go gcaillfidh sé ar a laghad leath mhilliún Euro mar thús – b’é sin an méid is lú a bhí fagtha i gcúntas Foinse ag deireadh mí an Mheithimh.   Gan dá gcuirfeadh sé an t-airgead seo ina phoca, bheadh air Capital Gains Tax a dhíol ar an gcnapshuim.  B’fhearr do é a chuir ag obair do.

Tá sé le moladh as a chuid airgid a chur sa bhearna baoil mar seo – ní h-é an chéad Gael a rinne amhlaidh ach ag tabhairt chun cuimhne na cuinsí a spreag Foinse chun eirí as gnó ag deireadh mí an Mheithimh, titim mhór ar an bhfógraíocht stáit a bhí ina fhordheontas neamh oifigiúil ag sean Foinse agus deontas easnamhach mar chúiteamh ó Fhoras na Gaeilge, tá sé deacair a dhéanamh amach go líonfar an bearna i gcúntais Foinse – agus i gcúntais Uí Chéidigh dá réir – go luath nó fiú in aon chorr.

Tá an amáíl spéisiúil, gan amhras.  Tá sé ag seoladh Foinse Nua an tseachtain céanna go mbeidh bord Fhoras na Gaeilge ag teacht le cheile chun cinneadh a dhéanamh faoi chomharba a aimsiú do ar Foinse Marc 1.    Ní de thimpist atá seo ag titim amach, cheapfá, nó gach seans go gcruthóidh seo deacrachtaí nach beag do bhord an Fhórais.   Tá na comhaltaí ag teacht le cheile chun cinneadh a dhéanamh faoi cé acu ar cheart nó nár cheart deontas a chur ar fáil chun nuachtán seachtainiúil Ghaeilge i gcomharbacht ar Foinse a fhoilsiú.   I gcomhthéacs na h-aimsire seo, agus ciorruithe ag titim amach i ngach cúinne de bhuiséad na h-earnála phoiblí,  ní chuirfeadh sé íontas orm dá dtogfaí raic faoin scéal seo sna meáin Bhéarla sna laethannta romhainn, agus mar a dúirt mé roimhe, go bhféadfaí cás dlí bheith i gceist mar gheall ar dlithe an Aontais Eorpaigh faoi chúrsaí iomaíocht.

Má tá Foras na Gaeilge le beart a dhéanamh de réir briathar agus infhéistiú a dhéanamh i bhfoilsiú nuachtáin Ghaeilge, nuachtán a bheidh gan amhras ag dul san iomaíocht le Foinse Nua ar son fograíochta, mar shampla, beidh ar an bhForas an iarratas is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an ndúshlán seo a roghnú.    Dar liomsa, tá iarratas Nuacht 7, atá tacaiocht phraicticiúil aige ó nuacht ghrúpa náisiúnta uile Eireann le foilseacháin ó thuaidh is ó dheas, san áit is fearr chun a chinntiú nach dteipfidh ar an gcomórtas seo nuachtán rathúil a fhoilsiú.   Beidh ar cibé nuachtán a roghnófar bheith laidir a dhothain – le cúltaca caiptil agus acmhainní eile ar nós saineolas faoi chúrsaí clódóireachta agus daileachán – chun an fód a sheasamh don chéad bhliain chinniúnach.      Tharlódh sé mar shampla nach mbeadh rath ar Foinse Nua agus dá dteipfeadh cá fhagadh sin lucht na Gaeilge – ar an ngannchuid arís.  Ar ndóigh ní bheimis gan nuachtán ar fad, nó bheadh Nuacht 24 ann go fóill ach gan tacaiocht nó urraíocht de short éigean, cá fhad ar féidir leis an mbaicle sin leanacht leis an éacht atá á dhéanamh acu gach seachtain.

Má tá muintir an Fhorais chun geilleadh don bhrú pholatúil atá agus a bheidh orthu as seo go ceann cúpla seachtain gan dul ar aghaidh leis an gcomórtas, beidh orthu bheith ullamh le h-aghaidh aisfhreagra freisin.  Ní féidir bheith ag fógairt comórtas  phoibli agus ansan tar éis do gach duine costas agus trioblóid a chur orthu féin, eirí as ag an noimead deireanach gan a bheith ag súil go mbeidh aisfhreagra ann.

Is fada an mbóthar nach mbionn casadh ann.   Guím gach rath ar Foinse Nua.  Tá súil agam go bhfaighidh Pádraig  O Ceidigh aisioc agus tuilleadh ar a gheall.  Agus má bhionn an triú nuachtán Ghaeilge ann, sé sin Nuacht 7, bhuel táim cinnte go mbeidh iomaíocht spéisiúil ann le h-aghaidh margadh na Gaeilge.  Ní gá gur iomaíocht é seo a bheidh ar aimhleas an dhá fhoilseachán.   Gach seans, mar shampla, go bhfasfaidh Foinse Nua an caidreamh idir phobal na Gaeilge agus an phobal mhór agus mar sin de go mbeidh níos mó eilimh, seachas níos lú, ar nuachtán Ghaeilge.   Ag cur san áíreamh chomh h-íseal agus a bhí díolachán Lá Nua agus Foinse nuair a dúnadh iad, ar éigean go bhféadfadh díolachán cibé nuachtán a roghnófar bheith níos lú.