Cartlanna Clibe: Fiontar

Plé an Chomhchoiste Oireachtais ar an nDréacht Straitéis

Bheadh sé úsáideach, ceapaim, dá ndéanfadh daoine ar suim leo an Ghaeilge agus an Dréacht Straitéis an phlé a deineadh le déanaí ag an gcruinniú den Chomhchoiste Oireachtais i leith Turasóireacht, Spórt, na hEalaíona agus na Gaeltachta a léamh.

Is fiú go h-áírithe féachaint ar an méid seo a dúirt an Dr. Peadar O Flatharta:

Dr. Peadar Ó Flatharta: Cúpla pointe le treisiú leis an gcuid atá ráite cheana. Ceann de na rudaí a bhí daoine ag gach cruinniú poiblí ná an bhfuilimid chun é seo a dhéanamh an uair seo agus an bhfuil seo ag dul a tharlú. Sin buncheist don straitéis seo mar tá go leor leor tuairiscí agus caipéisí breátha agus grafaicí agus mar sin ann cheana féin ach caithfear an rud seo a chur i bhfeidhm nó níl aon chor tosú air ar chor ar bith.

Chaith muid go leor ama ag iarraidh an cheist seo a oibriú amach: cén chaoi go bhféadfaí struchtúr a chur in áit go gcuirfí é seo i bhfeidhm? Ceann de na ceisteanna a bhaineann go sonrach leis nach mbaineann seo le Roinn Stáit amháin. Táimid ag brath ar go leor de na Ranna eile chomh maith leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá contúirt ann, má chuirfear ar ghualainn na Roinne sin é go gcuirfear isteach i mbosca beag ansin agus ní bhainfidh sé le haon Roinn eile Stáit. Baineann sé le beagnach gach Roinn Stáit sa chóras. Sin an fáth gur mhol muid go mbeadh an comhordú á dhéanamh ag Roinn an Taoisigh, ag oifig cláir faoi cheannas rúnaí cúnta, duine a mbeadh an chumhacht aige an straitéis seo a bhrú chun cinn agus comhoibriú tras-rannach a chinntiú mar tá an comhoibriú sin luachmhar.

Caithfear ar ndóigh córas éigin chun an straitéis a mheas go rialta a chur ar bun. Mhol muid go ndéanfaí measúnú neamhspleách trí Oifig an Choimisinéir Teanga nó dream éigin neamhspleách a bheadh in ann a rá chuile bhliain go bhfuilimid nó nach bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn.

Ansin, tá ceistenna acmhainní ann. Ní raibh deis againn dul isteach sách-mhinic i gceist na hacmhainne ach an tuairim atá againn ná go bhfuil go leor acmhainní maoine ann faoi láthair. Táimid an-ghann ar acmhainní daonna, daoine taobh istigh den chóras atá in ann an tseirbhís a chur ar fáil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Sin an fáth gur mhol muid polasaí cinnte earcaíochta a bheith ann go ceann méid áirithe blianta, le deis a thabhairt do dhaoine dátheangacha teacht isteach sa chóras. Chuideodh sin leis na scoileanna, leis an nGaeltacht agus leis na Gaelscoileanna, go mbeadh deis ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid. Má táimid ag dul i dtreo an 250,000 duine seo a tháinig chugainn ón Aire, ar a laghad is sprioc é agus seo an chéad uair a chuala mise daoine ag caint ar mhéadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Mura mbeadh de thoradh ar an sprioc seo ach é sin amháin, is dul chun cinn mór é.

Caithfimid feabhas a chur ar an dearcadh, feabhas a chur ar chumas agus deiseanna úsáide a thabhairt don teanga.

Tá an chuid eile le léamh anseo.