Cartlanna Clibe: Fintan O’Toole

Cé a sheasfadh i dtoghchán?

Mairtín Ó Muilleoir ar chamchuairt a thoghcheantar nua le déanaí - b'fhearr do gan bacaint leis an fógra saor in aisce do Starbucks agus gnó a thabhairt do chaifé dúchasach ar Bhóthar Lios na gCearrbhach!

Tá sé ina scéal nuachta ar Nuacht 24, ar an mBBC agus ar an Andersonstown News – agus ar na meáin eile is dócha – go bhfuil Máirtín O Muilleoir tar éis a ainm a chur chun tosaigh d’ainmniúchán Shinn Féin i gceantar Bhalmoral i ndeisceart Bhéal Feirste i dtoghchán Chomhairle Chathrach Bhéal Feirste.     Bhí sé ina chomhairleoir theana féin – agus nach aerach an Chomhad Chomhairleora a bhí ag an Muilleorach – ach tá na blianta caite aige ag togáil ghnó Grúpa Mheáin Bhéal Feirste.    Is iomaí uair a chuaigh sé sa bhearna baoil lena chuid airgid féin – le Lá, le Daily Ireland agus anois leis an Irish Echo – agus táimse buioch as sin. Nuair a chuaigh sé sa bhearna baoil roimhe seo, ba é a bheatha agus beatha a chlann a raibh i gcontúirt nó bhíodh na dílseoirí ag iarraidh a leithéid a mharú an uair úd. Bhí a theach leathscoite i gceantar na bhFal níos cosúla le dún ná tigh clainne.

Is cinnte gur maith an rud é go bhfuil leithéidí Máirtín Ó Muilleoir sásta dul ar ais sa bhearna bhaol pholatúil – cé go bhfuil an dainséar ó na dílseoirí laghdaithe má tá sé imithe i dtreise ó na h-easaontóirí – tar éis do an oiread a bhaint amach is atá bainte amach aige i gcúrsaí gnó.

Tá na meáin – Eaglais ár linne – lán le daoine barrthabhachtacha atá ag iarraidh stiúr a chur ar an dtír. Chuala mé Fintan O’Toole, an Saoi gan locht, ag caint ar an raidió inné.  An rud a dúirt sé nuair a cuireadh an cheist air seasamh don Dáil, nár mhaith leis criochnú mar chúlbhínseoir agus go dtarlódh an rud ar thárla do George Lee do féin.

Ní theastaíonn ó leithéidí FOT, árdshagairt na meáin,  bheith ag freastal ar shocraidí agus ag deisiú cúl bhóithre is a léithéid. Go deimhin ba mhaith leo bheith sa Dáil ach nior mhaith leo a lámha a sailiú le cúrsaí toghcháin. Ba mhaith leo bheith tofa de réir Chóras an Liosta. De réir mar a mhéadódh ceatadán tacaíochta an pháírtí sa fíor toghchán, thoghfaí níos mó ó liosta an pháírtí sin agus, dár ndóigh, bheadh leithéidí FOT ar bharr an liosta.

Anois cuirim seo i gcomparáíd le cur chuige Uí Mhuilleoir. Tá sé ag cur a ainm sa chró dá pháírtí – agus fagfaidh mé mo dhearcadh i leith a pháirtí ag an doras an uair seo – chun seasamh i dtoghchán Comhairle Cathrach. Cheapfá, fán dtrath seo, go mbeadh a leithéid ag fánacht ar shuíochán Westminster Gerry A seachas bheith á chrá féin le na cosáín i mBalmoral agus leis an bhfadhb ollmhór maidir le madraí agus a bhfagann siad ina ndiaidh i bPáirc Ormeau.

Tá sé sin neamh choitianta. An bhfuil plean ann go mbeidh Máirtín ina ard mhéara ar Bhéal Feirste – nach deas an díoltas é sin ar leithéidí Sammy Wilson agus Rhonda Paisley – agus go mbeidh sé ina Bhall Tionóil ina dhiaidh sin agus, cá bhfios, ina Aire Cultúr?

Guím gach rath air ina chuid iarrachtaí ach sílim gur mór an trua é go bhfuil sé ag seasamh do pháirtí atá tar éis droch úsáid a bhaint as agus a thabhairt don Ghaeilge. Ní doigh liom go bhfeiceann MOM an scéal sa tslí ceanna a fheicimse é – nó dá bhfeicfeadh rithfeadh sé céad míle ó pháirtí a fhéadfadh droch úsáíd a bhaint as féin.

Agus sinn ag caint ar iarrthóirí do Shinn Féin atá gaol acu le nuachtán, an mbeidh Trevor O Clochartaigh ag seasamh in Iarthar na Gaillimhe do Shinn Féin san Olltoghchán atá le teacht?  Nó an bhfuil scoilt eile tarluithe sa pháirtí sin?

“Níl éinne chomh gaelach le Barack Ó Bama”


Bhí alt ag Fintan O’Toole san Irish Times ar an Satharn agus é ag tabhairt amach faoin amhrán nua, There’s No One As Irish As Barack O’Bama, atá cumtha ag banna ceoil ón mbaile i gContae Uibh Fháilí ona shíolraigh mathair Barack Obama. Dar léis gur díol náire é an amhrán go h-áirithe i gcomhthéacs an stair náireach atá ag Gael Mheirceánaigh ó thaobh an chiníochais de i Meirceá. Bhí ár sinsir páirteach i dtrádáíl sclabhaithe agus bhí baint ag ár sinsir freisin le dreamanna ar nós an Ku Klux Klan – agus an iliomad bealach éile, nocht sliocht na nGael i Meirceá ciníochas i leith sliocht na hAfraice a fuadaíodh chun na tíre sin.

Táim tar éis a rá anseo roimhe nach dtagaim leis an iarracht atá á dhéanamh ag pobail in Éirinn, leitheidí phobal Mhuine Ghaill, seilbh a fháil ar Bharack Obama tre mór is fiú a dhéanamh dá phréamhacha Éireannacha. Gan amhras tá préamhacha Éireannacha ag Barack Ó Bama – ach cheapas gur lú a tabhacht i gcomhthéacs gurb é an chéad uachtarán le préamhacha Aifri-Mheirceánach.

Ach, in ainneoin go bhfuil an leabhar sin léite agam, b’fhéidir nach bhfuil tuiscint iomlán agam ar fheachtas Obama. Tháinig an méid sin chugam tar éis an
litir spéisiúil seo a léamh ar leathnach na litreacha inniu.

An Canónach Ó Néill a scrígh an litir, is eisean údar an bhlag seo. Caithfidh mé a rá gur oscail sé mo shúile in athuair faoin fear seo Obama. Tuigeann seisean gur bhain Obama an Teach Bhán amach gan béim a leagan ar a chine agus tre diultu d’iarrachtaí é a chur i mboscaí.

Is cinnte, áfach, gur cuireadh Fintan O’Toole ina bhosca le freagra ciallmhar agus cuirtéiseach ar an alt gránna a fhoilsíodh Dé Satharn. Tá an claonadh ag an Irish Times altanna gránna, ag caitheamh anuas ar thuiscintí nach iad tuiscintí an nuachtáin ar an Éireannachas, a fhoilsiú leis an cineál seo aisfhreagra a spreagadh b’fheidir.

Maith thú a Chanónaigh!

An maith an t-anlann an t-ocras?

Níl an scannán, Hunger, feicthe go h-iomlán go fóill agam.  Tá an chéad leath feicthe agam ar chóras bradach idirlíne agus bhí sé tochtmhar agus spreagúil an oiread is go raibh dramaí ar nós Dialann Ocrais agus an scannán H3 spreagúil. 

Bhí an chuid íomhánna cumhachtacha ann – na cillíní salaithe le cac, an múin ag scaipeadh ar úrlár an dhorchla idir na gcilliní, na marcanna ar dhorn an oifigigh phriosúin tar éis bataráil a thabhairt do chime agus na marcanna ar dhroim an chime tar éis do an bhataráil a fhulaingt. 

Níl an scannán gan locht, gan amhras. Agus tá cead locht a fháil air, murab ionann agus a cheapann roinnt trachtairí.  Tá lochtanna ar an ealaíon scannánaíochta, b’fheidir, agus ar an sprioc atá ag déantóirí an scannáin seans.  Ní lia duine ná tuairim.

Ag labhairt ar mo shon féin, ní fhéadfainn mo mhéar a leagadh ar locht sa mhéid a chonac – ach is dócha gur locht é ná raibh aon toraíocht gluaisteáin ann nó cé go raibh fuiollach foreigin ann.  An cineál foreigin nach bhfeiceann tú leitheidí Bruce Willis ag gabhail do.  Is scannán é atá i bhfad ó scannán Hollywood.  Scannán doimhin é agus pléann sé le ceisteanna doimhne – níl ceist níos doimhne, beatha nó bás? 

Tá an oiread chaca i leirmheas Fintan O’Toole san Irish Times is a bhí ar fhallaí na gcilliní sna H-Blocanna.  Ar ndóigh tá cead aige tuairim a nochtadh ach tá sár intléacht an fhir seo lúbtha ar fuaid na h-áite agus é ag iarraidh cur in iúl gur iarracht a bhí sa mhéid a rinne na stailceoirí ocrais stadas íosbartaigh a bhaint amach.  B’shin an toradh a bhí ar an íbirt a rinne siad – ach ní gá gurb é an sprioc a bhí ann fiú má aithin siad go raibh an baol ann go dtarlódh a leitheid.   

An botún is mó a dheineann O’Toole go gcreideann sé go bhfuil deireadh leis an scéal. Níl.  Leanfaidh na stailceanna ocrais ag spreagadh daoine ar fuaid na h-Éireann, fiú in Iúr Chinn Trá, agus ar fuaid an domhain i bhfad i ndiaidh dearmad a bheith déanta ar an dTiogar Cheilteach.