Cartlanna Clibe: Eilís 2

An bhfuil Gaeilge ag Banríon Shasana?

Ar chéad leathnach an Irish Times ar maidin tá pictiúir gleoite de Ronan O’Gara, leathchúlaí las muigh na hÉireann agus na Mumhan, a lámha ina phóca agus é ag cabaireacht le Banríon Shasana, Eilís Bhindsór, ag ocáid i gCaislean Bhaile Chromhghlinne i gCo. Aontroma inné.

Ar imeall chlé an phictiúir tá Greagóir Ó Cham Bhéal, ‘Aire Cultúr, Spóirt is Foillíochta’ an Tuaiscirt, biogóid chomh gránna is ar saolaiodh riamh ar an oileán seo mas aon tuar na tuairimí atá nochtaithe i leith na Gaeilge i gcaitheamh a shaoil.

Feictear domsa go mbainfeadh sé an ghaoth as sheolta Uí Chaim Bhéil agus a leithéid dá labhródh an Bhanríon seo cúpla focal i nGaeilge ag ocáid den chineal go raibh sí ag freastal air inné.

Agus tá sé tabhachtach an ghaoth a bhaint as a seolta. Tá an chogadh chultúrtha seo atá á fhearadh ó thuaidh ag baint ón fhuinneamh is ón fhocas ar ghá chun an Ghaeilge a thabhairt go dtí an chéad chéim eile. Tá alt an spéisiúil ar an abhar ag Seán Ó Daimhín ar Iris Eoghanaigh

Ritheann sé liom gur féidir go mbeadh blúirín de Ghaeilge na hAlba ag an mBanríon seo – caitheann sí furmhór an tSamhraidh gach bliain ar saoire i dtuaisceart na hAlba. Mar sin ní dócha go mbeadh sé ró dheacair uirthí leagan na hÉireann a fhoghlaim.

Ach tá tabhacht thairis an tuaisceart ag baint leis an moladh seo – más moladh é. Tá iriseoirí is lucht cabaireachta na meán sa Pháil ar bís go dtiocfadh Banríon Shasana ar chuairt anseo. Is é seo, dar leo, an tastáil is mó ar theacht in aois Éire (deighilte) mar náisiún. Mar a scriobh an tuairisceoir in alt an Times – agus cad faoi seo mar léiriú chlaontachta ó ‘thuairisceoir’.

The one unspoken question was whether the queen might at last visit the Republic. Perhaps yesterday’s party brings that day a little closer.

Is ar éigean go bhfuil an Ghaeilge ar an ‘radar’ acu ar chorr ar bith ach amháin go mbaineann siad usáid as an teanga mar thargaid – mar shampla, agus sinn i lár ghéarchéim airgid, bionn siad ag tabhairt le fios go mbionn airgead á chur amú ar chur chun cinn na Gaeilge (agus bionn ach ní mar a shíleann siad).

Nach gcuirfeadh ‘cúpla focal’ iad san ina dtost!

B’fhéidir go bhfuilim ró dhóchasach agus gur sórt aisling é seo nach bhfíorófar – agus ni doigh liom ach an oiread go gcúiteodh sé ná baol air an dochar a rinne rialtais éagsúla na Breataine don tír seo i gcaitheamh na mblianta.

Ach chabhródh sé dar liom cuid den nimh a bhaint den chaidreamh idir an dhá thír. Faoi láthair tá an chosúlacht ar an scéal, dar liom, go bhfuil an obair athmhuintearais ar fad á dhéanamh againn. Ba bheart athmhuintearais é ag foireann rugbaí na hÉireann casadh leis an mBanríon, bhí an ocáid úd i bPáirc an Chrócaigh ann dhá bhliain ó shin agus is iomaí cuairt atá tugtha ag Uachtaráin éagsúla na hÉireann ar Thír Sheán Bhuí.

Nach bhfuil sé in am do Eilís 2 a dhéanamh beart a dhéanamh de réir mar a dhein Eilís 1 – fiú go raibh an bean úd i bhfeidhil ar shlad náireach in Éirinn – a bhí liofa sa Ghaeilge agus a d’fhoilsigh leabhair i nGaeilge!