Cartlanna Clibe: Éamon Ó Cuív

An ghaoth fhuar ó Shráid Teamhair

Dé Luain seo chaite bhí eagarfhocal san Irish Times ar an gconspóid faoi Willie O’Dea – agus roimh dheireadh na seachtaine, bhí an Teachta Dála imithe go dtí na cúlbhínsí.    Thit sé ar a chlaíomh, is cosúil, tar éis do an bhriathar chath a bhuachaint sa Dáil oiche Dé Chéadaoin.

Ar maidin inniu tá eagarfhocal san Irish Times ina bhfuil an méid seo ráite ag Bean Uasal Sraid Tara agus í ag caint ar an riachtanas atá ann go ndéanfaí athshuathadh ar an gComhaireacht, amhail is go bhfuil flúirse talainne ar chúl bhínsí an Rialtais a thabharfadh slán sinn ón sainn inar chuir an Rialtas sin ann sinn:

Colm McCarthy indicated a way forward in last year’s “Bord Snip” report. He recommended abolishing the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs and a critical examination of the Department of Arts, Sports and Tourism. He also cast a cold eye on the Department of Enterprise, Trade and Employment which is responsible for 14 non-commercial State agencies and more than 4,000 staff. Splitting the latter department’s functions while reallocating and merging other Cabinet responsibilities could provide more effective government. At the very least, it would get rid of dead wood.

Dar leis an eagarfhocal, tá airí sa Rialtas nach bhfuil ag cothú muiníne an phobail.

Mr O’Dea’s departure provides the Taoiseach with the opportunity for a fresh political start. The Government needs a thorough shake-up and filling a single vacancy at the Department of Defence will not serve that purpose. After 13 years in office, some ministers lack ideas and have become stale, detached and complacent. Others are simply out of their depth and should be replaced.

Tá sé soiléir cé ar mhaith leis an Irish Times go dtabharfaí bata agus bóthar dóibh – An Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, an Aire Ealaíon, Sport agus Turasóireachta, Martin Cullen, agus an Aire Fiontraíochta agus Trádala, Mary Coughlan.

Tá folúntas le líonadh ag an dTaoiseach, nó is é féin an Aire Cosanta faoi láthair, ar bhonn sealadach nó, níos fearr b’fhéidir ar eagla na míthuisceana, eatramhach.    Ach an bhfuil sé in  am do athshuathadh níos iomláine a dhéanamh agus an deis seo a thapú anois?

Ni dócha go gcuirfí Brian Lenihan san áíreamh sa reicneáil sin ach, ar maidin inniu, chaill sciaranna Banc na hÉireann suas le 11% dá luach.  Le linn na deireadh seachtaine, fuair Rialtas na hÉireann luach €250m de sciaranna an bhainc sin in áit díbhinn airgid.   Mar sin, roimh tosnú ar obair ar maidin,  roimh bhricfeasta go deimhin, bhí breis is €27m caillte againn.  Bhí an Aire Airgeadais ar an Raidió ar maidin ag cosaint an chinnidh glacadh leis na sciaranna seachas an airgead.  Is cosúil gur riail Eorpach atá i gceist – nach féidir leis an Banc  a fuair tacaíocht ón Stát airgead a thabhairt in áit dibhinn.   Dar le Gobharnóir an Bhainc Cheannais, Patrick Honohan, is gné míshlachtmhar de phroiseas NAMA é seo.  ‘Mí-shlachtmhar’ isea cur síos carthannach ar an gceist.

Táim féin ‘míshlachtmhar’ – ach níor chaill mé riamh €27m roimh bhricfeasta!  Nó, go deimhin, ag am ar bith.

An fath go bhfuilim ag lua an sampla seo chun a chur in iúl go bhfuil easpa talainne i measc ár gcinnirí.  Sin rud atá’s againn go maith. Nach sinne a thoghann iad!   Ag an am chéanna, ní raibh an easpa seo riamh chomh follasach is atá sé anois.   I gcead do Theachtaí Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais, nó aon pháirtí go deimhin, ní fheictear dom go bhfuil na daoine is fearr againn chun tabhairt faoin obair atá riachtanach.

Ceist ar fiú a chur:  An scil ann féin an pholataíocht?  An mbeadh sé éasca a leithéid a mhúineadh d’eacnamaí nó do shaineolaí oideachais nó do chomhairleoir leighis?   Nó do phleanálaí teanga?    Seachas polaiteoirí a cheapadh ina Airí ar réimsí tabhachtacha na tíre, an fiú dúinn féachaint ar an sampla Meirceánach agus daoine a cheapadh ina Airí atá sainscil acu sna réimsí oibre ina bhfuil taithí agus saineolas acu?  Ní gá go ndeanfaí thú a dhíchailliú de bharr gur polaiteoir thú. Ach tá gá le modh oibre nua, dar liom.  Níl an chóras ag obair mar atá sé.

An rud atá gá leis anois féachaint go fuarchúiseach ar na dúshláin atá romhainn agus an fhoireann is fearr gur féidir linn chun tabhairt faoi na dúshláin sin a sharú.   Níor cheart go mbeadh srian orainn an fhoireann is fearr a roghnú ó 166 TD – ba cheart go mbeadh pobal na hÉireann ar fuaid an domhain ábalta cur isteach ar an bpost.   Nílim chomh cinnte faoi na ‘Giovanni Trapattonis’ nó na “Jack Charltons’  – is é sin eachtrannaigh a roghnú chun tabhairt faoin obair seo – ní h-é mar gheall ar chúrsaí chine nó rud ar bith mar sin.  Nior mhaith liom daoine a roghnú chun teacht i dtarrtháil orainn agus ná beadh spéis ag an duine sin ach i dtuarastal agus aguisín deas don CV.

Rialtas na dtalannaí atá uainn, seachas rialtas na bpolaiteoirí.     Is uirlis nó scil breise an pholataíocht – ach tá gá go mbeadh níos mó ná sin le tairiscint ag an dream ar a mbronnfaimís an chumhacht.

‘An mhír dheireannach sna mireanna meara’ – ní doigh liom é, a Arlene!

Arlene Foster, Céad Aire Gníomhach an Tuaiscirt.

Tá Arlene Foster anois ina Céad Aire ó thuaidh le trí lá agus theana féin tá borradh faoi chainteanna agus polataíocht ó thuaidh.   Bean fuinniúil eifeachtach í, de réir dealraimh, agus ní bheinn ró chinnte, dá mba mise Peter Robinson, go mbeadh sé chomh h-éasca teacht ar ais i gcumhacht tar éis seal ‘ag tabhairt aire do chúramaí pearsanta’.

I ráiteas atá luaite lei ar maidin ar Slugger O’Toole, tá sé tugtha le fios go gcreideann sí gurb é ‘poilíneacht’ an píosa deireannach sna míreanna meara ar a dtugtar proiseas pholatúil an Tuaiscirt.   Cinnte is é sin an tuairim i measc na meáin cumarsáide Bhéarla agus an tuairim atá á chur chun tosaigh ag an dá rialtas agus na mór phairtithe ar fad.

Creidimse nach bhfuil poilíneacht agus dlí agus cirt chomh tabhachtach agus atá siad ag tabhairt le fios.  Is rud siombalach é.  Sa deireadh thiar, tagann agus tiocfaidh an t-airgead chun riar a dhéanamh ar phoilíneacht ón áit chéanna is a dtagann an t-airgead le h-aghaidh gach réimse eile ó thuaidh – Stat Chiste na Breataine.   Is i Westminster a fhanfaidh an fior chumhacht ar an gceist seo – agus ní bheidh i gceist leis an Aire Dlí agus Cirt/Poilíneacht ó thuaidh ach cumhacht (mar dhea) a chur i lámha mhaorláthach.

Feictear dom nach dtuigeann an dhá thaobh cultúr a cheile go fóill agus nach bhfuil aon meas acu air.  Go deimhin, leis an íonsaí barbarthach mí throcaireach ar Peadar Heffron, constábla san Seirbhís Poilíneachta, is léir gur beag meas atá ag ‘poblachtóirí’ áirithe ar a gcultúr féin ach chomh beag.

Tá an droch mheas atá ag an DUP, go h-áírithe, agus polaiteoirí aondachtacha (den chuid is mó) don Ghaeilge agus do ghnéithe eile de chultúr na nÉireannach atá ina gcónaí i dTuaisceart Éireann ina séadchomhartha i dtirdhreach na mbiogóídí.   Bionn polaiteoirí aondachtacha ag sarú a cheile lena drochmheas don Ghaeilge a chur in iúl le raitis biogóideacha gan chiall.

Tá cuid den locht as seo ar Shinn Féin – baineann an pháirtí sin úsáid mí chuí as an dteanga ina gcluichí pholatúla – ach tá an claonadh biogóideach aineolach gránna i bpolaiteoirí aondachtacha ina bhac ar aon athmhuintearas fhirinneach idir an dhá phobal mhór ó thuaidh.   Aithním freisiin go bhfuil claontaí den tsort céanna i measc polaiteoirí ar ár dtaobh féin, go h-áírithe ar cheist na mórshiultaí, an fíor chultúir Aondachtach (seachas an bréag chultúr Albainis Uladh atá á chur chun cinn le déanaí).

An fhaid is atá na constaicí seo ann, agus pobal na Gaeilge faoi chois agus ar an imeall ó thuaidh, tá dualgas morálta ar Rialtas na hÉireann an oiread agus is féidir a dhéanamh chun a gcearta a chosaint.  In áit sin, mar a dúirt mé anseo roimhe, tá Rialtas na hÉireann ag tabhairt droim láímhe do Ghaeil an tuaiscirt – dá n-éistfeá le hÉamon O Cuív ag labhairt le déanaí ar an gceist seo, cheapfá gur lú tabhacht Gaeil na sé contae ná cainteoirí Ghaeilge Nua-Eabhrach nó Lublin na Polainne.  (Ní le droch mheas do Ghaeil thar lear a deirim é seo ach le léiriú a dhéanamh ar chomh droim ar ais agus thuas thíos atá dearcadh Uí Chuív agus Rialtas na hÉireann i leith an chuid sin de mhuintir na hÉireann a mhaireann sa chúinne thoir thuaidh den oileán.)

Níl a fhios agam cad é seasamh Arlene Foster ar an nGaeilge – ach ba mhaith liom a mheabhrú di agus do pholaiteoirí eile ón dhá thaobh ó thuaidh agus ó dheas (agus thoir)  go bhfuil míreanna eile le cur in áit sa mhór phictiúir sara mbeidh sé criochnaithe nó gar do.

Independent ar fáil saor in éineacht le Foinse [Nua]

 

Foinse snásta suas go dáta

Cheannaigh mé Foinse Nua ar maidin agus fuair mé an Irish Independent saor in aisce in éineacht leis… Ní raibh aon fhoclóir Ghaeilge Béarla ann áfach.

 

Iatán 24 leathnach tablóideach lán daite atá i gceist le dearadh snásta agus teacht i láthair taithneamhach.   Is léir go bhfuil fios a gnó ag an Eagarthóir nua, Emer Ní Chéidigh agus tá moladh nach beag ag dul di as ucht an méid oibre atá déanta chun Foinse a fhorbairt  agus aghaidh nua a chur air.

Beidh aithne againn ar na pearsaí atá ag scríobh don nuachtán – leithéidí Daithí O Sé, Blathnaid Nic Donnchadha (Paisean Faisean) agus Gemma Ní Chionnaith (Anocht FM), Hector O hEochagáin agus Mícheál  O Conaola.    Glacaim leis gur scriobhnóirí rialta iad seo – ach tá dornán ainmneacha eile luaite leis an gcéad eagrán, ainmneacha a thugann le fios an meas atá ar Phádraig O Céidigh, foilsitheoir Foinse,  i ndorchlaí na cumhachta.

Uachtarán na hÉireann, Maire Mhic Giolla Iosa, An Taoiseach, Brian O Comhainn, agus, ar leathnach na litreacha, leithéidí Enda Kenny, Eamon Gilmore, Mary Kennedy, Máirtín O Muilleoir agus Peadar Mac Fhlannchadh – tá litir comhghairdis uatha san ar fad ar leathnach na litreacha.    Tabhair faoi ndeara nach bhfuil aon litir comhghairdis ann ó phríomh fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh.

Is beag nuachta sa nuachtán nua.   As an 24 leathnach, níl ach cúig leathnach nuachta ann agus tá colún Dhaithí Uí Shé faoi ‘Jedward’  maraon le focal failte ón Eagarthóír san áireamh ansan.   Tá dhá leathnach eile le ‘nuacht’ mar cheannteideal orthu – ach anseo tá colúin ó Mícheál O Conaola (Cén baile is feiliúnaí don Oireachtas), athchúrsáil ar abhar Gaelport agus colún airgeadais.      Tá tús áite tugtha d’agallamh leis an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, agus a gheallúint go bhfuil airgead na gColáistí Samhraidh slán ‘go foill’.

Ní caineadh é sin, mar a cheapfá, nó níl sa nuacht ach gné amháin i bpacaiste iomlán nuachtáin an lae inniu, trath go mbionn an nuacht le fáil 24/7 ar an idirlíon.  Tá ar ‘nuachtáin’ iad féin a chur in oiriúint don ré go bhfuil eolas ag an leitheoir ar an nuacht is déanaí ó fhoinsí eile roimh a shroicheann an nuachtán féin a lámha.

Is athrú iomlán Foinse Nua ar an sean Foinse.  In áit go raibh an sean Foinse tuatach agus sean aimseartha ina chur chuige agus ina dhearadh, tá Foinse Nua nua aoiseach agus snásta.    An feabhas é seo?  Braitheann sé sin ar do dhearcadh.  Más leitheoir rialta an “Irish Times” tú,  mar a mhaíonn go leor Gaeilgeoirí aitheanta agus iad á léamh i dteannta le latte na maidine, bhuel ní bheidh morán sásaimh anseo duit.

Nuachtán é seo atá dírithe ar na scoileanna agus ar na bhfoghlaimeoirí Ghaeilge don chuid is mó – tá 10 leathnach nó 40% den nuachtán dírithe orthu san.   Tá ceithre leathnach spóirt ann – san abhar seo tá aistriúcháin ar dhá leathnach d’ailt ó ghné scriobhnóirí an Irish Indo, Tony Ward agus Vincent Hogan.     Arís ní miste sin – is úsáid mhaith é ar acmhainn an Indo agus ar ghnó an aistriúcháin.

 

Nuacht 7 - nuachtán a dhéanfadh an beart taobh le taobh le Foinse

An eilifint sa seomra nach bhfeictear tagairt ar bith do sa nuachtán, an chinneadh atá le déanamh ag Foras na Gaeilge faoin chomórtas atá le déanamh ag bord na h-institiúide teanga tras teorainn Dé hAoine faoi na h-iarratasóirí ar an gconradh seachtainiúil a dhiultaigh Foinse i mí an Mheithimh.   Ní h-é gur ligeadh i ndearmad é a lua, táim ag glacadh leis, ach fagann an t-easnamh maraon leis an liosta le h-áireamh de thacadóirí cumhachtacha atá bailithe ag an nuachtán, An Taoiseach, an tUachtarán, ceannairí an fhreasúra – ceist mhór san aer.   An mbeidh an cnamh droma ag an bhForas leanúint leis an gcomórtas a thosnaigh siad – agus a chuir grúpaí isteach air le dóchas ionraic agus le h-uaillmhian measúil – nó an dtapóidh siad ‘deis’ gan leanúint leis agus na h-iarratasóirí a fhagail ar an dtrá folamh? Go deimhin ní doigh liom go bhfuil an Foras luaite olc nó maith san eagrán seo de Foinse.

 

Ceapaimse go bhféadfadh nuachtán seachtainiúil Ghaeilge le cois Foinse bheith rathúil agus go mbeadh an nuachtán sin tarraingteach do lucht léite Foinse agus Lá Nua roimhe.  Bheadh sé mar ‘bhreischéim leitheoireachta’ do lucht Foinse agus tá sé sin tabhachtach freisin.   Creidimse go mbeadh an nuachtán atáim féin luaite leis, Nuacht 7, go maith ábalta an ról sin a ghlacadh agus go bhféadfadh sé tarlú gur mó suim na bpairteanna, má thuigeann sibh mé.  Is deis é seo don Fhoras le tapú, má thapaíonn siad é.    Ach d’fhéadfaí a rá faoin Fhoras an méid a duradh faoi John Bruton trath:  dá mbeadh anraith sa bhaisteach, bheadh siad amuigh faoin chlagar le forc.

Guím gach rath ar Foinse [Nua].   Is céim chun cinn é d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus is maith ann é.     Guím gach rath ar an Eagarthóir, Emer Ní Chéidigh, agus ar a foireann.

 

Tréan oibre á dhéanamh ag muintir Nuacht 24 - gan deontas freisin

 

Cowen an Slánaitheoir?

Is éan é, is eitleán é, ní h-ea, is é seo an Fior Thaoiseach,...

Is éan é, is eitleán é, ní h-ea, is é seo an Fior Thaoiseach,...

Is cosúil, de réir tuairiscí,  go bhfuil sé ráite ag an dTaoiseach, Brian Cowen, NACH bhfuil sé i gceist aige glacadh le moladh Mhic Charthaigh deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Cúis cheiliúrtha?

Níl a fhios agam.  Sa chéad dul síos, ní raibh i gceist ag Tuairisc Mhic Carthaigh ach liosta de chiorruithe a fhéadfaí a dhéanamh ar son choigiltis de bhreis is €5bn don bhliain seo – nó, mar is léir anois, an bhliain seo chugainn.

Mar sin ní bheadh morán airgid á shábháil tre deireadh a chur leis an Roinn seo – cé nach bhfuil aon chinnteacht ann go dtiocfadh na deontais éagsúla atá ag teacht ón Roinn slán ón tua atá á bhagairt.

Dar liomsa, tá gá le athshamhlú agus athstruchtúrú dá réir ar an nGaeltacht agus an slí a roinntear airgead ar thograí Ghaeilge agus ní miste liom an slí a tharlaíonn sin.  Níl an ‘status quo’ ina cur chuige cothrom ná ceart don ré seo nó don aimsir atá romhainn.

An deacracht a bhí agus atá le moltaí Mhic Carthaigh go bhfuil siad ró dhubh agus bán – ní aithníonn siad go bhfuil an maith á chaitheamh amach in éineacht leis an olc.   Cad is fiú deireadh a chur le Scéim na bhFoghlaimeoirí Ghaeilge nuair a ghineann an scéim sin i bhfad Éireann nios mó ioncaim don Ghaeltacht – agus don statchiste – ná an bhuninfheistíocht.  Mar eacnamaí, is léir nach bhfuil fios a ghnó ag an tUasal Mac Carthaigh.

Cinnte, bhí fírinne searbh sa mhéid a dúirt sé:

In examining this Programme, the Group notes that substantial resources have been invested in

various incentive schemes to develop Gaeltacht areas.  The Group is of the view that resources

should be targeted at those most in need and that differential schemes aimed at Gaeltacht areas are

not justifiable.

An oibríonn Scéim Labhairt na Gaeilge?   Ní chreidim é.   An mbeadh sé níos fearr an t-airgead sin a chaitheamh ar leabhair chearta [nó acmhainní ar líne] do pháistí scoile na Gaeltachta – creidim é.    Níl a leithéid ar fáil faoi láthair.

Ar ndóígh, bheadh a leithéid ina bhuntáiste do gach páiste, cibé an raibh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht nó lasmuigh.

Ní luíonn an moladh atá aige go gcuirfí deireadh le hUdarás na Gaeltachta le ciall ach an oiread.  Cruthaíonn an aisínteacht seo go leor postanna sa Ghaeltacht agus tá siad thar a bheith eifeachtach á dhéanamh seo ar chostas nach mó é ná costas na bpostanna a chruthaíonn leithéidí Enterprise Ireland/Fiontar Éireann.  Ar ndóigh, is léir nach bhfuil ceantar lár Chorcaí nó ceantaracha maguaird na nGaeltachtaí eile ar radar FÉ nó is beag tionscail atá lonnaithe sna ceantracha sin ag FÉ le blianta beaga anuas.


Cinnte is reigiún speisialta an Ghaeltacht.  Ach is é an slí go bhfuil sí speisialta faoi láthair ná go bhfuil sí imeallaithe ag an bpobal mór agus na h-údaráis.   Tá leathan-bhanda níos moille sa Ghaeltacht, tá na bóithre níos measa, tá an bonneagar ar chaighdeán níos ísle, ní ann do chóras iompair.  Ach toisc go bhfuil na deontais suaracha ar nós Scéim Labhairt na Gaeilge ann, deitear go bhfuilimíd ag crú go deireadh bó bainne an Stáit anseo sa Ghaeltacht.

Tuairiscíodh freisin go ndúirt an Taoiseach go bhfoilseofar Plean 2028 roimh deireadh na bliana.  Níor thug sé le fios cén bhliain….

Tá freagra substaintiúil tugtha ag Conradh na Gaeilge ar mholtaí Mhic Charthaigh agus tá sé ar fáil anseo.    Creidim go bhfuil gá le plean substaintiúil anois ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun sinn féin a chur in oiriúínt do threimhse amach romhainn ina mbeidh deireadh le sruth na ndeontaisí.

Ní bua é seo ach gairm dúiste.

Drogall ar dhá thaobh na teorann

Cad é an aicíd a bhaineann le maorláthaigh na tire seo, thuaidh agus theas, i leith na Gaeilge?  Cad é a chuireann srian orthu beartú le brí agus le h-éifeacht ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge?

Tugaim faoi ndeara dhá scéal inniu, dhá scéal éagsúil ach le nasc laidir amháin á gceangal. 

Tá sé tugtha chun solais ó thuaidh go bhfuil Aire Eorpach na Breataine, Caroline Flint, tar éis scríobh chuig an iar Aire Cultúr, Gregory Campbell, ag rá leis go raibh díomá uirthí mar gheall ar easpa tuairisce ón tuaisceart le cur san áireamh i dtuairisc rialta na Breataine maidir le cur i bhfeidhm Cháirt na dTeangacha Eorpacha agus ag tabhairt le fios don Aire Cam Bhéal go raibh uirthí an tuairisc a sheoladh gan mhoill, fiú is ná raibh sé iomlán, de bhrí go raibh an chontúirt ann go gclisfeadh ar an mBreatain a dualgaisí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.    Is cosúil go mbionn na hAondachtaithe ag iarraidh bheith chomh maith le treibheanna eile san Aontas ach amháin nuair is ceist é a bhaineann le comh-ionannas agus, sa chás seo, aitheantas don Ghaeilge is don chultúr Ghaelach.   De réir na tuairisce tá a gcuid tuairiscí seolta ón Samhradh anuraidh ag Feidhmeannais Alba agus na Breataine Bige agus ní mó ná sásta atá siad le moill mhuintir Thuaisceart Éireann. 

De reir dealraimh tá Gregory Campbell ag cur an locht ar an Leas Chéad Aire, Martin McGuinness, as ucht an mhoill óna oifig ar thuairisc a ullmhú agus cé go bhfuil leithéidí Máirtín  O Muilleoir ag lochtú na hAondachtaithe amháin, ní féidir moill an Leas Chéad Aire a mholadh ar an gceist seo.  Is é an Aire, sa deireadh thiar, atá freagrach as chúrsaí chomh-ionannais. 

Is cinnte gur cheart go mbeadh Sinn Féin agus an DUP ábalta suí síos agus an cheist seo, ceist na teanga [teangacha má airíonn tú Albainis Uladh mar theanga], má tá siad ábalta suí síos agus plé ciallmhar a dhéanamh ar chúrsaí phoilíneachta. 

Bhí mé i gcónaí den bharúil go mba cheart go mbeadh SF, dá mba rud é go raibh an pháirtí sin dairire faoi chúrsaí chomh-ionannais, tar éis tús áite a thabhairt do cheist na Gaeilge agus an leatrom a dheintear ar Ghaeilgeoirí ó thuaidh seachas bheith ag díriú ar cheisteanna ar nós poilíneacht.   

Ach ní ó thuaidh amháin atá an drogall agus an tarraingt cos.  Is cosúil go bhféadfadh Feidhmeannas an Tuaiscirt agus Rialtas an Deiscirt ceachtanna a thabhairt dá cheile maidir le moilleadóireacht.   

De réir an scéala seo ar An Druma Mór, tá Conradh na Gaeilge go bhfoilseofaí, mar ar gealladh, Plean 2028, roimh dheireadh na miosa seo agus thug siad le fios go mbeadh na ciorruithe atá luaite leis an nGaeilge agus an nGaeltacht ina shéanadh iomlán ar rún an Stáit ón uair a bunaíodh é i 1922.

An bhfeicimíd ceachtar tuairisc go luath?  Beag an bhaol.

Super Mario, Status Quo agus Éamon na nDeontaisí

supermario

Tá daorbhreith tugtha ag Roinn an Airgeadais ar éifeacht na ndeontaisí Ghaeltachta éagsúla, idir Scéim na Mná Tí, Scéim na bhFoghlaimeoirí Ghaeilge is eile, i litir atá faoi chaibidil in alt atá foilsithe san Sunday Tribune ag an deireadh seachtaine. 

Caithfear a admháil, creidim, nach daoradh gan dealramh é an méid atá luaite sa litir seo ó Sráid Merrion, ceathrú ná raibh riamh caradach don Ghaeilge nó don Ghaeltacht agus atá go leor ceisteanna le freagairt ag na h-áitritheoirí faoin pháírt a ghlac siad féin i gcliseadh an gheilleagair agus ruaigeadh an Tiogair. 

In correspondence between finance minister Brian Lenihan’s department and Colm McCarthy’s An Bord Snip Nua seen by the Sunday Tribune, Finance suggested to McCarthy that the many Irish-language and rural-support grants should be abolished because they were simply not working.

An bhfuil siad ag obair?   Agus mura bhfuil, cad é an eifeacht atá leo i bhfirinne?  Nach bhfuil i gceist ach an ‘status quo’ a choinneáil mar atá sé? 

Tá mise i gcoinnibh an Status Quo – agus ní h-é an banna ceoil iomráiteach atá i gceist agam.   Creidim go bhfuil gá le h-athrú cur chuige agus gealltar dúinn go mbeidh seo le sonrú sa Phlean (neamh fhoilsithe) chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a athréimníú.   Tá’s agam – Plean 2028 atá  i gceist agam – ach mothaím go bhfuil an dhá rud pósta le cheile anois agus nach féidir ceann acu a scarúint ón gceann eile. 

On a variety of grants to support the Irish language, Finance was highly critical of Ó Cuív’s spending habits. On the Scéim Labhairt na Gaeilge, which gives an annual grant of €260 to economically deprived Irish-speaking families, Finance said the scheme “no longer [fulfilled] its original purpose”.

Ar ndóigh, níl aon cheangal ann ar an t-é a bhfaigheann an deontas seo bheith ar an ngannchuid mar atá luaite anseo.  Níl a fhios agam cad é an ”original purpose” a bhí ag an scéim seo thar go raibh sé ag iarraidh ‘labhairt na Gaeilge’ a spreagadh. Ach creidim go bhfuil an cheart ag an Roinn Airgeadais a rá nach bhfuil sé ag déanamh seo.   Conas a spreagann an t-airgead seo páistí óga chun Gaeilge a labhairt? 

Mo mholadh féin:  an t-airgead seo a chaitheamh ar shuíomhanna idirlín agus scéimeanna chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i gcluichí ‘Nintendo DSI’ ar nós Super Mario!

Sílim gur botún é, áfach, an tua a thabhairt do Scéim na Mná Tí agus go bhfuil sotal ar chúl an raitis seo ó Roinn an Airgeadais. 

On the €10.50 per day paid to Gaeltacht households who accommodate students attend ing Irish-language courses, the Merrion Street mandarins said “a reduction to €5 per day would not impose any undue hardship”.

B’fhéidir dá laghdófai liuntaisí na statseirbhíseach i Roinn an Airgeadais go dtí €5 in aghaidh an lae go mbeadh tuiscint níos fearr acu ar céard is ‘undue hardship’ ann.    An t-aon freagra a bheidh ar an gcinneadh áfach an praghas atá á ghearradh ar áiteanna ar na coláistí Samhraidh a ardú €100 – €150  agus gan amhras cuirfidh sin go leor teaghlaigh a chuireann a bpáistí chun na Gaeltachta ó dhoras agus cuirfidh sé poll mór i ngeilleagar na Gaeltachta.  Creidim go bhfaigheann an Rialtas an €10.60 agus tuilleadh le cois ar ais. 

Ag an am chéanna, tá gá le h-athrú ar an gcur chuige.  Tá gá le cur chuige atá samhalaíoch agus a théann i ngleic i gceart le na fadhbanna is na dúshláín.  Ní léir go bhfuil an teachtaireacht sin ag dul i bhfeidhm go fóíll….

Feartlaoi ró luath, ró chineálta ar an Aire?

Tá cosa an Aire Uí Chuív nite is cosúil mas aon tomhas an moladh deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dtuarascáil Mhic Carthaigh  – An Bórd Snip Nua – agus, anois, alt san Irish Times ag Seán Tadhg Ó Gairbhí ag tomhas an tionchair a bhí ag gharmhac Eamon Devalera ina thréimhse mar Aire sa roinn sin.

    Nílim chomh cinnte go bhfuil deireadh leis an Roinn nó tá go leor cainte ag na h-airí faoi thuarascáil Mhic Carthaigh bheith ina ‘bhiachlár’ ar féidir leo bheith ag roghnú as de réir mar is mian leo.

    Ach nílim cinnte ach an oiread nach bhfuil an feartlaoi seo ró chinealta faoin Aire.

    Mar sin féin, beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta buíoch d’Éamon Ó Cuív amach anseo. Nuair a thagann deireadh lena ré mar Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta tá gach seans ann go ndéarfar gurb é an tAire Gaeltachta ab fhearr riamh é.

    An Aire Gaeltachta ab fhearr riamh – b’fheidir é mar ní mór é a chur i gcomparáid le h-Airí eile a raibh sa phost sin agus is beag Aire Gaeltachta a raibh thar moladh beirte.

    An deacracht atá agam leis an Aire  O Cuív go raibh sé – agus go bhfuil sé fós – ró cheangailte le nóisean sean aimseartha den Ghaeltacht agus den Ghaeilge agus go bhfuil an tionchar atá aige ag cur moille ar chúrsaí seachas a bheith á mbrostú chun cinn.

    Sin an fath gur thug mé ‘aire analógach sa ré diigteach’ air.  Ar ndóigh, taobh amuigh de Éamon Ryan, is beag aire atá ann a thuigeann, dar liom, an saol chomhaimseartha agus na feidireachtaí a bhaineann leis an dtodhchaí digiteach.  An bhfuil aon dealramh bheith chomh buartha faoi na bainc – agus ag caitheamh airgead amú chun iad a tharrtháil  – sa ré seo?

    Na rudaí a luann Seán Tadhg  ar thaobh an sochair, chuirfinnse anois iad ar thaobh an dochair:

    Ar thaobh an tsochair de chuntas Uí Chuív tá, i measc rudaí eile, an tAcht Teanga, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, agus an feabhas as cuimse atá tagtha ar bhonneagar na Gaeltachta.

    Dar liomsa, tá an ró bhéim ar mhaorláthas san Acht Teanga ag tachtadh na Gaeilge agus ní fheicim morán de bhuntáiste phraiciticiúil le stádas oifigiúil oibre a bheith ag an dteanga san Aontas Eorpach seachas postanna a chur ar fáil do dhlítheangeolaithe.

    Ní fheictear dom ach an oiread go bhfuil an bonneagar sa Ghaeltacht tar éis feabhsú ‘as cuimse’.   B’fhéidir gur amhlaidh an scéal i gConamara, i gcúlchlós an Aire féin, cé nach gceapfainn go n-aontódh muintir an Cheathrún Rua liom sa mhéid sin agus iad go fóill gan uisce inólta ón sconna.   Tá réimsí móra den Ghaeltacht go fóill gan leathanbhanda, rud a fhagann iad go mór faoi míbhuntáiste sa ré digiteach.

    Mar atá ráite agam anseo roimhe seo, creidim gur theip go tubaisteach ar an Aire aon chabhair phraicticiúil a thabhairt do Foinse nó do Lá Nua nuair a bhí géarghá leis an dtacaíocht sin.  Ní h-amháin nár tháinig sé i gcabhair ar cheachtar nuachtán nuair a chuaigh siad in adharca le Foras na Gaeilge ar cheisteanna mhaoinithe ach tá sé ag suí ar a lámha maidir le rialachán a dhéanamh ar cheist na fograíochta.  Fiú má dheineann sé cinneadh anois, ag cur iachaill ar na h-eagrais poiblí is na ranna stáit fógraí a fhoilsiú go dhá theangach, na leaganacha Ghaeilge sna meáin Ghaeilge agus na leaganacha Bhéarla sna meáin Bhéarla, beidh sé ró mhall nó tá Foinse agus Lá Nua i measc na h-iar nuachtáin Ghaeilge eile anois, i gClólann na Naomh!, Anois, Inniu, Amarach, an tÉireannach, Fáínne Geal an Lae, an Claidheamh Solais &rl.

    Dár ndoigh, ní gá go gcosnódh sé níos mó airgid nuachtán Ghaeilge a fhoilsiú dá mba rud é gur léiríodh níos mó solúbthacht ar an módh foilseacháin.   Dá mba rud é go mbeadh cead ag Lá Nua nó Foinse foilsiú mar leagan PDF amháin, mar a d’iarr Lá Nua ar aon nós, bheadh níos mó airgid ar fáil chun an abhar agus an dearadh a fheabhsú de bharr go raibh níos lú á chaitheamh ar chló agus ar dháileadh.     Maith go leor, ní raibh an rogha sin ar fáil sa chonradh a bhí ag Lá Nua ach is peaca é ná raibh an rogha ar fáil sa chonradh a bhuaigh Foinse agus nach bhfuil sé ar fáil sa chomórtas atá ar siúl faoi láthair chun comharba ar Foinse a aimsiú.   In áit a bheith ag reachtáil comórtas le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil – a bheadh, is cosúil, lonnaithe sna 26 contae, tá rogha ar fáil don Fhoras agus don Aire a mhaoiníonn an Fhoras, maoiniú mar is ceart a chur ar fáil don Druma Mór/Nuacht 24.    Ach seo chugainn an maorláthas – agus an criochdheighilteachas arís – nó ní féidir leis an Aire nó an Fhoras, is cosúil, tacú le togra atá lonnaithe ó thuaidh.

    Tá smaointeoireacht an Aire ró theorannta – agus ní an ‘teorainn’ amháin atá i gceist agam le seo.   Ní teorainneacha na Gaeltachta ach an oiread.

    Anois táimíd ag fánacht ar an Aire an plean a fhoilsiú chun an Ghaeilge a thabhairt slán.   Tá méar fada an Aire tar éis foilsiú an phlean a gealladh i Nollaig 2006 go mbeadh sé ar fáíl roimh dheireadh na bliana seo chaite nó ‘laistigh de dhá bhliain’ agus anois beidh sé á fhoilsiú ag am go bhfuil an comhthéacs athruithe go h-iomlán.  Má tá acmhainní breise –  nó acmhainní ar bith – ag teastáil chun míreanna an phlean seo a chur i bhfeidhm, beidh sé deacair nó dodhéanta teacht ar na h-acmhainní seo ón Státchiste.   Agus cad é an tairbhe don Stat plean a fhoilsiú mura bhfuil na h-acmhainní – nó an toil pholatúil troid san fhóram phoiblí ar son na hacmhainní seo – ann chun an plean a chur  i bhfeidhm?    Tá seilfeanna lán de phleananna ag bailiú deanaigh i Roinn na Gaeltachta.

    I mo shamhlaíocht den phlean seo, bhí áit lárnach ag na meáin Ghaeilge, idir fuaim, fís agus cló is ar líne, san obair chun 250,000 cainteoirí laethúla Ghaeilge a bheith ann faoi 2028.   Ach anois tá na meáín cló nach mór imithe, tá ciorruithe eile á moladh do TG4 agus tá RTÉ Raidió na Gaeltachta fós siocaithe sa sean aois.

    Sin ar fad ar sheal faire an Aire Uí Chuív.

    Is cuimhin liom go raibh geallúint mar cheannlíne i gclár toghcháin FF ag an olltoghchán i 2007 go mbeadh Aireacht Sinsearach Rialtais ag an nGaeltacht.  Rinne an Aire é féin mór den mhéid sin agus é ag caint liom is iriseoirí eile sna meáin Ghaeilge.   Anois is cosúil go bhfuil an geallúint sin le briseadh, cosúíl le go leor geallúint eile.

    An Aire Gaeltachta is fearr riamh, ní fheadar.  An Aire Gaeltachta deireannach, is doichí.

    Fagann sin an cheist.  Céard a dhéanfaimíd mar fhreagra ar seo ar fad?  An gá dúinn, mar a mhol Máire Mhic Niallais ó Chomharchumann Gaoth Dobhair ar RnaG an lá deireannach, ‘eirí amach’ i gcoinne mholtaí Mhic Carthaigh.

    Táim féin ag obair ar thrachtaireacht ar an dtéama;  An Ghaeltacht Ghlic: a bheidh á fhoilsiú anseo go luath.  Níl mo Ghaeltacht ina Ghaeltacht ‘A’, ‘B’ nó ‘C’.  Is Gaeltacht gan teorainn é.  Gaeltacht digiteach don ré digiteach.   Ach beidh tuilleadh faoi seo ar ball.    Mura mbionn Aire ‘Gaeltachta’ ann amach anseo, beidh orainn ‘aire’ a thabhairt don Ghaeltacht sinn féin!