Cartlanna Clibe: Diospóireachtaí Teilifíse

Dá bhfaighinn mo rogha den triúr acu

Tá sé dearbhaithe anois ag TG4 go mbeidh diospóireacht idir na gceannairí, iad san atá san iomaíocht do phost an Taoisigh ar aon nós, á chraoladh ag an staisiún ar an gCéadaoin, 16 Feabhra, ag 7in. Beidh an diospóireacht á thaifeadadh níos luaithe an lá céanna, ag a 10rn, chun deis a thabhairt do TG4 fotheidealú a dhéanamh ar an bplé. Eimear Ní Chonghaile a bheidh sa chathaoir. Cé go gceapaim féin go ndéanfaidh sí jab brea, b’fhearr liom Páidí Ó Lionaird a bheith ann ós rud é go bhfuil sé ag laithriú an t-aon clár chúrsaí reatha atá ag TG4. Tá difríocht mór idir laithriú chláracha chúrsaí reatha agus feasachán nuachta. Tá súil agam nach mbaineann an chinneadh seo le RTÉ a bheith ag iarraidh baint a bheith acu leis an ocáid stairiúil seo, a la Charlie Haughey ar an Champs Élysées nuair a bhuaigh Stephen Roche Le Tour i 1987. I gcaitheamh na mblianta fada nior dhein RTE tada chun diospóireachtaí den chineal seo a reachtáil agus a chraoladh.
http://ow.ly/3SlNe

Beidh Enda ann….ó bhéal an chapaill

Tá sé dearbhaithe ag Enda Kenny go mbeidh sé i láthair do dhiospóireacht le Mícheál Martin agus Eamon Gilmore ar TG4 ar an 16ú Feabhra, naoi lá roimh an olltoghchán. Táim buioch do Pharaic Gallagher, comhfhreagraí pholatúil Newstalk as an méid sin a chur in iúl dom ar twitter.

Deis a bheidh sa dhiospóíreacht seo Enda Kenny a chur faoi bhrú ar an gceist práinneach do lucht na Gaeilge is na Gaeltachta: Cén údar atá le seasamh Fhine Gael go mbeadh an Ghaeilge níos fearr as dá mbeadh sí ina abhar roghnach ag libhéal na hArd Teiste? An bhfuil aon taighde ann a leireodh gur ar leas na teanga a bheadh sé an cinneadh sin a ghlacadh gan imeacht i gcomhairle le saineolaithe san earnáil?

Ar ndóigh, tuigimíd go léir go bhfuil gá le h-athrú san slí a múintear na Gaeilge ach d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi go leor ábhair eile. Leiríonn an Ard Teist nach córas oideachais atá againn sa tír seo ach córas scruduithe. Agus sinn ag feidhmiu faoin dhaoirse sin, tá moladh amháin déanta agam: go mbeadh pointí dúbailte CAO ar fáil don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic agus, sa chás sin amháin, go mbeadh siad roghnach.

Ní dócha go nglacfar leis an rogha seo – ach is fiú an ceist a chur agus a phlé (seachas é a ardú mar a bhionn á dhéanamh de shíor ar na meáin Ghaeilge.

Chomh tabhachtach le ceist na Gaeilge féin, níos tabhachtaí go deimhin, beidh diospóireacht ar cheisteanna eile an lae. Is maith an rud é go mbeadh saol taobh amuigh den Ghaeilge ag dioscúrsa trí Ghaeilge. Ós rud é, áfach, nach dtugtar aon spás do cheisteanna faoin nGaeilge sa dhioscúrsa phoiblí sna meáin Bhéarla, is maith ann an diospóireacht seo.

An chéad chéim eile i ndiaidh seo réimse an dhioscúrsa ar chúrsaí reatha trí Ghaeilge leathnú agus a threisiú. Is beag atá á dhéanamh ar RnaG, TG4 agus eile.