Seo litir a thugas do Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael, inné i Maigh Chromtha agus mé ag iarraidh bealach a aimsiú chun teacht ar chomhthuiscint idir é agus pobal na Gaeilge/na Gaeltachta mar gheall ar thodhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais agus, go h-áirithe, mar chroí ábhar don Ard Teist.
Mar a tharlaíonn sé, mar thoradh ar Dhiospóireacht na gCeannairí ar TG4, tá’s againn anois gur ábhar riachtanach í an Ghaeilge ar churaclam na hArd Teiste agus gurb í an t-aon ábhar atá an stadas sin aici. Cé gur ‘croí ábhair’ iad an Mháta agus an Bhéarla ar an gcuraclam céanna, níl siad éigeantach mar atá an Ghaeilge (fiú go bhfuil diolúiní go leor ar fáil ón nGaeilge). Agus sinn ag iarraidh stadas na Gaeilge a chosaint san Ard Teist, beartaíodh in áít éigean agus d’aontaíos leis gur cheart úsáid a bhaint as an téarma ‘croí-ábhar’ seachas ‘ábhar éigeantach’. I bhfianaise an méid atá tagtha chun solais anois mar gheall ar an difríocht idir ‘croí ábhar’ agus ‘ábhar éigeantach’, an bhfuil botún déanta? An bhféadfadh Enda Kenny nó pé duine a bheidh ina Aire OIdeachais an stadas ‘éigeantach’ a mhalartú ar an stadas ‘croí-ábhar’ agus a rá linn bheith sásta le sin?
Nó, mar a dúirt Michael Creed TD, an Teachta Dála áitiúil d’Fhine Gael sa Dáil Cheantar ina bhfuilim, Corcaigh Thiar Thuaidh, más rud é nach gcuirfear deireadh le h-eigeantas na Gaeilge go dtí go mbeidh an ábhar (nó an dhá ábhar) ina rogha nadúrtha ag daltaí ag tabhairt faoin Ard Teist, an fearr di an Ghaeilge dá mbeadh sí ina chroí ábhar, le comhstadas ceart le Béarla agus Matamaitic, seachas ina ‘ábhar éigeantach’?
Is cinnte go bhfuil fachtóir eile le cur san áireamh sa chothromóid seo. Caithfear riachtanais na n-ollscoileanna agus na n-institiúidí triú libhéal. Cuireadh i gcuimhne dhom aréir an troid/feachtas a rinne Pádraig Mac Piarais, Art Ó Gríofa, Eoin Mac Néill is eile le go mbeadh an Ghaeilge ina h-abhar riachtanach le clarú id mhacléinn in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann – agus tá sin fós ann.
Ní h-amhlaidh an scéal le Coláiste na Tríonóide. Ansan tá níos mó de stadas ag an Laidin ná mar atá ag an nGaeilge. Ní chloisim trachtairí ag gearán mar gheall ar Laidin a bheith riachtanach (nach mór) le h-aghaidh TCD!
Matriculation requirements: Irish Leaving Certificate
To be considered for admission to the University you must:
Present six subjects, three of which must be at grade C or above on higher Leaving Certificate papers or at least grade C in the University Matriculation examination
The six subjects above must include:
A pass in English
A pass in mathematics and a pass in a language other than English
OR
a pass in Latin and a pass in a subject other than a language
Níl sé chomh soiléir cad iad na riachtanaisí maithreanacha atá ag Ollscoil Luimní agus Ollscoil Chathair Atha Cliath. Is cosúil go bhfuil riachtanaisí iontrála ag brath ar na cúrsaí éagsúla atá i réim sna h0llscoileanna ‘nua’ seo.
Fágann sin nach bhfuil ach ollscoil amháin (le gréasán coláistí gan amhras) le riachtanas Ghaeilge ann do lucht iontrála, Ollscoil na hÉireann. Feictear dom go mbeidh troid le troid ansan luath nó mall mar gheall ar na riachtanaisí iontrála.
Ar aon nós, seo chugaibh an litir ar thug mé do Enda. Dúirt sé go ndéanfadh sé é a scrúdú. Beidh le feiceáil an mbeidh aon toradh fónta as. Bhí dornán litreacha san Irish Times ar maidin ar an gceist, ceann acu ó Uachtarán agus dornán iar uachtaráin Chonradh na Gaeilge. Nach ait an scéal nár sheol siad an litir céanna i nGaeilge chuig Gaelscéal nó Foinse? Nó, má sheol agus má táim ag déanamh éagóir orthu, cén fath nár foilsíodh an litir?
17 Feabhra 2011
Enda, a chara,
Beatha agus sláínte! Tá go leor le moladh i gclár toghcháin Fhine Gael mar gheall ar an dianmhachnamh is léir atá déanta ar cheist na Gaeilge. Tá sé soiléir gur leas na teanga atá ar inchinn agat agus tú ag plé na ceiste go poiblí. Creidim go mbeadh moltaí ar nós ‘An Scála Náisiúnta Líofachta’ ina thacaíocht íontach don Ghaeilge is don Ghaeilge.
Uaireannta áfach ní bhionn daoine ar chomhthuiscint cad is leas na teanga ann. Seo ceann de na h-uaireannta sin. Tá sé soiléir nach bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tar éis tuiscint soiléir a fháil ar cad go direach atá i gceist agat faoi dheireadh a chur le Gaeilge mar ábhar éigeantach san Ard Teist. Dúirt tú ar an ndiospóireacht aréir (TG4) ná raibh Mata nó Béarla éigeantach agus tuigim gur sin an chás anois. Ag an am chéanna is croí ábhair iad sa mhéid is go gcaithfidh tú Mata agus Béarla a bheith agat chun dul ar aghaidh go dtí an triú libhéal. Dá mbeifeá sásta a dheimhniú, mar shampla, go mbeadh an stadas céanna ag an Ghaeilge is atá ag Béarla agus Mata san Ard Teist, is cinnte go gcabhródh sé linn tuiscint ceart a fháil ar do pholasaí.
Molann tú freisin go mbeadh athbhreithniú ar mhódhanna múinte na Gaeilge ag gach libhéal agus nach gcuirfear deireadh le stadas reatha na Gaeilge go dtí go mbeidh an proiseas athbhreithnithe sin curtha i gcrich. An amhras atá ormsa go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil toradh an athbhreithnithe sin réamh shocruithe. Ní dhealraíonn sé dom gur deachleachtas é seo. Dá mbeifeá sásta proiseas comhairliúcháin ar na ceisteanna seo a chur ar bun agus go mbeadh dearcadh oscailte agat i leith toradh an phroisis sin, agus an mhéid sin a fhógairt go poiblí roimh an olltoghchán, táim cinnte go mbeadh glacadh níos fearr le do mholtaí i leith na teanga.
Ó mo thaithí féin ag obair sa ghort seo, tá’s agam go bhfuil cosaint dian á dhéanamh ar an status quo in ainneoin go dtuigeann daoine nach bhfuil an status quo ar leas na teanga san fhadtréimhse. Is amhlaidh go bhfuil an iomarca ag brath ar thionscal na Gaeilge sna Gaeltachtaí = na Coláistí Samhraidh is eile – nach dtroidfear ar son an bheagán atá againn nuair nach bhfuil a fhios againn nó, b’fhéidir, iontaoibh againn as an eigintneacht atá i ndán dúinn. Tá dhá Choláiste Samhraidh i Múscraí, ceann i mBaile Mhuirne agus ceann eile, Coláiste na Mumhan i mBéal Atha’n Ghaorthaidh. Tá dóchas againn freisin go ndeinfear forbairt ar Choláiste Íosagáin.
Léirigh tú ceannaireacht agus tú ag dul i ngleic leis an gceist seo sa chéad dul síós. Creidim go bhfuil deis eile agat ceannaireacht a léiriú tre a chur in iúl do phobal na Gaeilge go bhfuil aon athrú radacach i bhfad uainn agus go n-imeoidh tú i gcomhairle linn ar bhonn oscailte sagar gcuirfidh tú athruithe substaintiúla i gcrich. Mar fhocal scoir, molaim tú as an pháirt bhríomhar a ghlac tú i ndiospóireacht TG4 agus tá súil agam go leanfaidh an nós i dtoghcháín eile. Is gné tabhachtach i gcur chun cinn na Gaeilge go mbeadh ceannairí na tíre sásta í a labhairt go poiblí agus le brí mar a deineadh aréir. Gach rath ort agus tú ag tabhairt faoin treimhse dúshlánach romhat.
Is mise le meas
Concubhar Ó Liatháin