Cartlanna Clibe: Cúrsaí Reatha

Anois nó riamh….

Tá ceisteanna fós ann i dtaobh Foinse – an bhfuil sé beo nó marbh? – ach tá sé in am dúinn féachaint ar staid na h-iriseoireachta Ghaeilge faoi láthair i bhfianaise na sceannairte atá déanta le tamall anuas ar an earnáil seo.

Ní h-é an iriseoireacht chló amháin atá curtha ó mhaith ag maorláthaigh ach is cinnte go bhfuil ár n-áird ar bhás ró luath na nuachtán, Lá Nua agus Foinse, le roinnt míonna anuas.

Ach, de bharr na gciorruithe, tá dhá chlár chursaí reatha a bhí á chraoladh ar RTÉ RnaG, Faoi Chaibidil agus Seó Beo an tSathairn, cláracha ná raibh ró spreagúil nó géar chúiseach dar liom, ach bhí siad ar an sceideal agus ni fhillfidh siad san Fhómhar. Fágann sin nach mbeidh ach Adhmhaidin agus Nuacht a hAon ina mbeidh aon sórt plé á dhéanamh ar chúrsaí reatha. Agus ansan ní bheidh ann ach an bheagán agus plé cúrsaí reatha ag troid le scéalta pharóistiúla ó na Gaeltachtaí móra.

Bain ón bpictiúr chomh maith an easpa mór chláracha chúrsaí reatha i nGaeilge ar an dteilifís. Níl ann ach Seacht Lá ar TG4 – sin clár uair sa tseachtain a mhaireann níos lú ná leath uair a chloig. Craoltar ‘Scannal’ ar RTÉ – ach is clár é sin a bhaineann le cúrsaí stairiúla seachas cúrsai reatha.

Níl an scéal morán nios fearr ar an idirlíon. Iris mhíosúil é Beo.ie agus cé go mbionn roinnt ailt ann ar chúrsaí reatha – cuid acu a bhionn le moladh – tá an iris srianta ag an bhfoilsiú míosúil. Níl an réimse ábhair ann a chinnteodh go mbeadh léitheoireacht aige taobh amuigh de chiorcal na bhfoghlaimeoirí, sciar tabhachtach den mhargadh ach sciar teoranta.

Is cosúil go gcaithfimíd, chomh fada is a bhaineann sé le na h-udaráis, na h-údaráis céanna a deir gur mhian leo go mbeadh Éire ina thír dhá theangach faoi 2028, go gcaithfimíd, an dream atá Gaeilge againn agus a thaitníonn cúrsaí reatha leo, glacadh leis go gcaithfimid cúl éisteacht le cúrsaí reatha i mBéarla gan aon pháirt a ghlacadh sa phlé.

Ar an bport céanna, trí bhliain deag tar éis bhunú TG4/TnaG, níl cead ag pobal na Gaeilge féachaint ar chluichí ceannais na hÉireann beo beathach le trachtaireacht Ghaeilge. Is cosúil go mbeidh orainn brath go ceann tamall eile ar an bhfuaim ar an dteilífís a ísliú agus éisteacht leis an dtrachtaireacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó, más trachtaireacht dhá theangach atá uainn, eisteacht le Mícheál Ó Muircheartaigh ar Raidió 1.

Tá obair mhaith á dhéanamh ag leithéidí An Druma Mór/Nuacht 24, nós* agus Feasta is Saol le freastal ar sciar áirithe den mhargadh – ach níl na h-acmhainní acu an beart a dhéanamh mar is ceart. Maidir le Comhar, tá deis ann rud éigean fónta a dhéanamh ach ní féidir leis an iris aon dul chun cinn a dhéanamh agus é faoi stiúr eagarthóir nach gcreideann sa nua theicneolaíocht agus nach dtuigeann cad atá ag titim amach i saol na Gaeilge is na tíre.

Thug mise faoi ndeara port áirithe i gcuid de na ráitis a deineadh i dtaobh Foinse agus an nuachtán ag saothrú an bháis. Bhí go leor achainí agus éilimh á dhéanamh go dtiocfadh an Rialtas i gcabhair ar Foinse ionas nach gcaillfí an nuachtán – ach is é sin díreach an fhadhb.

Má táimíd le h-iriseoireacht Ghaeilge a thabhairt slán don chéad glúin eile, ní feidir linn bheith ag brath ar na h-údaráis. Ciall ceannaigh, tá sé nios fearr ná an dhá chiall a mhúintear. Agus tá ciall ceannaithe go daor ag pobal na Gaeilge le tamall anuas. Beidh orainn greim a bhreith ar ár gcinniúint féin.

Déanfadsa mó dhícheall anseo plé a dhéanamh ar chúrsaí reatha agus nuacht an lae ach táímse ag obair faoi chúing – tá post agam i réimse eile agus ní féidir liom mo chuid ama a chaitheamh anseo faoi mar ba mhaith liom.

Táim sásta tairiscint a rinne mé roimhe seo a dhéanamh in athuair. Má tá Gaeil ann ar mhaith leo iriseoireacht Ghaeilge sláintiúil, beidh orthu íoc as. Tá ciste ag teastáil, ciste shuntasach thart ar €1m a bheidh ag teastáil. Táimse sásta €1,000 a infhéistiú ina leitheid de chiste – agus ní beag liom an tsuim sin – chomh fada is go bhfuil 999 Gael eile ag teastáil. Nuair a rinne mé an tairiscint seo roimhe, fuair mé ceathrar nó cúigear a bhí sásta a lámha a chur ina bpócaí.

Anois, tá an práinn níos géire. Tá gá leis an t-airgead chun bonn láidir a chur faoi sheirbhís nuachta is fóram plé rannpháirteach is eolgaiseach, acmhainn a bheadh neamhspleach ar fad ón stát agus saor, mar sin, óna marbh fhaisc.

Anois nó riamh.

Táim á scríobh seo agus mé ag faire ar an eagrán dheireannach de Questions and Answers á chraoladh. Breis is fiche bliain a bhí an clár sin á chraoladh agus cé gur fada an lá a bhí sé ar bharr a léime, bhí sé tabhachtach mar fhóram do phobal na tíre.

Tá sé deich nó cúig bhliain deag ó bhí an chlár cúrsaí reatha deireannach Ghaeilge ar aon chainéal teilifíse nó raidió – nach cuimhin linn ‘Cúrsaí’.

D’imigh sin agus tháinig seo. Cad atáimíd chun déanamh chun an bearna a líonadh…..?

TG4 agus an ‘leath shúil’ eile…

Is cosúil go bhfuil deireadh leis an clár cúrsaí reatha a chraoltar ar TV3, The Political Party. De bharr ciorruithe tá an staisiún trachtála ag ciorrú ar an líon cláracha déanta in Éirinn atá á chraoladh acu. Chomh maith leis an clár seo, tá deireadh á chur leis an clár spóirt a bhíodh á chraoladh gach oíche ar TV3, clár nar fhéach mé air ach corr uair.

Ar aon nós, níor thaitin an clár ‘The Political Party’ liom riamh – níor mhothaigh mé go raibh ‘údarás’ ar bith ag an laithreoir, Ursula Halligan, agus go deimhin bhí an rud go léir abhairín leath bhacáilte. Bhí an clár a bhíodh á chraoladh ag TV3, Agenda, gach maidin Domhnaigh fiche uair ní b’fhearr, agus an laithreoir, David McWilliams, ana chumasach. Ach chuir an staisiún seo deireadh leis agus tá deireadh curtha anois acu le “The Political Party”. Ina áít is dócha go mbeidh clár eile againn ó Shasana nó ó Mheirceá….

Go fóill áfach tá clár maith cúrsaí reatha ar TV3 – nó craoltar Tonight With Vincent Browne gach oíche (Luan go Déardaoin) idir 11 agus 11.45. Is fiú faire ar an gclár ar mhaithe leis an sceannairt a dheineann Vincent Browne ar na h-airí rialtais is eile a bhionn aige mar aoíanna ar an gclár.

Tá gá lena leitheid de chlár go h-áirithe anois agus deireadh á chur le Questions and Answers, clár ná raibh gan locht ach a thabharfadh ardán éigean do ghnath bhaill an phobail [chomh maith le h-ionadaithe faoi cheilt ó na pairtithe polatúla ar fad] ár gcinnirí a chuir faoi dhian cheistiú.

Fiú leis an sceannairt atá ag titim amach ar sceidil chúrsaí reatha ar TV3 agus ar RTÉ, is mó i bhfad an solathar atá á dhéanamh ag an dhá stáisiún sin don lucht féachana ná mar atá á dhéanamh ag TG4. Go fóill níl ach clár amháin leath uaire in aghaidh na seachtaine ar an staisiún teilifíse Ghaeilge. Seacht Lá a thugann siad air agus bionn ar an fhoireann atá i mbun an chláir sin scéalta uile na seachtaine a chuaigh roimhe a chíoradh agus anailís a dhéanamh orthu laistigh de leath uair a chloig, briseadh fógraí as an áireamh.

Ní soláthar é sin ach másla.

Feictear dom go mbeadh sé réasúnta saor ag TG4 clár fónta chúrsaí reatha, le cois 7 Lá, a chraoladh. Ar ndóigh d’fhéadfaí Seacht Lá nó clár cosúil leis agus Páidí Ó Lionaird sa chathaoir te a chraoladh ceithre nó cúig oíche sa seachtain gan stró. Nó, dá mbeadh clár eile le cumadh, in éineacht le 7 Lá, bhuel, tá go leor daoine cumasacha i saol na Gaeilge a bheadh in ann a leitheid de chlár a chur i láthair – leithéidí Seán Ó Tuairisg, Breandán Delap, Eoghan Ó Néill, is sár iriseoirí an triúr acu, fiú mura n-aontaím leo i gcónaí, agus tá cumas craoltóíreachta acu freisin. Níos mó ná sin, tá údarás acu. Tá daoine a bheadh den tuairim go mbeadh Cathal Mac Coille go maith – b’fhéidir é. Ní thaitníonn sé liom agus chuala mé é ag déanamh cacstaí de mhír faoi dheacrachtaí pholatúla i bPoblacht na Seice cúpla maidin ó shin ar Morning Ireland. Bhí an cuma ar an scéal gur cheap sé go raibh Vaclav Havel fós ina Uachtarán sa tír sin – ar ndóigh is é Vaclav Klaus Uachtarán Phoblacht na Seice.

Mothaímse go bhfuil easnamh mór i saol na craoltóireachta Ghaeilge gan solathar níos fearr agus níos minice de chláracha cúrsaí reatha ina mbeadh polataíocht an lae á chioradh agus á anailísiú. Creidim nach é easpa airgid an chúis le sin ach easpa cnamhdroma TG4. Ní doigh liom go ndéanfaidh an staisiún sin faic chun an deontas bhliantúil a chur i mbaol fhaid is atá sé faoi cheannas na saoistí atá ann faoi láthair. Lámha sabhailte iad na saoistí ach níl ‘splanc’ ar bith iontu.

Ag am ina bhfuil an plé náisiúnta faoi bhagairt de bharr stíl ró thablóideach RTÉ agus an féin chinsireacht a leanann é agus an smacht ró dhaingean atá ag an Rialtas is an bhuainíocht ar na meáin, idir craolta agus clóite, tá gá le splanc níos mó ná riamh.

Mór an trua ach is é mo bharúil nach ‘súil eile’ atá ag TG4 ach leath shúile eile. Agus is boichte sinn agus an Ghaeilge agus an dioscúrsa náisiúnta dá bharr.