Cartlanna Clibe: Cruinniú Comhchoiste Dála

Slán le Ciorclán 44/07 – ach céard a thiocfaidh ina áit?

Ar An Druma Mór is túisce a chuala mise an scéal is mó ó thaobh na Gaeilge/na Gaeltachta an tseachtain seo.

Go ciúin, cheapfá, tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tar éis Ciorclán 44/07 a chuir ar cheal.  B’é seo an ordú chonspóideach a chuir iachaill ar mhúinteoirí Gaelscoile leath uair a chloig gach lá a chaitheamh ag múineadh Béarla do naíonáin bheaga, in ainneoin gurb é an dea chleachtaa gan tosnú le múineadh an Bhéarla go dtí níos déanaí i saol scoile an phaiste.

Anois tar éis cás cúirte ar chosain go leor táim cinnte – bhí Scoil Mhic Easmainn agus Gaelscoil Nás na Rí tar éis dúshlán a thabhairt don ordú seo, ordú a rinne an Aire Oideachais (mar a bhí) Mary Hanafin GAN DUL i GCOMHAIRLE le Gaelscoileanna nó saineolaithe eile san earnáil – tá an Ciorclán curtha ar ceal.

Ach, mar atá raite i dtuairisc an Irish Times, tá sé i gceist ag an Roinn dul i gcomhairle le Gaelscoileanna anois chun reachtaíocht maidir le múineadh an Bhéarla agus tumoideachas a ullmhú.  Deirtear sa tuairisc nuachtáin go mbeidh an reachtaíocht seo ag teacht ós comhair na Dála i gceann roinnt seachtainí.  Níl a fhios agam an mbeidh sé chomh tapaidh le sin – ach is léir gur comhartha é seo go bhfuil fonn gluaiste ar an Roinn ar chúis éigean.

B’fhéidir go gcreideann siad go bhfuil tuismitheoir(í) pháistí Gaelscoile amuigh ansin ar bís le go múinfí an Bhéarla do pháistí atá siad ag seoladh ar Ghaelscoil in ainneoin iad a bheith timpeallaithe ag scoileanna náisiúnta ina bhfuil an Bhéarla mar ghnath theanga iontu.

Anois, an rud atá riachtanach, go ndeinfí riar cheart ar na páistí atá ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar scoileanna Gaeltachta le réimse leabhair agus acmhainní oideachais i nGaeilge.

Rug mé ar eireaball (spideoige?) inné – sé sin d’eirigh liom féachaint ar an 20 noimead deireannach de thuairisciú bheo TG4 ar an gcruinniú den gComhchoiste Dála ar an nGaeilge agus Dréacht Straitéis 20 Bliain Uí Chuív á phlé.    [Mór an trua ná raibh teacht agam ar an mbeochraoladh seo ar an idirlíon agus bheinn ábalta faire air agus mé ag m’áit oibre – tá súil agam go mbeidh sé ar fáil mar chraoladh taifeadta agus, b’fhéidir fiú, go bhféadfaí míreanna uaidh a chur ar an suíomh seo nó chuala mé cúpla rud agus léigh mé cúpla rud ar maidin nár mhiste plé a dhéanamh orthu!)

Ní leor 'Seideán Sí' - tá réimse leathan leabhair i nGaeilge de dhith

Chuala mé Ferdie Mac an Fhailigh ó Fhoras na Gaeilge ag geallúint go mbeifí ag tógaint ar ‘Seideán Sí’ chun tuilleadh acmhainní a chur ar fáíl.   An cheist atá agamsa:  cén fath nach bhfuil níos mó oibre déanta ar seo go dtí seo.  Chuala mé an fear céanna ag maíomh as ucht go mbeidh dhá nuachtán Ghaeilge ann faoin Cháisc – amhail, cheapfá, is go raibh sé á fhoilsiú é féin.  Ní dhéarfaidh mé a thuilleadh ar an abhar…..tuigeann sibh mé, ceapaim, fiú mura n-aontaíonn sibh liom ar gach ceist.

Beidh le feiceáil cad a thiocfaidh in áit Ciorclán an Mhíchomhairle ach, ar a laghad, beidh proiseas comhairliúcháin ann faoi seo sara gcuirfear aon rud in áit.  B’fhéidir gurb é sin an ceacht is fearr a d’fhoghlaim an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ón eachtra seo ach bheithfeá ag súil le cur chuige níos cúramaí le h-achmhainní an Stait – ár bpáístí agus ár gcuid airgid – ón roinn sin thar aon roinn rialtais eile.

Cad a deir an seanfhocal?  Tá ciall ceannaigh níos fearr ná an dhá chiall a mhúintear.   Ná dein feall mar seo arís, a chairde sa Roinn Oideachais, nó tá a fhios agat anois go ndeinfidh an dream a thog gluaiseacht na Gaelscoileanna id aineoinn cosaint tréan ar an seod seo, an tumoideachas, atá ag tabhairt oideachas níos fearr dár bpáistí ná mar atá ar fáil sa mhórshruth.