Cartlanna Clibe: Comhluadar

Rírá – an ghreannán

riraIs iomaí rírá i saol na nGael. Bhíodh clár teilifise ann, tá staisiún ráidió ann. Deirtear liom go raibh club oíche i mBaile Átha Cliath – agus b’fhéidir go bhfuil sé ann fós.

Anois seo chugainn ‘RíRá’ an ghreannán nó, mar a deirimíd sa Ghaeltacht, an choimic! Is cinnte go bhfuil cuma snásta air agus, le bheith cothrom, tá tacaíocht faighte ag an dtionscnóir, Aidan Courtney, ó Fhoras na Gaeilge don chéad eagrán.

De réir dealraimh go bhfuil sé i gceist leaganacha Ghaeilge de Tintin agus Asterix a fhoilsiú – ar fheabhas! Sílim go mbeadh sin ar fheabhas – níos fearr fós dá ndeinfí iarracht greannán a éisiúint ina mbeadh scéalta Fiannaíochta. Táim cinnte go bhfuil go leor ábhair ann.

Is brea liom na leabhair atá á fhoilsiú ag Cló Mhaigh Eo le blianta beaga anuas – An Táin agus, le gairid, Deirdre agus Mic Uisnigh. Tá an chaighdeán iontu gan amhras – ach níl siad ar fáil go forleathan. Sin atá de dhíth – go bhféadfá dul isteach i nuachtánaí ar bith agus teacht ar ghreannán ar nós ‘RíRá’ – cothrom na Gaeilge den ‘Beano’ nó an ‘Dandy’.

I bhfianaise na deacrachtaí atá ag Foras na Gaeilge i ghnó na bhfoilseachán trí chéile, tá éadochas orm go mbeidh todhchaí fad téarmach ag RíRá. Tá an cuma atá air go h-íontach – ach an bhfuil an tacaíocht ann do?

Uasghnéasú na Gaeilge?

teanga

Dá labhródh bean leat íseal, nach n-ísleofá do ghuth
Dá mbeadh an bean réasúnta, nach réasúnófaí thú

Tugann an ghné alt sa Sunday Tribune ábhar machnaimh dom. San alt deirtear go bhfuil an Ghaeilge i mbéal an phobail agus maítear gur de bharr go bhfeictear anois go bhfuil an teanga á shealbhú ag an dream ghairmiúil, go h-áirithe iad san sna meáin Ghaeilge.

Tá ceangal á dhéanamh san alt seo idir uasghnéasú seo na Gaeilge – ní fheadar cad a cheapann sibh faoi mo leagan Ghaeilge de ‘sexing-up’? – agus chomh feiceálach is atá an Ghaeilge anois de bharr go bhfuil pearsaí i TG4/iar TG4-TnaG agus daoine aille eile á úsáid – leithéidí Dáithí Ó Sé, Gráinne Seoighe, Blathnaid Ní Chofaigh agus Aoibhinn Ní Shúilleabháin atá luaite in alt Úna Mullally.

Tá barúil agam go bhfuil caint mar seo cosúil leis an chaint ann cheol thraidisiúnta tar éis chéad léiriú Riverdance – sé sin le rá nár thuig daoine go raibh ceol agus rínce traidisiúnta gnéasúil go bhfaca siad Michael Flatley agus na stumpaí breatha a bhí in éineacht leis ar an dteilifís.

Anois, de bharr go bhfuil leithéidí na réaltaí ghnéasúil thuas luaite ag labhairt na Gaeilge agus cuid acu beo ar an dteanga, tá an teanga gnéasúil arís agus de bharr sin tá ailt mar seo sna meáin. Creidim go bhfuil abhairín den aicíd sin ‘spin’ i gceist anseo agus feicim láimh an chomhlachta chaidreamh phoiblí, Stillwater, ann – agus ní droch rud amach is amach an méid sin. Luaitear duine de phríomhaithe Stillwater san alt – Natasha Fennell – agus tá blas leataobhach is easnamhach san alt fiú má tá sé ag dul sa treo ceart. Agus luaitear go sonrach Gradaim Cumarsáide an Oireachtais san alt agus bhí páirt lárnach ag an gcomhlacht le h-eagar is poibliú na Gradaim agus sílim gur toradh an alt seo ar an obair phoiblíochta a bhí ar bun ag Stillwater faoi na Gradaim seo.

atasha Fennell is a communications adviser with Stillwater, a company that works with Irish language organisations. “What has happened in this sector [Irish media] is that it has been completely professionalised,” Fennell says. “Public sentiment towards the language has changed – the Irish language has managed to turn a corner from being quite nasty to being fashionable. That shift has been made.”

Fennell believes that a dominant presence in Irish media of fluent Irish speakers has played a huge part in changing the way the public perceives the advantages of learning Irish. “They are role models,” she says of the nominees in the Irish Language Media Awards. “Because of them, people have started to see the value of what Irish can bring you. And it’s about confidence. They have instilled confidence in young people to use the language and be proud of it.”

Tá sé tabhachtach, áfach, go mbeadh an ghné ghnéasúil sin ag baint leis an Ghaeilge. Is tosca é sin a chuideoidh le fás phobal labhartha na Gaeilge amach anseo, chomh fada agus go mbeidh réaltaí nua ag teacht chun tosaigh agus ag úsáid na Gaeilge.

Is dócha nár cheart iontas a bheith orainn agus sinn ag léamh ailt cosúil le seo go bhfuil bearnaí ollmhóra ann i dtuiscint agus i léargas an iriseora.

Dá gcuirfí ceist ormsa faoi na ghnéithe is forásaí agus is gnéasúla i saol na Gaeilge, ní bhéinn ag caint ar Dháithí Ó Sé (quelle surprise? Cé go dtuigim go dtaithníonn Dáithí le roinnt nó na mná thuasluaite, cé nach bhfuil amhras orm ach go bhfuil siad ‘gnéasúil’).

Mar atá ráite agam go minic is iad na fiontair agus na daoine is ‘gnéasúla’ i saol na Gaeilge iad san atá ag saothrú le tionscnaimh ar nós ‘nós*‘, Raidió Fáilte, Raidió na Life, Raidió Rí Rá, An Druma Mór/Nuacht 24, Blas an BBC ó thuaidh, lucht an Chonartha agus tionscnaimh ar nós Ceol 09, fiontair ar nós Gaelchultúr (ranganna Ghaeilge) agus Comhluadar/Baile, agus, gan amhras, an pobal Ghaelach ar an líon, ó Shéamus Poncán go Tadhg Mac Dhonnagáin go iGaeilge is eile. I gcásanna áirithe, nílim cinnte an é ‘gnéasúil’ an focal ceart….

An rud a thugaim faoi ndeara faoi na daoine/fiontair atá luaite agam go bhfuil siad ‘gairmiúil’ maith go leor ach nach an t-airgead an rud is tabhachtaí leo – is é an obair an rud is tabhachtaí agus toradh a saothar agus an slí a théann siad i bhfeidhm ar an bpobal, ar phobal na Gaeilge ar dtúis agus, ina dhiaidh sin, ar sciar den phobal mhór, sciar atá ag fás.

Tá cuma ghairmiúil ag an obair – ach is grá agus diograis na gnéithe is tabhachtaí ann, seachas airgead. Tá sé go maith go bhfuil altanna mar seo sa Sunday Tribune agus sna meáin Bhéarla ó am go chéile – an rud is annamh is iontach – agus fiú go bhfuil an chreidiúint ag dul don dream is lú atá sé tuillte acu, i gcead doibh agus gan dímheas orthu a deirim san, is cinnte nach mbeadh altanna mar seo ann ach an obair ceannródach atá ar bun ag faobhar nua na Gaeilge.

Ní fheadar cad a cheapfadh Ó Riordáin faoin chasadh seo ar a línte chlúiteach óna dhán, Saoirse (féach thúas).

Dá labhródh bean ghnéasúil thú,nach gnéasófaí do ghuth

Gach seans nach mbeadh morán measa aige ar a leithéid…….cad a cheapann sibh?

Splunc! ó Chomhluadar

splunc
Eagras é Comhluadar atá árd mheas agam air nó tá an obair á dhéanamh ag Feargal agus Nicole is eile chun tacú le tuismitheoirí fud fad na tíre atá ag iarraidh a bpáistí a thogáíl le Gaeilge.

Seo chughaibh anois iris don aos óg, Splunc!, agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé thar a bheith snásta agus ‘glossiáilte’. Greannán atá ann le scéalta ann faoi Celt, Liam Leisciúil agus Cill Chleasaí is eile – agus táim ag súil nuair a thabharfaidh mé abhaile é go mbainfidh Art agus Danú, mo pháistí féin spraoi agus sult as.

An t-aon rud a thugaim faoi ndeara mar gheall ar an iris nach bhfoilseofar é ach, de reir dealraimh, dhá nó thrí uair sa bhliain nó luaitear ‘Fómhar/Geimhreadh’ le Eagrán 1 den iris gealgáireach seo agus tá ‘Earrach/Samhradh’ luaite leis an dara eagrán. Is é an t-aon locht atá air, mar sin, chomh h-annamh is a fhoilsítear é.

Níl aon locht ar Chomhluadar as seo, dar liom. Tá an iris seo ar fheabhas – ach tá sé costasach a leithéid d’iris a fhoilsiú agus ní fheicim aon urraí mór luaite leis. Is é seo an chineál irise atá de dhíth chun daoine óga a spreagadh chun an Ghaeilge a léamh. Tabhair dom léitheoir Splunc inniu – agus tabharfaidh mé duit léitheoir ‘nós’ amarach. Agus an lá ina dhiaidh sin b’fhéidir go mbeidh leitheoir leabhair Ghaeilge agat.

Maith sibh, a lucht Chomhluadair! Sin dea obair atá ar bun agaibh.

Luach ‘ár gcuid airgid’ – curfá nua an Fhorais

Tá scéalta cloiste agam cheana féin faoi na ciorruithe a cheadaigh baill boird Fhoras na Gaeilge, bunaithe gan amhras ar mholtaí ó fheidhmeannaigh an Fhorais, ag a gcruinniú miosúil inné. 

Tá gearradh thar a bheith suntasach ar mhaoiniú Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge.  

Ceann thar a bheith do thuigte é an gearradh 50% nach mór atá déanta ar bhuiséad Chomhluadar, an eagras a chuireann seirbhísí ar fáil do theaghlaigh atá ag togáil a bpáistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.   Conas is feidir le gearradh maoiniú – arbh ionann é agus €20,o0o – bheith ag teacht le spriocanna an Fhorais féin faoi bheith ag tabhairt an Ghaeilge ó ghlúin go glúin. 

POBAL fosta thíos le ciorruithe an Fhorais.  Ciorrú 4% atá ar bhuiséad an eagrais is mó atá ag saothrú ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh. Conas is féidir le POBAL an obair atá a dhéanamh acu – toisc nach bhfuil sé á dhéanamh ag an bhForas agus ag Sinn Féin atá glórach gan a bheith eifeachtach ar an gceist – a dhéanamh ar barr a maitheasa.

Eagras eile atá thíos le na ciorruithe an Cultúrlann, an ionad is tabhachtaí do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste.  An bhfuil brí nó dealramh leis na ciorruithe? 

Is cosúil gurb é an ‘buzz word’ is coitianta sna litreacha atá á dháíleadh ag an bhForas ar eagrais atá thíos leis na ciorruithe seo ná ‘Luach ár gcuid airgid’.   

Gan amhras ba cheart luach a gcuid airgid a bheith á lorg ag an bhForas.  Ach meabhraídís ar seo:  ní leo an t-airgead.  Is linne é, is leis an bpobal é.   Agus nílimid sásta go bhfuil luach ‘ár’ gcuid airgid á fháíl againn ón bhForas.  Níl a fhios againn an bhfuil nó nach bhfuil de bharr nach bhfoilsíonn an Fhoras a chuid cúntais go rialta – nior fhoilsíodh cúntais 2003 go dtí anuraidh agus níl aon rian go fóill ar chúntais 2004-2007, gan tracht ar chúntais 2008. 

A luaithe is a bheidh an liosta  iomlán agam, beidh mé á fhoilsiú anseo. 

Fíric amháin nach mór a choinneáil i gcuimhne ná seo:  ní raibh aon laghdú ar bhuiséad an Fhorais ó na mathair ranna ó thuaidh nó ó dheas do 2009.  I mbliain ina bhféadfadh boilsciú diultach a bheith ann – sé sin deflation – is ionann sin agus ardú deontais.  Mar sin céard atá ar bun ag an bhForas?  Cad leis atá siad ag caitheamh ár gcuid airgid mura bhfuil siad á dháíleadh ar eagrais eifeachtacha ar nós Conradh na Gaeilge, Comhluadar is eile?    An mbeidh an Fhoras ag tabhairt airgead ar ais don dhá mhathair roinn ag deireadh na bliana seo agus na bliana seo chughainn agus iad ag ceilt maoinithe ó eagrais atá ag obair go dicheallach is go duthrachtach i ngort na Gaeilge ar an dtalamh? 

Tá an pobal i dteideal ar fhreagraí ar cheisteanna réasúnta mar seo.  Tá sé in am go gcuirfí an Fhoras faoi bhrú chun freagraí a thabhairt ar na ceisteanna seo, go h-áirithe san aeráid atá ann anois.