Níl morán blagadóirí nua tagtha chun tosaigh i saol na Gaeilge ó thosnaigh mé ag blagáil breis is dhá bhliain ó shin – tagann cuid acu agus imíonn siad arís agus tá cuid againn a leanann linn ag blagáil i rith an ama, uaireannta bímíd níos bisiúla agus níos dúthrachtaí ná uaireannta eile.
Mar sin bionn áthas orm nuair a fheicim blag nua ag teacht chun tosaigh – agus blag nua slachtmhar go deimhin. Blag é Cailín Deas atá á fhoilsiú ag bean óg ón Rinn atá ar m’aithne agus tá sí tar éis bogadh go Baile Atha Cliath le déanaí. Is fiú go mór cuairt a thabhairt air – tá píosaí deasa aici agus is fiú go mór an suíomh a fheiscint nó tá sé thar a bheith slachtmhar agus blásta.
Go n-eirí leis an gCailín Deas…..
Agus faid is atáim ag caint ar bhlagáil na mban – tá orm comhghairdeas a dhéanamh le Mise Aine as bua an bhlag sin le déanaí i gComórtas Bhlagáil an Oireachtais. Rinne sí a bua a cheiliúradh tre dán ‘dána’ a fhoilsiú ar an suíomh ag tabhairt faoi ndeara na blagadóirí eile i réimse na Gaeilge. Taithníonn sé liom go h-áirithe gur lean sí uirthí ag blagáil tar éis an gradam a bhuachaint – ní h-ionann agus bhuaiteoir an bhliain seo chaite, mar shampla.