Tá sé aimsithe againn – lógó FF – ar phostaer Bhrian Crowley.
Féach go cruinn anois ar an chúinne ar bun ar dheis….
Léigh an chló bheag II
Freagraí: 5
An bhfeiceann tú ainm an phairtí ar an bpostaer? Tá sé ann – bhíos ag smaoineamh ar chomórtas a thosnú ar nós an ‘Spot The Ball’ a bhíodh ag an Sunday Press fadó agus sibh a spreagadh chun lógó an pháirtí is mó sa Rialtas a aimsiú ar an bpostaer seo ag iarrthóir an pháirtí?
An é go gceapann Brian Crowley gur amadáin sinn agus nach gcuimhneoimid ar an phairtí atá sé bainteach leis agus sinn ag votáil?
Bíodh is go mbionn sé i bhfad uainn sa Bhruiséal i mbun a chuid oibre, ní dhearúdfaimid é agus an pháirtí lena mbaineann sé.
Is cinnte go mbeidh a leath bhadóir, Ned O’Keeffe, ag meabhrú freisin ar an gcló bheag nó ar eigean gur féidir a ainm a fheiscint ar chorr ar bith ar an bpostaer.