Cartlanna Clibe: Beo

WordPress á Ghaelú

Táim díreach tar éis a thabhairt faoi ndeara go bhfuil Gaelú substaintiúil déanta ar WordPress, an t-inneal blagála ar a mbím ag obair agus atá anois, dar liom, níos cumhachtaí ná aon inneal blagála eile.

Bhí alt ag Roseanne Smith ar Beo.ie an mhí seo chaite faoi seo – de réir dealraimh tá duine eigean atá ag obair le WordPress ag cur faoi i gCorcaigh agus rinne sé roinnt mhaith oibre le déanaí.   Tá an toradh le feiscint anois.

Is mór an trua nach bhfuil an scéal seo in am don Bharr 50 – ach pé scéal é, deinim comhghairdeas le WordPress agus le Roseanne agus a cara.    Maith sibh….

Ba cheart dom  a rá, freisin, go raibh an tuairim agam go raibh Beo chomh marbh le hArt [O Laoghaire?] ach ag féachaint dom ar ábhar mhí Bealtaine, gur léir dom go bhfuil beatha nua ann le déanaí agus altanna breatha ann le Breandán Delap, Donncha O hÉallaithe agus Colm Mac Séalaigh agus é ag trácht ar Chomórtas Peile na Gaeltachta (agus gan aon rian den bhaghcat a bhí á thuairisciú ag Gaelscéal de bharr go bhfuil Shell ag urrú an Chomórtais i Maigh Eo i mbliana!].   Níl iriseoireacht chlóíte na Gaeilge cloíte go fóíll ag na solathróirí abhair!

Séasúr na seafóide agus séasúr na G-spóireachta

Tá ‘G-spóireacht’ ar siúl anocht ar an gCeathrú Rua faoi mholtaí Thuarascáil Mhic Carthaigh agus na h-impléachtaí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.  Ní olc an rud é sin agus dá mbeadh deis agam, d’imeoinn ann.   Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo….

Is maith ann an diospóíreacht seo agus tagann sé leis an méid a deir Breandán Delap in alt bhrea ar Beo.ie na míosa seo chaite faoin úsáid atá á bhaint as an eigeandál eacnamaíochta seo chun tabhairt faoin chaiteachas ar an nGaeilge is ar an nGaeltacht.

I gcroílár na díospóireachta seo caithfear plé a dhéanamh ar an luach a chuirtear ar chearta teangan. An dtig géilleadh do phrionsabail de réir mar a athraíonn cúrsaí geilleagair? B’fhíor don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a thug sé le fios i mbliana nár cheart breathnú ar antacaíocht atá de dhíth ar an Ghaeilge mar ábhar roghnach breise: “Isbuanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse. Níl luach níos lú leis an gcoincheap a bhaineann le cearta agus le comhionannas nuair is i gcomhthéacs teanga é.” Nó lecasadh úr a chur ar an sean-nath: “Language rights are rights forever, not just for Christmas!”

Creidim go bhfuil an ceart ag Breandán nuair a thugann sé le fios gurb ionann agus an Nollaig ag cuid againn blianta an Tiogair – bhí an t-uafás airgid á chaitheamh ar aistriúchán na gcaipédsí Stáít agus níl deireadh leis an gcaiteachas sin go fóill.  Dá dtagadh an Ciste Idirnáisiúnta Airgeadais in áít an Rialtais, cheapfainn gurb é seo an cineal caiteachais a chuirfí deireadh leis láíthreach.  Cad is fiú bheith ag aistriú caipéisí oifigiúla go Gaeilge mura bhfuil ach an dornán is lú daoine á léamh?

Ach seo sinn anois – ag fánúint ar phlean atá le foilsiú uair eigean agus níl a fhios againn cén uair nó ní ionann an tuiscint atá ag an Aire  ar sprioc am is atá agamsa nó agatsa.    Tá an comhthéacs athruithe go h-iomlán ag Tuarascáíl McCarthy agus mura n-aithnímíd é sin anois agus dul i ngleic leis i slí atá ciallmhar, is measa dúinn a bheidh sé.

Thagair Breandán Delap do roinnt altanna a fhoilsíodh le déanaí ar an gceist seo – cuid acu maslach is spídiúil is aineolach, cuid eile acu ar cheart aird a thabhairt orthu.   Luaigh sé altanna leis an iar Thaoiseach Garret Fitzgerald inar mhol seisean do na Glasaigh:

“The Greens might also gain considerable kudos by using their new bargaining power to force Fianna Fáil to abandon the extravagant and anti-environmental Ó Cuív policy of requiring State bodies to publish expensive glossy reports in Irish as well as English, and requiring these bodies to throw out their notepaper so as to substitute it with Irish- language headings. That is the kind of playacting that undermines necessary public support for the language.”

Luaigh sé freisin caint a thug an Dr. Eoin O’Malley inar cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla sa réimse céanna agus na h-innil votála leictreonacha atá taréis na milliún a chosaint orainn agus gan aon rath faighte againn uathau.  Cuirim le sin alt amháin eile, a fhoilsíodh sa Sunday Independent ag an deireadh seachtaine, ón Dr. Colum Kenny, léachtóír i bpolasaí theilifíse ag DCU agus namhaid seana bhunaithe do bhunú TG4,  fear a raibh mé ag diospóireacht leis uair nó dhó roimhe seo, agus an port atá á thuairisciú aige siúd go mbeidh na seóanna is fearr ar RTÉ thíos leis má thugtar sciar d’airgead an cheadúnais do TG4 mar atá molta ag Tuarascáíl McCarthy.

Ar ndóigh is é TG4 – agus níl sé gan locht – an seod Gaelach.  Dá bhfaighfí reidh leis, buille mór a bheadh ann do shaol na Gaeilge cé nach buille marfach a bheadh ann i bhfianaise an spioraid atá léirithe ag lucht nós* agus Nuacht 24, tionscnaimh tuaisceartacha, le tamall anuas.

Tá gá le ‘G-spóireacht’ agus tá súil agam go mbeidh sé de acmhainn ag lucht riartha na diospóireachta anocht míreana a thaifeadadh agus a chraoladh ar an idirlíon sna laethannta romhainn. Beidh orainne freisin tosnú ag reachtáil ár gcuid diospóireachtaí féin….


Anois nó riamh….

Tá ceisteanna fós ann i dtaobh Foinse – an bhfuil sé beo nó marbh? – ach tá sé in am dúinn féachaint ar staid na h-iriseoireachta Ghaeilge faoi láthair i bhfianaise na sceannairte atá déanta le tamall anuas ar an earnáil seo.

Ní h-é an iriseoireacht chló amháin atá curtha ó mhaith ag maorláthaigh ach is cinnte go bhfuil ár n-áird ar bhás ró luath na nuachtán, Lá Nua agus Foinse, le roinnt míonna anuas.

Ach, de bharr na gciorruithe, tá dhá chlár chursaí reatha a bhí á chraoladh ar RTÉ RnaG, Faoi Chaibidil agus Seó Beo an tSathairn, cláracha ná raibh ró spreagúil nó géar chúiseach dar liom, ach bhí siad ar an sceideal agus ni fhillfidh siad san Fhómhar. Fágann sin nach mbeidh ach Adhmhaidin agus Nuacht a hAon ina mbeidh aon sórt plé á dhéanamh ar chúrsaí reatha. Agus ansan ní bheidh ann ach an bheagán agus plé cúrsaí reatha ag troid le scéalta pharóistiúla ó na Gaeltachtaí móra.

Bain ón bpictiúr chomh maith an easpa mór chláracha chúrsaí reatha i nGaeilge ar an dteilifís. Níl ann ach Seacht Lá ar TG4 – sin clár uair sa tseachtain a mhaireann níos lú ná leath uair a chloig. Craoltar ‘Scannal’ ar RTÉ – ach is clár é sin a bhaineann le cúrsaí stairiúla seachas cúrsai reatha.

Níl an scéal morán nios fearr ar an idirlíon. Iris mhíosúil é Beo.ie agus cé go mbionn roinnt ailt ann ar chúrsaí reatha – cuid acu a bhionn le moladh – tá an iris srianta ag an bhfoilsiú míosúil. Níl an réimse ábhair ann a chinnteodh go mbeadh léitheoireacht aige taobh amuigh de chiorcal na bhfoghlaimeoirí, sciar tabhachtach den mhargadh ach sciar teoranta.

Is cosúil go gcaithfimíd, chomh fada is a bhaineann sé le na h-udaráis, na h-údaráis céanna a deir gur mhian leo go mbeadh Éire ina thír dhá theangach faoi 2028, go gcaithfimíd, an dream atá Gaeilge againn agus a thaitníonn cúrsaí reatha leo, glacadh leis go gcaithfimid cúl éisteacht le cúrsaí reatha i mBéarla gan aon pháirt a ghlacadh sa phlé.

Ar an bport céanna, trí bhliain deag tar éis bhunú TG4/TnaG, níl cead ag pobal na Gaeilge féachaint ar chluichí ceannais na hÉireann beo beathach le trachtaireacht Ghaeilge. Is cosúil go mbeidh orainn brath go ceann tamall eile ar an bhfuaim ar an dteilífís a ísliú agus éisteacht leis an dtrachtaireacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó, más trachtaireacht dhá theangach atá uainn, eisteacht le Mícheál Ó Muircheartaigh ar Raidió 1.

Tá obair mhaith á dhéanamh ag leithéidí An Druma Mór/Nuacht 24, nós* agus Feasta is Saol le freastal ar sciar áirithe den mhargadh – ach níl na h-acmhainní acu an beart a dhéanamh mar is ceart. Maidir le Comhar, tá deis ann rud éigean fónta a dhéanamh ach ní féidir leis an iris aon dul chun cinn a dhéanamh agus é faoi stiúr eagarthóir nach gcreideann sa nua theicneolaíocht agus nach dtuigeann cad atá ag titim amach i saol na Gaeilge is na tíre.

Thug mise faoi ndeara port áirithe i gcuid de na ráitis a deineadh i dtaobh Foinse agus an nuachtán ag saothrú an bháis. Bhí go leor achainí agus éilimh á dhéanamh go dtiocfadh an Rialtas i gcabhair ar Foinse ionas nach gcaillfí an nuachtán – ach is é sin díreach an fhadhb.

Má táimíd le h-iriseoireacht Ghaeilge a thabhairt slán don chéad glúin eile, ní feidir linn bheith ag brath ar na h-údaráis. Ciall ceannaigh, tá sé nios fearr ná an dhá chiall a mhúintear. Agus tá ciall ceannaithe go daor ag pobal na Gaeilge le tamall anuas. Beidh orainn greim a bhreith ar ár gcinniúint féin.

Déanfadsa mó dhícheall anseo plé a dhéanamh ar chúrsaí reatha agus nuacht an lae ach táímse ag obair faoi chúing – tá post agam i réimse eile agus ní féidir liom mo chuid ama a chaitheamh anseo faoi mar ba mhaith liom.

Táim sásta tairiscint a rinne mé roimhe seo a dhéanamh in athuair. Má tá Gaeil ann ar mhaith leo iriseoireacht Ghaeilge sláintiúil, beidh orthu íoc as. Tá ciste ag teastáil, ciste shuntasach thart ar €1m a bheidh ag teastáil. Táimse sásta €1,000 a infhéistiú ina leitheid de chiste – agus ní beag liom an tsuim sin – chomh fada is go bhfuil 999 Gael eile ag teastáil. Nuair a rinne mé an tairiscint seo roimhe, fuair mé ceathrar nó cúigear a bhí sásta a lámha a chur ina bpócaí.

Anois, tá an práinn níos géire. Tá gá leis an t-airgead chun bonn láidir a chur faoi sheirbhís nuachta is fóram plé rannpháirteach is eolgaiseach, acmhainn a bheadh neamhspleach ar fad ón stát agus saor, mar sin, óna marbh fhaisc.

Anois nó riamh.

Táim á scríobh seo agus mé ag faire ar an eagrán dheireannach de Questions and Answers á chraoladh. Breis is fiche bliain a bhí an clár sin á chraoladh agus cé gur fada an lá a bhí sé ar bharr a léime, bhí sé tabhachtach mar fhóram do phobal na tíre.

Tá sé deich nó cúig bhliain deag ó bhí an chlár cúrsaí reatha deireannach Ghaeilge ar aon chainéal teilifíse nó raidió – nach cuimhin linn ‘Cúrsaí’.

D’imigh sin agus tháinig seo. Cad atáimíd chun déanamh chun an bearna a líonadh…..?