Cartlanna Clibe: Ard Teist

An craiceann agus a luach…

Tá torthaí suirbhé a rinne IPSOS/MRBI ar son Comhar na Múinteoirí Ghaeilge díreach foilsithe agus léiríonn siad go bhfuil móramh suntasach ar son an Ghaeilge a choimeád ina chroí ábhar don Ard Teist. Sin a deir 61% den dream a thug freagra ar an suirbhé agus ba chóir a lua go bhfuil an líon daoine san aois ghrúpa 15-24 ag tabhairt tacaíocht níos tréine don Ghaeilge san Ard Teist.

An gcuirfidh seo ina dtost an dream a bhionn de shíor ag íonsaí áit na Gaeilge sa chóras oideachais? Cineál. Chuirfeadh sé iontas orm mura ndéanfaidis iarracht neamh áird iomlán a dhéanamh den suirbhé seo, in ainneoin gur comhlacht é IPSOS/MRBI atá meas ar a shaothar. De ghnath.

Ach ná bacaimís le lucht na dímheasa. Beidh siad i gcónaí ann. Ní mór dúinn an fócas a choinneáil ar an toradh is fearr don Ghaeilge i ndeireadh na Dála.

Is cinnte go bhfuil Fine Gael tar éis coiscéim nó dhó a thógaint ón gcinneadh a bhí le déanamh acu. Bhí an pháirtí ag maíomh go gcuirfí deireadh le Gaeilge riachtanach laithreach nuair a thiocfaidís i gcumhacht. Anois tá an pháirtí ag caint ar athbhreithniú agus comhairliúcháin – is ionann sin agus a rá go mbeidh moill le cinneadh ar bith agus, anuas ar sin, ba bhocht an athbhreithniú a bheadh ann dá mba rud é go raibh an toradh socruithe ag a thús.

Tá caint ag an pháirtí freisin ar ábhar breise don Ard Teist, Gaeilge Cumarsáideach, agus ní aon droch rud é dá mba rud é mar shampla go mbeadh dhá ábhar Ghaeilge ann don Ard Teist, ábhar éigeantach “Gaeilge Cumarsáideach” agus ábhar roghnach Gaeilge Acadúil, agus go gcuirfí deireadh, mar shampla, leis an diolúine a bhionn ar fáil do dhaoine atá tuismitheoirí acu le pócaí doimhne.

Is gá, freisin, an argóint a dhéanamh ar son na Gaeilge san Ard Teist ar an mbonn go bhfuil seo ar leas na tíre agus an phobail mhóir, seachas ar leas na teanga is pobal na teanga amháin. Tá na ghnéithe sin tabhacht – ach tá tabhacht níos mó leis an argóínt gur cuid lárnach is tabhachtach í an Ghaeilge den oideachas atá ag teastáil chun daoine le tuiscint a chur ar fáil sa todhchaí. Má chailltear an Ghaeilge san Ard Teist, tubaist a bheadh ann do shaol eacnamaíoch agus cultúrtha na tíre. Cinnte caithfear athruithe a dhéanamh – agus ba cheart go mbeadh na h-athruithe sin mar phríomh obair an athbhreithnithe.

An sprioc ar cheart duínn bheith againn anois, a chur ina luí ar Enda Kenny agus Fine Gael go bhfailtímíd roimh an athbhreithniú chomh fada augs go bhfuil sé neamhspleach agus NACH bhfuil an toradh, deireadh le Gaeilge mar chroí abhar Ard Teiste, réamhshocruithe.

Sa tsli sin, b’fhéidir gur féidir linn an craiceann agus a luach a fháil ón bpriacal seo.

Tá suirbhé neamh-eolaíoch idirlín á dhéanamh faoi láthair ag The Journal ar an gceist. Is féidir leat votáil anseo.

Diolúine an Tiogair

De réir an scéala seo, tá ardú súntasach ar an líon daltaí iarbhunscoile atá ag lorg agus ag fáil diolúine ón nGaeilge a staidéar don Ard Teist nó do scruduithe theistiméireachta ar bith de bharr cuinsí speisialta – riachtanas speisialta nó gur de bhunadh iasachta iad nó cúiseanna ‘eile’.

Beagnach 30,000 dalta a loirg agus a fuair an diolúine seo anuraidh.

Of those, 12,536 were foreign nationals with no understanding of English when enrolled in the education system, while 11,984 are pupils with learning disabilities

Fagann sin idir 6,000 agus 7,000 atá ag fáil diolúine ar chúiseanna nach bhfuil soiléir.

Tá fianaise áirithe ann go bhfuil daltaí ar mhian leo díriú ar ábhair ‘éasca’ nó ‘úsáideacha’ don Ard Teist ag díol taillí súntasacha le siceolaithe oideachasúla – isteach is amach le €600-€700 an táille atá cloiste agam – agus ullmhaíonn an saineolaí sin tuairisc chun cur faoi bhráid na Roinne Oideachais ar mhaithe le míniú don Roinn go bhfuil cúiseanna speisialta nach féidir leis an dalta seo an Ghaeilge a fhoghlaim.

Ná baintear faic ó na daltaí atá cúiseanna ionraic acu le h-aghaidh an diolúine seo a lorg. Ach is fianaise é an cineal seo ruda den mheoin aigne a bhí rábach le linn ré an Tiogair Cheiltigh – go bhféadfaí gach rud a cheannach, diolúine ón nGaeilge fiú, dá mba rud é go raibh an t-airgead ag do thuismitheoirí. Agus is cosúil go raibh an t-airgead seo ann le linn ré an Tiogair.

Díluacháil eile é seo ar an Ard Teist ar ndóigh. Níor chreid mé riamh gur léiriú fiúntach ar an gcaighdeán oideachais a baineadh amach le linn trí bhliain deag scolaíochta an Ard Teist – nach bhfuil ann ach scoilt mínádurtha a dhéanamh idir an dream a bhí go maith ag déanamh scruduithe (a bhí ullmhaithe go maith mar a chuirfeá oiliúint ar rón glic) seachas teastas inchreidte ar ard chaighdeán oideachais – agus is oideachas sa chiall iomlán atá i gceist agam.