Cartlanna Clibe: Aondachtaithe

Stair agus suarachas

Is cosúil go mbeidh Banríon Shasana, Eilis II, ag tabhairt cuairte ar Pháirc an Chrócaigh agus í ar chuairt go hÉirinn an mhí seo chughainn. Beidh sí freisin ag teacht go Corcaigh agus ag tabhairt cuairte ar shéadchomharthaí chuimhneacháin atá i mBaile Átha Cliath, ceann acu an Gairdín Chuimhneacháin a dheineann comóradh ar laochra an Eirí Amach agus ceann eile an Séadchomhartha Cogaidh ag Droichead an Oileáin/Islandbridge.

Is léir ón méid atá foilsithe faoin gcamchuairt seo go mbeidh macallaí na staire mar thaibhse pé áit a ngabhann an Bhanríon ós rud é go bhfuil stair chomh fuilteach idir an Ríocht atá sí ag a ceann agus an tír seo. Mar sin féin tá tabhacht siombalach lena teacht agus is dócha gur mó arís an siombalachas a bhaineann le na cuairteanna atá á thabhairt aici ar Pháirc an Chrócaigh (Domhnach na Fola), Gairdín an Chuimhneacháin (Eirí Amach 1916) agus Corcaigh (Dóghadh Chorcaí 1921).

Is olc an mhaise do Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin, a bheith ag gearán mar gheall ar an masla a mhothaíonn sé ar shon ‘go leor saorannaigh Éireannacha’ atá buartha go bhfuil an chuairt seo ag titim amach ar an lá céanna a phléasc buamaí i mBaile Átha Cliath agus i Múineacháin, eachtraí inar maraíodh an líon is mó daoine le buamaí le linn na dtrioblóidí ar fad.

Ní h-é nach mothóidh daoine, teaghlaigh a chaill daoine mór leo sa bhuamáil seo, gur masla agus gortú breise é seo. Tá a fhios ag an saol mór go raibh láimh ag Fórsaí Rúnda na Breataine leis na h-eachtraí seo agus gur le sainordú na Banríona céanna atá ag teacht ar chuairt go hÉireann a ghníomhaíonn na fórsaí sin agus a ghniomhaigh siad an lá úd, Bealtaine 17 1974.

Ach dá mba rud é go raibh Gerry Adams le bheith iomlán ionraic agus ag cloí leis an gcaighdeán iompair atá sé ag súil leis ón mBanríon seo, cén lá den bhliain a bheadh deis aige labhairt ar ábhar ar bith? Tá fuil ar a lámha an oiread is go bhfuil sé ar lámha na Banríona Breatnaí seo. Ba cheannaire eisean sa tslí céanna agus chuaigh daoine amach faoi orduithe uaidh chun daoine a mharú. Mharaigh siad na daoine seo, le buamaí, le piléir, le céasadh.

Os rud é go bhfuil Banríon Shasana ag tabhairt cuairt ar laithreacha siombalacha ar nós an Gairdín Chuimhneacháin agus Páirc an Chrócaigh, cheapfá go bhfuil sé i gceist go ndéanfadh sí ráiteas siombalach éigean faoin am atá caite. Bheadh sé suimiúil a fheiscint an ndéanfadh an tUasal Adams ráiteas den tsort céanna agus é ag tabhairt cuairte ar iliomad láithreacha ar fuaid an Tuaiscirt ar tharla doirteadh fola ann.

Ba cheart do Gerry Adams meabhrú ar an dtafann a rinne na madraí Aondachtacha nuair a leag Alex Maskey fhleasc cuimheacháin ag an Seineotaf i mBéal Feirste tamall de bhlianta ó shin. An dteastaíonn uaidh a bheith chomh suarach céanna ar an ócáid seo?
Dúirt David Trimble uair amháin nach ionann a rá má bhí stair ag duine, nach bhféadfadh todhchaí a bheith ag an duine céanna. Ní duine mé a chuireann stór i raitis David Trimble go ró mhinic ach b’fhéidir go raibh an cheart aige an uair seo.

Cé chomh Briotanach is atá na hAondachtaithe?

Is  cosúil go bhfuil aondachtaithe ar buile faoin Bhille Ceart seo atá molta ag Coimisiún Cheart Daonna Thuaisceart na hÉireann.   Deir siad go bhfuil an bille ‘ró ghlas’

Ró ghlas sa chiall go gcreideann siad go bhfuil sé ag ‘tabhairt’ cearta do náisiúnaithe, cearta teanga ina measc, seachas go bhfuil sé ag caomhnú na timpeallachta. 

Unionists argue the report is green in agenda and features language and other protections which would dilute Britishness.

Is é seo a deir an Bille Ceart faoi chearta teanga: 

Language rights

Recommendations supplementary to the Human Rights Act 1998

and the European Convention on Human Rights, and to be

considered for incorporation in a Bill of Rights for Northern

Ireland

Provisions should be drafted to ensure that –

1. Everyone belonging to a linguistic minority has the right to learn or

be educated in and through their minority language where there are

substantial numbers of users and sufficient demand.

2. Everyone has the right to access services essential to life, health or

security through communication with a public authority, assisted by

interpretation or other help where necessary, in a language (including

sign language) and a medium that they understand.

3. Public authorities must, as a minimum, act compatibly with the

obligations undertaken by the UK Government under the European

Charter for Regional or Minority Languages in respect of the support

and development of Irish and Ulster-Scots.

Dar liomsa, is beag sa bhreis atá sa mhéid seo do chainteoirí Gaeilge an Tuaisceart.  Níl sé ionchurtha ar chorr ar bith leis an reachtaíocht a chuireann cearta teanga ar fáil do chainteoirí Breatnaise na Breataine Bige – agus ní bhíonn aoinne ag maíomh go bhfuil uisciú á dhéanamh ar a gcuid Briotanachas. 

Thar aon duine eile, ba cheart don Tiarna Laird bheith sásta leis an láimhseáil atá déanta ar cheist na teanga.  Nó tá caite leis an Ghaeilge agus an Albainis Uladh amhail is go bhfuil siad ar chomhchéim le cheile – nuair is léir don dall nach amhlaidh an scéal.  Ach níl an Tiarna Laird sásta, ná leath shásta. Ba mhaith leis cloigeann Monica McWilliams ar phláta as ucht gurb í an Príomh Choimisinéar agus go bhfuil tuairisc éisithe ag an gCoimisiún nach dtagann lena dhearcadh cúng féin, dearcadh a thugann ‘carte blanche’ don Rialtas agus nach bhfagann aon chearta ag na saorannaigh.  Cheapfá go raibh sé ar shon comhrialtas buan idir Sinn Féin agus an DUP an slí go raibh sé ag caint i dTeach na Tiarnaí ag Westminster. 

Lord Laird told peers that he is in favour of a UK Bill of Rights but added that the 1998 Belfast Agreement does not require a “provincial Bill”.

“The Northern Ireland Human Rights Commission was asked to advise on supplementary rights, not interfere with the UK’s international obligations,” he said.

“And it was asked to address ‘the particular circumstances of Northern Ireland’ – meaning sectarian violence and division – not the full range of domestic public policy, including economic and social issues.”

Gan amhras, dá reachtófaí an Bille seo, leagfaí an dualgas ar na h-údaráis ó thuaidh maidir le cur i bhfeidhm Chairt na hEorpa ar Theangacha Reigiúnda agus Mionlaigh.  Bheadh orthu, ar an méid is lú, na dualgaisí a ghlac Rialtas na Breataine leo faoi théarmaí na Cáirte sin a chomhlíonadh.  

Dia linn is Muire!  An é sin atá ag déanamh tinnis dóibh?  Nach deir na h-údaráis go bhfuil seo á dhéanamh acu theana féin, agus, cinnte, tá an béim, ar an ‘méid is lú’. 

Ach, éist, léiríonn an aisfhreagra feargach seo an sáinn ina bhfuil aondachtaithe. Ba mhaith leo go nglacfai leo ar ‘mhór thír na Breataine’ mar Bhriotanaigh gan cháim – ach níl siad sásta glacadh mar chomhdhaoine le comhchearta ‘Briotanacha’, más maith leat,  a gcomharsain.  Ní bheidís sásta, mar shampla, go mbeadh reachtaíocht a thabharfadh cosaint agus tacaíocht don Ghaeilge ó thuaidh, fiú dá leireodh sé go raibh na cearta céanna le fáil ag Gaeilgeoirí an Tuaiscirt agus atá ag a gcomh Bhriotanaigh sa Bhreatain Bheag, na cainteoirí Breatnaise.

An cheist atá agamsa:  Conas is féidir le h-aondachtaithe a mhaíomh go bhfuil siad chomh Briotanach le Briotanaigh ar mhór thír na Breataine mura bhfuil siad sásta na cearta céanna a éileamh? 

Más sa Bhriotáin atá an Tuaisceart, de reir dlí, agus de réir léargas pholatúil is saoil na n-aondachtach, dá olc é an dlí céanna agus dá cúinge an léargas,  ba cheart go mbeadh comhchearta ag gach saoránach ann lena gcomhshaoranaigh Briotanacha i ngach réimse, an réimse teanga san áireamh.