Cartlanna Clibe: an

Ré oscailteacht na Meáin Ghaeilge ag breacadh?

Tá gearrliostaí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha agus tá iGaeilge luaite ar cheann acu. Níor chuala mé aon ghleo sna meáin Bhéarla faoi ach is dócha nach gcloisfear ach an oiread. Tá oíche i dTeach Farmleigh, teach aíochta an Rialtais, geallta do gach aoinne ar an ngearrliosta, chomh maith le maithe agus mór uaisle na Gaeilge. Ní gá gur ionann an bhallraíocht sa dhá ghrúpa sin!

Mar a bheithfeá ag súil, os rud é gur i lochán beag drúisiúil a bhionn na meáin Ghaeilge ag snámh, beidh aithne againn ar fhurmhór na n-ainmneacha atá ar an ngearrliosta. Tá an gearrliosta le léamh anseo. Bionn siad ann go mion is go minic, go bliantúil fiú. Adhmhaidin, Páidí Ó Lionaird, Dáithí Ó Sé, Macdara Ó Fatharta, Ronán Mac Aodha Bhuí – tá siad i measc na n-ainmneacha ar ghearrliostai éagsúula atá tar éis a bheith luaite ar na gearrliostaí seo roimhe agus gradaim buaite acu.

Má deirim nár mhaith liom go mbuafadh duine ar bith díobh seo aon ghrádam an uair seo, ní le col ar leith d’aon duine acu a deirim sin. Tá sé in am an lochrann a thabhairt don chéad ghlúin eile, mar a deirtear. Nó mura dtarlaíonn sin ní mhairfidh na meáin Ghaeilge beo.

Tá ainmneacha nua ar na gearrliostaí – mar shampla tá Tomaí Ó Conghaile, Diarmuid Ó Muirgheasa agus An Cailín sa Chathair ó nós* luaite ar ghearrliostaí na ngradam cló – Tomaí agus Diarmaid ar an ngearrliosta don Ghradam Cló Iriseoir na Bliana, An Cailín sa Chathair a bheidh in iomaíocht liomsa agus Macdara Mac Donncha is Cathal Mac Coille don ghradam do cholúnaí na bliana.

Ní ainm nua é ainm Eoghan Ó Néill ach tá an fiontar a bhunaigh sé roimh na Nollag, An Druma Mór/Nuacht 24, tar éis domhan na meáin Ghaeilge a iompú bun oscionn. Seirbhís laethúil nuachta maraon le nuachtán ar líne – GAN DEONTAS.
Dochreidte. Dodhéanta! Ach ann is beo bríomhar mar sin féin.

Is amhlaidh an scéal le nós* – iris atá chomh maith le h-iris ar bith i dteanga ar bith agus é sin á fhoilsiú gan deontas. Ní gá dom a rá ach go léiríonn nós* le gach eagrán chomh lofa is atá saol na Gaeilge nó an treimhseachán a fuair deontas, deontas de bhreis ar €8,000 in aghaidh an eagráin, ón bhForas, Comhar, ní fhéadfadh aon duine a rá gur bhfiú do bheith ag fáil tacaíocht roimh nós*.

Tá cúpla ainmniúchán faighte ag Raidió Fáilte agus Raidió Rí Rá freisin i measc na ngradam raidió. Na Giollaí Deacra agus Eoghan Ó Néill atá luaite le gradaim ó Raidió Fáílte agus tá Miriam Maher ann ó Raidió Rí Rá. Tá ainmniúchán faighte freisin ag Popnuacht ar Raidió Rí Rá.

Agus an liosta léite agam, tugaim faoi ndeara go bhfuil Eoghan Ó Néill luaite ann fá thrí, é ainmnithe le h-aghaidh gradam don iriseoireacht chló agus don iriseoireacht raidió agus do bhuaic ghradam chumarsáíde an Oireachtais freisin. Go n-eirí leis i ngach aon cheann.

Tá áthas orm freisin a fheiscint go bhfuil Antaine Ó Donnghaile luaite ar an ngearrliosta don Bhuaic Ghradam Chumarsáide. Idir é féin agus Ciarán Hegarty, suaimhneas sioraí do, agus baicle beag in Aonad na Gaeilge sa BBC i mBéal Feirste, d’iompraigh siad lochrann na Gaeilge i gcorporáid a bhí thar a bheith amhrasach is drogallach i leith na teanga agus pobal a labhartha go stairiúil. De bharr a gcuid iarrachtaí, tá go leor leor i nGaeilge á dhéanamh ag an BBC, in ainneoin nadúr an chraoltóra. Ní fada ó shin a bhíodh leithéidí Gearóid Ó Cairealláin ag iompar bhrát ar a raibh ‘Auntie Beeb is Anti Irish’ scríofa agus é ar agóid taobh de Theach na Craoltóireachta, Ascail Ormeau i mBéal Feirste. B’fheidir go bhfuil Auntie Beeb fós ‘anti Irish’ ach is cinnte nach bhfuil aon locht ag pobal na Gaeilge ó thuaidh ar Aonad na Gaeilge an BBC. A mhalairt glan atá fíor.

Ar an ngearrliosta don bhuaic ghradam freisin tá SBB agus Bob Collins. Más ‘Hall of Fame’ award é seo, duais ‘onórach’ de short chun aitheantas a thabhairt do phearsa a rinne a chion le linn a shaoil oibre, maith go leor, ba cheart iad a bheith sa reicneáil. Seachas sin, ní doigh liom go bhféadfaí iad a chur sa reicneáíl céanna le Antaine nó Eoghain. Ach tugaim chun cuimhne go raibh ceiliúradh mhór le déanaí ag SBB ar an Raidió os rud é go raibh sé dhá scór bliain ag craoladh agus é tar éis an trí scór a shroichint. Agus tá Bob Collins anois ina cheannasaí ar an gCoimisiún Cothromais ó thuaidh le roinnt mhaith blianta agus gan morán baint aige le saol na craoltóireachta ó d’eirigh sé as a ról le RTÉ i 2005/6.

Leireoidh torthaí an chomórtais seo an bhfuil fonn fáis ar an earnáil meáin Ghaeilge nó an bhfuil sé le fánacht i gcúinne beag dorcha go brách. Má eiríonn leis na pearsai atá luaite agam thuas, nó cuid acu fiú, leithéidí nós*, an Druma Mór, Raidió Fáilte agus na dearúdaimís na banaisteoirí ó Seacht, Linda Bhreathnach is Michelle Beamish. beidh a fhios againn go bhfuil ré na drúise sna meáin Ghaeilge ag teacht chun deiridh agus go bhfuil ré na h-oscailteachta ag breacadh. Ní comórtas foirfe é Gradaim Chumarsáide an Oireachtais – agus sin rud atá ráíte agam anseo arís agus arís eile – ach is slat tomhas réasúnta tabhachtach é ar shláinte – nó easpa sláinte – na meáin Ghaeilge.

Agus ní mór do lucht an Oireachtais a thuiscint go bhfuil clú agus seasamh na Gradaim Cumarsáide ag brath ar chumas athnuachan is athfháis na meáin Ghaeilge. Mura mbionn pearsaí nua is buaiteoirí ura ag teacht chun tosaigh, bheadh sé díreach chomh maith gan bacadh le h-ocáid mhór na nGradam a reachtáil agus na píosaí criostal a sheoladh ar mhear phost chuig Casla, An Cheathrú Rua agus Baile na hAbhann.

Ocáid mhór a bheidh ann i mbliana nó tá sé i gceist é a reachtáil i dTeach Farmleigh, Tigh Fáílithe an Rialtais d’aoíanna tabhachtacha agus ionad d’ocáidí stáit. An mbeidh na torthaí inchurtha leis an ocáíd?