Cartlanna Clibe: An Seanadóir Eoghan Harris

Deireadh seachtaine i gConamara

Oíche Dé Domhnaigh atá ann agus tá deireadh ag teacht le mo dheireadh seachtaine i gConamara. Cé go raibh sé fliuch báite furmhór an ama, bhaineas spórt as mar a bhain na páisti agus iad ag rince sa chaislean ‘bouncy’ sa ghairdín. Bhí siad faoi chlúdach i rith an ama cé go raibh orm athrú stocaí a bheith ar fáil go mion is go minic.

Ar aon nós, ritheann smaointe fánacha liom ag a leithéid seo d’am. Tugaim m’athair chun cuimhne, suaimhneas sioraí do, agus ansan cruann mo dhearcadh, nuair a smaoiním ar an raic atá fagtha ag an gcriú mí fhortúnach atá i gcumhacht.

Le linn na seachtaine fograíodh go mbeadh Ryan Tubridy ina láithreoir nua ar an Late Late Show. Maith go leor. De réir dealraimh dúirt sé in agallamh le linn na seachtaine nach léann sé an Sunday Independent agus fuair sé íde béil as ucht seo inniu sa nuachtán céanna ó mo shean chara, Eoghan Harris. Dar le Harris is peaca é do a leithéid a rá agus a thabhairt le fios go bhfuil sé ar shlí éigean ró uasal don Indo.

Léimse an Indo -agus légh mé riamh é. Tá sé tabhachtach léargas a fháil ón dtaobh eile. Agus bhíos á léamh inniu agus ag smaoineamh ar an slí nár staon an nuachtán ó bheith ag tacú le Bertie agus a cháirde roimh an Olltoghchán in 07 agus an oiread is a bhíodh siad ag caitheamh anuas ar George Lee agus David McWilliams agus aoinne eile a shoilsigh solas ar chaimiléireacht an Rialtais. Ní cheapfá gur an nuachtán céanna atá ann inniu agus scuaine colúnaithe ag tabhairt le fios go bhfuil seo ar an Rialtas is measa riamh agus gurb é Brian Cowen an Taoiseach is measa riamh.

Mar a bhím á mheabhrú díbh go minic, thugas le fios go gcaillfeadh FF suas le 35 suiochán in Olltoghchán 07 in alt a fhoilsíodh i Lá Nua. Chreideas go raibh an tóin ag titim as cúrsaí eacnamúla agus go raibh an géarchéim sna seirbhísí poiblí – cúrsaí sláinte is oideachais go h-áirithe chomh h-olc go gcaithfí amach ar a dtónacha iad. Níor tháinig an tuar ar an dtairngreacht sin ag an am. Ach tiocfaidh sé go luath.

Thugas faoi ndeara gur cailliúint 35 suíochán a bhí a thuar do FF san Indo inniu agus John Drennan ag scríobh faoi Olltoghchán nach bhfuil fógartha go fóill….

Chasas le Seosamh Ó Cuaig, glór neamhspleach Chonamara, tar éis aifrinn ar an gCeathrú Rua inniu. Tá sé ina iarrthóir sna toghcháin áitiúil – go n-éirí leis. Tá sean cara eile liom san iomaíocht leis i gConamara – Trevor Ó Clochartaigh. Guím gach rath ar Trevor freisin cé go gcreidim gur sa pháirtí mí cheart atá sé. Tá sé ag seasamh le SF.

Tréaslaím a bhua le fear Uibh Fháilí….sa ghalf. Rinne tú go maith a Shane Mhic an Labhradh. Aon ghaol agat le laochra peile Uibh Fháilí?

Aréir bhíos ag faire ar an Eurovision. An bhua ag fear óg an Iorua agus amhrán maith freisin ag bean na hÍoslainne. An chéad uair eile, caithfidh RTÉ amhrán Ghaeilge a sheoladh go dtí Osló. Bhaineamar triail as turcaí anuraidh agus amhrán Meirceánach i mbliana – cad faoi amhrán a léiríonn rud éigean faoi chultúr dúchasach na hÉireann i 2010?

Beag an baol…píosa deas sa Sunday Business Post inniu faoi Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tagairt domsa ann agus m’ainmniúchán ar ghearrliosta na gcolúnaí is fearr. An é seo mo bhliain? Cá bhfios….

An Seanadóir ag cur beocht in Beo!

agallamh fada – an fhada ach lán le f***** stuif spéisiúil – ar Beo na míosa seo leis an Seanadóir Eoghan Harris.  Liosta le h-áireamh iad na daoine ar thit an Seanadóir amach leo….Proinsias Mac Aonghusa, Máire Nic Roibín…..  

Deineann an Seanadóir tagairt don chaint a rinne sé ag ocáid oscailte an Oireachtais nuair a chuir sé gluaiseacht na Gaeilge i gcomparáid le paisinéirí ar an Titanic agus gan a fhios acu go raibh an long pollta faoin uisce líne!

Bhíos ag an chaint sin, oíche oscailte an Oireachtais, agus bhí sé ana thaithneamhach.  Ní fheadar, afach, ar thaitin sé le maithe is mór uaisle ghluaiseacht na Gaeilge a bhí i láthair i Halla na Cathrach an oíche úd!

Mar sin féin, tá sé fíor inniu go fóill agus an chaint seo ar fad faoin phlean 20 bliain atá le foilsiú uair eigean go luath faoi athbheochan na Gaeilge agus na Gaeltachta.  An mbeidh an Titanic go fóill ar snámh nuair a thagann an plean sin chun tarrthála a dhéanamh uirthí!

Thuas tá deis eile le sliocht ón oráid téigeartha sin a chloisteáil….