Cartlanna Clibe: An Roinn Ghnóthaí Pobail

Sir Humphrey ag cosaint postanna Fhoras na Gaeilge

Scéal speisiúil sa Sunday Tribune inniu – beidh sé ar líne anseo ar an Luan – ag tabhairt chun solais plean Fhoras na Gaeilge seisear déag fostaí nua a earcú go luath, in ainneoin an choisc ar earcaíocht san earnáil phoiblí.

Ar ndóigh ní scéal nua ar bith é seo ann féin do leitheoirí iGaeilge – ag an am chéanna, tá an ‘míniú’ nó ‘cosaint’ a thug Roinn Uí Chuív don Tribune  spéisiúil.

Seo agaibh é, i mBéarla blasta Ken Foxe, an tuairisceoir a bhris John O’Donoghue as a phost.

The department defended the appointments and said they were existing jobs which had been ‘held open’ because of a dispute over decentralisation.  They [The Department is dócha] also said the recreuitment freeze did not apply to north-south bodies, of which Foras na Gaeilge, the agency involved, is one.

A statement said: The posts that have now been approved for advertising include vacancies that were held open pending resolution of the decentralisation issue case taken by the Unions representing Foras na Gaeilge staff to the Labour Relations Commission.

All these posts are within the current Foras na Gaeilge staffing complement – they are not extra posts that have been approved since the restrictions on the wider public service came into force.  These restrictions do not apply to the North South bodies.“

Míniú é sin a bheadh ina údar bhróid ag Sir Humphrey féin.  Ní postanna sa bhreis iad seo – is postanna iad atá mar chuid d’fhoireann an Fhorais nach bhfuil líonta go dtí seo de bharr an aighnis idir foireann an Fhorais agus an Roinn faoi dhílarú – agus mar  sin ní sharaíonn siad an chosc ar earcú san earnáil phoiblí.  Anuas ar sin, toisc gur gniomhaireacht thuaidh  theas é, ní bhaineann an cosc sin leis an Fhoras ar aon nós!

Níl Sir Humphrey ar shlí na fírinne, tá sé beo leis ag obair leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i nDún Aimhirgín ar Bhóthar Mespil i mBaile Atha Cliath.

Yes Minister!  Go deimhin.

Ní h–é go bhfuil deacracht ar leith agam le Foras na Gaeilge bheith ag earcú.  An deacracht atá agam leis an scéal seo gurb é mo thuiscint go mbeidh eagrais atá ag obair ag cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail thíos leis an earcaíocht seo.  Tá buiséad Fhoras na Gaeilge laghdaithe sa Bhuiséad. Tá costaisí breise ag gabhail leis an earcaíocht seo – suas go €800,000 de réir an Tribune.  Is giorra é do €1m dar liom nó biionn tuarastal agus costas an phoist – féach ar an míniú casta neamh leithscéalach a thugtar ar cheist na n-innealtóirí teanga i scéal an Tribuen –  níos mó ar Fhoras na Gaeilge ná mar atá sé ar na sclabhaithe atá sa chéad líne catha.     Mar sin de ligfear chun siúil go leor gniomhaithe – níos nó 16 ar aon nós – atá ag obair ar son na Gaeilge i measc an phobail chun go mbeidh Foras na Gaeilge ábalta cur leis an maorláthas atá á fhás acu i mBaile Atha Cliath,Béal Feirste, Gaoth Dobhair.

Agus, díreach chun mo phointe a chruthú, seo chugainn an ‘t-atbhreithniú’ atá mar sprioc aige líon na n-eagrasaí Ghaeilge a laghdú ó 19 go 1…..

Deireadh leis an nGaeltacht?

Tá an tuairimíocht ag dul i dtreise inniu agus ullmhuithe á dhéanamh le h-aghaidh foilsiú thuairisc an Bhoird Snip Nua go molfar deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ar ndóigh más amhlaidh go ndeintear an moladh sin i dtuairisc an ghrúpa atá faoi stiúr Colm McCarthy, ní gá go nglacfar leis ach tá furmhór na meáin ar maidin ag moladh go nglacfar leis scun scan nach mór, cibé rud a mholtar ann, agus iad ag súil go mbuailfear pá na seirbhíse poiblí – agus postanna san earnáil céanna. Is cluiche é seo agus ní bheidh buaiteoirí ann.

Más amhlaidh go gcuirtear deireadh le Roinn Uí Chuív, is é todhchaí na Gaeltachta féin an cheist is mó a fhagtar gan freagra. Cé nglacfaidh an cúram – an mbeidh aon roinn nó fo roinn ann le cúram na Gaeltachta air? Cad faoi Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, An Choimisinéir Teanga? Cad faoin Ghaeltacht féin?

Ceisteanna móra iad seo don Ghaeltacht ach is ceisteanna beaga iad sa mhór phobal. Go h-áirithe nuair atá moltaí á dhéanamh go mbeidh comhairlí áitiúla á chomhnascadh is eile.

An cheist eile, ar ndóigh: an gá go mbeadh seo ina droch rud amach is amach don Ghaeltacht is don Ghaeilge? An bhfuil rudaí ‘maith go leor’ mar atá? An deis é seo an Ghaeltacht a athshamhlú gan an maorláthas ar fad a bhain leis an Roinn seo?

Níl ann ach ceist…

Roinn Uí Chuív ar bharr ‘Léig na Náire’

Tá scéim teanga na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta imithe in éag le breis is bliain go leith. Sin an ceannteideal is mó atá le baint ón dtuarascáil bliantúil a d’éisigh an Choimisinéar Teanga, Seán Ó Cuirreáin, inniu. Ní h-amháin sin ach sharaigh Roinn Uí Chuív an reachtaíocht ar bhealach eile, rialaigh an Choimisinéir.

Cé gur seoladh an tuarascáil inniu sa Ghailllimh, bhí sé curtha faoi bhráid an Aire Uí Chuív i mí Feabhra agus coinníodh faoi chois é go dtí an lá inniu. Deirfear liom é má táim ag déanamh éagóir ar aoinne ach seoladh an tuarascáil seo níos luaithe i mblianta eile. B’fheidir nár cheart aon íontas bheith orainn go raibh moill ar fhoilsiú an tuarascála nó bhí go leor sa tuarascáil nár mhaith leis an Aire bheith os comhair an phobail, bheinn ag ceapadh.

Sa tuarascáil, tuairiscítear gur imigh an Chéad Scéim Teanga a bhí ag an Roinn in éag i mí Meán Fómhair 2007. Fagann sin go bhfuil 20 mí caite gan é a bheith ath-nuaite. Ciallaíonn sin go bhfanann forálacha na scéime a chuaigh in éag i bhfeidhm fhaid is atá an scéim nua á ullmhú – ach ní dheintear aon fhorbairt orthu.

Tá an Roinn ar bharr Léig na Náíre mar sin, cuid mhaith chun tosaigh ar Oifig an Uachtaráin, Máire Mhic Giolla Íosa, an bhean céanna a d’oscail Oifig an Choimisinéara go h-oifigiúil.

Cliseadh nach beag é seo ar an gcur chuige scéimeanna – agus ní h-aon íontas gur mhol, de reir mo thuiscint, an Roinn ó dheas an cur chuige seo don Fheidhmeannas ó thuaidh mar shlí chun reachtaíocht lag a chur ar na leabhair, reachtaíocht nach gcuirfeadh isteach ar an status quo.

Tá tuairim is 650 comhlacht phoiblí ann – agus níl scéimeanna teanga daingnithe ach i 155 acu seo go fóill. Tá dhá chomhlacht is fiche, Roinn an Taoisigh san áireamh, a dhaingnigh scéim teanga ach atá an scéim sin anois imithe in éag gan scéim nua bheith tagtha i gcomharbacht ann.

Seo a bhí le rá ag an gCoimisinéir féin ar an chéist:

Chonacthas dom nach raibh an dara scéim teanga tugtha i bhfeidhm fós i gcás aon
chomhlachta phoiblí agus go raibh 22 scéim teanga tar éis dul “in éag”, mar a deirtear i
bhfo-alt 15(1) den Acht. De réir na reachtaíochta, caithfidh na comhlachtaí poiblí
leanúint de sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge de réir na ngealltanas a bhí tugtha acu sna
chéad scéimeanna ach níl aon dualgas orthu tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na
seirbhísí sin in éagmais scéim nua.
Chuir mé in iúl go bhfacthas dom nach raibh an folús a bhí cruthaithe ag teacht lena raibh
beartaithe faoi fhorálacha an Achta ná faoi na rialacháin reachtúla a bhí déanta faoin
Acht.
Léirigh mé freisin gur ábhar imní ar leith a bhí ann dom nach raibh aon Scéim nua
daingnithe i gcás na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta féin cé go
ndeachaigh an chéad Scéim “in éag” ar an 21 Meán Fómhair 2007.
Dúirt mé gurbh í an imní ba mhó a bhí orm ná go mbeadh baol ann go gcaillfeadh an
tionscnamh ina iomláine an móiminteam nó an luas a bhí faoi, rud a d’fhéadfadh a bheith
ina bhuille an-mhór ar fad. Thug mé le fios gur mheas mé go gcaillfeadh an pobal agus
na comhlachtaí poiblí muinín i gcur i bhfeidhm fhorálacha an Achta go ginearálta dá
mbeadh moill mhíchuí i ndaingniú scéimeanna nua, go háirithe an dara babhta
scéimeanna agus dara Scéim na Roinne féin san áireamh. Dúirt an tAire Gnóthaí Pobail,
Tuaithe agus Gaeltachta mar fhreagra go raibh sé féin agus a Roinn chomh tiomanta is a
bhí riamh maidir le forálacha an Achta a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhain leis
a bhaint amach.
Dúirt sé freisin go raibh dréacht dá ndara Scéim faighte aige ó fhormhór na gcomhlachtaí
poiblí a raibh sin iarrtha orthu agus go raibh plé gníomhach ar siúl ag oifigigh a Roinne
leo chun an próiseas maidir le haontú agus le daingniú na ndara scéimeanna sin a
thabhairt chun críche a luaithe agus ab fhéidir. Bhí an obair i dtaca le daingniú dara
Scéim dá Roinn féin “cuid mhaith chun cinn freisin,” a dúirt sé.

Dar liom, má chailleann an Roinn a chur an reachtaíocht seo, Acht na dTeangacha Oifigiúla, ar na leabhair dlí an t-údarás – agus creidim gur buille mór an tuarascáil seo d’údarás na Roinne – is beag spéis a bheidh ag na ranna eile an dlí a chomhlíonadh.

Cad é bhúr mbarúil?

Dála an scéil, ní chreidim go gciallaíonn seo go bhfuil Oifig an Choimisinéara ar leas na Gaeilge nó na Gaeltachta. Ní h-é nach gcreidim go bhfuil daoine maithe cumasacha eifeachtacha ag obair ann – agus is mó mo mheas ar Sheán Uí Chuirreáin ná riamh – ach ní chreidim gurb é seo atá ag teastáil ó phobal na Gaeilge is na Gaeltachta faoi láthair. B’fhearr liom ‘Czar na Gaeilge’ a bheith fostaithe a bheadh feidhim aige nó aici bealaí nuálacha a aimsiú chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun leas na Gaeilge d’eacnamaíocht na tíre a léiriú.

Creidim go bhfagfaidh tuarascáil an Choimisinéara droch bhlás i mbéal an phobail mhóir agus iad ag smaoineamh, gan amhras, gur cur amú airgid gach pingin a chaitear ar an nGaeilge de bharr faillí na Roinne agus na ranna eile rialtais ar an reachtaíocht a chuir siad féin in áit.

Seo an tuairisc atá ar shuíomh RTÉ – i mBéarla amháin atá sé. Nach ait an scéal nach bhfuil aon scéim teanga i bhfeidhm ag an comhlacht poiblí is mó tionchar sa tír, cé go bhfuil sé luaite ar liosta na gcomhlachtaí phoiblí? Nár cheart go mbeadh ról ag an gCoimisinéir Teanga – seachas ag an Aire – ordú a thabhairt do chomhlachtaí tabhachtacha scéimeanna teanga a ullmhú.

Agus dá mbeadh an ról sin aige, nach gcuirfeadh sé ar shúile RTÉ gur cheart go mbeadh seirbhis nuachta ar líne ann, ar chomhchéim leis an seirbhís atá ann i mBéarla, mar bhun riachtanas in aon scéim teanga…..