Cartlanna Clibe: An Ghaeilge

Cé chomh Briotanach is atá na hAondachtaithe?

Is  cosúil go bhfuil aondachtaithe ar buile faoin Bhille Ceart seo atá molta ag Coimisiún Cheart Daonna Thuaisceart na hÉireann.   Deir siad go bhfuil an bille ‘ró ghlas’

Ró ghlas sa chiall go gcreideann siad go bhfuil sé ag ‘tabhairt’ cearta do náisiúnaithe, cearta teanga ina measc, seachas go bhfuil sé ag caomhnú na timpeallachta. 

Unionists argue the report is green in agenda and features language and other protections which would dilute Britishness.

Is é seo a deir an Bille Ceart faoi chearta teanga: 

Language rights

Recommendations supplementary to the Human Rights Act 1998

and the European Convention on Human Rights, and to be

considered for incorporation in a Bill of Rights for Northern

Ireland

Provisions should be drafted to ensure that –

1. Everyone belonging to a linguistic minority has the right to learn or

be educated in and through their minority language where there are

substantial numbers of users and sufficient demand.

2. Everyone has the right to access services essential to life, health or

security through communication with a public authority, assisted by

interpretation or other help where necessary, in a language (including

sign language) and a medium that they understand.

3. Public authorities must, as a minimum, act compatibly with the

obligations undertaken by the UK Government under the European

Charter for Regional or Minority Languages in respect of the support

and development of Irish and Ulster-Scots.

Dar liomsa, is beag sa bhreis atá sa mhéid seo do chainteoirí Gaeilge an Tuaisceart.  Níl sé ionchurtha ar chorr ar bith leis an reachtaíocht a chuireann cearta teanga ar fáil do chainteoirí Breatnaise na Breataine Bige – agus ní bhíonn aoinne ag maíomh go bhfuil uisciú á dhéanamh ar a gcuid Briotanachas. 

Thar aon duine eile, ba cheart don Tiarna Laird bheith sásta leis an láimhseáil atá déanta ar cheist na teanga.  Nó tá caite leis an Ghaeilge agus an Albainis Uladh amhail is go bhfuil siad ar chomhchéim le cheile – nuair is léir don dall nach amhlaidh an scéal.  Ach níl an Tiarna Laird sásta, ná leath shásta. Ba mhaith leis cloigeann Monica McWilliams ar phláta as ucht gurb í an Príomh Choimisinéar agus go bhfuil tuairisc éisithe ag an gCoimisiún nach dtagann lena dhearcadh cúng féin, dearcadh a thugann ‘carte blanche’ don Rialtas agus nach bhfagann aon chearta ag na saorannaigh.  Cheapfá go raibh sé ar shon comhrialtas buan idir Sinn Féin agus an DUP an slí go raibh sé ag caint i dTeach na Tiarnaí ag Westminster. 

Lord Laird told peers that he is in favour of a UK Bill of Rights but added that the 1998 Belfast Agreement does not require a “provincial Bill”.

“The Northern Ireland Human Rights Commission was asked to advise on supplementary rights, not interfere with the UK’s international obligations,” he said.

“And it was asked to address ‘the particular circumstances of Northern Ireland’ – meaning sectarian violence and division – not the full range of domestic public policy, including economic and social issues.”

Gan amhras, dá reachtófaí an Bille seo, leagfaí an dualgas ar na h-údaráis ó thuaidh maidir le cur i bhfeidhm Chairt na hEorpa ar Theangacha Reigiúnda agus Mionlaigh.  Bheadh orthu, ar an méid is lú, na dualgaisí a ghlac Rialtas na Breataine leo faoi théarmaí na Cáirte sin a chomhlíonadh.  

Dia linn is Muire!  An é sin atá ag déanamh tinnis dóibh?  Nach deir na h-údaráis go bhfuil seo á dhéanamh acu theana féin, agus, cinnte, tá an béim, ar an ‘méid is lú’. 

Ach, éist, léiríonn an aisfhreagra feargach seo an sáinn ina bhfuil aondachtaithe. Ba mhaith leo go nglacfai leo ar ‘mhór thír na Breataine’ mar Bhriotanaigh gan cháim – ach níl siad sásta glacadh mar chomhdhaoine le comhchearta ‘Briotanacha’, más maith leat,  a gcomharsain.  Ní bheidís sásta, mar shampla, go mbeadh reachtaíocht a thabharfadh cosaint agus tacaíocht don Ghaeilge ó thuaidh, fiú dá leireodh sé go raibh na cearta céanna le fáil ag Gaeilgeoirí an Tuaiscirt agus atá ag a gcomh Bhriotanaigh sa Bhreatain Bheag, na cainteoirí Breatnaise.

An cheist atá agamsa:  Conas is féidir le h-aondachtaithe a mhaíomh go bhfuil siad chomh Briotanach le Briotanaigh ar mhór thír na Breataine mura bhfuil siad sásta na cearta céanna a éileamh? 

Más sa Bhriotáin atá an Tuaisceart, de reir dlí, agus de réir léargas pholatúil is saoil na n-aondachtach, dá olc é an dlí céanna agus dá cúinge an léargas,  ba cheart go mbeadh comhchearta ag gach saoránach ann lena gcomhshaoranaigh Briotanacha i ngach réimse, an réimse teanga san áireamh.

An Raidio Ga-Ga-Gaelach?

 

Raidio Ga Ga

Raidio Ga Ga

Inniu a sheol RTÉ dornán staisiúin nua ráidió digiteach – agus mar is ghnath, ón gcraoltóir náisiúnta, is beag freastal atá á dhéanamh ar an bpobal Gaelach sa tír seo. 

Chuardaigh mé gach sceideal le h-aghaidh RTÉ XFM, RTÉ 2FM, RTÉ Choice, RTÉ Junior agus RTÉ Pulse ón Luan go dtí an Domhnach agus oiread is clár amháin Ghaeilge a d’aimsigh mé ar na sceidil ar fad. 

Tá seans ann, áfach, go mbeidh roinnt Ghaeilge le cloisteáil ar chlár nua atá dírithe ar an bpobal aerach, The Cosmopolitan, de bharr go bhfuil sé á láithriú ag Scott de Buitléar, craoltóir a bhíodh, mura bhfuil dearúd orm, ag cur clár Ghaeilge i láthair ó Cheatharlach/Chill Chainnigh.    Bhí sé fógartha ar Raidió na Gaeltachta ar maidin, amhail is go raibh an chraoltóir náisiúnta le moladh as ceannródaíocht, gurb é seo an chéad clár dírithe ar an bpobal homaighnéasach ag an staisiún.  Ní miste liom a rá go raibh sé thar am aitheantas a thabhairt don phobal seo. 

Beidh athas ar dhaoine a chloisteáil freisin go bhfuil clár ar RTÉ Choice dírithe ar éisteoirí ar suim leo ghnóthaí Chomhlathais na Breataine. Craolfar ‘Pick of the Commonwealth’ ag 5rn gach Luan.  

Tá cláracha freisin dirithe ar an bpobal Gearmánach sa tír seo agus an pobal Sualannach agus an phobal ó Choiré.   Tá clár ann freisin do phobal na Polainne – níl a fhios agam an i mBéarla nó i bPolainnis atá an chlár sin.   Is cosúil gur i mBéarla atá furmhór mhór na gcláracha murach gur i mBéarla atá siad ar fad.

Táim sásta go bhfuil aitheantas is aerspás á thabhairt do na pobail seo ar fad – íocann siad cáin agus cuireann siad leis an saibhreas pobail.

Ach tá amhlaidh á dhéanamh ag an pobal Ghaeilge is Ghaeltachta.  Cén fath nách bhfuil oiread is clár amháin sa bhreis le fáil againn?    Tá curtha go mór le líon na gcláracha phop cheol is a leitheid – seirbhísí breise do lucht éisteachta 2FM agus Lyric agus Radio 1 iad san ar fad.

Má deirim go bhfagann san pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in áit na leathphingine, ní h-ionann sin agus cáineadh ar RTÉ Raidio na Gaeltachta ach a mhalairt.   Deineann RTÉ RnaG riar mhaith ar phobal na Gaeilge is na Gaeltachta, riar chomh maith sin is gur féidir a rá go bhfuil sé tuillte acu fás agus forbairt a dhéanamh.  

B’é seo an deis, mar shampla, staisiún raidio i nGaeilge don aos óg a bhunú.  Ach nior tapaíodh an deis. An é nach bhfuil a mhéar ar an chuisle ag an Aire Ghnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta agus é ag iarraidh, mar a deir sé go minic, plean a chur le cheile chun an Ghaeilge a shlánú mar theanga beo sa Ghaeltacht?

Tá staisiún ann dírithe ar dhaoine óga, RTÉ Junior. In ainneoin go bhfuil sé léirithe arís is arís eile go bhfuil suim thar na beartaibh ag an t-aos óg sa Ghaeilge, níl oiread is clár Ghaeilge amháin ar an sceideal sin ach an oiread.

 Ní feidir liomsa a aithint – agus b’fheidir go bhfuilim dall – an bhfuil aon chlár dírithe ar cheol thraidisiúnta i measc na gcláracha pop cheol ar fad.   Cuireann sé íontas orm nach bhfuil a leitheid ann de bhrí go bhfuil cartlann chomh fairsing ag RTÉ de cheol thraidisiúnta agus go bhfuil sé léirithe ag craoltóirí éagsúla, leitheidí Philip King, Ciarán Mac Mathúna, lucht Ceilí House is eile, go bhfuil siad go maith i mbun a leitheid is go bhfuil lucht éisteachta domhanda acu. 

Shamhlóinn freisin gur fánach an mhaise é bheith ag ag díriú ar phopcheol amhail is nach bhfuil foinsí eile ag daoine bheith ag éisteacht leis.   Cén fath go n-eistfeadh duine le clár cheoil atá faighte ar iasacht ag RTÉ ó Los Angeles, Morning Becomes Eclectic, nuair atá an clár céanna ar fáil ar an idirlion?

Acht ‘Teangacha Mionlaigh’ ó thuaidh – cad ar cheart a bheith ann

Is cosúil go bhfuil réiteach i ndán ar an leamhshainn ó thuaidh a d’fhag go raibh an áit sin gan ‘rialtas’ ar feadh 22 seachtain.  Ar ndóigh, bhí sé gan rialtas ar feadh na mblianta fada roimhe sin freisin agus, níos measa arís, bhí mí rialtas ann ón am ar bunaíodh an fo chúigín i 1921 ach sin scéal do lá eile….

Anois is cosúil go mbeidh cruinniú den ‘Fheidhmeannas’ an tseachtain seo le roinnt rudaí a chinneadh agus, inniu, ag Stormont, bhí comh agallamh phreasa ag an gCéad Aireacht, Peter Robinson agus Martin McGuinness, chun na socruithe maidir le aistriú cumhachtaí phoilíneachta is dlí agus cirt a chur inár láthair. 

Dar le Tommie Gorman, is é seo an phíosa dheireannach dena ‘míreanna meara’ a chuirfidh an pictiúr iomlán den todhchaí geal atá i ndán don tuaisceart inár láthair.  Nó rud eigean cosúil le sin a dúirt sé, ní raibh mé ag eisteacht leis go cruinn. 

Ach ní h-é an píosa dheireannach den phictiúir é, a Tommie.  Ná dein dearúd ar an gceist chultúrtha is teanga, an cheist is mó a scoilteann an phobal ó thuaidh. Ní raibh riamh sa chaint faoi dlí agus cirt agus poilíneacht ach útamáil is unfairt thart.  Is iad na ceisteanna cultúrtha is ionannais na ceisteanna is gaire don chroí is don chnámh. 

Tá sé á thuar go mbeidh Acht do Theangacha Mhionlaigh i gceist ó thuaidh.  B’fheidir é.  Ach ná tosnaigh ag ceiliúradh fós nó, gan amhras, ciallaíonn san go mbeidh leas á bhaint as an reachtaíocht céanna ag Albainis Uladh agus an Ghaeilge, go mbeidh siad ar chomhchéim.  Mar a léiríonn gníomhaíochtaí an Boord o’Ulster Scotch, is gléas pholatúil í an Albainis Uladh seachas gléas cumarsáide.  Dá mba rud é go raibh sí á úsáid mar theanga, mar atá an Ghaeilge á úsáid ag sciar shuntasach den phobal ó thuaidh, nior mhiste, ach ní h-é sin atá i gceist ach beartas chun cinntiú nach bhfaighidh an Ghaeilge an rud atá dlite di, an rud a bheadh le fáil aici dá mbeadh sí i gcuid ar bith den ‘Bhreatain’ seachas i dtuaisceart na hÉireann. 

An rud nach bhfuil ag teastáil reachtaíocht atá bunaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas, na scéimeanna agus an Choimisinéir is eile.  Níl ansan ach sop in áit na scuaibe agus cé go ndeir Seán O Cuirreáin roinnt nithe ina thuarascálacha bhliantúla [tuigfidh gach éinne seachas Foras na Gaeilge céard atá i gceist agam le tuarascáil bhliantúil!], is chun donais atá staid na Gaeilge ag dul ó dheas chomh fada is a bhaineann sé liomsa.  Ní chuidíonn maorláthas breise le teanga ná baol air. 

An rud atá de dhíth reachtaíocht a thugann tacaiocht phraicticiúil don teanga sa chóras oideachais, sna cúirteanna, sna meáin, go h-áirithe iad siúd a fhaigheann airgead phoiblí, agus sa phlé a bhionn ag an ghnath dhuine ó lá go lá leis an stat chóras.  Ní chiallaíonn seo foirmeacha pas i nGaeilge le gur féidir leat pas Briotanach a fháil i mBéarla, mar shampla!  

I bhfianaise an easpa samhlaíochta is cumais atá léirithe ag Sinn Féin go dtí seo ina gcuid gcainteanna leis an DUP, tá mé imníoch gur céim siar in áít chun tosaigh a bheidh sa reachtaíocht atá á mholadh.  Beidh le feiceáíl…..

Tagaim leis an moladh atá tugtha do POBAL.  Má tharlaíonn sé go mbeidh Acht Ghaeilge nó Acht Teangacha ann, beidh an chuid is mó den chreidiúint ag dul do Janet Muller agus a gcomhleacaithe ag POBAL nó is iad a rinne an obair choise ar fad ar son na cúise seo.  Dar le Maurice Hayes, ba acht ‘réasúnta’ a bhí sa mhéid a mhol siad roinnt blian ó shin.  Is cinnte go raibh sé cuimsitheach is ceart bhunaithe agus bheadh sé inghlactha domsa. Is é an buairt atá agam, áfach, go nglacfaidh SF leis an leath bhulóg, mar ar ghlac siad leis ar gach ceist tabhachtach go dtí seo, agus go mbeidh an Ghaeilge  agus pobal na Gaeilge thíos leis dá bharr.     Nach aisteach go bhfuil an brú ghrúpa eile, a bhunaigh SF, Acht, imithe gan tasg gan tuairisc…..

An Ghaeilge ar nós an ‘Titanic’

Tá an Ghaeilge ar nós an Titanic – tá na soilse ar siúl ar an bharr deic, na paisinéirí ag gabhail timpeall agus ag damhsa sa halla rince ach tá sí pollta faoi bhun an líne snámha agus uisce ag doirteadh isteach sa seomra innil. 

B’é sin an teachtaireacht dúshlánach a thug an Seanadóir Eoghan Harris don slua a bhí báilithe i Seomra an Chomhairle ag Halla na Cathrach i gCorcaigh le h-aghaidh ocáid oscailte Oireachtas na Gaeilge cois Laoi anocht. 

Thagair sé do ghrúpaí ‘paisinéirí’ éagsúla, paisinéirí na ndeontas agus paisinéirí na n-eagraíochtaí Ghaeilge ach go h–áirithe agus é ag iarraidh a chur ina luí ar an lucht éisteachta go raibh gá le gníomh chun an teanga a shábháíl. 

Dúirt sé go raibh sé tuairiscithe i ndaon áireamh nuair ar bunaíódh an Stat go raibh breis is 1m cainteoir dúchais Ghaeilge sa tír – agus dúirt sé gur léir go raibh borradh tagtha ar an nGaeilge sa treimhse ó shin nó bhí an daon áireamh is déanai ag tuairisciú go raibh breis is 1.5m ag tabhairt le fios go raibh Gaeilge acu. 

“Ach is féidir leat rud ar bith a dhéanamh le figiúirí,” dúirt sé.   Thug sé le fios gurb í an Ghaeilge eigeantach an rud a chinntigh go raibh cumas éigean sa teanga ag an oiread san daoine ach dúirt sé gur léir go raibh deacrachtaí sa chóras oideachais agus dá gcuirfí deireadh leis an Ghaeilge eigeantach, bheadh difríocht suntasach le braistint sna figiúirí céanna. 

Agus thagair sé freisin do na deacrachtaí a bhí ag an Ghaeilge sa Ghaeltacht áit ná raibh ach 17,500 ag labhairt na teanga ar bhonn laethúil go rialta.  Dúirt sé go raibh gá le h-Udarás Tarrthála na Gaeilge sa Ghaeltacht anois. 

Dar leis an Seanadóir Harris, atá lán fuinnimh agus brí in ainneoin do bheith ag teacht aniar ó bhabhta dhroch thinnis, tá go leor pleananna agus eagraíochtaí ag póirseáil timpeall agus iad ag iarraidh an Ghaeilge shábháíl ach níl aon mór phlean nó ollfhís chun tabhairt faoi sin. 

Mhol sé go h-ard an fuinneamh agus an samhlaíocht a bhí á léiriú ag leitheidí Pheadair Uí Riada agus muintir Chúil Aodha agus an tionscnamh, Acadamh Fodhla,  ach dúirt sé go raibh a leitheid de shamhlaíocht ag teastáil go géar. 

Rinne sé íonsaí fiochmhar ar Shinn Féin agus é ag tagairt don úsáid a bhí á bhaint as an nGaeilge mar ‘armalite chultúrtha’ agus ag cur an traidisiún Protastúnach ó dhoras na teanga. 

Dúirt sé gur ar leas gluaiseacht na Gaeilge dá n-eireodh Sinn Féin as a gcleasanna leis an teanga.  Dar leis go raibh Gaeilge clasaiceach na hAlban sa traidisiún Phrotastúnach ó thuaidh agus go saibhreodh sin teanga na hÉireann ach an deis a bheith ag an dhá theanga meascadh.  An t-aon chonstaic dar leis, Sinn Féin agus an mbealach gur shealbhaigh an phairtí sin an teanga. 

Is cinnte go gcothóídh an chaint a thug an Seanadóir Harris conspóid áirithe i measc Gaeil.  Ag suí taobh leis agus é ag tabhairt na h-oráide bhí an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon O Cuív agus is léir ón mhéid atá ráite aige siúd le déanaí go gcreideann sé go bhfuil stadas ‘paisinéirí’ ag cuid de na h-eagrais Ghaeilge.

Geaitsí gan bhrí Shinn Féin

Táim ar shon agóidithe in éadan na gciorruithe sa Bhuiséad – ní aontaím leo cé go n-aithním go bhfuil gá le leasuithe chun airgead a shabháil agus a chinntiú nach bhfagfar aisioc fiacha na glúine seo ag na glúinte atá le teacht. 

Ach ní aontaim ar chorr ar bith le geaitsí Shinn Féin ar an gceist.  Tá sé i gceist ag an bpairtí sin, is cosúil, léirsithe a reachtáíl taobh amuigh d’oifigí na n-airí.  Maith go leor tá ár n-aird tuillte ag ár n-airí Rialtais as ucht a gcuid mí stuaim agus mí ionraiceas roimh an toghchán anuraidh agus ó shin. 

Ach ní feidir Sinn Féin a thrust ar na ceisteanna seo. Nó anuraidh bhí siad á dtairiscint féin mar phairtí le dul i gcomhrialtas le Fianna Fáíl faoi mar a bheadh sean striapach á tairiscint féin d’fhear meisce tar éis Rasaí na Gaillimhe.  Bhí siad ar son arduithe sa ráta cánach corporáideach – agus ansan bhí siad ina gcoinnibh.  Níl aon difir idir Sinn Féin agus pairtithe polatúla eile – níl uatha ach cumhacht agus ní miste leo prionsabal ar bith a chur ar leataobh chun sin a bhaint amach.  Mar a dúirt mé níl aon difir eatarthu agus pairtithe eile polatúla agus má bhaineann siad cumhacht amach táim cinnte go mbeidh siad ag seasamh san áit atá Airí an Chomhaontais Ghlais anois agus ag tacú leis an Rialtas in ainneoin na deacrachtaí i bprionsabal atá acu. 

Níl sna léirsithe an tseachtain seo ach geaitsí.  Níl aon réiteach á moladh ag Sinn Féin ar na fadhbanna airgidis, níl siad ach ag iarraidh teacht i dtír air ar mhaithe lena leas féin. 

Bhí trath ann ar chreid mé go raibh difir idir an phairtí seo agus na pairtithe eile, go raibh rud éigean níos mó i gceist ná cumhacht ar mhaithe le cumhacht, seachas ar mhaithe le cumhacht a fheidhmiú ar leas an phobail.   

Ach tá an t-am sin caite. 

An cheist atá agam do Shinn Féin:  Céard a dhéanfadh sibh agus cumhacht agaibh?  An feidir libh bannaí a thabhairt go gcinnteodh sibh nach dtitfeadh an t-ualach le h-aghaidh na fadhbanna seo ar na dreamanna is leochaillí inár measc?  Nó mura mbeadh sibh ábalta sin a dhéanamh, an bhfagfadh sibh an Rialtas?  Ní chreidim go ndéanfadh sibh an méid a mhaíonn sibh.

Tá feicthe ag pobal na Gaeilge céard a rinne sibh agus sibh ag suí ar bhord an Fhorais nó timpeall ar bhórd Fheidhmeannas an Tuaiscirt.  Tá a fhios ag muintir Lá Nua a bheidh gan post i mbéal na Nollag ach go h-áirithe agus, ach amháin iarrachtaí Lá Nua chun a chur in iúl do Shinn Féin a mí eifeacht agus go raibh cur chuige níos eifeachtaí ag teastáil, bheadh a fhios ag na comhlachtaí léirithe teilifíse a bhí i mbaol nuair a gearradh an Ciste Craoltóireachta ó thuaidh, ar sheal faire SF, chomh maith.

Éacht an “Echo”

Am lón inniu {Dé Máirt] beidh an Evening Echo le fáil ar shráideanna chathair Chorcaí.  Paipéar laethúil nuachta é an Evening Echo a dhailtear ar fuaid na cathrach.  Díoltar thart ar 32,000 cóip agus meastar go mbionn thart ar 150,000 léitheoir ag an nuachtán. 

In eagrán an lae inniu, beidh forlíonadh lán dáite ocht leathnach dhá theangach ann ag ceiliúradh theacht an Oireachtais, príomh fhéile na Gaeilge, go Corcaigh.  Tá a fhios agam seo mar go raibh mé féin im eagarthóir ar an bhforlíonadh. 

Ach ná bac liomsa.   Táim ag lua an scéil seo de bharr go dteastaíonn uaim áird a dhíriú ar an méid seo – ní bhfuair an Evening Echo pingin rua as seo ó fhoinse stáit ar bith.  Is fiú b’fheidir €20,000 an deontas seo ón nuachtán don Oireachtas nó chosnódh sé an méid sin ar a laghad dá mbeadh ocht leathnach le ceannach ag an Oireachtas ón Echo. 

Ní h-amháin sin ach beidh mé ag cur tuairiscí dhá theangacha ar fáil ón OIreachtas gach lá le linn na féile an tseachtain seo chughainn agus beidh siad á fhoilsiú ag an Evening Echo.    Is ar éigean go mbeidh aon nuachtán eile sa tír ag tabhairt an spás céanna don Oireachtas, príomh fhéile na Gaeilge.

Is cinnte go bhfuil ard mholadh tuillte ag an Echo, a bhionn ag foilsiú leathnach i nGaeilge gach seachtain ag tuairisciú ar chúrsaí Múscraí.  Ní fhaigheann an nuachtán deontas dá laghad.   Cuireann siad an spás ar fáil mar tá siad ag iarraidh seirbhís a thabhairt dá leitheoirí agus, mar gheall ar sin, creideann siad go mbeidh leitheoirí dílis don nuachtán.  Is cinnte nár thit díolachán an nuachtán de bharr an Ghaeilge bheith ann. 

Sin dúshlán díbh anois, a cháirde.  An bhfuil nuachtán áitiúil sa cheantar ina bhfuil tusa id chónaí ann?  An bhfuil aon Ghaeilge ann?  Mura bhfuil, cén fath nach n-iarann tú é.  Má luann tú leo go bhfuil an Evening Echo á dhéanamh seo, agus sasta é a dhéanamh ar bhonn gnó, ar an dtuiscint go bhfuil leitheoirí á mhealladh acu, ní féidir leo an argóínt sin a shéanadh.   

Nílim á moladh seo in áit nuachtán laethúil nó seirbhís nuachta idirlíne – ach is cinnte go mbeadh sé ina chabhair mór i ngach aon áit ina bhfuil pobal Ghaeilge ar fud na tíre go mbeadh an nuachtán áitiúil ag cur seirbhíse dá leitheid ar fáíl.   Tá nuachtáin sa Ghaillimh, an Galway Advertiser, a chuireann a leitheid sin de sheirbhís ar fáil freisin agus is dócha go bhfuil nuachtáin eile ann.    

Ní miste a lua nach aon comhtharlúint go bhfuil an seirbhís seo á chur ar fáil i gCorcaigh, bunait Ghael Taca. Bhí baint ag Pádraig O Cuanacháin leis an mbeart seo agus is cinnte go bhfuil baint nach beag ag muintir Mhúscraí, leitheidí Pheadair Uí Riada,  leis an dtionscnamh seo freisin.

Slán leis an gcolúnaí…

Táim tar éis colún Philip Cummings i Lá Nua na seachtaine seo a léamh faoi dheireadh.  Bhíos tar éis é a fhagáil ar an gCéadaoin tar éis dom an chéad alt a léamh agus é geallta dom féin go dtiocfainn ar ais chuige am éigean ach idir seo, siúd agus uile, níor tharla sin. 

Ar aon nós, tá sé léite agam agus thaitin sé liom go mór.  B’é buaic phointe na seachtaine agam é i Lá Nua nach mór i gcónaí, fiú agus mé im eagarthóir mar ba cholún é bhí dírithe ar an aimsir láithreach don chuid is mó agus ós rud é go bhfuilim féin agus Philip beagnach ar chomhnaos, aithním an domhan a chuireann sé os ár gcomhair go cliste agus go h-ealaíonta. 

Anois, is cosúil go bhfuil deireadh ráite ag Philip i Lá Nua ach go h-áirithe.  

Ach beidh bailiúchán dá chuid colúin sa nuachtán – Dar Liom – á fhoilsiú ag Coiscéim idir seo agus Nollaig.  Sin feirín deas Nollaig nar mhiste liom a fháil i dteannta peire stocaí te agus Wii.

Nior mhaith liom cás Lá Nua a phlé arís anseo.  Ach léiríonn imeacht Philip ón post a bhí aige sa nuachtán an deacracht a bhaineann le cinneadh an Fhorais deireadh a chur le h-aidbhintiur an nuachtáin laethúil – scaipeann an talainn agus ar eigean gur féidir é, nó a chomhmhaith, a thabhairt ar ais in athuair san aon áit amháin chun tabhairt faoin saothar céanna arís.   Tá sé cosúil leis an eachtra úd a tharla do Humptaí Dumptaí bocht -sádh anuas de bhfalla é agus anois tá sé ina smidiríní ar an dtalamh agus cén seans atá ag saighdiúirí nó capaill an Rí, nó an Fhorais, é a chur le cheile arís.

Táim cinnte go mbeidh a thuilleadh le léamh ó pheann Philip agus táim ag súil leis an leabhar a gheall sé dá cholúin go mór. Idir an dhá linn, ba mhaith liom é a rá os árd go bhfuil ard mheas agam ar an méid a rinne sé ar son an nuachtáin lena línn agus gur pribhléid a bhí ann obair ina theannta.

Beidh sé ag léamh roinnt dánta nua leis ar chlár Mhichíl Ui hUanacháin, iar eagarthóir [eile] Comhar, ar an gclár Léite Pléite, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, oíche anocht [Dé Satharn] ag 8in. Tugaigí cluas don gclár mas féidir libh nó deinigí iarracht eisteacht leis an podchraoladh….