Cartlanna Clibe: an DUP

Dhá shuíomh Ghaeilge ón BBC ar lá amháin….

Bionn tú ag fánacht na mblianta ar son suíomh Ghaeilge ar an mBBC – agus ansan foilsítear dhá shuíomh ag an am amháin!

Ní miste – nó is dea scéal ar fad é go bhfuil an dhá shuíomh ann, leathnach Ghaeilge nua an BBC féin i dtuaisceart na hÉireann, agus Preab Suas, suíomh nua dírithe ar lucht imeartha na peile Gaelaí. Ar chúis éigean níl teacht ar an suíomh sin go fóill – ach tá sé ar shuíomhanna an BBC in áit éigean.

Nior luaigh Pól Ó Muirí é ina thuairisc ach ní cinealtas croí a tháinig an dhá shuíomh seo ón BBC. Dá fheabhas is dá threise iad Aonad na Gaeilge san BBC – agus tá ard mheas agam ar Antaine Ó Donaile, Lynette Fay, Tomaí Ó Conghaile agus a gcomh leacaithe – ní bheadh na suíomhanna seo ann ach amháin deontas a bheith tugtha don BBC ag an gCiste Craoltóireachta Ghaeilge.

Agus ní bheadh an Chiste Craoltóireachta Ghaeilge ann ach an dian fheachtas leanúnach fhadalach a bhí ar bun ag gniomhaithe ar nós Gearóid Ó Cairealláin is a thuilleadh nach iad, lena bplacairdí, ‘Auntie Beeb is Anti-Irish’, i gcaitheamh na mblianta. B’fheachtais iad seo ar thug leithéidí an BBC agus an Irish Times droim láimhe dóibh agus nár thug súntas dá laghad dóibh. Dar le na meáin measúla seo, agus, is cosuil, an dá rialtas, ní raibh an Ghaeilge ach ina aguisin sna comhaontaithe pholatúla a deineadh le blianta beaga anuas.

Ní gá filleadh, arís, ar an bpriacal ina raibh an Chiste anuraidh de bharr íonsaí an DUP (agus faillí Shinn Féin is an SDLP) agus an slí a náirigh Lá Nua SF chun brú a chur ar Gordon Brown an chiste a chur ar nais in ainneoin an DUP.

Ní gá ach a rá gur rud é an chiste seo a saothraíodh le h-iarracht leanúnach agus le h-íbirtí agus nár cheart é a gheilleadh go h-éasca.

Ar aon nós tá moladh ag dul don BBC, agus ní minic a chloisfidh tú na focail sin ó mo bhéal, as ucht suíomh d’ard chaighdeán mar seo a chur ar an líon. Tá tréan mholadh ag dul do Antaine agus a chomhleacaithe as a gcuid saothair agus feabhas an ábhair.

Níl an suíomh gan locht. Tá easnamh mór amháin le mothú ann agus is gá seo a lua i gcomhthéacs an ráitis ag Antaine atá luaite ar Tuarascáíl.

Dúirt léiritheoir feidhmiúcháin Aonad na Gaeilge sa BBC i mBéal Feirste, Antaine Ó Donnaile, go mbeadh, “den chéad uair, gach rud a rinne BBC Thuaisceart Éireann i nGaeilge” le fáil ar an suíomh ach cóipcheart a ghlanadh.

Tá sé sin cruinn gan amhras.

An rud atá ar iarraidh, áfach, ná seirbhís nuachta agus anailíse ar chúrsaí reatha, mar atá ar fáil don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag.

Cén fath nach féidir leis an BBC i mBéal Feirste a leitheid de sheirbhís a chur ar fáil ar an suíomh nuachta atá acu féin?

Acht ‘Teangacha Mionlaigh’ ó thuaidh – cad ar cheart a bheith ann

Is cosúil go bhfuil réiteach i ndán ar an leamhshainn ó thuaidh a d’fhag go raibh an áit sin gan ‘rialtas’ ar feadh 22 seachtain.  Ar ndóigh, bhí sé gan rialtas ar feadh na mblianta fada roimhe sin freisin agus, níos measa arís, bhí mí rialtas ann ón am ar bunaíodh an fo chúigín i 1921 ach sin scéal do lá eile….

Anois is cosúil go mbeidh cruinniú den ‘Fheidhmeannas’ an tseachtain seo le roinnt rudaí a chinneadh agus, inniu, ag Stormont, bhí comh agallamh phreasa ag an gCéad Aireacht, Peter Robinson agus Martin McGuinness, chun na socruithe maidir le aistriú cumhachtaí phoilíneachta is dlí agus cirt a chur inár láthair. 

Dar le Tommie Gorman, is é seo an phíosa dheireannach dena ‘míreanna meara’ a chuirfidh an pictiúr iomlán den todhchaí geal atá i ndán don tuaisceart inár láthair.  Nó rud eigean cosúil le sin a dúirt sé, ní raibh mé ag eisteacht leis go cruinn. 

Ach ní h-é an píosa dheireannach den phictiúir é, a Tommie.  Ná dein dearúd ar an gceist chultúrtha is teanga, an cheist is mó a scoilteann an phobal ó thuaidh. Ní raibh riamh sa chaint faoi dlí agus cirt agus poilíneacht ach útamáil is unfairt thart.  Is iad na ceisteanna cultúrtha is ionannais na ceisteanna is gaire don chroí is don chnámh. 

Tá sé á thuar go mbeidh Acht do Theangacha Mhionlaigh i gceist ó thuaidh.  B’fheidir é.  Ach ná tosnaigh ag ceiliúradh fós nó, gan amhras, ciallaíonn san go mbeidh leas á bhaint as an reachtaíocht céanna ag Albainis Uladh agus an Ghaeilge, go mbeidh siad ar chomhchéim.  Mar a léiríonn gníomhaíochtaí an Boord o’Ulster Scotch, is gléas pholatúil í an Albainis Uladh seachas gléas cumarsáide.  Dá mba rud é go raibh sí á úsáid mar theanga, mar atá an Ghaeilge á úsáid ag sciar shuntasach den phobal ó thuaidh, nior mhiste, ach ní h-é sin atá i gceist ach beartas chun cinntiú nach bhfaighidh an Ghaeilge an rud atá dlite di, an rud a bheadh le fáil aici dá mbeadh sí i gcuid ar bith den ‘Bhreatain’ seachas i dtuaisceart na hÉireann. 

An rud nach bhfuil ag teastáil reachtaíocht atá bunaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas, na scéimeanna agus an Choimisinéir is eile.  Níl ansan ach sop in áit na scuaibe agus cé go ndeir Seán O Cuirreáin roinnt nithe ina thuarascálacha bhliantúla [tuigfidh gach éinne seachas Foras na Gaeilge céard atá i gceist agam le tuarascáil bhliantúil!], is chun donais atá staid na Gaeilge ag dul ó dheas chomh fada is a bhaineann sé liomsa.  Ní chuidíonn maorláthas breise le teanga ná baol air. 

An rud atá de dhíth reachtaíocht a thugann tacaiocht phraicticiúil don teanga sa chóras oideachais, sna cúirteanna, sna meáin, go h-áirithe iad siúd a fhaigheann airgead phoiblí, agus sa phlé a bhionn ag an ghnath dhuine ó lá go lá leis an stat chóras.  Ní chiallaíonn seo foirmeacha pas i nGaeilge le gur féidir leat pas Briotanach a fháil i mBéarla, mar shampla!  

I bhfianaise an easpa samhlaíochta is cumais atá léirithe ag Sinn Féin go dtí seo ina gcuid gcainteanna leis an DUP, tá mé imníoch gur céim siar in áít chun tosaigh a bheidh sa reachtaíocht atá á mholadh.  Beidh le feiceáíl…..

Tagaim leis an moladh atá tugtha do POBAL.  Má tharlaíonn sé go mbeidh Acht Ghaeilge nó Acht Teangacha ann, beidh an chuid is mó den chreidiúint ag dul do Janet Muller agus a gcomhleacaithe ag POBAL nó is iad a rinne an obair choise ar fad ar son na cúise seo.  Dar le Maurice Hayes, ba acht ‘réasúnta’ a bhí sa mhéid a mhol siad roinnt blian ó shin.  Is cinnte go raibh sé cuimsitheach is ceart bhunaithe agus bheadh sé inghlactha domsa. Is é an buairt atá agam, áfach, go nglacfaidh SF leis an leath bhulóg, mar ar ghlac siad leis ar gach ceist tabhachtach go dtí seo, agus go mbeidh an Ghaeilge  agus pobal na Gaeilge thíos leis dá bharr.     Nach aisteach go bhfuil an brú ghrúpa eile, a bhunaigh SF, Acht, imithe gan tasg gan tuairisc…..