Cartlanna Clibe: Aire Ghaeilge/Ghaeltachta

An bealach chun tosaigh?

Bhíos ag déanamh roinnt machnaimh le tamall ar an bpriacal ina bhfuil an tír seo de bharr mi rialtas agus toscaí eile.

Dar liom is é an mí-rialtas an deacracht is mó atá againn. Cinnte tá na deacrachtaí geilleagracha atá againn, tá siad againn. Tá comhthéacs domhanda leo agus ní fhéadfaimís ealú ón spéirling sin, cuma cén páirtí a bheadh i bhfeidhil ar an long.

Ach tá an stoirm atá ag titim amach i dtíortha eile ina hairicín anseo de bharr an mí rialtas atá againn.

Ní fheadar an féidir an locht ar fad a chur ar Fhianna Fáil. Nó an mbeadh gach páirtí chomh olc lena chéile. Níl a fhios agam an bhfuil aon eolas nó cumas nó scil sa bhreis ag na polaiteoirí sna páirtithe eile. B’fheidir go bhfuil corr pholaiteoir atá fís aige agus cumas atá inchurtha le sin chun sinn a thabhairt slán ón bpriacal ina bhfuilimíd.

An mbeadh aon réiteach ar ár scéal dá mbeadh toghchán ann? Tá an baol ann go dtoghfaimís Fine Gael/An Lucht Oibre le bheith sa Rialtas mar mhalairt ar Fhianna Fáil agus b’fhéidir nach bhfuil réiteach an scéil acu. Sa deireadh thiar is polaiteoirí atá sna pairtithe ar fad – agus níl scil ar leith acu seachas an pholataíocht.

Agus tá gá le sainscileanna anuas ar an pholataíocht chun sinn a thabhairt slán ón bpriacal seo. Ní oibríonn sé ach an oiread nuair a bhionn ‘comhairleoirí speisialta’ le sainscileanna ag polaiteoirí chun iad a threorú – nó bionn na stat seirbhísigh ag cogarnaigh sa chluas eile ag cur iad ar mhalairt treo.

An réiteach ar ár scéal go mbeadh Rialtas Náisiúnta ann, comhrialtas idir FF agus FG mar shampla? Ní chreidim é. Arís ní bheadh agat ach polaiteoirí agus ní doigh liom gur leor sin sa chás seo.

Mar sin, an rud atá á mholadh agam sa deireadh thiar, go dtoghfar go díreach gach aire rialtais. Bheadh ar gach iarrthóír le h-aghaidh gach post a chuid polasaithe a chur os ár gcomhair agus bheimís ábalta iad a cheistiú. D’fhagadh sin, sa chéad dul síos, go mbeadh gach iarrthóír le h-aghaidh gach aireacht ag lorg an phoist sin. Ní bheadh, mar a tharlaíonn anois, aire á roghnú i bpost nach raibh sé nó sí sásta lei, de bharr gur ‘ísliú céime’ a bheadh ann.

Sa deireadh thiar, is é seo mo cheist. Dá mbeadh an rogha agat, cé thoghfá mar Aire le freagracht ar an nGaeilge/an Ghaeltacht?

Tá liosta agam anseo ó bharr mo chinn de dhaoine a chreidim a bheadh buanna ar leith acu don phost seo, dá mbeadh siad ar fáil agus toiltheanach glacadh leis an bpost. Tá spás ann do bhúr rogha féin. Ná bíodh cúthall oraibh, bígí ag votáil – agus má tá fonn oraibh daoine eile a mholadh, molaigí iad.