Cartlanna Clibe: Aindrias Ó Cathasaigh

Aindrias agus an Banríon

alt speisiúil ag Aindrias Ó Cathasaigh i nGaelscéal na seachtaine seo agus é tabhairt aghaidh ar an gCuairt Ríoga atá á thabhairt ag Banríon Riocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart na hÉireann, Eibhlís II, ar Bhaile Átha Cliath i mí Bealtaine.

Ní ró thogtha atá Aindrias le chlann ‘mífheidhmiúil Windsor’ agus dar leis nach aon trath é seo chun an ‘éagothroime chorportha ina steille bheatha’ a chomóradh. Sin an rud a bheidh ar siúl, dár leis, nuair a thabharfaidh A Soilse, Eilís II, cuairt ar an dtír seo den chéad uair, (an chuid sin di ar an dtaobh ó dheas, ar aon nós), i gceann roinnt seachtainí.

Is cinnte go mbeidh go leor d’aos trachtaireachta na tíre – ní thabharfainn ‘aos eagna’ orthu mar a thugtar in eagarfhocal Gaelscéal – ag caint faoin chuairt seo mar shiombal d’aibíocht na tíre sna seachtainí romhainn agus beidh orainn cur suas le go leor den chineál cainte a chuirfeadh múisc ar an t-é leis an mbolg is laidre. Léiriú ar a gcuid anaibíochta féin a bheidh sa trachtaireacht san dar liom.

Ach is mithid do Aindrias agus a gcomrádaithe a thabhairt chun cuimhne go bhfuil sé ar leas na tíre [ó dheas] go mbeadh an chuairt seo ann ó cheannasach na gcomharsan ag aon am, agus is dócha go bhfuil sé chomh maith é a bheith ann anois agus am ar bith eile.

Nó ní mór dúinn gnath chaidreamh a bheith againn lenár gcomharsain in ainneoin an uisce atá gafa faoin ndroichead eadrainn le níos mó ná 800 bliain! Nár réitigh an bua chaithréimeach a bhí ag cruiceadóirí na hÉireann ar na Sasanaigh i mBangalore an aighneas sin!

Cé go nglacann Aindrias leis go gcaithfidh muintearas a bheith eadrainn agus ár gcomharsain céistíonn sé an fath go mbeadh orainn bheith cairdiúil leis an mBanríon úd mar gur le muintir na Breataine ar cheart dúinn bheith ag déanamh cairdeas leo ‘seachas le sumairí a chosnaíonn £180m sa mbliain’.

Chun an fhírinne a ínsint cheap mé gur níos mó a bhí i gceist. Ach creidim go gcreideann furmhór pobal na Breataine go bhfaigheann siad luach a gcuid airgid ón gclann úd, muintir Saxe Coborg agus Gotha a d’athraigh a n-ainm go dtí Windsor le linn an Chogaidh Mhóir i 1917, mar gheall ar an líon mór turasóirí a thaistealaíonn ó gach cuid den domhan chun cuid den ríogacht Briotanach a bhlaiseadh agus na lathracha staire a ghabhann leis a fheiscint. Agus ní féidir argóint leis an bpointe go bhfuil stair den scoth ag Rí Theaghlach na Breataine – tá gach rud ann, doirteadh fola, cogaiocht, gnéas is eile.

An rud mar gheall ar an argóint gur cheart dúinn bheith caradach le muintir na Breataine agus nach gá dúinn bheith caradach lena mBanríon, is é an bréag mór.

Meabhraím ar an bhfearg a bhí orm nuair a bhí na Sasanaigh ar chuairt go Pairc Lansdún roinnt blian ó shin agus gur tháinig Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa anuas chun go gcuirfí in aithne í d’fhoireann Shasana. Dhiultaigh na Sasanaigh an chairpéad dhearg a gheilleadh di agus ba mhasla saolta é sin don tír ar fad dar liom – ba mhór an trua nach bhféadfadh ár bhfoireann díoltas fuilteach a bhaint amach ar an bpointe boise ach tháinig ár lá cúpla bliain níos déanaí nuair a thugamar greadadh do Shasana i bPáirc an Chrócaigh.

Is ionann masla don Uachtarán agus masla domsa agus duitse, do gach duine againn. Má thugaimíd masla do Bhanríon na Breataine, bhuel is masla é sin do phobal na Breataine. Cén fath go mbeadh a leithéid de phobal caradach linn?

Is é an cineál argóna atá ar bun ag Aindrias ná bolscaireacht an tsean pholataíocht. Polataíocht é sin atá níos sine ná polataíocht an chogaidh chathardha, fiú. Ach dá aosta é mar pholataíocht, tá sé leanbaí mar chur chuige freisin.

Tiocfaidh an Banríon ar chuairt go dtí an chuid seo den tír i mí Bealtaine agus ba cheart go gcuirfeadh gach duine, gach Gael fáilte roimpí. Ba cheart go mbeadh bratacha na Breataine ar fholuain ar gach cuaille, fiú ar cheannaras Chonradh na Gaeilge agus beidh mé ag súil le forlíonadh ceithre nó ocht leathnach i nGaelscéal faoin chuairt.

Ocáid stairiúil atá ann. Ní gá do dhuine bheith i ngrá le hEilís Bhindsor chun sin a aithint agus a chomóradh. Nuair a imeoidh sí ar ais go dtí a tír féin, bhuel is féidir linn na bratacha a bhaint anuas agus leanúint orainn lenár saol féin.

Fiú go dtugaimíd cuireadh don Bhanríon úd teacht agus go dtagann sí agus go gcuirtear fáilte roimpí, ní h-ionann sin agus a rá go nglacaimid le h-iompar na Breataine ar fuaid an domhain, in Afganastáin nó abhus inár dtír féin. An oiread agus Peig, is sean bhean í le cos san uaigh agus cos ar a bruach agus ba chóir dúinn meas a bheith againn ar an méid sin. Níl saighdiúirí ‘aici’ – feidhmíonn saighdiúirí na Breataine de réir orduithe an phobail, nó de réir na daoine a thoghadh an phobal sin a bheith freagrach as cinntí den tsort sin.

Ní h-í Banríon Shasana a ghearr an teorainn frith dhaonláthach treasna na tíre. Agus fiú nach n-aontaím leis an teorainn céanna, níl sé iomlán frith dhaonláthach nó votáil móramh den toghlach ó dheas i 1921 ar shon Rialtas a ghlac leis an teorainn. De réir na staire atá tagtha chun solais le déanaí, rinne an Bhreatain tairiscint do Rialtas DeValera le linn an Dara Chogadh Domhanda, athaontú na tíre má thaobhaíonn tú linn sa chogadh in éineacht le Cumanaigh/Soisialaigh na Rúise in éadan Faisistigh na Gearmáine is na hIodáile. Dhiultaigh Dev don tairiscint ar son phobal an deiscirt. Agus toghadh é arís is arís eile ina dhiaidh sin, in ainneoin an thréis.

Ni gá dúinn féachaint thar farraige chun cinseal a ghlac seilbh ar shaibhreas na tíre a aithint. An oiread is ná raibh réabhlóid faoi sa Bhreatain go fóill, ní raibh sé sa tír seo ach an oiread. Agus más buairt faoi Eilís II gan a bheith tofa ag an gcosmhuintir atá ag déanamh tinnis d’Aindrias, d’oirfeadh do féachaint ar chomh forleathan is atá an vóta ag an gnathdhuine sa tSín do rialtóir na tíre sin nó mar a bhí san Aontas Shoivéideach le linn ré na gCumanach d’Ard Runaí an pháirtí sin. Ní raibh vóta ach ag an gcinseal agus cinseal an chinsil ansan.

An rud a mholaim d’Aindrias agus a chomrádaithe, eirigh as an chogadh. Cuireann sé i gcuimhne dhom na sean saighdiúirí Seapanacha a bhí ag troid an dara chogadh domhanda in oileáin ar an Aigéan Chiúin ar feadh na mblianta fada i ndiaidh deireadh an chogaidh. Tá tú gafa sa sean stair a Aindrias – tá sé in am duit tú féin a fhuascailt óna mharbh fhaisc.

Agus ós rud é gur luaigh tú Libia, nach aisteach a thabhairt chun cuimhne an chaidreamh a raibh ag rialtóir na tíre sin le na poblachtóiri is mó, dar leo féin, sa tír seo agus iad ag lamhach agus ag buamáil ar son na cúise is na hÉireann etc. Agus cad as a tháinig na gunnaí agus an ábhar pléascach a raibh á sholathar ag Libia don IRA ach ó oirthear na hEorpa, na tíortha Chumanacha/Shoisialacha. Is beag atá cloiste agam ó Gerry Adams agus a cháirde ag cáineadh réimeas Libia faoi láthair. Ní gá dul i bhfad chun crios a cheanglaíonn na daoine is réabhlóidí le na réimis is brúidiúla amuigh ansin a aimsiú – sa chomthéacs sin cheapfá go bhfuil íonsaí ar shean bhean 85 bliain d’aois iomarcach agus ábhairín fimíneach.

Mar a deirtear sa Bhíobla, agus níl seo dírithe ar Aindrias ach go h-áirithe ar réabhlóidithe:

And why seest thou the mote in thy brother’s eye: but the beam that is in thy own eye thou considerest not?

Cúigear agus Seachtar

Mícheál Ó Coileáin

Tá dhá sbraith tosnaithe an tseachtain seo ar RTÉ agus ar TG4 atá ag cur go mór leis an dtaithneamh atá le baint as an dteilifís um an dtaca seo.

Ní aireoinn mé féin in leantóír den iar Thánaiste, Michael McDowell. Is cuimhin liom ‘An tAire MacDramhaíola’ a bhaisteadh air i gceannlíne i bpríomhscéal inar tugadh le fios gur aimsíodh caipéisí rúnda ón Roinn Dlí agus Cirt ar lathair dramhaíola ó thuaidh.

Ach in ainneoin mé féin agus an doicheall atá agam don bhfear, bhaineas taithneamh as a chur i láthair phaiseanta ar chás Mhichíl Uí Choileáin don ‘chomórtas’ atá á reachtáil ag RTÉ chun an Éireannach is fearr riamh a aimsiú.   Chun an fhírinne a ínsint nílim tógtha leis an gcoincheap ar chúl an chlár, Ireland’s Greatest,  go h-áirithe nuair a thug sé ‘Barr 10’ dúinn ina raibh leithéidí Steven Gately luaite.   (Ní h-é go bhfuil aon drochmheas agam ar Steven Gately, ar a dheis Dé go raibh sé, ach ní airím é ar an Bharr 10 de na hÉireannaigh is fearr riamh!).

Ach ní miste liom an choincheap de bhrí go bhfuil deis againn clár neamheaglach faoin bhFear Mór a fheiscint ar an dteilifís.   Chuir sé íontas orm go raibh McDowell, arbh iad IRA na linne seo a namhad mhallaithe, chomh tógtha leis an gCoileánach a raibh ar chúl cuid de na h-eachtraí ba bhrúidiúla i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Chathardha.   Chuir sé é i gcomparáid le Nelson Mandela agus George Washington, beirt sceimhlitheoir mór le rá eile.

Ní raibh an oiread san béime sa chlár ar an gCoileánach agus an Ghaeilge – bhí sé ina bhall shínsearach i gConradh na Gaeilge i Londain – ach ag an am chéanna, bhí an chlár seo fíor spéisiúil agus thug sé léargas mhaith dúinn ar an gCoileánach, a fhealsúnacht agus a ghníomhartha.

Caithfidh mé a rá gur bhain mé taithneamh, den chuid is mó, as cur i láthair McDowell.  Bhí sé paiseanta – cé gur chuaigh sé thar fóir ó am go chéile lena chuid ‘clichéanna’ ag moladh an Choileánach.   Is doigh liom gur thaitin an chur i láthair liom mar gheall go raibh sé paiseanta agus gur sheachain sé an rud a bhionn ag cur as do chláracha faisnéise, an dúil marfach sa ‘chomheá’ agus san ‘oibiachtúlacht’.  Níos cruinne a rá, taithníonn sé le cainéalacha teilifíse go mbeadh cuma ‘údarásach’ is ‘neamhchlaonta’ ar a gcuid cláracha faisneise, ionas nach gcuirfidh siad as do dhaoine agus, dá bhrí sin, nach gcuirfear an lucht féachana ó dhoras.    Ní thugtar an oiread san meas don phaisean.  Tuigimíd go léir an áit arbh as do McDowell, garmhac Eoin Mhic Néill, agus an dearcadh atá aige i leith Poblachtánachas, an phort a bhionn aige faoi ‘athshlánú na Poblachta’ ón dream, dar leis agus le go leor eile, a thug easonóir don Phoblacht agus don Thrídháthach le mí iompar.  Agus an tuiscint sin againn, táimíd go maith ábalta breith cóir a thabhairt ar fhiúntas (nó a mhalairt) an chláír seo.

Tomás Ó Cléirigh (An aisteoir a ghlac a pháirt i sraith TG4)

Tá paisean is ceardaíocht le mothú freisin sa sraith nua, 1916 Seachtar na Cásca, atá á chraoladh ar TG4.  Taispeanadh an chéad chlár, faoi Thomás O Cléirigh, aréir (Dé Chéadaoin) agus d’ínsíodh scéal ana spéisiúil faoin Chléireach, an chéad ainm atá luaite ar fhorogra na  Cásca, fear a chaith timpeall ar 18 mbliain deag sa phriosíún (dhá sheal, trí bhliain agus 15 bhliain).

Tá sé beagnach 100 bliain ón Eirí Amach agus is mór an íontas nár ínsíodh scéal na Sínitheoirí go dtí seo ar an dteilifís.  Tá meascán deas de ‘chloiginn ag caint’, ‘scannán cartlainne’ agus ‘dramaíocht’.    Níl morán griangrafanna againn den Chléireach de bhrí gur chaith sé furmhór na mblianta ina raibh sé sáite leis an IRB agus ag beartú an IRB ag iarraidh an phoibliocht a sheachaint.  Fear ar chúl téarmaí a bhí ann ag an am sin – cé gur ghlac sé páirt lárnach san Eirí Amach.   Táim ag súil go mór le scéalta na Sinitheoirí eile a fheiscint.

Bhí an léiriú ag Abú Media ar fheabhas, ceol álainn ar a chúl, scribhinn eolgaiseach fite fuaite le dea scéalaíocht ó Aindrias  O Cathasaigh.  D’aithníos cúpla aisteoir ón gclár – leithéidí Seán O Meallaigh i bpáirt Sheán Mhic Diarmada agus Lorcan Cranitch a rinne páirt Séamus O Conghaile.

Tugann an dhá chlár seo léargas dúinn ar cheannairí na staire, daoine a d’fhulaing go leor ach nár lig dá bhfulaingt nó a laigí cur isteach ar an obair éachtach a rinne siad.  B’fhiú do Rialtas na linne seo féachaint go géar ar na cláracha seo.

Domhan dhrúisiúil na meáin Ghaeilge

Tháinig casadh eile sa chonspóid faoin iris Comhar inniu, nuair a fhograíodh ar Foinse, go raibh eagarthóir nua ceaptha le teacht sa bhearna atá fagtha de bharr eirí as Aindrias O Cathasaigh. 

Is cosúil gurb é Pól O Muirí, Eagarthóir Ghaeilge an Irish Times, an t-é atá ceaptha le bheith ina ‘eagarthóir’ ar Comhar tar éis gur eirigh Aindrias as an chúram nuair a cuireadh ar a shúile do go mbeadh ar an iris a chuir faoi bhraid an bhoird sara bhfoilseofaí é agus gur deineadh cinsireacht ar thrí eagarfhocal a bhí sé i gceist aige foilsiú. 

Foilsíodh na h-altanna seo sa deireadh thiar i Lá Nua agus is furaist a fheiscint cén fath nár fhoilsigh bórd Comhar, atá ag brath ar mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge, na h-altanna.  Ceann de na h-altanna, cháin sé bórd an Fhorais agus bhí dímholadh ar leith ann do chomhaltaí SF an bhoird as ucht cinneadh an bhoird i leith an nuachtáin laethúil. 

Níl aon meas agamsa ar Phól Uí Mhuirí mar iriseoir nó mar eagarthóir.  Is cinnte nach mó a mheas orm ná mo mheas air.  Cé gur cuireadh mé faoi agallamh do phost eagarthóra Comhar roimhe seo, nuair a fhograíodh an fholúntas ar dtúis, is léir dom anois go raibh an t-adh liom nár ceapadh sa phost mé. Dá achrannaí é Aindrias do bhord Comhar, is cinnte gur mó an achrann mise doibh.  Ní ghlacfainn le post Comhar sna cuinsí seo ná baol air nó mhothóinn go raibh mé ag cuidiú leis an gcinsireacht atá ar bun, dar liom, ag bórd Comhar.   Ní raibh páirt agam riamh le cinsireacht agus ní bheidh.  Agus is mó an difir idir cinsireacht is eagarthóireacht ná mar a thuigfidh bórd Comhar riamh. 

Cuireann sé imní nach beag orm anois gur gar go mbeidh manaplacht in iriseoireacht chlóite na Gaeilge i seilbh dhornán bheag dhaoine.  Nuair a imeoidh Lá Nua i mbéal na Nollag, ní bheidh ach cúpla ball fagtha sa chlub – Foinse, Comhar, trian leathnaigh Ghaeilge an Irish Times, Feasta, An Sagart….agus, bhuel, buiochas le Dia, nós*.   

Ar an liosta sin, is ag an Foinse, Comhar agus an IT a bheidh an fhorlamhas.  Scríobhann Pól O Muirí do Foinse agus is é an Eagarthóir Ghaeilge ar an Irish Times agus Eagarthóir Comhar.  Fiú dá n-aontófá leis an Muiríoch i ngach alt a tháinig riamh óna pheann, bheithfeá den tuairim nach slaintiúil an rud é go raibh a chuid práisigh ar fud na miasa ar fad mar is léir go mbeidh.   

Beag tagairt a deineadh do mhion shonraithe na conspóide i dtuairisc Foinse ar an gceapachán inniu.  Léiriú arís eile go bhfuil an drúisiúlacht atá ag teacht chun tosaigh sna meáín chlóite Ghaeilge ag cothú cinsireacht nó féin chinsireacht nach bhfuil sláintiúil don iriseoireacht nó don dhaonláthas.  

Deirtear sa tuairisc i Foinse, gur ceapachán ‘eatramhach’ é seo.  B’fheidir é, ach tá nós ag ceapacháin eatramhacha iompú ina gceapacháin buana.   Ní h-é seo an chéad uair do bheith ina eagarthóir ar Comhar agus ní cuimhin liom gur chuaigh sé i bhfeidhm orm mar eagarthóir ceannródach nó dúshlánach le linn a thréimhse deiridh sa phost seo.   

Tá gá le h-iris cosúil le Comhar.  Tá gá le leirmheastóireacht ar leabhair Ghaeilge nach deintear ach go h-ánnamh i nuachtáin ar nós an Irish Times – aisteach go leor bhí leirmheas ar leabhar nua le hÉilís Ní Dhuibhne, Dún an Airgid, san Irish Times inniu, i mBéarla ach bhí sé ann.  Tá gá freisin le h-iris ina ndeintear plé réasúnta doimhin ar ábhair a bhaineann le cúrsaí reatha agus polataíocht ach ní féidir é sin a dhéanamh go h-oibiachtúil agus scamall na cinsireachta a bheith ag crochadh os do chionn.  Agus is é sin an chás le Comhar anois, cuma cé bheadh ina eagarthóir air.  Níl a fhios agamsa nó ag aon duine a bheadh fonn ar an iris a léamh an raibh ar an iris seo bheith scagtha ar dtúis ag bórd Comhar ar eagla na h-eagla go gcuirfeadh sé olc ar aoinne, mar shampla bord an Fhorais. 

Roimhe seo ní bhíodh de thoradh ar an ndrúis a bhí ar bun sna meáín chlóite Ghaeilge ach go gcoinneodh Foinse agus a gcáirde greim daingean ar na gradaim a bhíodh á roinnt ag Gradaim na Meáin Chumarsáide Ghaeilge ag an Oireachtas.  Dheineas gearán faoi sin ag an am – de bharr go raibh na gradaim seo á chinneadh de reir ‘vóta’ i measc ‘daoine áirithe’ sna meáin, a bhfurmhór siúd roinnte idir RnaG, TG4, Foinse.  Duaireas ós árd gur cheart painéal mholtóírí a bheith ann, mar a bhionn ag gach comórtas eile ag an Oireachtas, chun buaiteoirí na gcomórtaisí seo a roghnú.  Samhlaigh dá mbeadh buaiteoir Chorn Uí Riada á roghnú de reir vóta, seachas de réir breith mholtóirí!  Ar aon nós, níor tugadh cluas dom ach an rud a rinne Stiurthóír an Oireachtais, Liam O Maolaodha, eagrú na h-ocáide a chur i lámha chomhlacht caidrimh poiblí, amhail is go leigheasfadh sé sin an fhadhb.   

Anois tá rud eigean níos luachmhaire ar fad ná vása criostail i mbaol, tá léargas neamhspleach na h-iriseoireachta Gaeilge ar shaol na Gaeilge agus an domhan mhór i bpriacal. 

Sa mhéid is go gcreidim go bhfuil gá le h-iris cosúil le Comhar, guím rath ar an eagarthóir nua-cheaptha.  Guím nach ngeillfidh sé don cinsireacht nó don dhrúis mhí-shláintiúil seo.  Guím nach ngeillfidh sé d’Fhoras na Gaeilge agus a gclaonadh gach guth easaontach a chuir ina thost más féidir leo é seo a dhéanamh.    Tá amhras orm faoi thodhchaí Comhar agus faoi thodhchaí na h-iriseoireachta chlóite Ghaeilge ar pháipéar.   

Tá amhras agus imní orm.

Aois na cinsireachta

Mar a bheadh le rá ag an Bhantiarna Bracknell ón ndráma The Importance of Being Earnest, is mí adh é foilseachán Ghaeilge [Lá Nua]  a chailliúnt ach is féidir a rá gur mí chúram amach is amach é an dara fhoilseachán Ghaeilge a chailliúnt in achar gearr ama.

Is cosúil go bhfuil Comhar i mbaol arís de bharr gur eirigh an t-eagarthóir, Aindrias O Cathasaigh, as an chúram in eagarfhocal ar fhoilsíodh i Lá Nua inniu, seachas i gComhar féin.  Is cosúil go bhfuil an tUasal O Cathasaigh ag rá go raibh bórd Comhar ag cur iachaill air an t-iris a chuir faoina mbraid le go bhfaofaí é – faomhadh focal brea eile a thug Foras na Gaeilge dhúinn mar fheirín – sara bhfoilseofaí é.

An ceart glan ag Aindrias an fód a sheasamh in éadan na cinsireachta agus ar shon saoirse an phreasa.  Tá sé chomh maith do a rá nach bhfuil ann ach an giolla agus go bhfuil an cinneadh dheiridh fagtha faoin mBórd.

Ach cén fath go bhfuil an Bórd ag iarraidh an cumhacht seo?  An é go bhfuil siad ag iarraidh gan olc a chur ar leitheidí Fhoras na Gaeilge atá, de reir dealraimh, ag comhaoiniú aiseirí Comhar, Euro ar Euro, le maoinitheoirí eile na h-irise?

Tá leid bheag sa mhéid seo a deirtear san Eagarfhocal:

Tá sé de chúram ar eagarthóir irise í a chur i dtoll a chéile go neamhspleách ar bhord, coiste nó foras ar bith a bhfuil clár eile oibre acu. Ní eagarthóir fiúntach a bheadh sa té a ghlacfadh le ladair a chur isteach mar sin, ná ní iris fhiúntach a chuirfeadh an té sin in eagar.

Agus anuas ar sin, tá sé ráite gur bhain ceann de na h-eagarfhocail nár foilsíodh leis an ngéarchéim ag Lá Nua.  Stad Phreas an ceann teideal air sin. An é go raibh eagarthóir Comhar ag féachaint chun tosaigh agus ag aithint na deacrachtaí a bheadh ann do leitheoireacht na Gaeilge dá mbainfí an fhoilseachán Ghaeilge is mó díol, fiú ag an lá is measa [1500 coip] agus, ar an lá is fearr, i bhfad níos mó ná sin[4,500 coip in aghaidh an lae] den mhargadh?

De reir foilsitheoir ar labhair mé leis ag Oireachtas na Gaeilge, tá taighde déanta a léiríonn nach bhfuil de mheán dhíolachán ag leabhair Ghaeilge ach 184 coip.  Sin taighde údarásach a deineadh ar 1,000 leabhar Ghaeilge.

Léiríonn sin nach bhfuil margadh ann don Ghaeilge.  Ach conas a bhféadfadh margadh a bheith ann?  Caithfimid an margadh a bhunú, a bhuanú, a fhás agus a fhorbairt?  Agus níl an acmhainn againn sin a dhéanamh gan airgead ón bhForas – ach caitheann Foras na Gaeilge gach pingin margaíochta atá acu ag cur Foras na Gaeilge chun tosaigh seachas aon tairge ar leith nó aon rud Gaelach ar leith. Ní fheadar an mó céad míle Euro atá díolta acu le comhlachtaí caidrimh poiblí ar nós Financial Dynamics chun preas raitis a eisiúint – sa bhfíor shaol, gort na n-eagras agus na meán Ghaeilge, is an eagras nó an meán féin a ullmhaíonn agus a dháileann an phreas ráiteas seachas bheith ag díol €1,000+ in aghaidh an lae le comhlacht caidrimh phoiblí chun an ‘sclabhaíocht’ sin a dhéanamh.

Cé atá freagrach as foilsitheoireacht na Gaeilge?  Foras na Gaeilge. Go bhfoire Dia ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge nó is cosúil gur cinsireacht seachas foilsitheoireacht atá á spreagadh ag an bhForas.

Míle náire iad an Fhoras, míle náire freisin Bórd Comhar nár sheas leis an eagarthóir ar cheap siad tar éis comórtas phoiblí.

Admhóidh mé anseo go raibh mise san iomaíocht don phost a fuair Aindrias.  Rinne mé comhghairdeas leis as a cheapachán.  Ach tréaslaím a chnamh droma agus a chrógacht leis inniu.   Tá tuilleadh dá leitheid uainn agus má tá an iomarca eagrais Ghaeilge againn, mar a mhaíonn an tAire ó am go cheile, b’fheidir go bhfuil sé in am an sléacht a dhéanamh.  Tosnaigh leis an bhForas….