Cartlanna Clibe: Acht na dTeangacha Oifigúla

Sár na Gaeilge ‘s teanga an aistriúcháin

Tá alt spreagúil ag Eoghan O Néill i nGaelscéal na seachtaine seo.  San alt molann sé go mbeadh ‘Sár [Tsar] na Gaeilge’ fostaithe chun an Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm.   Dar léis, tá gá lena leithéid chun slad agus sléacht a dhéanamh ar mhaorláthas na Gaeilge, beidh an plean 20 bliain marbh taobh istigh de bhliain.

Aontaím go bhfuil gá le slad agus sléacht a dheanamh ar mhaorláthas na Gaeilge.  Is é an maorláthas sin thar rud ar bith eile atá ag tachtadh na teanga i mbéal an phobail mhóir.   Ach is cosúil go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge gafa leis an maorláthas.   Dá mbainfí dínn ‘Acht na dTeangacha Oifigiúla’ is ‘Stadas’, bheadh an chuid is mó dínn ar nós cuma linn – ní chuireann sé isteach ar ár saol beag nó mór –  ach an dream a bhionn glórach ar son na teanga, bheidis ag scairteadh ó bharr gach díon is ag iad ag éileamh ár gcearta.

Níl a fhios agam an bhfuil gá le Sár Fhear – nó Sár Bhean – na Gaeilge chun tabhairt faoin sléacht seo ar an mhaorláthas, an chéad chéim in athrú mheoin mhuintir na hÉireann dar liom – chun seo a dhéanamh.   Is dócha go bhfuil.  Ach cé a íocfadh sár thuarastal an sár dhuine seo?   An Rialtas?   Más duine le dul i ngleic le maorláthas na Gaeilge atá ag teastáil, ar cheart go mbeadh sé ag obair mar fhostaí an Rialtais?   Mar a dúirt Eoghain féin ag deireadh an ailt s’aige, ní rialtas a chuireann tús le réabhlóid.

Nó ar cheart dúinne, pobal na Gaeilge, ár lámha a chur inár bpócaí féin chuna leithéid de úrlabhraí a chur ag  obair ar ár son agus ar son na teanga?       Go dtí go dtarlaíonn sin, ní bheidh athrú ar bith ann.

Is maith liom spiorad an óige i dTír na mBascach agus na Breataine Bige – ach anseo in Éirinn, tá buainíocht na Gaeilge go brea sásta mura mbionn athruithe ar bith ann – agus má bhionn athruithe ann, is cinnte nach gcuirfear isteach orthu.

Is minic mé ag gearán faoi ‘thionscal an aistriúcháin’ ach tá gá anois le teanga an aistriúcháin chun meon an phobail, pobal na Gaeilge sa chéad dul síos, a athrú ón dteanga ina bhfuil rudaí á dhéanamh ar phobal na Gaeilge (mar shampla an margadh suarach a rinne CLG le TV3 chun an Ghaeilge a chur ina tost ar laethannta na gcluichí móra i mí Mheán an Fhomhair) go dtí an teanga ina mbeidh cur síos á dhéanamh ar na rudaí fónta ar son na teanga atá ar siúl ag na Gaeil.  Agus tá sin á dhéanamh fiú anois – ach níl an scéal sin le cloisint taobh amuigh de phobal na Gaeilge féin.