Cartlanna Clibe: Acht na dTeangacha Oifigiúla

Polataíocht an ionsaí dheiridh

tuairiscscéal san Irish Examiner inniu agus baineann sé leis an sean phort faoi airgead a bheith á chur amú ar an nGaeilge tre acmhainní bheith curtha amú ag aistriú caipéisí go Gaeilge nach mbionn á éileamh [á cheannach] ag pobal na Gaeilge.

An iarraidh seo is i gContae an Chláir atá an achrann seo.   Tá comhairleoir de chuid an Chomhaontais Ghlais, Brian Meaney, ag tabhairt chun solais gur caitheadh €30,000 ar leagan Ghaeilge den phlean forbartha chontae a chur ar fáil.    Is cosúil nach bhfuil aon dream tar éis an chaipéis a cheannach.

Tá comhbhá áirithe agam don Chomhairleoir Meaney.  Is cinnte go bhfuil go leor airgid á chur amú ar chaipéisí oifigiúla – na leaganacha Ghaeilge agus na leaganacha Bhéarla.

Mar a deir sé féin:

“Spending this money on translating these plans, that no one reads, makes a mockery of the language. If the council is given a choice in the future of spending €10,000 on translating an annual report into Irish or providing €10,000 in grants in improving homes for the elderly or people with disabilities, I know which choice I would make.”

Ach an é sin an rogha atá á dhéanamh?   Ní dealraíonn sé domsa go bhfuil easpa acmhainní ann.   Ar an bpríomh leathnach céanna atá an scéal seo luaite san Irish Examiner inniu, tá scéal ann faoi Mary Harney ag séanadh aon fhreagracht as ucht an bónas €70,000 in aghaidh na bliana a díoladh leis an Ollamh Brendan Drumm, ceannasaí an Feidhmeannacht Seirbhísí Sláinte, trath go bhfuil an seirbhís sin i bpriacal de bharr easpa airgid!   Anuas ar sin, níl aon easpa airgid ann chun pinsean brea ramhar a ioc le John O’Donoghue, an Ceann Comhairle ar eirigh as de bharr an raic faoi na costaisí taistil a shaothraigh sé le dhá bhliain anuas mar Cheann Chomhairle, isteach is amach le €250.000 ag freastal ar na Rasaí i Longchamps is eile.

Ach go tobann tá easpa airgid ann maidir leis an nGaeilge.

Tá rud éigean aisteach faoi sin.

Tá sé raite agam go minic roimhe nach fiú na h-aistriúcháin seo a dhéanamh a fhaid is nach bhfuil téacsleabhair ar chomhchéim leis na téacsleabhair Béarla ar fáil sna scoileanna do pháistí atá ag foghlaim Gaeilge agus trí Ghaeilge.  Sin an feall is mó atá á dhéanamh ar an dteanga – mar mura dtuigeann páisti go bhfuil an leagan Ghaeilge chomh maith nó níos fearr ná an leagan Bhéarla agus iad ar scoil nó fiú ar an naíonra, ní bhacfaidh siad riamh le leagan Ghaeilge de chaipéis níos déanaí ina saol.

B’fhearr liom freisin go mbeadh an airgead á chaitheamh ar leabhair Ghaeilge, agus ar dhíolaíocht na leabhar sin, seachas é a bheith á chaitheamh go h-amaideach, dar liom, ar chaipéisí nach léifear i dteanga ar bith.   Ach sin maorláthas an Stáit duit – tá dúil uafásach acu i ndubhach agus i bpáipéar agus is cuma leo sa tsioc faoin chostas mar ní iadsan atá ag ioc na mbillí.  Ní iadsan atá ag ioc na mbillí…ach sinne!

Creidim féin go bhfuil talann na n-aistritheoirí á chur amú ar chaipéisí oifigiúla nuair a fhéadfaidís bheith ag cur rudaí i bhfad ní ba thairbhí ar fáil i nGaeilge, ábhar a bheadh éileamh ann do gan amhras.

Creidim go laidir mar sin go bhfuil sé fánach a bheith ag gabhail don siar agus aniar seo le leithéidí Brian Meaney le cur in iúl do go bhfuil slí níos fearr ann chun airgead an chomhairle a chaitheamh.   Eirímíd, mar phobal, sáite i gcogadh nach mbainfimid mar tá na fórsaí atá inár gcoinnibh ró thréan agus ró ghlic.   Tá sé in am athrú cur chuige bheith ann.

Mhothaigh mé go raibh athrú dearcaidh le sonrú sa bhealach a raibh Julian de Spainn ag plé leis an cheist inniu ar chlár Eamon Keane ar Newstalk – bhí sé ag rá nach é aistriú gach caipéis go Gaeilge an cloch is mó ar phaidrín an Chonartha.  Dúirt sé go raibh an Chonradh ar shon,mar shampla, módhanna níos eifeachtúla chun an Ghaeilge a theagasc ionas go mbeadh níos mó daoine in ann í a usáid agus, amach anseo, go mbeadh níos mó daoine ag éileamh na caipéise conspóidí seo: ie http://www.clarecoco.ie/Planning/Docs/Irish_Version_County_Dev_Plan.pdf.

Roinnt blian ó shin, agus mé ag obair le Lá Nua, tógadh raic den tsort céanna i gContae Chorcaí mar gheall ar fhoilsiú phleananna áitiúla i nGaeilge agus gan éinne bheith á lorg. Ach ní h-é ná raibh daoine á lorg – ní rabhdar á gceannach.  Cé a chuirfeadh an locht orainn nó chosain siad breis is €150 an coip?  Agus bhí siad ar fáil saor ar an idirlíon.  Mar atá plean an Chláír….anseo.

Ach tá lúb ar lár ag baint le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, an reachtaíocht faoinar dréachtaíodh na scéimeanna atá ag solathar an phaipearachais ar fad i nGaeilge dúinn.  Cén fath nach féidir iachaill a chur ar an Roinn Oideachais, mar shampla,  faoin reachtaíócht seo, cúram a dhéanamh de sholathar leabhair Ghaeilge do bhunscoileanna, Gaelscoileanna, Scoileanna Gaeltachta, Mean Scoileanna agus araile?    Cairt na maorlathach atá ann agus is beag an tairbhe é don ghnath Ghaeilgeoir, nach léir go bhfuil aon leas á bhaint aige nó aici as.

Ach sin mise fillte ar mo shean phort in athuair.

Cad a dhéanfaimís feasta gan POBAL?

Cé go gcuirim a mhalairt in iúl ó am go chéile, tuigim go bhfuil gá agus riachtanas le reachtaíocht chun an Ghaeilge a chosaint. Is amhlaidh nach gcreidim go bhfuil an chosaint chuí á thabhairt ag Acht na dTeangacha Oifigiúla don teanga. Is cairt mhaorláthach atá ann seachas cáirt cosaint teanga.

Ag an am chéanna, caithfear dul i ngleic leis an maorláthas céanna agus an teanga a bhaineann siad úsáid as a úsáid chun cosaint cheart a fháil don Ghaeilge.

Sin é go díreach an obair barr riachtanach ar bun ag POBAL ó thuaidh. Bionn POBAL de shior ag stocaireacht, ag beartú, ag gníomhú agus ag plé le na h-udaráis ar mhaithe leis an Ghaeilge agus pobal a labhartha. Ní doigh liom go bhfuilim ag tabhairt masla d’aon ghrúpa teanga eile san oileán má dheirim nach bhfuil a sarú le fáil. Is é seo an obair leadránach, dúinne nach bhfuil ag gabhail do pé scéal é, fadalach, tuirsiúil, gan buiochas, atá á dhéanamh ag POBAL. Obair riachtanach atá i gceist agus obair nach bhfuil á dhéanamh ag aon pháirtí pholatúil agus atá ina acmhainn ag gach páirtí polatúil…..

Agus léirigh siad an barr feabhais atá ar a gcuid oibre nuair d’áitigh siad ar na Náisiúin Aontaithe tacú le seasamh POBAL go bhfuil Rialtas na Breataine ag cliseadh ar a ndualgaisí i leith na Gaeilge. Sin rud nár dhein Coiste Cearta Shoisialta, Eacnamaíochta agus Cultúrtha riamh roimhe, ráiteas a éisiúint ar cheist teanga mar seo.

An tseachtain seo chaite a d’éisigh na Náisiúin Aontaithe an daorbhreith seo ar mhí-iompar Rialtas na Breataine i leith na Gaeilge. Cé gur feidir go dtugtar neamairt ar an iompar seo, b’fhearr liomsa mí-iompar a thabhairt air. Aithníonn Rialtas na Breataine go bhfuil gá cosaint a thabhairt do Ghaeilge na hAlba in Alba agus don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag – ach ar chúis éigean ní féidir leo na dualgaisí atá orthu maidir leis an Ghaeilge a aithint i dtuaisceart na hÉireann.

Bhí sé suntasach go raibh sé luaite sa ráiteas a d’éisigh na Náisiúin Aontaithe go raibh gá le cosaint reachtúil ar nós na reachtaíochta sna tíortha eile – ach anuas ar sin go raibh gá le cead an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna agus, freisin, go raibh sé riachtanach go mbeadh an Ghaeilge á chraoladh sna meáin chraolta.

Dar liomsa ní fiú morán reachtaíocht ar son na Gaeilge mura bhfuil cosaint á thabhairt don Ghaeilge sna meáin, sna meáin chraolta ach go h-áirithe. Tá sin soiléir ó dheas nó, mar atá léirithe agam ar an mblag seo anseo, tá sceannairt á dhéanamh ag RTÉ ar chláracha chúrsaí reatha i nGaeilge ar sceideal RnaG agus iad ag iarraidh ciorruithe a dhéanamh. Go deimhin is dócha go bhfuil cosaint ag an nGaeilge sa reachtaíocht faoinar bunaíodh RTÉ ach is beag ceann seachas béal craiféacht a thugann an Chraoltóir Náisiúnta do sin.

Tá reachtaíocht, bunaithe ar phroiseas chomhairliúcháin fadalach agus cuimsitheach, cumtha ag POBAL chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge ó thuaidh. Reachtaíocht ceart bhunaithe atá ann – seachas scéim bhunaithe. Níl aon suim ag Feidhmeannas an Tuaiscirt rud ar bith a dhéanamh faoi – agus bí cinnte de seo, má chuireann siad reachtaíócht ar na leabhair lá i bhfad nios faide anonn, beidh an reachtaíocht sin bunaithe ar chur chuige gan chnamhdroma na reachtaíochta ó dheas sna 26 contae seachas ar reachtaíocht POBAL. Sin an chomhairle atá tugtha go minic ag an Aire Ó Cuív d’údaráis an Tuaiscirt nó tá sé ráite aige sa Dáil go gcungaíonn an reachtaíocht, Acht na dTeangacha OIfigiúla, na dualgais atá ar an stat ar aon nós, de réir na Bunreachta, maidir leis an nGaeilge.

Ní ró bhuioch atá na h-údaráis ar cheachtar taobh den teorainn as ucht an bharra maidir le cearta teanga a ardú. Agus sin an fath go mbionn an scatheagras i gcónaí faoi bhagairt ó mhaoinitheoirí ar nós Foras na Gaeilge, is dócha…

An cheist €6m+

De reir tuairisc sa Sunday Tribune inniu, caitheadh – nó cuireadh amú – breis is €6m ar chaipéisí rialtais a aistriú go Gaeilge le sé bliana anuas.

Ach i bhfirinne, tá an fhigiúir níos mó ná sin. Nó ní chuirtear san áireamh an tuairim is 90 eagras stát atá scéimeanna teanga aontaithe acu leis an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta.

Tá a fhios agaibh nach bhfuil morán measa agam ar aistriúcháin agus go gcreidim gur tubaistí teanga iad Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Stadas Oifigiúil na Gaeilge sa Chomhaontas Eorpach.

Cuirim an cheist anseo: an fearrde an teanga gur caitheadh na mílte Euro ar ráiteas straitéise na Roinne Ghnóthaí Eachtracha a aistriú go Gaeilge?

Dá mbeadh €6m le caitheamh agat, agus níl ansan ach an chodán is lú den chaiteachas seo, arbh fhearr leat dá mbeadh an t-airgead sin, €1m in aghaidh na bliana, ar aistriúcháin den tsort atá luaite agam thuas nó, mar shampla, ar nuachtán laethúil Ghaeilge – Lá Nua mar a bhí – nó fiontar teanga fiúntach eile?

Sin mo cheist _ agus mo fhreagra. An bhfuil moltaí nó freagraí agaibh?

Cad is fiú “cothromas” don Ghaeilge?

aontaseorpach
Sin mo cheist. Eascraíonn sé ón méid a tugadh dom mar fhreagra ar an méid seo a bhí scríte agam in alt roimhe seo:

Tubaistí don Ghaeilge iad an stadas oifigiúil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla agus níl aon seasamh le raiteas an Rialtais i leith na Gaeilge thar mar a bheadh ag eisiúint oifigiúil aer the ar bith!

Ar ndóigh, sara dtáinig Acht na dTeangacha Oifigiúla ar an bhfód, bhí an Ghaeilge chun tosaigh ar an mBéarla, de réir na Bunreachta. Reachtaíodh an reachtaíocht sin i 2003 agus, mar thoradh ar sin, cuireadh laincis ar an nGaeilge. Anois ní raibh sé chun tosaigh ar an mBéarla, bhí sé ‘cothrom’. Anuas ar sin tá ar gach eagraíocht stát scéim a aontú leis an Aire chun na dualgaisí atá ar an eagraíocht sin a leagadh síos. Ag an gcomhaireamh dheireannach bhí thart ar 90 scéim daingnithe.

Ach cad is fiú scéim daingnithe? Má fhéachann tú ar an liosta feicfidh tú, mar shampla, go bhfuil an Roinn Oideachais is Eolaíochta ann. Chuir comhleacaí glaoch ar an Roinn seo in Atha Luain ar na mallaibh ag lorg duine áirithe san oifig ansin. Bhí ainm an duine seo ag mo chomhleacaí i nGaeilge nó b’shin an ainm a bhí ar litir a seoladh chuig an chomhleacaí. Nuair a tugadh an ainm seo don bhfeidhmeannach a fhreagair an fón, ní raibh a fhios in aon chorr ag an duine sin cé a bhí i gceist. Go deimhin léiríodh mí chuirtéis do mo chomhleacaí as ucht an trioblóíd a chuir ar ionadaí na Roinne bheith ag plé le h-ainm Ghaeilge mar seo. Sa deireadh chuir mo chomhleacaí an fón síos agus fuarthas uimhir díreach don duine a bhí á lorg ó chomhleacaí eile agus cuireadh an glaoch agus deineadh an gnó, i nGaeilge.

Má tá an Roinn Oideachais sásta duine nach bhfuil tuiscint acu ar an nGaeilge agus atá dúr le cois a chur ag freagairt an fón i bpríomh oifig de chuid na Roinne, cad a deir seo mar gheall ar fhiúntas na ‘scéime’?

Níl ansan ach sampla amháin. Thógfainn ceist freisin faoin fhiúntas atá leis an scéim i bhfianaise an chosaint atá an Roinn go fóíll ag déanamh ar an meamram ag cur cosc ar thumoideachas. Agus cad faoi cothromas a bheith ann ó thaobh téacsleabhair Ghaeilge is téacsleabhair Bhéarla? An bhfuil sin ann – níl ná baol air.

Ní miste liom stadas oifigiúil a bheith ag an nGaeilge san Aontas Eoraip chomh fada augs go gciallaíonn sin rud éigean i bhfírinne do chainteoirí Ghaeilge in Éirinn agus, go deimhin, san Eoraip.

Ar éigean go n-éistim leis an méid a bhíonn le rá acu i mBéarla nó i dteanga eile ar bith i bPairlimint na hEorpa. Tuigim go mbeadh corr Fheisire ag labhairt i nGaeilge anois is arís, leitheidí Seán Ó Neachtain agus Bairbre de Brún, ach ní fheictear dom go bhfuil aon meachan leis an meid a deir siad. Mar sin de, cad is fiú é?

Maidir leis an stuif eile go léir atá ar fáil i nGaeilge ón Aontas Eorpach – an bhfuil pobal na Gaeilge níos fearr as dá bharr? Suíomhanna idirlíne ar nós an ceann seo – má bhrúann tú ar nasc ar bith, abraimís an ceann a deirtear gur féidir lán léargas ar an AE a fháíl ann, ní bhfaighidh tú ach leathanach Béarla ar son do thrioblóíd.

Arís eile, fiú dá mbeadh an leathnach seo i nGaeilge, cad is fiú é? Níl ann ach leathnach i measc na milliún leathnach eile atá ar fáíl ar shuíomh an Aontais. An bhfuil tabhacht aige seo i do shaol – beag an baol ach gur tusa a d’aistrigh é.

Dá mbeadh an t-airgead a chaitear ar an aistriuchán in aisce seo le caitheamh ar chuidiú phraicticiúil do chainteoirí Ghaeilge – mar shampla tacaíocht d’ionaid teanga ar nós Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar fuaid na hÉireann agus, ná dearúdaimís, corr cheann san Eoraip in áíteanna ar nós an Loibhéin sa Bheilg nó Lubin sa Pholainn, nach mbeadh leas nios fearr as sin? Nó cabhair le h-aghaidh staisiún raidió craoladh sa teanga ársa Eorpach seo, an Ghaeilge?

Tá airgead na Gaeilge á ligean le sruth mar gheall ar an ró bhéim ar aistriúcháin agus gan a dhothain béime ar chabhair phraicticiúil do chainteoirí agus úsáideoirí na teanga.

Sin é mo bharúil. Cad é bhúr dtuairim?

Mar eolas don t-é a dúirt go mbeadh leitheidí TG4 thíos le h-aisghairm Acht na dTeangacha Oifigiúla, ní miste liom an méid seo a rá. Níl mír ar bith san Acht a deir tada faoi TG4. Bhí TG4 ar an bhfód sara dtáinig Acht na dTeangacha Oifigiúla chun tosaigh mar smaoineamh. Bhíos ar an dream a bhí ag agóidíocht ar son TG4, trath go raibh ciall ag baint le feachtais na Gaeilge.