Cartlanna Clibe: Acht Ghaeilge ó thuaidh

An Prionnsa Searlas – ‘Gile mear’ na Gaeilge?

“I would suggest Gaelic, like any other language or culture, belong to all the people and communities of a nation whether or not they’re actively involved with it.”

Seo a bhí le rá ag an Prionnsa Searlas, comharba Rí Theaghlach na Breataine, agus é ag caint inné ag an Mod i dTuaisceart Albain.   Anois ní ghlacann sé morán samhlaíochta an ceangal a dhéanamh idir an dearcadh tuisceanach seo i leith teanga na nGael in Albain, mar atá níos lú cainteoirí Ghaeilge ná mar atá sna sé chontae i dTuaisceart Éireann, agus an dearcadh atá i réim sa chúinne thoir thuaidh den oileán seo.

Cad faoi iarracht eile an Oireachtas a reachtáil i mBéal Feirste – an chéad uair ón sar fhéile a reachtáladh ann i 1997 (agus tá’s agam go mbeidh cuid agaibh nach mbeidh ag teacht leis an gcur síos sin ach bíodh agaibh, bhí mé ann agus ba mhór an spórt é!)  – agus an uair seo, cuireadh a thabhairt don Phrionnsa Searlas é a oscailt?

An bhfuilim ag déanamh ‘John Bruton’ díom féin má deirim gur mó a dhéanfadh a leithéid chun tost a chuir ar leithéidí Nelson McCausland agus a chomh dhúramaín?  Ní dócha go dtarlóidh sé mar gheall ar an dhaorsmacht atá ag fórsaí coimeadacha ar ghluaiseacht na teanga sna réimsí ina ndeintear cinntí dá leitheid – ach creidim gur fiú an diospóireacht a chur ar bun.

Go dtí seo, ba bheag mo mheas ar an bPrionnsa Searlas, ceannasaí na reisiminte a rinne an scrios i nDoire ar Dhomhnach na Fola.  Ní athraíonn sé mo dhearcadh i leith an fhir morán cé go gcaithfidh mé a rá go bhfuil an ráiteas atá déanta aige úsáideach do chúis na Gaeilge ó thuaidh, ach an úsáid ceart a bhaint as.

Bhí os cionn 2,000 i láthair do cheiliúradh POBAL ag an deireadh seachtaine

Agus sinn ag caint ar mhuintir an Tuaiscirt agus a bhfeachtas leanúnach, bhí ceiliúradh an Domhnach seo chaite i Margadh Naomh Sheoirse i mBéal Feirste ar ghluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh.   Roghnaigh siad an lá b’amharaí – 10/10/10 – don cheilíuradh seo ach b’é an cheathrú bhliain aithris a bhí ann ar Chomhaontú Chill Rimhinn, an phíosa phaipéar sin a shínigh na mór phairtithe ó thuaidh agus an dhá rialtas ag geallúint go solúnta, inter alia, go mbeadh Acht Ghaeilge ó thuaidh.   Ar ndóigh nior tharla faic chun an gheallúint sin a chomhlíonadh ó shin – bualadh bos do Shinn Féin, an SDLP, an DUP agus an UUP agus, ar ndóigh Rialtais na hÉireann agus na Breataine…  Ní h-é gur duine mé a thacódh le cairt mhaorláthach eile ar nós ‘Acht na dTeangacha Oifigiúla’ ó dheas – ach tá gá le h-aitheantas dlithiúil don teanga ó thuaidh.

 

Na Péindlithe i réim ó thuaidh go fóill

Is cosúil go bhfuil na péindlithe i réim ó thuaidh go fóill, más aon tomhas é an diultú seo a tugadh d’iarratas Caoimhín Mac Giolla Chátháin ar iarratas s’aige ar son ceadúnais a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Baineadh úsáid as an reachtaíocht, Feidhmiú na gCúirteanna 1737, chun diultú don iarratas seo.

De réir na reachtaíochta seo: “all proceedings in courts of justice within this kingdom shall be in the English language.”

Ach tá cead ag cainteoirí i nGaeilge na hAlba a gcás a throid sa teanga sin in Albain agus tá an chéad céanna a dteanga féin a úsáid sna cúirteanna ag cainteoirí na Breatnaise sa Bhreatain Bheag.

Mar sin, ní fheadar dá mba rud é go dtarlódh sé go mbrisfí an dlí amach anseo agus go raibh an t-é a bhris an dlí ós comhair na cúirte agus dá n-iarrfadh an duine sin cead an cás a throid i nGaeilge na hAlba (agus ansan labhairt i nGaeilge Bhéal Feirste), an bhféadfaí cosc a chuir air ansan?

Tá deacracht ag na breithimh ó thuaidh nó, fiú go bhfuil an reachtaíocht ann, tá an scéal tar éis bogadh chun tosaigh go polatúil. Mar shampla, tá an t-aitheantas céanna ag an Ghaeilge i dtuaisceart na hÉireann is atá ag an Bhreatnais agus ag an Ghaidhlic in Alban faoin Chairt Eorpach. Mar sin de nár cheart go mbeadh an cead céanna an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna.

Thall ar bhlag Mháirtín Uí Mhuilleoir, tá moladh spéisiúil déanta ag Séamus Mac Seáin i bhfreagra ar thrachtaireacht an Mhuilleoirigh ar an chonspóid.

an bhfuil a fhios againn caídé go díreach a dúirt an breitheamh ina bhreithiúnas?.i bhfad siar ag tús an 20ú aois nuair a bhí leatrom mar seo á chleachtadh ag OIFIG A’ PHOIST i mBAC chuir Dúghlas de hÍde agus a chairde 100 duine isteach in Árd Oifig A’ Phoist agus beart beag an duine acu gur stád siad obair na hoifige ar feadh an lae.An fiú briseadh dlí siombalach a eagrú leis an rud chéanna a dhéanamh i bhfus leis na cúirteanna a phlodú?

Agus má chriochnaíonn gach éinne sa phriosún de bharr diultú don reachtaíocht a ordaíonn doibh an cás a throid i nGaeilge, nach mbeifear ábalta tabhairt faoin bhfeachtas atá á mholadh scéim tithíochta do Ghaeil a bhunú.

B’fhéidir go bhfuil an moladh sin ró bhaoth do scéal chomh tromchúiseach.

Is eachtraí mar seo a dhaingníonn an cháis ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh. Ní cur amú airgid atá i gceist ach ceist cearta daonna go mbeifeá ábalta do chás a throid i do theanga féin. Ag an am chéanna, tá an scéal sin imithe thar fóir ó dheas agus na milliún Euro á chaitheamh ar aistriú na n-ionstraimí reachtúla.

Tá’s agam go bhfuil daoine nach n-aontaíonn liom ar na ceisteanna seo – go bhfuil daoine ann a chreideann go bhfuil mé i mbun feachtais chun na h-aistritheoirí ar fad a dhí fhostú!

Ach sin é mo phort-sa.