Cartlanna Clibe: Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge.

Plé an Chomhchoiste Oireachtais ar an nDréacht Straitéis

Bheadh sé úsáideach, ceapaim, dá ndéanfadh daoine ar suim leo an Ghaeilge agus an Dréacht Straitéis an phlé a deineadh le déanaí ag an gcruinniú den Chomhchoiste Oireachtais i leith Turasóireacht, Spórt, na hEalaíona agus na Gaeltachta a léamh.

Is fiú go h-áírithe féachaint ar an méid seo a dúirt an Dr. Peadar O Flatharta:

Dr. Peadar Ó Flatharta: Cúpla pointe le treisiú leis an gcuid atá ráite cheana. Ceann de na rudaí a bhí daoine ag gach cruinniú poiblí ná an bhfuilimid chun é seo a dhéanamh an uair seo agus an bhfuil seo ag dul a tharlú. Sin buncheist don straitéis seo mar tá go leor leor tuairiscí agus caipéisí breátha agus grafaicí agus mar sin ann cheana féin ach caithfear an rud seo a chur i bhfeidhm nó níl aon chor tosú air ar chor ar bith.

Chaith muid go leor ama ag iarraidh an cheist seo a oibriú amach: cén chaoi go bhféadfaí struchtúr a chur in áit go gcuirfí é seo i bhfeidhm? Ceann de na ceisteanna a bhaineann go sonrach leis nach mbaineann seo le Roinn Stáit amháin. Táimid ag brath ar go leor de na Ranna eile chomh maith leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá contúirt ann, má chuirfear ar ghualainn na Roinne sin é go gcuirfear isteach i mbosca beag ansin agus ní bhainfidh sé le haon Roinn eile Stáit. Baineann sé le beagnach gach Roinn Stáit sa chóras. Sin an fáth gur mhol muid go mbeadh an comhordú á dhéanamh ag Roinn an Taoisigh, ag oifig cláir faoi cheannas rúnaí cúnta, duine a mbeadh an chumhacht aige an straitéis seo a bhrú chun cinn agus comhoibriú tras-rannach a chinntiú mar tá an comhoibriú sin luachmhar.

Caithfear ar ndóigh córas éigin chun an straitéis a mheas go rialta a chur ar bun. Mhol muid go ndéanfaí measúnú neamhspleách trí Oifig an Choimisinéir Teanga nó dream éigin neamhspleách a bheadh in ann a rá chuile bhliain go bhfuilimid nó nach bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn.

Ansin, tá ceistenna acmhainní ann. Ní raibh deis againn dul isteach sách-mhinic i gceist na hacmhainne ach an tuairim atá againn ná go bhfuil go leor acmhainní maoine ann faoi láthair. Táimid an-ghann ar acmhainní daonna, daoine taobh istigh den chóras atá in ann an tseirbhís a chur ar fáil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Sin an fáth gur mhol muid polasaí cinnte earcaíochta a bheith ann go ceann méid áirithe blianta, le deis a thabhairt do dhaoine dátheangacha teacht isteach sa chóras. Chuideodh sin leis na scoileanna, leis an nGaeltacht agus leis na Gaelscoileanna, go mbeadh deis ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid. Má táimid ag dul i dtreo an 250,000 duine seo a tháinig chugainn ón Aire, ar a laghad is sprioc é agus seo an chéad uair a chuala mise daoine ag caint ar mhéadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Mura mbeadh de thoradh ar an sprioc seo ach é sin amháin, is dul chun cinn mór é.

Caithfimid feabhas a chur ar an dearcadh, feabhas a chur ar chumas agus deiseanna úsáide a thabhairt don teanga.

Tá an chuid eile le léamh anseo.

Teach lán ag comhdháil Phleanáil Teanga

Seosamh Mac Donncha, Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge, ag tabhairt a chaint ag an Scoil Earraigh

Táim ag frreastal ag tús na seachtaine seo ar Scoil Earraigh faoi Phleanáíl Teanga atá á reachtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge – cé go bhfuil gnóthaí eile agam sa Ghaillimh freisin.  Tuilleadh faoi sin ar ball.

Nuair a shroich mé Aras na Macléinn ag an Ollscoil maidin inné, tar éis eirí moch agus turas fada agus, ag amanntaí, baolach, bhí an seomra comhdhála lán go doras agus Seosamh Mac Dhonncha ag cur deireadh lena chaint ar an Stráitéis 20 Bliana i leith na Gaeilge.   Ar éigean go raibh spás ann le seasamh.

Is maith ann an Scoil Earraigh seo, fóram chun cúrsaí pleanála teanga a phlé agus léargas an dream atá ag déanamh dian staidéir ar cheisteanna thar a bheith deacair agus casta.

Tháinig mé le dearcadh daingean i mo cheann go raibh dul amú san cur chuige deighilteach, dar liom, a bhionn á chraobhscaoileadh ag Mac Donncha agus a chomrádaithe i leith idirdhealú a dhéanamh idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht.   Thug an méid a chuala mé ag an Comhdháil dúshlán dom mo chuid claontaí féin a cheistiú – agus ní doigh liom go bhfuil siad chomh daingean.

Nuair a deirim go bhfuil an cur chuige deighilteach, is éard atá i gceist agam go bhfuil an deighilt dlithiúil atá ann idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht deighilteach ann féin agus nílim cinnte im cheann féin go bhfuil sin ar leas na Gaeilge nó pobal na teanga, cibé áit ina bhfuil siad.   Cén fath, mar shampla, go mbeadh deontas á dhíol le teaghlaigh sa Ghaeltacht faoi Scéim Labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus nach bhfuil aon deontas á dhíol le teaghlaigh atá  chomh Gaelach céanna taobh amuigh den Ghaeltacht?

Is cinnte go bhfuil sé molta agam anseo deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge mar go dtagaim, go pointe, leis an moladh i dTuarascáil an Bhoird Snip deireadh a chur leis an riar dhifriúil a dheintear ar an nGaeltacht i gcodarsnacht leis an chuid eile den tír, ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh ceisteanna eile.

Maidir le Seosamh Mac Donnchadha agus Conchúr  O Giollagáin agus eile san Acadamh, is leor a rá gur saineolaithe iad a thuigeann an abhar atá idir láímhe acu agus go bhfuil léargas ar leith acu ar na ceisteanna éagsúla a bhaineann leis an abhar, tá an t-adh linn go bhfuil siad ann agus ag labhairt amach ar na ceisteanna seo.

Tá an chaidreamh idir an dochtúir agus an othar cosúil leis an ghaol idir an saineolaí phleanáíl teanga agus polaiteoirí/na h-údaráis.   Tá othar tinn ann – is í sin an Ghaeilge sa Ghaeltacht).  Téann an pholaiteoir go dtí an Acadamh ag lorg cómhairle maidir leis an oideas is fearr.   Deineann na saineolaithe agus na comhairleoirí leigheas teangan scrudú ar an othar agus aimsíonn siad an fhadhb, tugann siad an diagnosis agus an prognosis don othar mura gcloítear leis an leigheas atá molta ag na comhairleoirí.  Más buan mo chuimhne, b’é an ceannlíne, de reir mar a foilsíodh i Foinse é i 2007 nuair a sceitheadh an tuarascáil i Lúnasa na bliana sin, go raibh an bás i ndán don Ghaeilge taobh istigh de 15 bliain.

Táimíd go léir, is dócha, ag iarraidh an chinniúint sin a sheachaint.   Deirim ‘is dócha’ mar go mbím éadochasach uaireannta go bhfuil comhcheilg ar bun ag na h-údaráís is an Rialtas chun an Ghaeilge a mharú – bá i maorláithis an bealach chun báis atá roghnaithe acu dar liom.

B’é an bun teachtaireacht a bhí á chraobhscaoileadh ag an gcomhdháil ná raibh sa Straitéis 20 Bliain na Gaeilge [dréacht] ach scath den oideas téigeartha a mhol siad sa Staidéar Chuimsitheach.  Go raibh go leor den ‘an oiread agus is féidir’ agus ‘a luaithe agus is féidir’ sa dara chaipéis agus, níos measa ná sin, ná raibh aon leid ann gur thuig an Rialtas go raibh an chainteoir dúchais éagsúil ón fhoghlaimeoir, go deimhin ná raibh ann don chainteoir dúchais ar chorr ar bith nó nior luadh oiread is uair amháin sa chaipéis (aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge deirtear linn anois] a d’fhoilsigh Roinn Uí Chuív.

Níl ann don phobal dhá theangach i bhfirinne.   Níl a leithéid de rud ann agus dhá theangachas cothrom, an sprioc atá luaite leis an dréacht straitéis.

Sa Ghaeltacht, is rud dealaitheach é an dhá theangachas.  Is éigean don dhuine a bheith dhá theangach.  Taobh amuigh den Ghaeltacht, is rud breisitheach é.  Tugann cumas sa Ghaeilge breis cumhachta don t-é atá an chumas sin acu.    Is rogha saoil a dheineann daoine.  B’shin an anailis a rinne an saineolaí, Brian O Curnáin, ina chaint an spéisiúil agus dúshlánach.

Deineadh go leor cainte ar chumhacht agus an slí a bhaintear feidhm aistí agus na caidrimh éagsúla cumhachta sa tír seo de reir mar a imríonn siad tionchar ar pholasaithe Ghaeilge is Ghaeltachta.

An deacracht ar chúl na cainte ar fad go bhfuil a fhios ag an saol mór gur ar eigean go bhfuil airgead ann chun na mianta i gceachtar den dhá chaipéis, an Staidéar Chuimsitheach nó an Straitéis 20 Bliana (Dréacht), a thabhairt chun aibíochta.

Ní h-é sin an chúram atá ar lucht an Acadaimh, áfach. Is iad san na comhairleoirí atá ag tairiscint comhairle.  Iarradh orthu an comhairle sin a thairiscint.  Ní féidir leo iacaill a chur ar na h-udaráis glacadh leis an gcomhairle a chuireann siad ar fáil, fiú amháin go mbeadh aontú ann faoi chomh stuama is atá an chomhairle sin.

Tá cuinsí polatúla i gceist, gan amhras, maidir leis an gcomhairle seo a ghlacadh nó gan glacadh leis.  Bheadh sé ina mhí adh amach is amach go bhfaigheadh na cuimsí polatúla sin tús áite i gcás chúrsaí teangan.   Ag an am chéanna, tá’s againn an rud a thiteann amach sa tír seo.

Níl anseo ach an clochmhíle is déanaí sa phlé leanúnach seo.   Ba mhaith liom, sna laethannta romhainn, díriú ar roinnt phointí is argóíntí a cuireadh inár láthair ag an Scoil Earraigh.  Le cúnamh Dé beidh na caipéisí cuí agam ón Acadamh chun cuidiú leis an bplé sin.

Ar aghaidh leis an diospóireacht….

Dhá aguisín:

1. Tá brón orm gurb é seo an chéad tuairisc ón gComhdháíl seo.  Bhí sé i gceist agam tuairisciú leanúnach a dhéanamh.  Ach bhí deacrachtaí ar leith agam ceangal leis an idirlíon ag an Ollscoil – de reir dealraimh theastódh rud éigean cosúil le dispeansáid Phapúil chun ligint dom úsaid as an gcóras Wifi.

2.  Dea scéal[?]  Beidh mé féin ag glacadh pairte ar 7 Lá anocht. TG4 7.30in.

Foinse, Nuacht TG4 agus Flat Earth News

'Flat Earth' i gCúil Aodha

'Flat Earth' i gCúil Aodha

Ní fheadar an cuimhin libh an leabhar, Flat Earth News le Nick Davies, leabhar a foilsíodh anuraidh agus a raibh faoi chaibidil anseo uair nó dhó.

B’é bun agus barr an leabhair sin go mbionn iriseoirí ag lúbadh (agus ag cumadh) fíricí chun cur le spleodar agus tarraingtheacht scéalta nuachta.

Anois iriseoirí sna meáin Bhéarla is mó a bhionn á dhéanamh seo – cé gur cuireadh i mo leithsa uair amháin gur dheineas a leithéid. Bhí an liamhainn sin i Foinse – ach thugas dúshlán don liamhainn céanna nuair a léirigh mé an bunús iriseoireachta a bhí leis an scéal agus mar a deineadh tuairisciú air i Lá Nua.

Ar aon nós, ní fiú bheith ag meilt ama ar an aimsir chaite.

Seo scéal faoin mbealach ar chraol Nuacht TG4 agus ar fhoilsigh Foinse cúpla lá ina dhiaidh sin, inniu[Dé Satharn]. Bhain an scéal leis an ainmhí sin, an choinniol teanga. De réir Nuacht TG4 agus Foinse, is beag agallamh atá a chur orthu san atá ag iarraidh tí, atá coinnioll teanga luaite leo, a cheannach ag na h-údaráis chuí.

Sa Ghaillimh is mó atá na h-agallaimh seo á reachtáil ach, de réir na dtuairisceoirí, nior cuireadh ach agallamh ar cheannaitheoir amháin i gCiarraí agus níor deineadh aon agallamh i nGaeltacht Chorcaí.

De réir ínsint na meáin Ghaeilge seo ar an scéal, tá aon teach deag i nGaeltacht Chorcaí atá coinnioll teanga luaite leo.

Is é sin an áit a théann an scéal in aimhréidh. Nó an bhfuil a fhios ag Nuacht TG4 nó Foinse go bhfuil na tithe seo ann? An bhfuil siad tógtha go fóill.

I gCúil Aodha amháin atá tógáil tí le coinnioll teanga luaite leis ceadaithe. Tá dhá fhorbairt i gceist – ceann acu le sé theach ann agus an cheann eile le cúig theach. Tá an dhá fhorbairt gar do Scoil Náisiúnta Chúil Aodha.

An deacracht is mó le scéal Nuacht TG4 agus Foinse nach bhfuil aon tigh tógtha ar ceachtar den dhá shuíomh seo go fóill. Tosnaíodh ar shuíomh amháin a ullmhú anuraidh agus bogadh go leor carraigeacha chuig an suíomh an Samhradh seo chaite.

Ach níor leagadh cloch an chúinne – nó bloc ar bith eile – ar aon cheann den aon theach deag. Níl siad ann – agus i bhfianaise an méid atá tarlaithe le tamall anuas, ní bheidh siad ann.

Ach tá an bunfhiric ceart. Nior cuireadh aon agallamh ar aon lannúin a bhí nó atá teach a cheannach i bhforbairt nó eastáit i nGaeltacht Chorcaí le féachaint an sasóidís an choinnioll teanga.

Mar sin féin, is scéal gan bunús é an scéal a bhí ag Nuacht TG4 agus Foinse, chomh fada agus a bhain sé le Gaeltacht Chorcaí. Sampla íontach agus, sa chás seo, thar a bheith cuí den rud a thugann siad ‘Flat Earth News’ air.

Seo sampla den fheinimean ‘Flat Earth News’ ar cheart é a mhúineadh i ranganna iriseoireachta ag Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge amach anseo – ach ní fheadar an dtarlóidh sé sin.

Ar an droch uair ní féidir liom nasc a dhéanamh le na scéalta atá luaite agam nó ní bheidh sé á fhoilsiú ar shuíomh Foinse go ceann cúpla lá. Craoladh an mír ar Nuacht TG4 oíche Dé Chéadaion, Lá na nAmadán.

Nílim cinnte an bhfuil aon chiall le coinníollacha teanga is agallaimh – nó scruduithe béil, ba chirte a rá – i gcomhthéacs chaomhnú na teanga sa Ghaeltacht. Fiú má eiríonn le duine i scrúdú, an gcuirfeá geall go leanfaidís leo agus an Ghaeilge a úsáid ina dhiaidh sin? Nó dá gcinnfeadh an teaghlach fagaint, conas mar a chuirfí iachaill orthu gan an tigh a dhíol le teaghlach eile, teaghlach ná raibh Gaeilge ar bith acu nó suim acu ann?

Baineann an riail seo, an choinnioll teanga, le fealsúnacht sean fhaiseanta agus calcaithe maidir leis an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Níl ‘éigeantacht’ den tsort seo chun an Ghaeilge a choimead beo sa Ghaeltacht. Cur chuige eile a oibreoidh – caithfear daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge, ní le deontais ach tre léiriú doibh go bhfuil an Ghaeilge úsáideach agus riachtanach ina saol.