Cartlanna Clibe: 7 Lá

Straitéis ‘gláctha’ ag an Rialtas – ach cé a chuirfidh i bhfeidhm é?

Agus an tír ar tháirseach an dhuibheagáin tá sé á thuairisciú anocht (Dé Máirt) ag TG4 go bhfuil an Rialtas tar éis glacadh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag an gcruinniú comhaireachta inniu.

Ach an bhfuil aon brí le cinntí mar seo ón Rialtas atá i réim faoi láthair nó níl ach seal gairid fágtha ag Fianna Fáil agus an Chomhaontas Glas i gcumhacht?     Bíodh is go bhfuil  sé ráite go bhfuil gach páirtí, trén Coiste Oireachtais, tar éis glacadh leis an Straitéis, ní gá go gciallódh sé gurb é an Straitéis an cloch is mó ar a bpaidrín nó gar do.

Mar shampla, b’fhéidir gur mhaith le Fine Gael tabhairt faoin nGaeilge agus an Ard Teist agus níl sin sa Straitéis seo cé go bhfuil sé luaite go leanfaidh an Ghaeilge mar ábhar amháin ag an Ard Teist agus leanfaidh sí mar ábhar riachtanach.

Mhol an straitéis go mbeadh dhá ábhar ann, rud a chiallódh go mbeadh dúshlán éagsúil roimh deachainteoirí Gaeilge is cainteoirí dhúchais seachas an cheann a bheadh ann d’fhoghlaimeoirí.

An mbeidh aon toradh concreideach, mar shampla, ar an moladh sa Straitéis, atá an Rialtas tar éis glacadh leis ná dearúdaimís, go bhfórbrófaí Coláiste Iosagáin ina ionad náisiúnta oideachais?  Sin teist amháin ar thiomantas an Rialtas do chur i bhfeidhm na straitéise seachas an sior chaint faoin straitéis céanna.   Beidh le feiceáil an mbeidh Coláiste Iosagáin ina fothrach nó ina shéadchomhartha náisiúnta don straitéis.

Tá caint ann ar 7 Lá go mbeidh Udarás na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Udarás anois – agus anuas ar sin go mbeidh  Aire ar leith ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.   Cur le sin ‘Foras na Gaeilge’ agus is cinnte nach mbeidh aon laghdú ar an mhaorláthas atá luaite leis an teanga.

Deirtear go bhfoilseofar an chaipéis ‘roimh na Nollag’.  Creidfidh mé sin nuair a léifidh mé é.   De reir na ‘Wikileaks’ atá faighte againn, áfach, is cosúil go bhfuil an sprioc 250,000 cainteoir a bhíodh mar cheannlíne ag an Aire O Cuív imithe agus, ina áit, go bhfuil go mbeadh ardú 25% ar lion na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht le linn tréimhse an phlean.

Bhí ceisteanna curtha faoin bhfigiúir 250,000 nó ní raibh a fhios ag éinne cén slí a thomhasfar an méadú agus cén bunlíne a bhí i gceist?   Is cinnte gur céim i dtreo na teibíochta é an figiúir 25% bheith luaite mar sprioc anois agus b’fhéidir gur fearr sin.  Mar a dúirt an tOllamh Mícheál O Cinnéide ar Seacht Lá, beidh lá maith oibre déanta ag Udarás na Gaeilge agus na Gaeltachta má thagann stop leis an meath leanúnach ar an nGaeilge sa Ghaeltacht lena linn.

Bhí Ciarán Dunbar, eagarthóir Gaelscéal, ar 7 Lá don chéad uair anocht – agus chuir sé ceist ar fiú a chur mar gheall ar chomh criochdheighilteach is atá an phlean seo agus pobal na Gaeilge ó thuaidh agus an athbheochan fhuinniúil atá déanta ar an dteanga sna sé chontae fagtha ar an leataobh?  Níl pobal na Gaeilge deighilte ar an oilean seo – agus is céim ar chúl é bheith ag cumadh institiúidí a bheidh ag buanú na crichdheighilte.  Chomh maith le bheith míchothrom, tá sé mí cheart mar tá go leor le foghlaim ó dheas ón méid atá déanta ó thuaidh agus an cur chuige ‘ná h-abair é dein é’.

Ba mhaith liom bheith dearfach faoin Straitéis agus, ar shlí, táim chomh dearfach agus is féidir.  Tá an iomarca eiginnteacht ag baint le cúrsaí pholatúla agus rialtais sa tír seo, gan tracht ar an eacnamaíocht agus an cheist mhór faoin mhaoiniú a bheidh ag an straitéís agus an gceadóidh an IMF dá leitheid, chun a bheith aon phioc níos dearfaí ná an iománaí ar an gclaí!

7 Lá agus ‘Fóram Iriseoireachta na Gaeilge’

7 Lá

Ghlacas páirt i 7 Lá aréir in éineacht le Cathal Mac Coille ó Morning Ireland (colúnaí le sean Foinse) agus bhí an Dr. Ian Malcolm agus sagart ó Ard Dheoise Atha Cliath, an tAth Pat McDonagh, linn freisin ón phríomh chathair.   Mo chomh Mhúscraíoch, Páidí O Lionaird, a bhí sa chathaoir – tá ‘mafia Mhúscraí’ i ngach aon áit!

Caithfidh mé a rá go raibh an dul amú orm faoi Chathal Mhic Coille.  Cheapas i gcónaí go raibh a cholún i Foinse leadránach – ar ndóigh bhí an iomarca spáis aige (dhá leathnach) agus b’fhéidir níos lú spáis chun an méid céanna a rá.   Aréir bhí sé chomh caradach agus chomh cneasta liom agus, le linn an chláir, chomh h-eolgaiseach ar na h-abhair a bhí á phlé againn, go raibh orm mo dhearcadh ina leith a athrú go h-iomlán.

Chuir a dhearcadh ghairmiúil ina luí orm ar shlí ná raibh mé ag súil  leis go bhfuil gá le h-iriseoirí na Gaeilge, an méid atá fagtha, teacht le cheile ar shlí éigean i dtreo is nach n-éagfaidh an traidisiún agus, go deimhin, go neartóidh sé de réir a cheile ón staid ana lag ag a bhfuil sé.

Chuige sin tá fonn orm tús a chur le beartas nua, Fóram Iriseoireachta na Gaeilge an teideal oibre.   Séard a bheidh i gceist le seo ná suíomh idirlín a bheidh dírithe orthu san ar suim leo iriseoireacht i nGaeilge le plé a dhéanamh ar an gcéard nó gairm sin.  Beidh fáílte ar leith roimh iriseoirí, eagarthóirí, fo-eagarthóírí is dearthóirí  le nuachtáin Ghaeilge, mar a bhí, ar nós Lá agus Foinse agus Anois is Inniu is Amarach is Nuacht 24 (ós rud é go bhfuil an nuachtán sin ag teacht go deireadh a chló rith an tseachtain seo).  Beidh fáílte croíúil freisin roimh solathróírí abhair agus saor iriseoirí ó na foilseacháín nua, Foinse (nua) agus Gaelscéal agus ó na h-irisí, Comhar, Feasta, Beo, nós* agus Goitse is Saol is An Sagart agus eile.   Fearfar fáílte freisin roimh iriseoirí ó mheáin na teilifíse agus an raidió chomh maith – cé go gcaithfidh mé a admháil nach bhfuil an taithí agam ar na meáin seo is atá agam ar mheán chlóite na Gaeilge.

Beidh deis ar an suíomh seo féachaint ar an obair atá á dhéanamh faoi láthair , léirmheas cruinn cothrom a thabhairt ar ghnéithe chéirdiúla na h-oibre sin, agus beidh ardán ann freisin do dhaoine bheith ag plé cad é an slí is fearr chun todhchaí na ceirde a chinntiú.    Beidh fáilte roimh altanna ar chúrsaí reatha is eile ó lucht na páírte.

Níl anseo ach an síol go fóill.   Níl a fhios agam conas mar a fhasfaidh sé agus cad é an cuma a bheidh air.  An tuiscint atá agam, ó mo thaithí anseo, má bhím ag plé go h-oscailte agus le faobhar mo dhearcadh i leith irisí is foilseeacháin Ghaeilge, agus mé ag smaoineamh ar bhonn céirde ar an ábhar, go dtosnaíonn daoine nach dtuigeann go bhfuil an cur chuige sin san fhuil agam mar gur sin mar a faisceadh is mar a h-oileadh mé, m’ionsaí ar bhonn pearsanta.  Ceapann siad gur ag cosaint a gcáirde a bhionn siad agus, i bhfirinne, séard a bhionn siad ag déanamh ná ag cur ó mhaith aon phlé a bhionn ar bun faoi nithe a fhéadfadh feabhas a chur ar chúrsaí do gach éinne.   Ní h-é go mbionn gach tuairim agam cruinn nó ceart – ach ba mhaith liom an tuairim a phlé seachas go mbeadh orm bheith mo chosaint féin ó íonsaithe gránna nach mbaineann le h-ábhar go minic.

Cuirfear tús leis an bhfóram seo agus é oscailte do gach éinne.    Deinfear athbhreithniú ar an oscailteacht sin tar éis mí nó dhó, le féachaint an oireann sé.    B’fhéidir nach mbeidh suim ag éinne ann – cá bhfios – ach ní miste liom é a thriail agus féachaint cad a tharlaíonn…..