Cartlanna Údair: igaeilge

Faoi igaeilge

Athair is fear céile. Iriseoir. Iar eagarthóir Lá Nua/Lá. Ag iarraidh meachan a chailliúint. Suim in úsáid na h-idirlíne ar son na Gaeilge a chur chun cinn.....

An tOireachtas ag tabhairt cúl do ‘bhlagáil’

Nuair a ghlacas leis an ngradam don Bhlag is Fearr A Bhain Úsáid as an nGaeilge i 2009, chanas 'An Poc Ar Buile' don slua. Ní raibh mé ar ais ó shin!

Fuaireas an broisiúr inné le h-aghaidh comórtais liteartha an Oireachtais agus tar éis dom é a scrúdú ó chlúdach go clúdach, thugas faoi ndeara go raibh an chomórtas blagála a cuireadh tús leis trí bliana ó shin ar iarraidh.

Tá cineál díomá orm – ach ní fheadar an bhfuil aon ionadh orm. Bhuaigh mé an chomórtas an chéad bhliain agus bhíos an sásta le sin, dheineas moltóireacht an dara bliain agus ní ró shásúil a bhí an eispearas sin ach an oiread. Ní h-é nár bhuaigh mé an chomórtas ach nár mhothaigh mé go raibh aon spéis á chur sa chomórtas ag muintir an Oireachtais féin Go deimhin, ba bheag an poiblíocht a tugadh do bhuaiteoirí an chomórtais aon bhlian – agus mar sin ní nach íontas nár lean Oifig Ghaeilge DIT leis an urraíocht fhial a bhí ar bun acu ar an gcomórtas.

Rud éigean eile, ní doigh liom go raibh an bhlagáil ar a chompórd i measc na gcomórtas liteardha. Is meán nua go fóill an bhlagáil agus níl a fhios agam an féidir litríocht a thabhairt air go fóill ar aon dul le ficsean. É sin ráite, tá sé chomh bailí blagáil a chur i measc na gcomórtas liteardha is atá sé aistí innealtóireachta, scrioptanna teilifíse nó aistí ar ábhair spioradálta. (san aiste sin moltar don scríobhnóir ós cionn 30,000 focal a chur ar phár – is mór an méid paidreacha é sin agus ní fheadar an léifear choiche é?).

An rud a thuigim le comórtais liteardha an Oireachtais go bhfuil sé nios mó mar gheall ar dhaileadh airgead i measc an chiorcail órga ná mar atá sé faoin ealaíon nó an litríocht ann féin. Ní fheadar arbh fhiú don Oireachtas an t-airgead a chuirtear ar fáil don duaischiste a laghdú go mór agus é sin a chaitheamh ar mhargaíocht ceart a dhéanamh ar na duais-iarrachtaí?

Anocht atá fíor ghradaim bhlagála na tíre á mbronnadh, na Irish Blog Awards, agus tá, a bhuí de mo shean chara ó laethannta Choláiste Íosagáin Conn Ó Múineacháin (Edgecast Media), gradam ann don bhlag is fearr a bhaineann úsáid as an nGaeilge. Tá iGaeilge ar an ngearrliosta ach tá amhras orm go n-eireoidh chomh maith leis is ar eirigh le dhá bhliain anuas nuair arbh é an blag seo a thug an svae leis. Tá blaganna eile ar an ngearrliosta – agus cinn nach iad – tar éis caighdeán na blagadóireachta as Gaeilge a fheabhsú go mór. Léithéidí ‘Grá Faoi Ghruaim’ , Idirlíon.org, Aonghus fánach atá ag déanamh an charghas ar an idirlíon is Dennis lena ‘nótaí imeallacha. Tá Scott de Buitléar i mbun blag spéisiúil freisin, Dialann Scott, agus cá bhfios ach gur ag an scríobhnóir seo a bheidh an bua trathnóna?

I bhfírinne ní miste liom cé a bhuann fhaid is go bhfásann an blagaisféar Ghaelach leis. Níl a dhothain blagadóirí ag baint úsáide as an nGaeilge ar líne agus is cinnte gur sa treo seo a chaithfimíd diriú sa todhchaí. Is maith an rud é go bhfuil an t-aitheantas seo á fháil ag an mblagáil i nGaeilge ó na Irish Blog Awards agus tá creidiúint nach beag ag dul go dtí Damien Mulley, eagraí na ngradam, as a thacaiocht. Ní gá a rá nach bhfuil Damien ag fáil aon chabhair ó Fhoras na Gaeilge (a tharraing siar, gan choinne, ó urraíocht ar ghradaim d’iriseoireacht trí Ghaeilge na micléinn le déanaí dá chuid iarrachtaí!

Ar aon nós, tá fás agus forbairt á bheartú agam ar iGaeilge go luath. Bígí ag faire ar an spás seo….

Aindrias agus an Banríon

alt speisiúil ag Aindrias Ó Cathasaigh i nGaelscéal na seachtaine seo agus é tabhairt aghaidh ar an gCuairt Ríoga atá á thabhairt ag Banríon Riocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart na hÉireann, Eibhlís II, ar Bhaile Átha Cliath i mí Bealtaine.

Ní ró thogtha atá Aindrias le chlann ‘mífheidhmiúil Windsor’ agus dar leis nach aon trath é seo chun an ‘éagothroime chorportha ina steille bheatha’ a chomóradh. Sin an rud a bheidh ar siúl, dár leis, nuair a thabharfaidh A Soilse, Eilís II, cuairt ar an dtír seo den chéad uair, (an chuid sin di ar an dtaobh ó dheas, ar aon nós), i gceann roinnt seachtainí.

Is cinnte go mbeidh go leor d’aos trachtaireachta na tíre – ní thabharfainn ‘aos eagna’ orthu mar a thugtar in eagarfhocal Gaelscéal – ag caint faoin chuairt seo mar shiombal d’aibíocht na tíre sna seachtainí romhainn agus beidh orainn cur suas le go leor den chineál cainte a chuirfeadh múisc ar an t-é leis an mbolg is laidre. Léiriú ar a gcuid anaibíochta féin a bheidh sa trachtaireacht san dar liom.

Ach is mithid do Aindrias agus a gcomrádaithe a thabhairt chun cuimhne go bhfuil sé ar leas na tíre [ó dheas] go mbeadh an chuairt seo ann ó cheannasach na gcomharsan ag aon am, agus is dócha go bhfuil sé chomh maith é a bheith ann anois agus am ar bith eile.

Nó ní mór dúinn gnath chaidreamh a bheith againn lenár gcomharsain in ainneoin an uisce atá gafa faoin ndroichead eadrainn le níos mó ná 800 bliain! Nár réitigh an bua chaithréimeach a bhí ag cruiceadóirí na hÉireann ar na Sasanaigh i mBangalore an aighneas sin!

Cé go nglacann Aindrias leis go gcaithfidh muintearas a bheith eadrainn agus ár gcomharsain céistíonn sé an fath go mbeadh orainn bheith cairdiúil leis an mBanríon úd mar gur le muintir na Breataine ar cheart dúinn bheith ag déanamh cairdeas leo ‘seachas le sumairí a chosnaíonn £180m sa mbliain’.

Chun an fhírinne a ínsint cheap mé gur níos mó a bhí i gceist. Ach creidim go gcreideann furmhór pobal na Breataine go bhfaigheann siad luach a gcuid airgid ón gclann úd, muintir Saxe Coborg agus Gotha a d’athraigh a n-ainm go dtí Windsor le linn an Chogaidh Mhóir i 1917, mar gheall ar an líon mór turasóirí a thaistealaíonn ó gach cuid den domhan chun cuid den ríogacht Briotanach a bhlaiseadh agus na lathracha staire a ghabhann leis a fheiscint. Agus ní féidir argóint leis an bpointe go bhfuil stair den scoth ag Rí Theaghlach na Breataine – tá gach rud ann, doirteadh fola, cogaiocht, gnéas is eile.

An rud mar gheall ar an argóint gur cheart dúinn bheith caradach le muintir na Breataine agus nach gá dúinn bheith caradach lena mBanríon, is é an bréag mór.

Meabhraím ar an bhfearg a bhí orm nuair a bhí na Sasanaigh ar chuairt go Pairc Lansdún roinnt blian ó shin agus gur tháinig Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa anuas chun go gcuirfí in aithne í d’fhoireann Shasana. Dhiultaigh na Sasanaigh an chairpéad dhearg a gheilleadh di agus ba mhasla saolta é sin don tír ar fad dar liom – ba mhór an trua nach bhféadfadh ár bhfoireann díoltas fuilteach a bhaint amach ar an bpointe boise ach tháinig ár lá cúpla bliain níos déanaí nuair a thugamar greadadh do Shasana i bPáirc an Chrócaigh.

Is ionann masla don Uachtarán agus masla domsa agus duitse, do gach duine againn. Má thugaimíd masla do Bhanríon na Breataine, bhuel is masla é sin do phobal na Breataine. Cén fath go mbeadh a leithéid de phobal caradach linn?

Is é an cineál argóna atá ar bun ag Aindrias ná bolscaireacht an tsean pholataíocht. Polataíocht é sin atá níos sine ná polataíocht an chogaidh chathardha, fiú. Ach dá aosta é mar pholataíocht, tá sé leanbaí mar chur chuige freisin.

Tiocfaidh an Banríon ar chuairt go dtí an chuid seo den tír i mí Bealtaine agus ba cheart go gcuirfeadh gach duine, gach Gael fáilte roimpí. Ba cheart go mbeadh bratacha na Breataine ar fholuain ar gach cuaille, fiú ar cheannaras Chonradh na Gaeilge agus beidh mé ag súil le forlíonadh ceithre nó ocht leathnach i nGaelscéal faoin chuairt.

Ocáid stairiúil atá ann. Ní gá do dhuine bheith i ngrá le hEilís Bhindsor chun sin a aithint agus a chomóradh. Nuair a imeoidh sí ar ais go dtí a tír féin, bhuel is féidir linn na bratacha a bhaint anuas agus leanúint orainn lenár saol féin.

Fiú go dtugaimíd cuireadh don Bhanríon úd teacht agus go dtagann sí agus go gcuirtear fáilte roimpí, ní h-ionann sin agus a rá go nglacaimid le h-iompar na Breataine ar fuaid an domhain, in Afganastáin nó abhus inár dtír féin. An oiread agus Peig, is sean bhean í le cos san uaigh agus cos ar a bruach agus ba chóir dúinn meas a bheith againn ar an méid sin. Níl saighdiúirí ‘aici’ – feidhmíonn saighdiúirí na Breataine de réir orduithe an phobail, nó de réir na daoine a thoghadh an phobal sin a bheith freagrach as cinntí den tsort sin.

Ní h-í Banríon Shasana a ghearr an teorainn frith dhaonláthach treasna na tíre. Agus fiú nach n-aontaím leis an teorainn céanna, níl sé iomlán frith dhaonláthach nó votáil móramh den toghlach ó dheas i 1921 ar shon Rialtas a ghlac leis an teorainn. De réir na staire atá tagtha chun solais le déanaí, rinne an Bhreatain tairiscint do Rialtas DeValera le linn an Dara Chogadh Domhanda, athaontú na tíre má thaobhaíonn tú linn sa chogadh in éineacht le Cumanaigh/Soisialaigh na Rúise in éadan Faisistigh na Gearmáine is na hIodáile. Dhiultaigh Dev don tairiscint ar son phobal an deiscirt. Agus toghadh é arís is arís eile ina dhiaidh sin, in ainneoin an thréis.

Ni gá dúinn féachaint thar farraige chun cinseal a ghlac seilbh ar shaibhreas na tíre a aithint. An oiread is ná raibh réabhlóid faoi sa Bhreatain go fóill, ní raibh sé sa tír seo ach an oiread. Agus más buairt faoi Eilís II gan a bheith tofa ag an gcosmhuintir atá ag déanamh tinnis d’Aindrias, d’oirfeadh do féachaint ar chomh forleathan is atá an vóta ag an gnathdhuine sa tSín do rialtóir na tíre sin nó mar a bhí san Aontas Shoivéideach le linn ré na gCumanach d’Ard Runaí an pháirtí sin. Ní raibh vóta ach ag an gcinseal agus cinseal an chinsil ansan.

An rud a mholaim d’Aindrias agus a chomrádaithe, eirigh as an chogadh. Cuireann sé i gcuimhne dhom na sean saighdiúirí Seapanacha a bhí ag troid an dara chogadh domhanda in oileáin ar an Aigéan Chiúin ar feadh na mblianta fada i ndiaidh deireadh an chogaidh. Tá tú gafa sa sean stair a Aindrias – tá sé in am duit tú féin a fhuascailt óna mharbh fhaisc.

Agus ós rud é gur luaigh tú Libia, nach aisteach a thabhairt chun cuimhne an chaidreamh a raibh ag rialtóir na tíre sin le na poblachtóiri is mó, dar leo féin, sa tír seo agus iad ag lamhach agus ag buamáil ar son na cúise is na hÉireann etc. Agus cad as a tháinig na gunnaí agus an ábhar pléascach a raibh á sholathar ag Libia don IRA ach ó oirthear na hEorpa, na tíortha Chumanacha/Shoisialacha. Is beag atá cloiste agam ó Gerry Adams agus a cháirde ag cáineadh réimeas Libia faoi láthair. Ní gá dul i bhfad chun crios a cheanglaíonn na daoine is réabhlóidí le na réimis is brúidiúla amuigh ansin a aimsiú – sa chomthéacs sin cheapfá go bhfuil íonsaí ar shean bhean 85 bliain d’aois iomarcach agus ábhairín fimíneach.

Mar a deirtear sa Bhíobla, agus níl seo dírithe ar Aindrias ach go h-áirithe ar réabhlóidithe:

And why seest thou the mote in thy brother’s eye: but the beam that is in thy own eye thou considerest not?

Sean nós ar an John Murray Show

Níor chuala mé seo beo cé gur ghnach liom bheith ag obair le leathchluas agam leis an John Murray Show ach chonaic mé go raibh sé ar fáil ar Youtube. Tamall ó shin agus mé sínte sa leaba le fliú, chuala mé John Murray ag cur agallamh ar bhean faoi chúrsaí Opera agus bhí sraith ann d’agallaimh ag iarraidh bun nithe Opera a mhúineadh do dhaoine. Bhí sé an spéisiúil – agus sheol mé ‘tweet’ chuige dá réir agus ag moladh go ndéanfadh sé amhlaidh leis an sean nós. D’fhreagair sé go ndéanfadh sé amhlaidh – agus seo toradh ar sin…..

Jimmy, mo mhíle stór

Jimmy Deenihan - Aire nua Ghnóthaí Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta

Tá an-athas orm go bhfuil sean-chara liom, Jimmy Deenihan, ceaptha ina Aire ar an Ealaíon, an Oidhreacht agus ar Ghnóthaí Gaeltachta. Fear stuama é Jimmy ar chuir mé aithne air le linn dom bheith im thuairisceoir i gCiarraí Thuaidh beagnach scór bliain ó shin.

Tá sé súntasach freisin go mbeidh an Ghaeltacht ag Bórd na Comhaireachta.

Ní mar sin a cheapfá agus sinn ag léamh na luaidreán aréir. Ní fios an raibh athrú poirt ann – cheapfá go gcaithfidh gur amhlaidh a thit amach ón méid a bhí le rá ag Ronán Ó Domhnaill ar Nuacht TG4 – nó arbh é seo an plean i rith an ama.

Pé rud é, tá fear nua I nDún Aimhirgin. Gach rath air!

Deireadh na Roinne?

Má tá an Ghaeilge slán mar ábhar riachtanach Ard Teiste – agus is ‘má’ de chineál éigean an méid sin – is cosúil go bhfuil ísliú céime i ndán di agus don Ghaeltacht sa Chomhaireacht.

de réir na luaidreáin atá san aer anocht, níl aon chinnteacht ann go mbeidh Aire Shinsearach le cúram na Gaeilge aige nó aici sa Rialtas nua. Tá ainm Dinny Mac Fhionnghaile á lua mar Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus is cinnte, má cheaptar é, go mbeidh duine maith i mbun an chúraim.

Ach tá daoine nach nglacfaidh leis an ísliú stadais seo don teanga – is cineál mantra é le blianta fada gur cheart go mbeadh Aire Gaeltachta ag bórd na Comhaireachta.

Nílim cinnte gur chuidigh an ‘stadas’ seo leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht riamh – bímíd ró bhuartha uaireannta faoi stadas

Creidim, áfach, gur botún é gan an Ghaeilge/An Ghaeltacht bheith ag Bord an Rialtais mar gheall go gcreidim gur féidir go mbeadh an teanga mar chuid den réiteach ar fhadhbanna na tíre. Creidim go bhfuil poiteansal sa Ghaeilge agus sa chultúr chun sinn a fhuascailt ón mharbhfhaisc atá ar an bpobal le cúpla bliain anois.

Dar liom go raibh an Roinn, mar atá, ag treabhadh sna goirt mícheart le tamall anuas – Acht na dTeangacha Oifigiúla, An Rannóg Aistriúcháin nua agus an Chomhairliúcháin faoin Chaighdeán – gan trácht ar an útamáil fhadalach leis an Straitéis 20 Bliain – ní raibh siad san, níl siad san ag iompar an teanga is an Ghaeltacht, sa chiall is leithne den téarma, go dtí an spás inar cheart di bheith.

Dá mbeadh Roinn ann a leireodh don phobal mhór, is don Rialtas, go raibh an Ghaeilge lárnach san phroiseas chun athbheochan chultúrtha a chur ar bun sa tír, ní doigh liom go mbeadh faobhar á chur ar an tua chun í a dhícheannú anois. In áit sin tá an Roinn tar éis bheith ag baint airgid ó Údarás na Gaeltachta le blianta fada ar mhaithe le cad é, níl a fhios agam.

Má tá éinne le lochtú as an ísliú céime seo, is é an iar Aire Éamon Ó Cuív an t-é sin. Eisean a raibh ina Aire nuair a rinne Colm McCarthy an mholadh fáil reidh leis an Roinn agus é i mbun Bórd Snip Nua agus níl sa bheartas seo ach an tuairisc sin á chur i bhfeidhm. Dá mba rud é go raibh an Roinn lárnach in iarracht chun athbheochan chultúrtha a thiomsú, ní bheadh sé tar éis an moladh a dhéanamh. Is amhlaidh nach raibh an Roinn lárnach i saol an phobail. In áit sin bhí an iar Aire sáite i gcoimhlintí gan brí (An Daingean/Dingle) agus é báite go dtí a dhá chluas i maorláthas mire a spreag sé féin.

Beidh íontas orm má bhionn an maorláthas breise a bhí á moladh sa Straitéis 20 Bliain – go leathnófaí cúramaí Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeilge, cúram Fhoras na Gaeilge, a chuimsiú. B’é an oidhreacht a d’fhag Ó Cuív, An Aire Gaeltachta is Measa Riamh dar liom, ná spaghetti junction de mhaorláthas. An chúram a bheidh ar an Aire nua, bíodh sé ina Aire Shínsearach nó ina Aire Shoisireach, an maorláthas sin atá ag tachtadh na teanga a chur ar cheal, an teanga a shaoradh.

Mar a dúirt Ó Riordáin:
Níl laistigh d’aon daoirse ach saoirse ón daoirse sin…

Ní leor Fry chun spéis a mhúscailt i Ros na Rún


Tar éis na cainte go léir atá déanta ar chúrsaí Ros na Rún sna meáin le tamall bheag anuas, mar gheall ar chuairt an aisteora Shasanaigh úd,, caithfidh mé a rá gur beag spéis a chuir mé sa scéal go dtí gur léigh mé an t-alt seo inniu.

Is doigh liom go bhfuil an scéal droim ar ais ag an scríobhnóir. Níl ag eirí le Ros na Rún, dar liom, lucht féachana mhór a mhealladh – níl sé mór fiú más 100,000 é – mar go bhfuil sé go h-iomlán as tiúin leis an lucht féachana a fhéadfadh bheith aige.

Deirtear linn go bhfuil Ros na Rún suite i nGaeltacht Chonamara – ach i bhfírinne ní bhaineann an saol a léiritear leis an bhfíor shaol i gConamara. Ní bhionn aon chaint ar chúrsaí áitiúla nó níl aon leid ann – idir amhránaíocht ar an sean nós is a leithéid, Pléaracá, Comórtas Peile na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, pleananna teanga is a leithéid – go bhfuil an sraidbhaile seo sa Ghaeltacht in aon chorr. Is dócha go bhfuil cúiseanna le seo – cúrsaí clúmhillte, rialacha an fhormaid seo, an sobal dhráma is araile – ach is féidir bheith cúramach i dtaobh clúmhilleadh agus cén fath go gcaithfidh sobal Ghaeilge cloí le rialacha an fhormaid?

In áit sin tá ‘Bialann Tapas’ agus ‘striapaigh’ is ‘loan sharks’ is a leithéid- b’shin an méid a phioc mé suas ón gclár is déanaí a chonac. (Agus ní chiallaíonn sin gur ‘phioc mé suas striapach’!) Maith go leor is cuid den saol comhaimseartha a leithéid agus tá an saol sin chomh beo i gConamara is atá sé i mBaile Átha Cliath nó i Múscraí.

An cheist a chuirim: An é sprioc Ros na Rún a léiriú go bhfuil an Ghaeltacht cosúil leis an chuid eile den tír nó an áit éagsúil é sa Ghaeltacht ina bhfuil gnéithe den ghnath shaol Éireannach is comhaimseartha le feiscint ann?

Feictear dom go bhfuil tuiscint éagsúil ar fhreagra na ceiste sin agam is atá ag léiritheoirí Ros na Rún. Ní nach íonadh, is duine den lucht féachana mise agus baineann siad san le h-aos ghairmiúil na teilifíse Tá cuid acu agus clú is cáil orthu ó thaobh na h-aisteoireachta de is na leiriúcháin – ach ní h-ionann sin is go bhfuil gach eolas acu.

Ag an am chéanna is nach bhfuil Ros na Rún ‘Conamarach’ a dhóthain, tá sé ‘ró Chonamarach’. Tá an chlár báite i mblas Chonamara Shéamus Mhicil Tom is Tadhg is Mícheál – agus i mblas Blea Chliathach Vince agus an dream nua. Corr Conallach anseo agus ansiúd agus ar éigean go mbionn Muimhneach le clos riamh ar an gclár. Arís ní léargas firinneach é sin ar an saol – amhail is go bhfuil cliar an chláir ag brath ar na h-aisteoirí a bheith ar fáíl, cuma cén chanúint atá acu.

Is léir, áfach, go bhfuil sé indéanta Gaeilge a mhúineadh d’aon dhuine chun a bheith páirteach i sobal – b’fhéidir gur cheart do leiritheoirí Ros na Rún teacht timpeall na tíre chun daoine eile a aimsiú seachas bheith ag feitheamh ar leitheidí Stephen Fry teacht chuthu.

Tá sé ráite agam roimhe gur mhaith liom deireadh a chur le Ros na Rún ar TG4 agus dramaíocht nua a chur ina áit. Mothaím go bhfuil deireadh ré na sobal dhramaí ag teannadh linn agus go bhfuil rud éigean le faobhar níos géire air ag teastáil.

An Ghaeilge agus an Ghaeltacht i gclár oibre an Rialtais nua

Seo an méid atá scríte sa chlár rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta nua.

An Gaeilge agus an Ghaeltacht
We will support the 20 Year Strategy for the Irish Language 2010-2030 and will deliver on the achievable goals and targets proposed.
We will undertake a thorough reform of the Irish curriculum and the way in which Irish is taught at primary and second levels of education. We will reform the curriculum so more emphasis is put on oral and aural skills. We will allocate 50% of marks to the oral Irish exam at Leaving Certificate level.
We will aim to double the proportion of Irish students sitting the Higher Level Leaving Certificate exam by 2018.
Gaeltacht regions will benefit from the jobs action plan outlined in this document. Under our proposals, we will deliver new job creation prospects to Gaeltacht regions. We will invest in energy, broadband and water infrastructure, creating the modern infrastructure needed to attract and support new businesses and jobs. We will also strongly support the potential for jobs in tourism and marine activities. We will continue to support the Irish language broadcasting and arts sector.
We will review the Official Languages Act to ensure expenditure on the language is best targeted towards the development of the language and that obligations are imposed appropriately in response to demand from citizens.
We will review current investment and funding programmes that benefit Irish language organisations in order to achieve visible value for money for citizens and tangible outcomes on a transparent basis.

Dul chun cínn sa Chlár Rialtais

– Government will consider the question of whether Irish should be optional at Leaving Certificate only after other reforms around the Irish language have occurred.

An mhír faoin Ghaeilge is an Ard Teist sa Chlár Rialtais inniu. An Ghaeilge san Ard slán go fóill. Ach cad iad na leasuithe eile timpeall na Gaeilge atá I gceist agus an gcuirfear I bhfeidhm rud ar bith a bheidh chun leasa ba teanga?

Na Rubber Bandits – níos fearr arís i nGaeilge!

Tá ardmholadh ag dul na ceithearnaigh úd ó Luimneach,na Rubber Bandits, fiú dá mbeinn im thost, mar gheall ar an leagan Ghaeilge atá éisithe acu den amhrán nua uatha, I Want To Fight Your Father.

Ní h-é go mbeadh ‘Ba mhaith liom bruíon le d’athair’ ar mo ghnath rogha cheoil – ach táim ag eirí ceanúil air de réir mar a éistim leis! Agus an rud is annamh is íontach, físeán leis an amhrán i nGaeilge. Ó thaobh na Gaeilge de i mbliana, is iad Na Rubber Bandits an buaic phointe. Dá mbeadh Foinse ag rith an chomórtas a bhíodh acu dornán de bhlianta ó shin, Gael na Bliana, ní bheadh ach ainm amháin sa hata ag deireadh na bliana, na Rubber Bandits.

Ar ndóigh ní h-ionann an ghradam úd dá luachmhaire é agus airgead sa bhanc – rud atá an mheas ag na Bandits air!

Ritheann sé liom gur maith an rud é nach bhfuil scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla i réim ag na Bandits. Dá mbeadh, ghlacfadh sé trí bliana orthu an leagan Ghaeilge a éisiúint den amhrán agus idir an dhá linn bheadh cúpla rabhadh ‘laidir’ faighte acu ón gCoimisinéir Teanga! NOT.

Is sa treo seo – seachas i dtreo an mhaorláthais – ar cheart do phobal na Gaeilge díriú – ach cad a dhéanfadh caoire ach an phocán a leanúint fiú mas thar an faill féin é!