Stair agus suarachas

Is cosúil go mbeidh Banríon Shasana, Eilis II, ag tabhairt cuairte ar Pháirc an Chrócaigh agus í ar chuairt go hÉirinn an mhí seo chughainn. Beidh sí freisin ag teacht go Corcaigh agus ag tabhairt cuairte ar shéadchomharthaí chuimhneacháin atá i mBaile Átha Cliath, ceann acu an Gairdín Chuimhneacháin a dheineann comóradh ar laochra an Eirí Amach agus ceann eile an Séadchomhartha Cogaidh ag Droichead an Oileáin/Islandbridge.

Is léir ón méid atá foilsithe faoin gcamchuairt seo go mbeidh macallaí na staire mar thaibhse pé áit a ngabhann an Bhanríon ós rud é go bhfuil stair chomh fuilteach idir an Ríocht atá sí ag a ceann agus an tír seo. Mar sin féin tá tabhacht siombalach lena teacht agus is dócha gur mó arís an siombalachas a bhaineann le na cuairteanna atá á thabhairt aici ar Pháirc an Chrócaigh (Domhnach na Fola), Gairdín an Chuimhneacháin (Eirí Amach 1916) agus Corcaigh (Dóghadh Chorcaí 1921).

Is olc an mhaise do Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin, a bheith ag gearán mar gheall ar an masla a mhothaíonn sé ar shon ‘go leor saorannaigh Éireannacha’ atá buartha go bhfuil an chuairt seo ag titim amach ar an lá céanna a phléasc buamaí i mBaile Átha Cliath agus i Múineacháin, eachtraí inar maraíodh an líon is mó daoine le buamaí le linn na dtrioblóidí ar fad.

Ní h-é nach mothóidh daoine, teaghlaigh a chaill daoine mór leo sa bhuamáil seo, gur masla agus gortú breise é seo. Tá a fhios ag an saol mór go raibh láimh ag Fórsaí Rúnda na Breataine leis na h-eachtraí seo agus gur le sainordú na Banríona céanna atá ag teacht ar chuairt go hÉireann a ghníomhaíonn na fórsaí sin agus a ghniomhaigh siad an lá úd, Bealtaine 17 1974.

Ach dá mba rud é go raibh Gerry Adams le bheith iomlán ionraic agus ag cloí leis an gcaighdeán iompair atá sé ag súil leis ón mBanríon seo, cén lá den bhliain a bheadh deis aige labhairt ar ábhar ar bith? Tá fuil ar a lámha an oiread is go bhfuil sé ar lámha na Banríona Breatnaí seo. Ba cheannaire eisean sa tslí céanna agus chuaigh daoine amach faoi orduithe uaidh chun daoine a mharú. Mharaigh siad na daoine seo, le buamaí, le piléir, le céasadh.

Os rud é go bhfuil Banríon Shasana ag tabhairt cuairt ar laithreacha siombalacha ar nós an Gairdín Chuimhneacháin agus Páirc an Chrócaigh, cheapfá go bhfuil sé i gceist go ndéanfadh sí ráiteas siombalach éigean faoin am atá caite. Bheadh sé suimiúil a fheiscint an ndéanfadh an tUasal Adams ráiteas den tsort céanna agus é ag tabhairt cuairte ar iliomad láithreacha ar fuaid an Tuaiscirt ar tharla doirteadh fola ann.

Ba cheart do Gerry Adams meabhrú ar an dtafann a rinne na madraí Aondachtacha nuair a leag Alex Maskey fhleasc cuimheacháin ag an Seineotaf i mBéal Feirste tamall de bhlianta ó shin. An dteastaíonn uaidh a bheith chomh suarach céanna ar an ócáid seo?
Dúirt David Trimble uair amháin nach ionann a rá má bhí stair ag duine, nach bhféadfadh todhchaí a bheith ag an duine céanna. Ní duine mé a chuireann stór i raitis David Trimble go ró mhinic ach b’fhéidir go raibh an cheart aige an uair seo.

2 thuairim ar “Stair agus suarachas

  1. séamus mac seáin B'Feirste

    A Choncubhair a chara ní chuirfinn mórán suntais in aon rud a deir polaiteoirí na tíre seo nó is iad an taon dream ar an saol seo iad a dtig leo labhairt amach as dhá thaobh a mbéal ag an am amháin. Tá Banríon na Sasana ag teacht ar chuairt ar an chuid seo de Éirinn a bhfuil mé féin i mo chónaí ann go tráth rialta ó bhí mé i mo ógánach agus níor chuir mé féin nó an dream ar díobh mé mórán sonrú innti ariamh. Tháinig sí chraith sí lámh leo siúd a bhíos ag sodair i ndiaidh na nuasal go síor agus d’imigh sí. Tá súil agam nach mbíonn duine ar bith dímhéasach leí agus í sa chuid eile den tír anois ach tá súil agam nach dtéann ” móruaisle” na tíre thar fóir le sléachtú agus le béal bán. Is fíor gur chaill Poblacht na hÉireann a neamhspleáchas nuair a chuir siad ar chairde é don Fhondúireacht Idirnáisiúnta Airgid ach tá ár ndínit go fóill againn agus tá súil agam nach gcuirtear sin ar chairde chomh maith le linn na cuairte seo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s