Ar ndóigh tá áthas orm gur bhuaigh iGaeilge an gradam i mbliana. Léiríonn sé go bhfuil suim amuigh ansan i mo léargas canncrach agus míáisiúil ar an saol, agus ar shaol na Gaeilge is na Gaeltachta ach go h-áirithe.
Bhí an iomaíocht i mbliana níos géire ná mar a bhí sé i mblianta roimhe seo agus tá súil agam go mbeidh sé níos géire arís an bhliain seo chugainn. Beirim mo bheannachtaí orthu san a bhí ar an ngearrliosta seo in éineacht liom.
Is é seo an séú bliain ar reachtáladh na gradaim seo agus tá sé buaite ag an mblag seo trí uaire. Ní h-é go bhfuilim sanntach ach an fhaid is a bheidh an blag seo beo, beidh sé san iomaíocht. Nó is é sin an t-aon slí gur feidir liom a chinntiú go mbeidh caighdeán na mblaganna Ghaeilge ag dul ó neart go neart.
Is é sin, dár ndoigh, má bhionn na gradaim seo á reachtáil arís nó is cinnte gur ualach trom é ar eagraí na ngradam, Damien Mulley, fiontraí idirlín, gach bliain. Agus is beag buiochas a bhionn le fáil aige, fiú gur oíche íontach a bhionn ann gach bliain (bhí mé ann i 2009 nuair a reachtáladh i gCorcaigh iad). Tá moladh ar leith ag dul do Chonn Ó Múineacháin, Edgecast Media, as urraíocht a dhéanamh ar na gradaim.
Ar aon nós tá feabhsuithe sa bhreis le cur i bhfeidhm ar iGaeilge go luath agus tá súil agam nach fada go bhfeicfidh sibh iad.
An-tuillte agat a Choncubhar. Comhairdeas arís.
-Rónán
Comhghairdeas, a Choncubhair!
Choncubhair ó Cúl Aodha ,Comhairdeas,Ní nach ionadh a bfhuair tú é ,mar a dúirt amn fear thúas , tuillte agat . Risteard Mac Suibhne