Dul chun cínn sa Chlár Rialtais

– Government will consider the question of whether Irish should be optional at Leaving Certificate only after other reforms around the Irish language have occurred.

An mhír faoin Ghaeilge is an Ard Teist sa Chlár Rialtais inniu. An Ghaeilge san Ard slán go fóill. Ach cad iad na leasuithe eile timpeall na Gaeilge atá I gceist agus an gcuirfear I bhfeidhm rud ar bith a bheidh chun leasa ba teanga?

2 thuairim ar “Dul chun cínn sa Chlár Rialtais

  1. séamusmacseáinB'Feirste

    ní dócha go ndéanfar aon rud faoin Ghaeilge idir seo agus an chéad toghchán eile. Beidh an iomarca le déanamh ag an rialtas seo gan a bheith buartha faoi rud nach bhfuil tabhachtach ach ag mionchuid den phobal. Seo an tam ag “Gluaiseacht na Gaeilge” (má tá a leithéid ann ar chor ar bith} a theacht aníos le moltaí cruthaíocha samhlaíocha leis an teanga labhartha a chur chun tosaigh sna scoileanna agus béim a leagán ar an Ghaelscolaíocht mar an dóigh is fearr agus is saoire le go mbeadh an teanga réasúnta líofa ag daoine óga. Beidh luach ar chuile rud feasta agus má’s féidir a chruthú gur sna Gaelscoileanna atá luach airgid na gcáiníocóirí le fáil is féidir go néistear leis. Moladh amháin agamsa go mbeadh 80% de scrudú ar bith Gaeilge ag dul do labhairt na teanga nó go hiondual an té a bhfuil labhairt na teanga ag duine beidh léamh na teanga aige fosta ach ní hionann léamh agus scríobh teanga a bheith ag duine agus labhairt na teanga sin a bheith aige agus is léir gur sin an rud atá ag titim amach sa chóras mar atá. Athrú radacach réabhlóideach atá de dhith agus muna dtiocfaidh sé ó lucht na Gaeilge ní thiocfaidh sé ó thaobh istigh den chóras monuar

    Freagra
  2. aonghus

    Ba cheart cuir go seasta leis an dteachtaireacht – agus an taighde a cruthaíonn é – go bhfuil na Gaelscoileanna níos fearr don oideachas i gcoitinne, ní amháin don Ghaeilge.

    Ach caithfear féachaint chuige go bhfuil na múinteoirí ann le fónamh do na Gaelscoileanna. Rud nach bhfuil anois; agus daoine le Gaeilge a chodail amuigh ag múineadh iontu.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s