Ré Ó Laighleis ag teacht go Múscraí

Rinne mé cúrsa scríobhnóireachta ag An Scríobhlann i gContae an Chláir roimh na Nollag. An t—údar aitheanta, Ré Ó Laighleis a bhí i mbun an chúrsa agus bhí seachtar eile im theannta agus an sprioc a bhí againn tús a chur le h-úrscéal/cnuasach gearrscéalta. Chomh fada is a bhaineann sé liom ba chúrsa den scoth é agus, faoi láthair, táim i mbun m’úrscéal féin. Tá sé i gceist agam é a chriochnú in am chun cur isteach ar Chomórtaisí Liteartha an Oireachtais agus, ina dhiaidh sin, bhuel, beidh le feiceál.

Ar aon nós tá Ré Ó Laighleis ag teacht go Múscraí inniu (Dé Luain, 28ú Feabhra) chun tús a chur le cúrsa nua agus mholfainn d’éinne atá suim acu i scríobhnóireacht atá sa chomharsanacht páirt a ghlacadh ann. Ar aon nós, beidh an chúrsa ar siúl san Ionad Lae nua agus beidh sé ag tosnú ag 7.30in anocht. Seo an chuid eile den ‘blurb’…

“Scéim Scriobhnóireacht Cónaitheach- ‘Cluas Cleite’
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Is mór an cúis áthais ag an Ionad Cultúrtha a fhógairt go reachtáilfear dhá chúrsa sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach – ceann do dhaoine fásta agus ceann eile do dhaltaí dara leibhéal – i nGaeltacht Mhúscraí an tEarrach seo.
Is faoi stiúir an scríbhneora dátheangaigh Ré Ó Laighléis a bheidh na cúrsaí.

Cúrsa 6 seisiún i ‘Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil’ do dhaoine fásta.
Gach Dé Luain idir 7.30 & 9.30
ag tosú @ 28ú Feabhra go dtí 4ú Aibreán
san Ionad Lae , Baile Mhúirne.

Is í is aidhm leis an gcúrsa sa dá chás go mbeidh tuiscint soiléir ag na rannpháirtithe ar nádúr agus eilimintí an dá genre (gearrscéal agus úrscéal) agus ar an gcur chuige is gá len iad a shaothrú go héifeachtach. Is dianchúrsa a bheidh i gceist, ina mbeidh spriocanna seachtainiúla le baint amach ag na rannpháirtithe síos tríd.
In imeacht na gcúrsaí, tabharfar aghaidh agus léargas cuimsitheach ar bhun-eilimintí agus scileanna riachtanacha na scríbhneoireachta cruthaithí, m.sh., struchtúr, plota, carachtracht, inseoireacht, comhrá agus stíl, agus é mar sprioc go mbeidh sé ar a gcumas ag na rannpháirtithe scéal ar ardchaighdeán a chruthú.

Cuirfear tús leis an gcúrsa do dhaoine fásta ar an Luan 28ú Feabhra san Ionad Lae Nua i mBaile Mhúirne costas €50

Má thá suim ag éinne páirt a glacadh sna ceardlanna seo, ní mór teangmháil a dhéanamh láithreach le Bríd & Síle @ 026.45733

Tá an scéim seo, ‘Cluas Cleite’ faoi stiúir Ionad Cultúrtha agus maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta agus ag Coiste Gairmodeachais Chontae Chorcaí.”

3 thuairim ar “Ré Ó Laighleis ag teacht go Múscraí

  1. séamus mac seáin

    úrscéal nó gearrscéal ? A Choncubhair croí ná tréig muid i gcóir iniúchadh a dhéanamh ar do imleachán. Tá muid ár dtachtú féin le húrscéalta gearrscéalta agus filíocht. Cad faoi bheathaisnéis ar d’athair dílis mar shampla ( solas na bhflaitheas go raibh aige)? nó dírbheathnais ar an seal dheich mbliana a chaith tú i mBéal Feirste na long mór. Maireann an cine daonna san fhíorshaol agus ní i saol na samhlaíochta amháin.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Úrscéal atá i gceist a Shéamuis. Scéinséar le doirteadh fola is bleachtairí is seafóid dá leithéid. Ar aon nós ní iniúcadh imleacáin atá i gceist. Beidh na leabhair eile ag teacht ar ball – ach níl morán a fhéadfainn a rá faoi mo sheal ghairid i mBéal Feirste nach bhfuil raite i do leabhar bhreá féin! Imíonn sin agus tagann seo….

    Freagra
  3. séamus mac Seáin B'Feirste

    Cibé faoi rud ar bith atá scríofa agamsa a Choncubhair thiocfadh leatsa a shárú tá mé cinnte agus tá scéal le hinse agat mar gheall ar an am a chaith linn agus nach bhfuil luaite agamsa ar chor ar bith. D’fhéadfá péirspeictíocht nua a thabhairt ar Iarthar Béal Feirste nárbh féidir le duine de thógáil na háite a thabairt nó maireann muid féin go minic in aeráid atá pluchta cuid mhor ag na “trioblóidí”.

    An chéad chúrsa ar na meáin ar chuir tú tús leis anseo, an Nasc, an Dramaíocht, na cláir Teilfíse, an Raidío, an Chultúrlann, Lá,srl gan a bheith ag caint ar phósadh agus teaghlach a bheith agat abhus. sin abhar leabhair duit agus is tú atá abálta go maith chuige

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s