Kevin Myers – an Gael is fearr riamh!

Kevin Myers - an Gael is Gaelaí riamh

Bhí litir uaim san Irish Independent ar maidin ag gabhail buiochais le Kevin Myers agus a chomh thaistealaithe mar gheall ar an méid atá déanta aige agus acu ar son na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta. Gan a mbinib in éadan na teanga le linn an ama sin ar fad cá bhfios ach go mbeadh an Ghaeilge faoin bhfód fadó!

An rud nach maraionn, neartaíonn. Sin a deirtear ar aon nós. In ainneoin na n-ionsaithe ar an dteanga ó leithéidí Kevin Myers i gcaitheamh na mblianta, tá níos mó beatha intí anois ná mar a bhí le blianta fada. I gcead do ‘Ghluaiseacht na Gaeilge’, ní h-é Conradh na Gaeilge nó Comhdháil nó Foras nó aon eagras eile atá ar a chúl seo ach gnathdhaoine ag iarraidh sealbhú a dhéanamh ar rud éigean atá, b’fhéidir, as an ghnath. Teanga éagsúil ó theanga an aonaigh – mar a dúirt Hartnett, English is the perfect language to sell pigs in – ach ár dteanga féin ag an am chéanna!

Agus nuair a chuireann leithéidí Kevin Myers a bpinn sa phota nimhe le h-íonsaí a dhéanamh ar an dteanga, is sinne, an ghnath chosmhuintir, atá á íonsaí aige, na dúramáin a fhanann dílis do theanga nach dtuigeann sé. Scríobhann sé chun sinn a mhaslú ach is amhlaidh go ngriosann sé sinn. Agus féach an toradh atá ar a chuid maslaí – thug sé Telefís Delorean ar an bhfeachtas ar son TG4 (TnaG mar a bhí) agus anois tá ceannairí na tíre ag diospóireacht as Gaeilge ar an staisiún sin agus lucht féachana san iomlán de 500,000 aige. Go deimhin b’é an diospóireacht ab fhearr san fheachtas é, dar le go leor, an t-aon uair a raibh beocht san fheachtas fhadalach leathdránach seo. (Thit mo chodladh orm le linn na diospóireachta ar RTÉ an oíche dheireannach!)

Tá sé féin fostaithe ag nuachtán, an Irish Indo, agus deintear Foinse a dháileadh sa nuachtán céanna. Ar an lá a fhoilsíodh an cholún is déanaí uaidh i leith na Gaeilge bhí scéal ar phríomh leathnach Foinse faoin líon is airde léitheoirí riamh a bheith ag an nuachtán sin, 195,000, thar aon nuachtán Ghaeilge eile riamh roimhe. Ní beag an méid léitheoirí sin ag aon nuachtán.

Mar sin tá Kevin Myers agus a leithéid tar éis bheith ina chabhair mór ag lucht na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta agus é ár bpriocadh ó am go chéile chun sinn a dhíriú ar an mbóthar romhainn seachas bheith gafa ag mionshonraithe an lae. Cén fath go mbímíd ag cur am agus allas i dtreo cur chun cinn na teanga? Uaireannta, tá a fhios agat, bionn gá le meabhrú cad é an rúd atá ag troid ar a shon agus is é sin an fheidhm atá ag Myers – nuair a léann tú a cholún bionn a fhios agat laithreach cad tá tú ar a shon mar gheall go bhfuil an rud atá tú ina choinnibh curtha i gcuimhne dhuit!

Mar sin, lean ort Kevin Myers, an Gael is fearr riamh. Ná trathfadh an nimh i do pheann choiche!

10 dtuairim ar “Kevin Myers – an Gael is fearr riamh!

  1. Ping: Tweets that mention Kevin Myers – an Gael is fearr riamh! | iGaeilge -- Topsy.com

  2. Úna Ultach

    Sílim go bhfuil an cur chuige seo i bhfad go deo níos éifeachtaí ná a bheith ag dul go mion isteach sna argóintí. Mar nach bhfuil loighic nó fíricí ag baint leis an médi ata á scríobh aige cibé. Níl toillte aige ach magadh.

    Freagra
  3. séamus mac seáin

    is é an tIndo a íocann é lena bhárúlacha ciníocha a scaipeadh. Is díol magaidh é féin gan amhras ach is díol tarcaisne muid féin má iocann muid airgead leis an Indo. fiú le foinse a léamh.

    Freagra
  4. Concubhar Ó Liatháín

    Ní raibh aon ghá an Indo a cheannach chun tuairimí Kevin Myers a léamh – bhí siad saor ar an lion. (Ait an scéal gur roghnaíodh an Chéadaíon chun an cholún seo a chur i gcló!). Nior chosain sé faic ach noimead orm an litir a chumadh is a sheoladh. Sin é leas an idirlín, a Shéamuis…..

    Freagra
    1. aonghus

      Shamhlóinn gur d’aon ghnó gur ar Céadaoin a foilsíodh a racht. Ba é ról Myers riamh féachaint chuige go raibh leathanach na litreacha breá lán.

      (Bíonn sé sa chrannóg sin gach Céadaoin, ámh, ná bíonn? Ceann de na cúiseanna ar éirigh mé as bheith ag ceannach Foinse agus an Indo saor in aisce leis)

      Freagra
  5. ormondo

    Níl puinn eolais ag an té sin faoin nGaelainn agus níl an Ghaelainn ar a chumas aige ach an oiread. Ba mhíbhuntáiste dó riamh stádas na Gaelainne dá bharr.

    Ba leor sin, dar liomsa, chun droim láimhe a thabhairt do “shaineolas” an duine aineolaigh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s