Mary Hanafin, Ciorclán 44/07 agus Fimíneacht Fáil

'F' a fuair Fianna Fáil sa litriú....

Feicim go bhfuil polasaí Ghaeilge seolta ag Fianna Fáil agus is é an phríomh phointe sa pholasaí seo, go bhfuil Fianna Fáil chun cosaint a dhéanamh ar stadas na Gaeilge san Ard Teist.

Ait mar sin gurb í Mary Hanafin a cuireadh chun tosaigh chun íonsaí a dhéanamh ar pholasaí Fhine Gael ar an mbonn ná raibh sé, dar lei, bunaithe ar thaighde eolaíoch agus fianaise neamhspleach.

Ar éigean gur thiteas as mo shuíochán ag gairí nuair a léigh mé an méid seo ó bhéal an Aire Hanafin, an iar-aire Oideachais a d’éisigh an ciorclán úd 07/1044, agus í ag cáineadh go géar seasamh Enda Kenny.

During my time as Minister for Education, when Enda Kenny first proposed to abolish the teaching of Irish as a core subject for the Leaving Cert I pointed to his failure to provide a single shred of evidence or research to support his position.

In the intervening five years, he has failed to come up with a single scientific or research-based argument to support his proposal. The reason for this is simple; there is no evidence to back Enda’s hunch.

Is cuimhin liom gur minigh a ghlaoigh mé ar an Aire Hanafin bunús éigean eolaioch nó fianaisiúil a chur ar fáil maidir leis an gcinneadh deireadh a chur le tumoideachas Ghaeilge tar éis an chéad téarma don naíonán bheag ach ní raibh aon freagra uaithi.

Arís, sa ráiteas seo, tá an Ghaeilge luaite mar chroí ábhar san Ard Teist agus is amhlaidh gur ábhar éigeantach í agus cuirtear síos ar Mhatamaitic agus ar Bhéarla mar chroí-ábhair agus ní ábhair éigeantacha iad. I ráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge an tseachtain seo chaite, mhol siad polasaí FG mar seo:

Aontaíonn Foras na Gaeilge le rún Fhine Gael go ndéanfaí athbhreithniú ar churaclam na Gaeilge ach, os a choinne sin, mholfadh an Foras go tréan nach ndéanfaí aon bheart bonnathraitheach ar nós an Ghaeilge a bhaint de liosta na n-ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht. Bhí deacrachtaí ag croí-ábhair Ardteistiméireachta eile, an mhatamaitic mar shampla, ach, in ionad an t-ábhar a bhaint den churaclam, rinneadh athbhreithniú ar an gcuraclam agus ba é toradh a bhí air sin gur tugadh isteach Tionscadal Mata ag leibhéal na hArdteistiméireachta.

Arís tá míthuiscint in áit éigean – ní h-ionann croí ábhar agus ábhar éigeantach mar sin níl aon chiall le moladh an Fhorais nach mbainfí an Ghaeilge ‘de liosta na n-ábhar éigeantach’ nuair nach bhfuil ach an Ghaeilge éigeantach! Chomh maith le sin, dá olc é moladh FG i leith an Ghaeilge san Ard Teist, ní doigh liom go bhfuil sé i gceist ag an pháirtí é a bhaint den churaclam, mar a chreideann an Fhoras is cosúil. Ar aon nós, cad is fiú bheith ag plé le h-eagras ar nós Foras na Gaeilge atá go mór ar chúl na h-imeartha sa chluiche seo.

Deimhníonn polasaí Fhianna Fáil, de réir mar atá sí foilsithe inniu (Dé Domhnaigh), go ngeallann FF:

stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a chaomhnú agus staidéar eolaíoch a dhéanamh ar an dara ábhar Gaeilge a thabhairt isteach le freastal ar riachtanais ar leith daltaí Gaeltachta agus daltaí líofa eile

I bhfianaise stadas FF sna pobal bhreitheanna, is féidir an gheallúint sin a chur i dtaisce sa bhanc nach féidir. Is cinnte má tharlaíonn sé de thimpist nó de mhiorúilt éigean go mbeidh Fianna Fáil agus, go h-áirithe, Mary Hanafin ar ais sa Dáil agus, Dia idir sinn is an t-olc, sa Rialtas, beidh an deis againn an tiomantas nua don bheart atá bunaithe ar thaighde, dea chleachtas agus fianaise a chur i gcuimhne di agus dá comhleacaithe.

Ní léir ó shuíomh idirlín Fhianna Fáil go raibh Eamon Ó Cuív i láthair ag an seoladh seo. Ar a laghad níl aon chuma ar an scéal gur labhair sé ag an ocáid agus is deacair ocáid phoiblí de chuid FF faoin nGaeilge a shamhlú gan oráid ón Chuíveach. Más amhlaidh an scéal, is ait an scéal an méid sin.

Tá an chuma ar an bpolasaí maidir le cúrsaí oideachais go bhfuil polasaí Chonradh na Gaeilge sciobtha acu scun scan – comhartha, b’fhéidir, go bhfuil Fianna Fáil á réiteach féin do thréimhse freasúra ina mbeidh siad ag tapú gach deis chun an Rialtas a íonsaí agus gur beag an baol go mbeidh siad ag cur i bhfeidhm Straitéis Tamhlachta II.

Beidh le feiceáil is dócha.

Dála an scéil, is cosúil go bhfuil profleitheoir ó Mhary bocht nó tá na cúpla focail Ghaeilge a úsáideann sí breac le botúin. Cheapas gur múinteoir Ghaeilge í – b’fhéidir go léiríonn sin an fhadhb!

Léiríonn suirbhéanna éagsúla go bhfuil dearcadh níos dearfaí ag pobal na hÉireann i leith na Gaeilge ná mar bhí le blianta fad.

8 dtuairim ar “Mary Hanafin, Ciorclán 44/07 agus Fimíneacht Fáil

  1. séamus mac seáin B'Feirste

    gráinín salann ag teasatáil le gach ráiteas aimsear thoghcháin. Cuirfí an dúbh ina gheall orainn dá gcréidfimis iad.

    Máta agus Béarla ina gcroíábhair don ardteist ach iad riachtanach do chúrsa triú leibhéal is ionann sin agus éigeantach agamsa. Tá an Ghaeilge éigeantach ( mar dheá) don ardteist ach gur féidir éalú uaithe ach leithscéal “maith” a bheith agat mar sin níl sí éigeantach ar chor ar bith . An sin mar atá?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Sin an scéal mar atá a Shéamuis – agus ní bheidh aon fheabhas ar an scéal sin de réir FF nó, fiú, Conradh na Gaeilge. Níl aon smacht ag an Rialtas ar na h-ollscoileanna agus na h-institiúidí eile cé go dtugann siad mór chuid airgead dóibh. Tá na rialacha sin in áit le na blianta agus is beag áit anois taobh amuigh den Ard Teist féin go bhfuil an Ghaeilge eigeantach ann.

    Freagra
  3. aonghus

    Is dóigh liom féin go bhfuil an Conradh ag iarraidh an nimh a bhaineann leis an bhfocal “éigeantach” a sheachaint lena gcaint ar “chroí ábhar”.

    Tá fadhb bunúsach sa chóras oideachas i gcoitinne; níl sa Ghaeilge agus sa Mhata ach comharthaí sóirt an mheatha. Píosa maith (agus i annamh mé ar aon fhocal leis) ag Conall Ó Móráin i nGaelscéal.

    Roinn Oideachas as an nua atá de dhíth!

    Freagra
    1. igaeilge Údar an Ailt

      Tuigim an méid sin – ach ní thuigim conas nár thuig siad go raibh siad ag géilleadh an phointe go raibh siad ag troid faoi agus iad ag baint na nimhe dar leo. Ní h-ionann croí ábhar agus ábhar éigeantach. Dá mbeadh an stadas céanna ag Gaeilge le Mata agus Béarla, nár cheart go mbeadh CnaG sásta?
      Mar atá ráite agam le fada, ní córas oideachais atá againn sa tír ach córas scruduithe. Mar sin de, ní bheidh ag a dheireadh ag duine ach teastas gur eirigh leo i scrúdú seachas gur eirigh leo oideachas a fháil.

      Freagra
      1. aonghus

        Sin díreach é: agus mar a léirigh caint Chiaráin ag Imbolc, bíonn breis dua ag na hOllscoileanna – má chuireann siad orthu féin é- an dochar a leigheas.

  4. Ping: Tweets that mention Mary Hanafin, Ciorclán 44/07 agus Fimíneacht Fáil | iGaeilge -- Topsy.com

  5. aonghus

    Maidir le Gaeilge a bheith ina chroí ábhar – is féidir an argóint a dhéanamh go mbíonn tacaíocht bhreise de dhíth ag mionteanga chun go mbeadh sé ina chroí ábhar, i. go bhfuil Gaeilge éigeantach ar an mbonn sin amháin. Ach ó tharla gur féidir díolúine ón nGaeilge a cheannach; agus nach bhfuil sé riachtanach an scrúdú a shuí, céard go díreach is brí le éigeantach faoi láthair?

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Níl morán brí leis – níl an Ghaeilge ach éigeantach d’Ollscoil na hÉireann. Sin an méid. Ceist stadais atá ann, cheapfá, seachas ceist phraicticiúil.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s