Litreacha chuig Enda

Seo litir a thugas do Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael, inné i Maigh Chromtha agus mé ag iarraidh bealach a aimsiú chun teacht ar chomhthuiscint idir é agus pobal na Gaeilge/na Gaeltachta mar gheall ar thodhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais agus, go h-áirithe, mar chroí ábhar don Ard Teist.

Mar a tharlaíonn sé, mar thoradh ar Dhiospóireacht na gCeannairí ar TG4, tá’s againn anois gur ábhar riachtanach í an Ghaeilge ar churaclam na hArd Teiste agus gurb í an t-aon ábhar atá an stadas sin aici. Cé gur ‘croí ábhair’ iad an Mháta agus an Bhéarla ar an gcuraclam céanna, níl siad éigeantach mar atá an Ghaeilge (fiú go bhfuil diolúiní go leor ar fáil ón nGaeilge). Agus sinn ag iarraidh stadas na Gaeilge a chosaint san Ard Teist, beartaíodh in áít éigean agus d’aontaíos leis gur cheart úsáid a bhaint as an téarma ‘croí-ábhar’ seachas ‘ábhar éigeantach’. I bhfianaise an méid atá tagtha chun solais anois mar gheall ar an difríocht idir ‘croí ábhar’ agus ‘ábhar éigeantach’, an bhfuil botún déanta? An bhféadfadh Enda Kenny nó pé duine a bheidh ina Aire OIdeachais an stadas ‘éigeantach’ a mhalartú ar an stadas ‘croí-ábhar’ agus a rá linn bheith sásta le sin?

Nó, mar a dúirt Michael Creed TD, an Teachta Dála áitiúil d’Fhine Gael sa Dáil Cheantar ina bhfuilim, Corcaigh Thiar Thuaidh, más rud é nach gcuirfear deireadh le h-eigeantas na Gaeilge go dtí go mbeidh an ábhar (nó an dhá ábhar) ina rogha nadúrtha ag daltaí ag tabhairt faoin Ard Teist, an fearr di an Ghaeilge dá mbeadh sí ina chroí ábhar, le comhstadas ceart le Béarla agus Matamaitic, seachas ina ‘ábhar éigeantach’?

Is cinnte go bhfuil fachtóir eile le cur san áireamh sa chothromóid seo. Caithfear riachtanais na n-ollscoileanna agus na n-institiúidí triú libhéal. Cuireadh i gcuimhne dhom aréir an troid/feachtas a rinne Pádraig Mac Piarais, Art Ó Gríofa, Eoin Mac Néill is eile le go mbeadh an Ghaeilge ina h-abhar riachtanach le clarú id mhacléinn in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann – agus tá sin fós ann.

Ní h-amhlaidh an scéal le Coláiste na Tríonóide. Ansan tá níos mó de stadas ag an Laidin ná mar atá ag an nGaeilge. Ní chloisim trachtairí ag gearán mar gheall ar Laidin a bheith riachtanach (nach mór) le h-aghaidh TCD!

Matriculation requirements: Irish Leaving Certificate
To be considered for admission to the University you must:

Present six subjects, three of which must be at grade C or above on higher Leaving Certificate papers or at least grade C in the University Matriculation examination
The six subjects above must include:

A pass in English
A pass in mathematics and a pass in a language other than English
OR

a pass in Latin and a pass in a subject other than a language

Níl sé chomh soiléir cad iad na riachtanaisí maithreanacha atá ag Ollscoil Luimní agus Ollscoil Chathair Atha Cliath. Is cosúil go bhfuil riachtanaisí iontrála ag brath ar na cúrsaí éagsúla atá i réim sna h0llscoileanna ‘nua’ seo.

Fágann sin nach bhfuil ach ollscoil amháin (le gréasán coláistí gan amhras) le riachtanas Ghaeilge ann do lucht iontrála, Ollscoil na hÉireann. Feictear dom go mbeidh troid le troid ansan luath nó mall mar gheall ar na riachtanaisí iontrála.

Ar aon nós, seo chugaibh an litir ar thug mé do Enda. Dúirt sé go ndéanfadh sé é a scrúdú. Beidh le feiceáil an mbeidh aon toradh fónta as. Bhí dornán litreacha san Irish Times ar maidin ar an gceist, ceann acu ó Uachtarán agus dornán iar uachtaráin Chonradh na Gaeilge. Nach ait an scéal nár sheol siad an litir céanna i nGaeilge chuig Gaelscéal nó Foinse? Nó, má sheol agus má táim ag déanamh éagóir orthu, cén fath nár foilsíodh an litir?

17 Feabhra 2011
Enda, a chara,
Beatha agus sláínte! Tá go leor le moladh i gclár toghcháin Fhine Gael mar gheall ar an dianmhachnamh is léir atá déanta ar cheist na Gaeilge. Tá sé soiléir gur leas na teanga atá ar inchinn agat agus tú ag plé na ceiste go poiblí. Creidim go mbeadh moltaí ar nós ‘An Scála Náisiúnta Líofachta’ ina thacaíocht íontach don Ghaeilge is don Ghaeilge.

Uaireannta áfach ní bhionn daoine ar chomhthuiscint cad is leas na teanga ann. Seo ceann de na h-uaireannta sin. Tá sé soiléir nach bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tar éis tuiscint soiléir a fháil ar cad go direach atá i gceist agat faoi dheireadh a chur le Gaeilge mar ábhar éigeantach san Ard Teist. Dúirt tú ar an ndiospóireacht aréir (TG4) ná raibh Mata nó Béarla éigeantach agus tuigim gur sin an chás anois. Ag an am chéanna is croí ábhair iad sa mhéid is go gcaithfidh tú Mata agus Béarla a bheith agat chun dul ar aghaidh go dtí an triú libhéal. Dá mbeifeá sásta a dheimhniú, mar shampla, go mbeadh an stadas céanna ag an Ghaeilge is atá ag Béarla agus Mata san Ard Teist, is cinnte go gcabhródh sé linn tuiscint ceart a fháil ar do pholasaí.

Molann tú freisin go mbeadh athbhreithniú ar mhódhanna múinte na Gaeilge ag gach libhéal agus nach gcuirfear deireadh le stadas reatha na Gaeilge go dtí go mbeidh an proiseas athbhreithnithe sin curtha i gcrich. An amhras atá ormsa go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil toradh an athbhreithnithe sin réamh shocruithe. Ní dhealraíonn sé dom gur deachleachtas é seo. Dá mbeifeá sásta proiseas comhairliúcháin ar na ceisteanna seo a chur ar bun agus go mbeadh dearcadh oscailte agat i leith toradh an phroisis sin, agus an mhéid sin a fhógairt go poiblí roimh an olltoghchán, táim cinnte go mbeadh glacadh níos fearr le do mholtaí i leith na teanga.

Ó mo thaithí féin ag obair sa ghort seo, tá’s agam go bhfuil cosaint dian á dhéanamh ar an status quo in ainneoin go dtuigeann daoine nach bhfuil an status quo ar leas na teanga san fhadtréimhse. Is amhlaidh go bhfuil an iomarca ag brath ar thionscal na Gaeilge sna Gaeltachtaí = na Coláistí Samhraidh is eile – nach dtroidfear ar son an bheagán atá againn nuair nach bhfuil a fhios againn nó, b’fhéidir, iontaoibh againn as an eigintneacht atá i ndán dúinn. Tá dhá Choláiste Samhraidh i Múscraí, ceann i mBaile Mhuirne agus ceann eile, Coláiste na Mumhan i mBéal Atha’n Ghaorthaidh. Tá dóchas againn freisin go ndeinfear forbairt ar Choláiste Íosagáin.

Léirigh tú ceannaireacht agus tú ag dul i ngleic leis an gceist seo sa chéad dul síós. Creidim go bhfuil deis eile agat ceannaireacht a léiriú tre a chur in iúl do phobal na Gaeilge go bhfuil aon athrú radacach i bhfad uainn agus go n-imeoidh tú i gcomhairle linn ar bhonn oscailte sagar gcuirfidh tú athruithe substaintiúla i gcrich. Mar fhocal scoir, molaim tú as an pháirt bhríomhar a ghlac tú i ndiospóireacht TG4 agus tá súil agam go leanfaidh an nós i dtoghcháín eile. Is gné tabhachtach i gcur chun cinn na Gaeilge go mbeadh ceannairí na tíre sásta í a labhairt go poiblí agus le brí mar a deineadh aréir. Gach rath ort agus tú ag tabhairt faoin treimhse dúshlánach romhat.

Is mise le meas

Concubhar Ó Liatháin

11 de thuairimí ar “Litreacha chuig Enda

  1. Ping: Tweets that mention Litreacha chuig Enda | iGaeilge -- Topsy.com

  2. Dubhaltaach

    Sin smaoineamh an-chliste a Chonchubhair. Ní fhéadfá an méid sin go léir a mhíniú agus a rá leis ar an sráid. Agus tá an-sheans go léifidh sé é ar an mbus.

    Freagra
  3. séamus mac seáin B'Feirste

    níl a fhios agam A Choncubhair a chara an n-aontóinn leat go bhfuil dian mhachnamh déanta ag FG ar an teanga ná gur leas na teangan atá ar inchinn acu. Is polasaí sean chaite é seo a théann siar go dtí aimsear an Language Freedom Movement sa 60,í den chéad seo thart a raibh Garret the Good et al taobh thiar dó. Níor imigh sin ariamh ó chuid áirithe de Iar Bhriotánaigh na tíre seo agus gur tarraingíodh amach go luath san fheachtas seo é de gheall ar chúpla bhóta eile a ghnóthú ag am nach raibh cinnteacht ann go mbeadh siad chomh fada sin chun tosaigh sna pobalbhreitheanna. Ní fheadair arbh é Enda é fhein a bheartaigh é ach oiread ach gur dúradh leis gur polasaí cliste a bhí ansin leis an eite sin den iarchóilíneachas a shásamh a mhaireann i rith an ama sa tír seo d’ainneoin beaganach 100 blian de “Shaoirse”. Is cinnte go bhfuil leasadh agus athnuachán le déanamh ar theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais ach an uair amháin nach bhfuil sé d’fhiaca de facto (bíodh sé eigeantach nó ina chroí abhair) laghdófar tabhacht ná teangan sa chóras oideachais. Bímis ag guí go mbeidh an lucht oibre láidir go leor indiaidh an toghchain agus iad i gcomhrialtas le go dtiocfadh leo an dochar seo a stopadh.

    Freagra
  4. Eoghan

    Amaidí faoin dianmhachnamh agus mura dtuigeann tú dúchas an pháirtí san LFM ní thuigeann tú an cheist seo in aon chor. Tá FG i gcoinne na teanga (go pointe ar a laghad- cuireann siad faoi chosc é de bharr go gcaillfidís vótaí air) mura dtuigtear sin ní fiú a bheith ag caint leo.

    Freagra
  5. aonghus

    Is ionadh liom go bhfuil sibh ag déanamh talamh slán de go bhfuil Conchubhar den tuairim go ndearna Enda machnamh, seachas é a bheith béasach/plámásach le Enda.

    Beidh orainn obair le FG. Ní fiú bheith á maslú!

    Freagra
  6. Concubhar

    Níl a fhios agam an mbeidh toradh ar mo litir nó nach mbeidh ach b’fhiú, dar liom, iarracht a dhéanamh moltaí a dhéanamh go réasúnta leis. Mar a dúirt Ó Riordáin: dá labhródh bean leat réasúnta, nach réasúnofaí thú.
    Fectear dom go bhfuil rudaí maithe I gcaipéis FG agus más féidir linn iad san a ghnothú agus áiteamh air tarraingt siar ón chaint faoi abhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge, bheadh lá maith oibre déanta. In áit áiteamh réasúnta, tá Eoghan ag déanamh nasc leis an LFM. Ní chuidíonn sin. Ní chuidíonn an ‘status quo’ le cur chun cinn na teanga – a mhalairt glan atá fíor.

    Freagra
  7. séamus Mac Seáin

    is cinnte nach dochar ar bith é a Choncubhair a bheith béasach agus múinte le chuile dhuine ach sa chás seo, agus ar feadh seachtaine nó mar sin is tabhachtaí i bhfad dar liom, spriolladh agus láidreacht a léiriú ar an cheist. Is tabhachtaí i bhfad ag an phointe seo na léirsithe agus an 20,000? duine atá ag cur a míshásamh i niúl ar líne le tabhairt le fios nach faoi choim a dhéanfar abhar roghnach den Ghaeilge sa chóras oideachais.

    Tá an ceart agat nach bhfuil an status quo ionchosanta ( agus sin a bhfuil ar bun ag na páirtithe eile polaitiúla sa toghchán seo) Caithear labhairt na Gaeilge a mhúineadh ar dhóigh eile ar fad sna scoileanna le go mbeadh sí chomh líofa ag daltaí ag deireadh an iarbhunaoideachais agus atá sí anois ag daltaí na nGaelscoileanna ag deireadh an bhunoideachais. Dá sílfinn go ndéanfaí sin ba chuma an Ghaeilge a bheith roghnach nó gan a bheith roghnach nó bheadh na daltaí iad féin ag iarraidh í a ghlacadh dona scrúdaithe ach go dtí go bhfuil sin déanta b’amaideach an mhaise dúinn an éigeantacht a thréigbheáil. Is cinnte gur fusa mar pholasaí fáil réidh leis an Ghaeilge éigeantach ná cúrsa ceart a thionscnamh sna scoileanna. D’áthraigh Fine Gael a bpolasaí le linn an toghcháin seo agus iad anois ag rá nach mbainfear an éigeantacht go dtí go mbíonn cúrsa iomlán nua i bhféidhm ach sílim gur athraigh siad an polasaí nuair a mhothaigh siad an fhearg a chothaigh sé i measc sciar suntúsach den phobal.

    Is cinnte go gcaithfidh Gluaiseacht na Gaeilge (cibé rud é sin) feachtas láidir a chur sa siúil i ndiaidh an toghcháin, cosúil leis an cheann atá tiomsaithe agatsa go pearsanta, ag éileamh cúrsa iomlán nua do mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna. Sílim gur éirigh leis na feachtais éagsúla a bhí ann go dtí seo tabhairt ar Fhine Gael a bpolásaí a leasú agus anois an tam le tabhairt orthu an polasaí faoi chúrsa nua teagaisc a chur i bhféidhm

    Freagra
  8. Eoghan Ó Murchadha

    Níor éist Enda le háiteamh réasúnta ó 2005 i leith, 20,0000 i scríbhinn, cinn uaim ar an idirlíon, is i bpearsan. Tá lánchead agat bheith dall ar bhunús an pholasaí ach ní chabhróidh sin é a bhaint. Tá seans éigin ann anosi nach leanfar den pholasaí ach sin de bharr na léirsithe agus brú leanúnach ar iarrthóirí ar fud na tíre.

    Freagra
  9. Eoghan Ó Murchadha

    Aithnítear nach raibh aon chaint siar i 2005 ar shiollabas nua nó aon chraic, de bharr brú na ngrúpaí bhí orthu athrú cuid mhaith. Tá roinnt mhaith stuif annn anosi ata go maith ach ní raibh tada ann le 5 bliana nó breis.(mar gur fhás sé ó chlaonadh frithGhaeilge)

    Freagra
  10. Concubhar Ó Liatháín

    Ní raibh aon léirsiú ann ar fiú tracht é go fóill. Má bhí míle amuigh ar na sraideanna i mBAC an lá theana, gan tracht ar an 20,000, cé mhéid a d’fhan sa bhaile? Agus is féidir leat beag a dhéanamh de mo iarracht an tseachtain seo ach bíodh a fhios agat go bhfuilim ag plé ieis an gceist seo chomh diograiseach leat féin agus le tamall maith anuas. Is amhlaidh nach bhfuilim ar aon fhocal leat ar an modh oibre.

    Tá moltaí fiúntacha i gcaipéis FG fiú má aontaímid go léir go bhfuil an moladh maidir le deireadh a chur le Gaeilge eigeantach ina bhotún. Dála an scéil, nach ag lorg Gaeilge mar chroí ábhar atá an Chonradh, agus is ísliú céime é sin laithreach don Ghaeilge!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s