Corp agus Anam

Thosnaigh Corp agus Anam anocht agus chonaic mé é. Déarfaidh mé seo anois – is é seo an dráma teilifise is fearr dá bhfaca mé – Gaeilge, Béarla, TG4, HBO, RTE, BBC. Tá sé firinneach, léargasach agus tá gach gné de ar an gcaighdeán is airde.

Ní beag an méid atá bainte amach ag Darach Mac Con Iomaire – agus b’é a dhriothar, Colm, a chur an fuaimrian ar fáil, fuaimrian le macallaí na Sopranos (ceapaim) – agus a chliar is an chriú. Dramaí ar nós An Crisis, Rasaí na Gaillimhe, Running Mate, Na Cloigne – tá siad an mhaith. Tá Corp agus Anam níos fearr.

Cuirim sin i gcodarsnacht leis an stuif a bhionn ar RTE, stuif suarach ar nós Love/Hate, Mrs Brown’s Boys agus, le déanaí, Raw. Stuif é sin nach féidir leat creidiúint ann. Níl sé ‘firinneach’.

Ar aon nós, maith sibh TG4. Sár oíche theilifíse.

Tá Diarmuid de Faoite i bpáirt Cathal, tuairisceoir theilifíse ar chúrsaí coiriúlachta, agus is ceardaí é. Duine a bhionn an casadh is fearr agus is déanaí a bhaint as gach scéal. Níl alán acu timpeall. Tá bean aige atá le ceangail sa bhaile agus í ag iarraidh tús a chur le post nua. Tugann sé abhaile a h-athair ó thigh altranais, áit go raibh sé faoi chois, agus ní ró shásta atá a bhean mar gheall ar sin. Idir an dhá linn tá a iníon 15 ag póirseáíl timpeall seomraí comhrá ar an idirlíon is tá a mhac ag cothú trioblóide ar na sraideanna.

Ansan maraitear cúigear leaid óg agus iad ag tiomáint go dainséarach, ag déanamh ‘diffs’. De réir dealraimh, bhí a fhios ag na Gardaí cad a raibh ar bun agus ar oíche na timpiste bhí deis acu an tiománaí ba chúis leis an timpist a bhaint den bhóthar. Ach nior bhac siad leis. Ar aon nós faigheann Cathal seo ar fad ar scannán agus craolann sé an timpist in ainneoin nach bhfuil a eagarthóir nuachta sásta le seo. Ach tá gach éinne eile sásta leis.

Tá trí chlár eile le teacht sa sraith seo – ach tús mhaith curtha leis anocht.

Tá cúpla rud eile le rá agam faoi seo – ach tá a dhothain ráite agam go fóill.

2 thuairim ar “Corp agus Anam

  1. Seamús na Cáinte

    Sé’n t-aon rud a bhí simiúl fá’n chlár nó ag éisteacht le ‘aisteoirí’ na Gaillimhe ag deanadh iarracht Gaeilge a labhairt. ‘Tá mé busy’, ‘bhí mé sa town’. Níor fhead de eagla ar bith a bheith orainn roimhe Fine Gael agus iad ag iarraidh teanga na Gaeilge a scrioseadh tá muintir na Gaillimhe ag deanadh a gnoithe doibhe.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Má tá ag lorg fíor Ghaoluinn nó fíor Ghaeilge, is oth liom go bhfuil tú ag féachaint ar an gclár mícheart. Má tá tú ag lorg an Ghaeilge faoi mar a labhartar í go firinneach i measc aos áirithe den phobal, bhuel, sin scéal eile.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s