Corp agus anam agus #tg4deb

Pé rud mar gheall ar an ndiospóireacht idir na gceannairí ar TG4 (bí ag faire amach do #tg4deb ar Twitter), táim ag súil go mór leis an gcéad mhír i sraith nua dramaíochta TG4. Cothrom an ama seo anuraidh bhíomar ag súil go mór le ‘Na Cloigne’ ach anois seo chugainn Darach Mac Con Iomaire le ‘Corp agus Anam’.

Ón méid atá feicthe agam ar an idirlíon, ar shuíomh TG4 mar shampla, agus ón mblaisín beag seo ó Youtube, tá sé soiléir gur sraith dána is dúshlánach teilifíse a bheidh anseo. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil TG4 chun tosaigh ar RTÉ i gcúrsaí dramaíochta (Na Cloigne V Raw!) agus grínn (An Crisis/Rasaí na Gaillimhe V Trivia/Mrs Brown’s Boys).

Scéal mór an lae, áfach, an diospóireacht agus tá mé sásta le sin. Tá súil agam go mbeidh sé inchurtha leis an ‘hype’ agus an lipéad ‘stairiúil’, lipéad, dar le David Trimble, a chaitear timpeall go h-éasca na laethannta seo (cé gur úsáid mé féin é!).

Bhí láimh bheag agam, b’fhéidir, san ocáid seo agus tá athas orm anois go bhfuil an aisling a nocht mé agus mé á cheapadh ar Bhórd TG4 anuraidh tagtha chun aibíochta. An dúshlán anois a chinntiú go dtógfar ar an ndul chun cinn seo, gan ligint do bheith ina fhas aon oiche. Is léir nach fás aon oíche é feabhas na dramaíochta agus an ghrinn ag TG4, tagann sé ó ghlúin óg a tháinig tríd na h-ollscoileanna is na féiltí dramaíochta.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s