Scála Líofachta Náisiúnta is moltaí eile FG i leith na Gaeilge

Tá clár toghcháin FG á sheoladh ar maidin agus de réir an méid atá feicthe agam – agus cloiste agam – tá moltaí spéisiúla ann i leith na Gaeilge.

Is iad seo na moltaí i leith múineadh na Gaeilge, an gad is giorra den scornach faoi láthair.

Oideachas: Tacaíonn Fine Gael le forbairt leanúnach na nGaelscoileanna agus aithníonn sé an ról suntasach atá ag gluaiseacht na nGaelscoileanna in athbheochaint na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh dena ceantracha Gaeltachta. Chomh maith le sin, oibreoimid lena Coláistí Samhraidh chun níos mó scoláirí a mhealladh go dtí an Ghaeltacht.
Táimid meáite ar athchóiriú a dhéanamh ar an mbealach ina múintear an Ghaeilge sa chóras bunoideachais agus sa chóras iarbhunoideachais, chun féachaint chuige go bhfuil múinteoirí in inmhe grá don teanga a spreagadh sna scoláirí go léir agus go bhfuil an curacalam leagtha amach ar bhealach a ghríosóidh na scoláirí chun an teanga a labhairt tar éis dóibh an scoil a fhágáil.
Creidimid má dhéanaimid athchóiriú ar an mbealach ina múinimid an Ghaeilge go spreagfar níos mó scoláirí chun staidéar a dhéanamh ar an teanga agus chun í a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais. Creidimid nár chothaigh an Ghaeilge éigeantach fás na teanga nó grá don teanga. Déanfaimid athchóiriú ar an gcuracalam dara leibhéal agus scrúdóimid go criticiúil an tionchar atá ag na modhanna oiliúna do mhúinteoirí atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Ní bheidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach go dtí go mbeidh cainteanna ar an dá ábhar tugtha i gcrích.
Bronnfaimid 50% dena marcanna ar an mbéaltriail.
Déanfar iniúchadh ar churacalam dúbailte go dtí an Ardteist, ceann amháin ar an gcóras reatha agus ceann eile ar an nGaeilge chumarsáideach. Déanfar iniúchadh ar phoinntí breise sa chóras iontrála go coláistí tríú leibhéal.
Déanfaidh Fine Gael lion na ndaltaí atá ag gabháil don chúrsa Ardteiste Ard leibhéal a mhéadú faoi dhó faoin mbliain 2018.

Dar le Michael Creed, TD Fhine Gael i gCorcaigh Thiar Thuaidh, an Dáilcheantar ina bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, ciallaíonn moltaí FG nach mbeidh deireadh le Gaeilge mar ábhar riachtanach don Ard Teist go dtí go mbeidh sí ina rogha nádúrtha ag daltaí meánscoile. Dar léis nach dtarlóidh seo go ceann glúin nó dhó.

An cheist atá agamsa: ceist dúinn féin mar phobal Ghaeilge/Ghaeltachta agus do Fhine Gael freisin: an fearrde an Ghaeilge más amhlaidh go dtarlaíonn seo go luath nó go brách?

An moladh eile thar a bheith spéisiúil ag Fine Gael i leith na Gaeilge, moladh a bheidh ina chabhair mhór don
Ghaeilge agus don Ghaeltacht, dar liom, Scála Líofachta Náisiúnta.

Scála Líofachta Náisiúnta: Déanfaimid iniúchadh ar fhorbairt scála líofachta náisiúnta don Ghaeilge. Chuirfeadh an scála deich gcéim seo ar cumas gach saoránaigh measúnú d’fháil ar a chumas agus úsáid a bhaint as modhanna nua-aimseartha múinteoireachta agus as an nua-theicneolaíocht chun feabhas de réir a chéile a chur ar a líofacht de réir mar a oireann dó féin.

Sin smaoineamh nua – creidim – agus is fiú é a fhiosrú agus a chur i bhfeidhm.

Is fiú a lua freisin go bhfuil geallúint sa chlár toghcháin i leith Acht na dTeangacha Oifigiúla agus fáiltim roimis.

Acht um Teangacha Oifigiúla: Déanfaidh Fine Gael athbhreithniú ar na dualgaisí faoin Acht um Teangacha Oifigiúla chun a chinntiú go bhfuil an caiteachas ar an teanga dírithe ar fhorbairt na teanga ar an mbealach ia éifeachtaí.

Ní féidir a shamhlú aon bhealach go bhfuil an chaiteachas a eascraíonn as an reachtaíocht seo eifeachtach – go h-áirithe an t-airgead a chaitear ar Oifig an Choimisnéara Teanga – agus nach aon chabhair é le forbairt na teanga. B’fhearr i bhfad an €1m (nó mar sin ó bhuiséad an Choimisinéara) a chaitheamh ar leabhair do dhéagóirí nó Pléaracá Chonamara a leathnú go Gaeltachtaí eile…. Tá’s agam go bhfuil daoine ann a deir nach gcaithfear airgead a shábháilfí ó chiorruithe i leith Oifig an Choimisinéara mar seo – ach caithfear an argóínt a dhéanamh agus tá sé súntasach go bhfuil an argóínt á dhéanamh sna téarmaí sin ag FG.

17 de thuairimí ar “Scála Líofachta Náisiúnta is moltaí eile FG i leith na Gaeilge

  1. aonghus

    Is maith an moladh faoin scála líofachta teanga, go háirithe má tá sé i gceist iniúchadh ceart a chuir ar bun. Mholfainn féin http://www.teg.ie mar shlat tomhas.

    Gan amhras, ní aontaím leat maidir leis an gCoimisinéir – tá “Ard reachtaire Polasaí Gaeilge” riachtanach. Ceist eile an bhfuil an béim ceart sna Scéimeanna agus an bhfuil gnéithe den Acht féin gur féidir iad a leasú. Ach caithfidh an Státseirbhís an Ghaeilge a chuir san áireamh ian gcumarsáid leis an bpobal Is tábhachtaí sin ná breis caitheamh aimsire a chuir ar fáil do líon síor laghdaithe Gaeilgeoirí.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní caitheamh aimsire atá i gceist – is den riachtanas go mbeadh réimse ábhar leitheoireachta don aos óg ann agus níl aon tairbhe nó fiúntas le baint as na tuairiscí dhá theangacha neamhléite ó na comhlachtaí stáit éagsúla.
    Nuair a chéad thuairiscigb an Choimisinéar Teanga i 2005/6 ná raibh ach 3% d’fhoireann na Roinne Oideachais sásta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, bhí sé olc go leor, ach ó shin is in olcas atá rudaí imithe agus é ag tuairisciú le déanaí nach bhfuil ach 1.5% sásta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois. Léiríonn sin gur ar chúl atáimíd ag imeacht.
    Maidir le hArd Reachtaire Pholasaí Ghaeilge – ní doigh liom go gcuideoidh maorláthach eile leis an scéal a fheabhsú.

    Freagra
  3. aonghus

    Tá difear idir na tuarascáil (cuid ana bheag den Acht) agus seirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Éiríonn leis an gCoimisinéir brú ar leithéidí na Coimisinéirí Ioncaim a seirbhísí i nGaeilge a fheabhsú agus cloí leis an méid a bheartaigh siad. (Taithí phearsanta agam ar seo). D’éirigh leis freisin iachall a chuir ar an Roinn Éadóchais na siollabas a chuir ar fáil i nGaeilge do Ghaelscoileanna.

    Is fearr an chás anois ná nuair ná raibh an oifig san ann, agus gur cás dlí i ndiaidh cás dlí a bhí de dhíth chun go ndéanfadh an Stát beart de réir a bhriathair i leith na teanga.

    Cén mhaith léamh na Gaeilge a bheith ag déagóirí mura bhfuil ann ach rud príobháideach cois teallaigh? Ní shlánódh sé sin an Ghaeltacht.

    Ach má bhíonn ar an Stát gach rud a chuirtear ar fáil don Ghaeltacht a bheith trí Ghaeilge, sin ceist eile.

    Nach é sin a fáth go raibh sibh ag agóidíocht ar son Oifig Phoist? (agus da mbeadh ceangal mar is ceart faoin Acht ar an bPost, beadh toradh níos fearr agaibh ar an agóid!)

    Freagra
  4. igaeilge

    Nach breá an rud é go mbeadh ábhar ar fiú é a léamh cois teallaigh ann ag déagóirí – ach níl. Tá an bhéim ar fad ar mhaorláthas nach léifidh siad choiche.

    Bhíomar ag agóidíocht ar son Oifig Phoist – ach ní raibh aon mhaith san Acht Teanga dúinn ná ní choscfaidh sé An Post ar aon oifig phoist a dhúnadh. Ba bheag a raibh An Choimisínéar ábalta déanamh – ní á lochtú atáim – ach b’shin é. Más aon rud léiríonn an eachtra sin gur fearrde an Ghaeilge faoi réimeas na gcásanna dlí ná Acht na dTeangacha Oifigiúla.

    Freagra
  5. aonghus

    Tá feabhas mhór ar an ábhar soléite do dhéagóirí ó bhí mise i mo dhéagóir – cé nach bhfuil Criostóir Ó Floinn na linne seo gníomhach fós, faraor.

    An pointe a bhí agam ná go mbeadh taca agaibh san Acht murach faillí na Roinne agus an Post, nach bhfuil scéim daingnithe acu.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Ní bheadh taca san Acht fiú dá mbeadh an Scéim daingnithe – is amhlaidh gur cuid de ghnó trachtála An Post é seo agus ní bheadh sé i gceist ag an gCoimisinéir cur isteach ar an ghnó sin.

    Níl aon fheabhas suntasach ann dar liom – go deimhin is mó i bhfad an difríocht anois idir réimse an abhair do dhéagóirí i mBéarla agus i Gaeilge thar mar a bhíodh nuair a bhíos níos óige.

    Freagra
    1. aonghus

      Bheadh sé de chumhacht ag an Aire treoir a thabhairt dóibh maidir le seirbhísí riachtanacha don nGaeltacht. Agus an treoir tugtha, bheadh údarás aige.

      Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Sna cruinnithe a bhí agam leis an Aire Carey, níor luaigh sé riamh a leithéid de chumhacht a bheith aige nó dá mbeadh sé aige go mbeadh fonn air í a úsáid.

    Freagra
  8. Ana

    Agus céard a dhéanfaidh muidne aistritheoirí? An rud nach dtuigeann tú a Conchubhair, tá slí bheatha go leor, leor daoine ag brath go hiomlán ar an obair aistriúcháin a thagann ó Acht na dTeangacha Oifigiúla. Caitear níos mó airgead ar na nithe sin a luaigh tú féin, gan dabht, ach geallaim ó chroí go mbeidh troid fíochmhar ann má leanann tú ort ag cur ár slí bheatha i mbaol. Daoine féinfhostaithe is ea formhór na n-aistritheoirí, agus níl aon chúnamh dífhostaíochta ar fáil dúinn. Ní bog an troid a bheidh ann agus muidne scanraithe go gcaillfimid an t-aon fhoinse ioncaim atá againn. Ní deacair a mbeidh romhainn a shamhlú mar tá an todhchaí duairc sin le léamh sna páipéir gach lá. Níor mhiste cuimhneamh air sin cúpla uair sula gcuireann tú uait faoina neamhéifeachtaí srl is atá Acht na dTeangacha Oifigiúla dar leat. Tá forbairt ollmhór tagtha ar chúrsaí teanga de bhar an Achta féin agus Stádas Oifigiúil don teanga san AE agus athrú meoin freisin ar go leor – níos mó daoine ag fáil fostaíochta leis an teanga – rud a théann i bhfeidhm ar rudaí eile go dearfach ó thaobh na teanga freisin. Ní féidir é sin a shéanadh agus mura léitear suíomhanna idirlín ranna stáit i nGaeilge sách minic, is mar gheall ar lochtanna móra ar an mbealach a chuirtear rogha na Gaeilge i láthair go príomha atá sé sin amhlaidh. Geallaim duit nach saothróidh tú cairde ar bith do do chúis trí shlí bheatha iomlán Gaeilgeoirí eile a chur i bhfíorbhaol.

    Freagra
  9. Ana

    Níor mhiste cuimhneamh fosta faoi líon na bhfear atá ag cur lámh ina mbás féin le roinnt blianta anois – cé méid díobh sin a bhí bainteach leis an tionscal tógála ar bhonn féinfhostaithe agus a chuir lámh ina mbás féin toisc nach raibh siad in ann leanúint ar aghaidh ar chor bith? Is fíordheacair aon tacaíocht stáit a fháil má tá tú féinfhostaithe agus an tacaíocht bheag féin atá ann, ní mhaireann sé ach ar feadh bliain amháin. B’fhiú cuimhneamh air sin sula n-ionsaíonn tú foinsí ioncaim aistritheoirí, ar daoine féinfhostaithe a bhformhór, a bhíonn ag obair go hiomlán leo féin go minic (is é sin le rá, go minic gan tacaíocht shóisialta ó chomhghleacaithe sa láthair oibre toisc go mbíonn siad ag obair ina n-aonair sa bhaile).

    Freagra
  10. igaeilge Údar an Ailt

    Má dhúnann doras amháin, seans go n-osclóidh fuinneog eile. Tá an cheart agat, áfach, an comparáid a dhéanamh idir tionscal na togála agus tionscal an aistriúcháin. Deineadh an iomarca togáil sa tir seo, chuamar thar fóir agus anois tá an tír thíos leis. An eagla atá orm mar gheall ar an aistriúchán ná go mbeidh an teanga thios leis an ró chaiteachas air agus gan an t-éileamh ann chuige i measc an phobail (seachas aistritheoirí). Níl sé cothrom cinnte go bhfuil ar aistritheoirí feidhmiú mar dhaoine féin fhostaithe agus nach bhfuil aon chosaint ann díbh ach sin ceist eile, cosúil céist an féinbháis. Tá cáirde agam a chur láimh ina mbás féin ar chúinsí a bhain le deacrachtaí pearsanta agus an ghalar dhúbhach is a léithéid. Is olc an mhaise duit é ag iarraidh a leithéid d’ualach a chur orm mar go nochtaim tuairim ar cheist agus gur féidir go mbeadh an toradh uafásach sin, dar leat, mar thoradh ar an rud a dúirt mé. Táim réasúnta cinnte nach bhfuil aon áird á thabhairt ar an méid a dúirt mé faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is amhlaidh go leanfaidh an gravy train go ceann i bhfad eile.

    Ní thugaim faoi ndeara aon chosaint déanta agat ar thionscal an aistriúcháin ach go gcuireann sé postanna ar fáil do aistritheoirí. Cad é an tairbhe atá ann don phobal mhór? An leor go mbeadh sé ina fhoinse ioncaim agatsa agus ag aistritheoirí eile le go n-íocfaimís go léir as trínár gcáin fiú nach bhfuil aon suim againn na h-aistriucháin seo a léamh? Nach saol ana dhuairc é sin duitse, mar aistritheoir, ag saothrú leat go h-uaigneach agus gan aon leas a bheith á bhaint ag éinne as do shaothar?

    Seachas sin, guím gach rath ort. Má tá do shlí bheatha i bhfíor mbaol, mar a deir tú, ní ormsa ná ar mo bhlag an lucht ach ar chomh fánach is atá an obair atá ar bun agat. Gabh mo leithscéal as an mhéid sin a rá ach sin mo thuairim.

    Freagra
  11. Ana

    Cuid mhaith den chúis a bhfuil an tubaiste leanúnach seo ag tarlú i réimse na ndaoine a bhíodh fostaithe sa tionscal tógála is ea nár bainistíodh athrú go maith stuama thar thréimhse ama réasúnach – cinnte chonacthas go raibh an iomarca tógála ar siúl ach ní rabhthas sách glórach ag iarraidh go spreagfaí obair do na daoine sin ar thionscadail fhiúntacha oiriúnaithe comhshaoil nó a leithéid b’fhéidir – ag cur tithe in oiriúint le caitheamh fuinnimh a laghdú agus mar sin de chomh maith le go leor tionscadal ‘glas’ eile a bhfuil an-fhiúntas agus gá leo. An rud is tábhachtaí, má tá athrú le déanamh, is gá é a bhainistiú go fíorstuama agus saol na ndaoine a bhraitheann ar an obair sin a chur san áireamh i ndáiríre, mar is minic gur ceist bás agus beatha do dhaoine féinfhostaithe é, mar atá feicthe go ríshoiléir le tamall faraor. Luaigh mé na sochair a bhain agus a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus tá sé luaite ag go leor eile seachas mise in áiteanna eile – mar a dúirt duine eile ar an mblag seo tamall ó shin, mura gcuirtear ar fáil ach ábhar le haghaidh spraoi is ionann sin agus a rá nach bhfuil sa Ghaeilge ach rud ar mhaithe le spraoi agus nach mbaineann sí le gach earnáil mar a bhaineann an Béarla. Ní fheicim thusa ag feachtasaíocht ar son reachtaíocht go n-áireofar an phríomhtheanga náisiúnta ar earraí tráchtála mar shampla – is cinnte gur mó léamh a bheadh ar aistriúchán ansin ach cé aige a bhfuil na magairlí é a éileamh agus aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna casta a bheadh i gceist lena thabhairt i gcrích? Tá fás ollmhór tagtha faoi na háiseanna a bhaineann leis an teanga ó achtaíodh an tAcht, go leor díobh de thoradh éilimh a bhain leis an ngá aistriúcháin mhaithe a chur ar fáil. Agus tá a fhios agat go maith go n-íocann cáiníocóirí as cáipéisí Béarla nach léitear rófhairsing ach oiread (móide na mórchostais éagsúla a bhaineann leo – comhairliúchán, am foirne lena réiteach, dearadh grafach, priontáil, a bhíonn cuid mhór níos mó ná costais aistriúcháin i gcónaí). Níl mé chun leithscéal a ghabháil as léargas lom a thabhairt ar shaol aistritheoirí duitse agus is fánach agat a mhaíomh gur beag sa saol a éisteann leat nuair atá blag chomh cuimsitheach seo agat – dá laghad do ghuthsa is fathach thu i gcomparáid le mo leithéidse agus ní miste do chumhacht féin a admháil go macánta.

    Freagra
  12. igaeilge Údar an Ailt

    Sílim go bhfuil gá le proiseas chun athrú a bhainistiú agus má tá deireadh a chur le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, nach bhfágfar aistritheoirí ar an dtrá folamh. Ba mhaith liom a cheapadh go gcuirfí bhúr leithéid ag obair ag aistriú leabhair scoile, leabhair do dhéagóirí is a leithéid, Tá’n ceart agat freisin go bhfuil gá le h-aghaidh a thabhairt ar ghnólachtaí sa saol trachtála. Rinne mé seo nuair a bhíos ag obair le Lá Nua nó thionscnaíomar an Barr 50, scéim chun a leithéid a spreagadh.
    Ní chreidim go bhfuil an blag seo chomh tabhachtach is a luann tú Tá poinntí maithe déanta agat agus déanfaidh mé rud éigean faoi go luath. Go n-eirí leat agus bíodh misneach agat. Ní namhaid mé, I bhfírinne!

    Freagra
  13. Eoghan Ó Murchadha

    Teastaíonn seirbhísí as Gaeilge uaim. Tá FG ag iarraidh deireadh a chur le Acht na dteangacha Oificgiúla, ar ndóigh níl se iontach ach tuig nach gcaifear an t-airgead seo ar an nGaeigle. Tuarascáil nach léann mórán iad? níos fearr ná gan aon fhoilseachán Gaeilge a bheith ag Comhairle- mar a bheadh murach AchtnadT. Mhol FG go gcuirfí deireadh le Roinn na gaeltachta go hiomlan roinnt míonna ó shin. Ní thuigim cen fáth go dtugann tú an oiread airde sin ar pháirtí ata go follasach naimdeach do chuid mhaith den Ghaeilge atá sa tír.

    Freagra
  14. Concubhar Ó Liatháín

    Ní h-ionann Acht na dTeangacha Oifigiúla agus deimhniú go mbeadh seirbhísí as Gaeilge ann, mar a fuair muintir Bhéal Atha’n Ghaorthaidh amach a rinne iarracht brath air agus iad ag iarraidh Oifig an Phoist a choimead ar oscailt. Go deimhin is masla do na Gaeil an acht chéanna, slogann sé an t-airgead ar cheart a bheith á chaitheamh ar leabhair do pháistí scoile, leabhair scoile is eile, agus caitheann sé é ar chaipéisí nach léitear i dteanga ar bith. Bheadh mo vóta ag FG ar son deireadh a chur leis an reachtaíocht lofa frith Ghaeilge sin. Ba iad FF – trí Colm McCarthy – a mhol deireadh a chur le Roinn na Gaeltachta. Ní thuigim do phointe faoi ‘gan aon fhoilseachán a bheith ag Comhairle”?

    Freagra
  15. Ana

    Is breá liom go luann tú na leabhair scoile úd i gcónaí. Toisc gur léir gur éirigh go hiontach le polasaí Gaeilge a bhí dírithe ar na scoileanna go hiomlán agus nár fhéach le haon soláthar a chur ar fáil don phobal fásta mar atá á dhéanamh ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm – cosúil le suíomhanna idirlín na rann stáit i nGaeilge agus mar sin de. Tá leanaí agatsa, tuigim, ach caithfear ábhar i nGaeilge a fhreastalóidh ar an bpobal ar fad a bheith ann, leadránach cosúil le hábhar faoi ranna stáit is araile, chomh maith le leithéid Nós*, atá fíoriontach dála an scéil, nó mar a luadh arís is arís eile ar an bhfóram seo, feicfear i gcónaí nach bhfuil sa Ghaeilge ach rud a bhaineann leis an scoil agus le haois an pháiste, gur féidir a fhágáil taobh thiar de na geataí scoile a luaithe is a fhágann an páiste an scoil chéanna.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s