Fuathcheisteanna – agus an mórcheist

http://www.independent.ie/opinion/analysis/irish-if-we-really-care-about-it-lets-stop-the-pretence-2537987.html.
Dearcadh éagsúil i leith na ceiste faoi mholadh Enda Kenny deireadh a chur le Ghaeilge mar chroí-abhar san Ard Teist – is iad na ceisteanna seo faoi ‘poxy survey’, ‘gravy train’ agus ‘wretched summer schools’ agus ‘making children miserable’ a chaithfimíd aghaidh a thabhairt orthu, fiú is go léiríonn teanga an cholúnaí a fuacht(nó fuath don teanga).
An mórcheist: Cén fath nach mbionn níos mó daoine líofa sa Ghaeilge fiú is go mbionn 5 uair in aghaidh na seachtaine ar feadh 13 bl caite acu ag foghlaim na Gaeilge? Tá fadhbanna ag abhair eile freisin – mata, béarla. Tá deacracht níos doimhne sa chóras oideachais (nó scruduithe), creidim.

6 thuairim ar “Fuathcheisteanna – agus an mórcheist

  1. Aodán Ó Sé

    Bíonn colúnaithe dá sórt ag iarraidh conspóid a chruthú, seachas léargas cothrom a thabhairt ar an ábhar.Pé rud is fuath lena leithéid, níl maitheas ar bith ag baint leis.
    Bímis dóchasach, dea-bhéasach ag cosaint ár gcultúir dúchais.

    Freagra
  2. Phil

    Uairenta cuirim an cheist cheanna orm fein. Ta mise i mo chonai san Iodail (thainig mo riomhaire as an Iodail, sin e an fath nach feidir liom an fada a scriobh!) le haon-deag bhliain anois, ach ta mo Ghaeilge nios fearr na an iomad duine sa tir seo.

    Freagra
  3. Gael thar lear

    Léas áit éigin tráth go mbíonn na modhanna múinte is nua-aimseartha á n-úsáid i dteagasc na Gaelainne in Éirinn, modhanna atá molta ag lucht teangeolaíochta. I gcomparáid tá modhanna sean-aimseartha ná fuil le moladh á n-úsáid sna tíortha Lochlannacha chun Béarla a mhúineadh—modhanna ná fuil bunús ná ciall leo de réir teoiricí oideachais. Ach tá a fhios ag an saol go bhfuil Béarla ar a thoil ag gach déagóir sa tSualainn, i gcodarsnacht leis an dteipeadh cuimsitheach atá in Éirinn.

    Cad fé ndear an difríocht so? Tá fonn agus inspreagadh ag mic léinn Lochlannacha Béarla d’fhoghlaim—rud ná fuil fíor i dtaobh na Gaelainne ró-mhinic. Is é inspreagadh na ndaltaí atá taobh thiar desna torthaí. Má tá Gaelainn á staidéar agat cúig huaire sa tseachtain ar feadh dhá bhliana dhéag, níl aon leithscéal ná beifeá ábalta í a labhairt, ach amháin leisce a bheith ort é sin a dhéanamh.

    Ní ar an gcóras oideachais an locht dar liom, ach ar an sochaí ná cuireann aon luach uirthi mar theanga.

    Freagra
    1. aonghus

      Ní ar an gcóras oideachais an locht dar liom, ach ar an sochaí ná cuireann aon luach uirthi mar theanga.

      Sin eithne na ceist. Ar sin is mithid díriú. Arís! Mar a rinneadh ag tús na hAthbheochana.

      (Tá an dearadh nua go deas!)

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s