Tá mé tuirseach de ‘tír gan teanga, tír gan anam’

Agus an diospóireacht seo faoi phlean Fhine Gael ag dul ar aghaidh go tréan – go deimhin tá dornán litreacha ar an gceist seo san Irish Times ar maidin – ritheann sé liom go bhfuil gá féachaint arís ar ráiteas atá ag teacht chun tosaigh arís is arís eile san phlé seo.

Tír Gan Teanga, Tír Gan Anam

Dá mba rud é go raibh Brian Ó Nualláin ag scríobh sa lá inniu bheadh an nath cainte sin ar bharr an liosta agus é ag tabhairt faoi leagan Ghaeilge den ‘Catechism of Cliché’.

Níl a fhios agam go cinnte ach creidim go bhfuil an nath cainte seo ós cionn céad bliain d’aois. Ar an mbunús sin, creidim gur ceapadh é ag am go raibh gluaiseacht eile ar bun sa tír seo maidir leis an teanga, gluaiseacht atá cosúil le na h-iarrachtaí ar bun anois ach go bhfuil an comhthéacs iomlán difriúil.

Anois níl a fhios agam, mar shampla, an bhfuil an tuiscint céanna againn ar ‘anam’. Níl an tuiscint céanna againn ar an spioradáltacht anois is a bhíodh an uair úd ag tús an chéid seo chaite. Mura raibh an anam sin i mbaol roimh teacht na mílaoise seo, is cinnte go raibh sé damnaithe ar fad le linn blianta bhuacacha an Tiogair Cheiltigh agus an tír truaillithe le rachmas.

Nílim ag déanamh beag – a mhalairt glan – den áit lárnach inár n-oidhreacht atá dlite don Ghaeilge. Creidim, áfach, go bhfuil gá le h-athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige atá againn ar an gceist seo.

Tá tabhacht, gan amhras, le na buntáistí eacnamaíochta a ghabhann leis an nGaeilge – na páístí Samhraidh ag teacht agus an ioncam a ghineann siad do mhná tí, do mhúinteoirí, do shiopaí is eile – ach cén fath seachas sin go bhfuil tabhacht ag baint leis an dtionscal sin.

Creidimse go bhfaigheann na páistí a thagann go dtí an Ghaeltacht i bhfad níos mó as an dtrí sheachtain sin ná mar a fhéadfaí bheith ag súil leis. Go minic is é an céad blaiseadh de ‘neamhspleachas’ a bhionn ann do dhéagóir – saoire le daoine chomhaosta leis i bhfad ó bhaile (ach sa bhaile) i dtír i gcéin (ach i do thír féin) le teanga coimhthíoch (do theanga féin!).

Tá na scéalta ar fad cloiste againn faoi na páistí Samhraidh a chuaigh go dtí an Ghaeltacht agus ná raibh sásta le ‘Riail na Gaeilge’ nó leis an bia nó na rialacha eile. Is cuimhin liom nuair a bhíodh an Coláíste Samhraidh i gCúil Aodha gur mór an spórt a bhíodh ann – bheadh togha an bhídh sa bhaile sa chéad dul síos (bhí i gcónaí go maith ach chuaigh sé suas céim nó dhó teacht na gColáístí Samhraidh), bheadh raidhse daoine nua ann le cairdeas a bhunú leo (agus b’aoibhinn ar fad bheith id dhéagóir ag an am!) agus chuir sé ina luí orainn go raibh buntáistí ag baint leis an nGaeilge (cé go mbíodh idir Béarla agus Gaeilge idir sinn is na páistí!).

Thairis sin, tá tabhacht ar leith leis an Ghaeilge san am seo ach go h-áirithe. Anois an t-am ath-oideachasú a dhéanamh orainn féin le go mbeidh samhlaíocht níos beoga agus aigne níos oscailte againn chun go mbeidh ar ár gcumas dul i ngleic le na dúshláin nua an todhchaí. Faoi mar atá sé tá an chuma ar an scéal go bhfuilimíd ag iarraidh an Status Quo a choimead. Tá daoine buartha faoi sin agus an dochar a dheinfear do gheilleagar na Gaeltachta is go leor nithe eile – is tá an cheart acu bheith buartha. Nílimse ach ag moladh argóint sa bhreis ar sin, argóint deacair gan amhras ach argóint a chuirfidh ina luí ar an bpobal, agus tríd sin ar na bpairtithe éagsúla, nach bhfuil sé ar leas na tíre sa todhchaí gad na Gaeilge a scaoileadh mar atá á mholadh ag Fhine Gael.

4 thuairim ar “Tá mé tuirseach de ‘tír gan teanga, tír gan anam’

  1. aonghus

    Ceart agat. Sluaghairm seanchaite – agus col ag Béarlóirí leis toisc go gcuireann sé in iúl go bhfuilid ar bhealach éigin neamh Éireannach.

    (Íorónta gurbh i mBéarla a dúradh a leithéid an chéad uair – nó leagan mar é)

    Caithfidh feachtas ar bith anois a bheith níos cliste ná sluaghairm mar sin a bhraitheann ar idéil nach bhfuil fiú ag na daoine atá ag baint feidhm astu.

    Freagra
  2. Ping: Tweets that mention Tá mé tuirseach de ‘tír gan teanga, tír gan anam’ « iGaeilge -- Topsy.com

  3. Ormondo

    “Sluaghairm seanchaite”

    Cé gur fíor í níl an tsluaghairm ró-úsáideach ó thaobh na hoirbheartaíochta de – ar chúiseanna atá soiléir le tamall fada anuas.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s