Seoiníní Féin – na Gaeil Bréagach

Tá go leor Gaeil aitheanta ag seasamh don pháirtí ghallda seo....

Tá éadaí nua curtha ag Sinn Féin ar a suíomh idirlíon don Olltoghchán. Arís eile, áfach, is éide iomlán Bhéarla atá ann, gan focal Ghaeilge ann.

Anois tá go leor cloiste is léite agam ar fuaid na h-áite faoi bhuanna SF mar pháirtí a bhionn, dar lena leithscéalaithe, gur páirtí é SF atá go mór ar son na teanga. Ní chreidim focal de – agus níor cheart go gcreidfeadh aon Ghael eile iad ach an oiread.

Tá an pháirtí lán go doras le Gaeilgeoirí, baill bhoird ar Fhoras na Gaeilge ina measc, an cheannaire a bhionn ag baint úsáide as na ‘cúpla focail’ go mion minic. Agus is ar a bpostaeirí a fheictear an manna gan brí ‘votáil Sinn Féin’.

Léiríonn an leathnach nua seosuíomh idirlíon agus an easpa Ghaeilge ar an gcuid eile den suíomh, an sean suíomh, gur pairtí gallda amach is amach é SF ina chroí istigh agus nach bhfuil sa chaint a bhionn acu ó am go chéile faoin nGaeilge ach taictic soiniceach gan aon substaint.

Cáineadh an pháirtí nuair a chuir siad cuma nua ar an suíomh tamall ó shin mar gheall ar an gcur chuige bréagach i leith na teanga. Bhí lipéidí i nGaeilge ann – ach nuair a bhrúigh tú an chnaipe, treoraíodh tú go leathnach Béarla. Tá sin go fóill ag titim amach.

Níor fhoghlaimíodh aon cheacht, áfach, agus an pháirtí ag seoladh an feachtas toghcháin. Níl aon fhocal Ghaeilge nó aon tagairt substaintiúild on teanga ar an leathnach nua idirlín.

Agus Gaeil fud fad na tíre buartha faoi phlean Fhine Gael, mar shampla, deireadh a chur le Gaeilge mar chroí ábhar san Ard Teist, deir urlabhraithe Shinn Féin linn go dtacaíonn siad linn agus sinn ag cur i gcoinne an phlean sin. Beart de réir briathar, Gerry, Trevor agus Aonghus, mar murar féidir libh focal i nGaeilge a chur ar bhúr suíomh, tá sé deacair a chreidiúint go mbeidh aon éifeacht le bhúr n-iarrachtaí cur in aghaidh Enda Kenny agus a phlean sceannairt a dhéanamh ar an gcóras oideachais.

Seoiníní Féin atá á bhaisteadh agam ar SF as seo amach. Páirtí na nGael Bréagach. Tá súil agam go bhfeicfidh cainteoirí Ghaeilge/Gaeil nach fiú SF an vóta, in ainneoin plámas agus baoth chaint iarrthóirí is leithscéalaithe an pháirtí.

8 dtuairim ar “Seoiníní Féin – na Gaeil Bréagach

  1. Mick Rua

    Aontaím leat ar fad, ach beidh mé ag vótáil do Shinn Féin (is dócha).

    Cén fáth – Tá na páirtithe eile níos measa, frith-Ghaelach i ndáirire.

    Más bréagach Sinn Féin agus tá – tá na cinn eile níos bréagaí.

    Sin mo rogha.

    Freagra
  2. Gael thar lear

    Is dóigh liom féin gur naimhde iad lucht Sinn Féin don dtír, ach is ait an cáineadh so, os rud é ná fuil focal Gaelainne ar bith le fáil ar suíomhanna FG agus FF, taobh amuidh d’ainmneacha na bpáirtithe. Bhí nasc d’achoimhre dá gcuid prionsabal as Gaelainn ar phríomhleathanach Pháirtí an Lucht Oibre, áfach. Cé gur suarach an méid sin, is mó i bhfad é i gcomparáid leis na páirtithe eile.

    Freagra
  3. seamus mac seain

    nach amhlaidh a Choncubhair nach í an Ghaeilge an cloch is mó ar á bpaidrín ag páirtí polaitíochta ar bith i nÉirinn? is mar a chéile iad go léir ó thaobh sin de agus ní fiú dúinne mar Ghaeil a bheith ró thógtha futhu. Má bhíonn muid féin láidir ár ndóthain mar dhream rachaidh muid i bhfeidhm orthu agus mura bhfuil ní rachaidh. Is é an deacracht at

    Freagra
  4. seamus mac seain

    nach amhlaidh a Choncubhair nach í an Ghaeilge an cloch is mó ar á bpaidrín ag páirtí polaitíochta ar bith i nÉirinn? is mar a chéile iad go léir ó thaobh sin de agus ní fiú dúinne mar Ghaeil a bheith ró thógtha futhu. Má bhíonn muid féin láidir ár ndóthain mar dhream rachaidh muid i bhfeidhm orthu agus mura bhfuil ní rachaidh. Is é an deacracht ata againn mar dhream daoine nár aimsigh muid go fóill ár bhféiniúlacht féin mar Ghaeil go dtig linn cur ar ár son féin le héifeacht. ní tharlóidh sin go ndlúthaíonn muid le chéile mar phobal. Sin an dúshlán dar liom agus ní hiad an mhéid Ghaeilge atá ar shuímh idirlín an pháirtí seo ná an pháirtí siúd.

    Ba é an rud a ba shuimiúla a tharlaigh dar liom ag an dá ócáid phoiblíochta a bhí ann aréir ar RTÉ agus TV3 nuair a bhrúigh Rossa Ó Snodaigh ar Enda Kenny freagair a thabhairt ar cheist na Gaeilge a bheith éigeantach san Ardteist agus gur dhúirt sé nach mbainfí den éigeantacht go raibh na moltaí eile atá acu faoi fheabhsú theagaisc na Gaeilge sna scoileanna curtha i bhfeidhm. Sílim gur athrú é sin ar an phort a bhí aige roimhe seo. Ní fheadar an de bharr feachtas Guth Na Gaeltachta et al a tharlaigh an cúlú seo. Má’s sea léiríonn sé go mbíonn éifeacht le seasamh le chéile mar dhream agus cur ar ar son féin. Maith é Rossa Ó Snodaigh as gníomh aonarach a dhéanamh a raibh toradh éigin air má ba bheag féin é.

    Freagra
  5. Concubhar Ó Liatháin

    Gan amhras ní ceist ró thabhachtach é an méid Ghaeilge atá ar shuíomh na bpairtithe ach an méid a deir sé faoi chur chuige na bpáirithe sin ar cheisteanna teanga. Cuireann sé olc orm ó am go cheile nuair a chloisim daoine i bpobal na Gaeilge ag labhairt faoi SF amhail is go seasann siad ar ár son. Mothaím gur dhein SF tréas ar phobal na Gaeilge agus go bhfuil siad ag cur an dubh ina gheal ar sciar den phobal sin. Ag an am chéanna, tá meas agam ar bhaill aonaracha sa pháirtí cé nach dócha go bhfuil siad ró thógtha liomsa! An rud a chur as dom faoin leathnach idirlín seo ná go bhfuil a fhios agam go mbionn Gaeil ag gearán go minic faoina leithéid agus go bhfuil go leor acu in SF féin. Nior dhein siad tada – nó má dhein, níor tugadh aon cluas doibh.

    Maidir le Rossa Ó Snodaigh, is é sin an cineál gnímh atá ag teastáil. Rinne mé féin mo dhícheall, mar shampla, ar cheist na ndiospóireachtaí teilifíse agus, ar amharaí an tsaoil, d’eirigh liom an sprioc a bhaint amach (bíodh sé tre sheans nó comhtharlúint, b’fhéidir, ach táím cinnte faoi seo ní raibh éinne eile ag brú na ceiste seo roimhe, Conradh na Gaeilge san áireamh).

    Beidh go leor deiseanna le linn an fheachtais seo agus san am amach anseo chun gníomhú go h-aonarach nó mar mheitheal. Tapaímís na deiseanna nuair a thagann siad chun tosaigh.

    Freagra
  6. seamus mac seain

    tá tú molta cheana féin agam ar Nuacht 24 mar gheall ar na díospóireachtaí Gaeilge agus ní dhéanfaidh mé aris anseo é ach léiríonn sé dar liom an tabhacht atá leis an ghníomh aonarach i gcúrsaí athbheochana. I dtaca le SF de níl siad níos measa ná níos fearr ná páirtí ar bith eile ó taobh na Gaeilge de agus ní dhéanfainn a bharraíocht de líon na nGaeilgeoirí atá sa pháirtí ach oiread. Tá mé imo chónaí sa dailcheantar is poblachtaí sa tír dar le daoine (Iarthar BhéalFeirste) ach ansin féin níl ach fíor bheagán de lucht na Gaeilge ina mbaill den pháirtí agus níos lú dóibh sin arís atá gníomhach i gcúrsaí Gaeilge ar bhonn rialta ina mbaill de SF ná de pháirtí ar bith eile ach oiread. Inseoidh mé scéal duit a léiríonn go soiléir an fhimíneacht a bhaineann le páirtíthe polaitiúla ó thaobh na Gaeilge de. Sa chúirt i mBéal Feirste inniu tugadh cead do Choláiste Feirste (an scoil dara leibhéal Ghaeilge i mBéal Feirste) athbhreithniú dlíthiúl a lorg ar chinneadh na Roinne Oideachais ó Thuaidh ( a bhfuil Sinn Féineach ina bun) gan taisteál ar leith a chur ar fáil do dhaltaí na scoile atá ag teacht as Dún Phádraig agus as Dún Gheanainn gach lá agus gan Gaelscolaíocht dara leibheál ina gceantar féin. Diúltaíodh an taisteál a chur ar fail d’aineoin go bhfuil sé ar fáil ag scoileanna “mór le rá” Béarla i mBéal Feirste cosúil le Rathmóre agus Methody agus Lagan College. Tá seo éagórach dar leis an scoil agus an ceart acu . I 1994 nuair a bhí me imo chathaóirleach ar Choláiste Feirste b’éigean dúinn athbhreithniú dlíthiúl a lorg nuair nach raibh réimeas na Sasana sásta maoíniú a chur ar fáil don scoil (athbhreithniú a chaill muid dala an scéil) is beag a shíl mé go mbeadh an scoil ag toiseacht ar chás den chineál chéanna agus Aire Shinn Féineach i mbun na Roinne ( is bean bhreá í dala an scéil a bhfuil bá ar leith aicí leis an teanga). Ar íoronaí an tsaoil ba Chomhairleoir de Chuid Shinn Féin i nDún Phádraig a bhí leis an chás a thógail ach gur ordaigh an páirtí dó gan dul ar aghaidh nó mar a dúradh ” he would embarras the minister” d’éirigh seisean as an cás (ní bhíonn saoirse ag duine ar bith i bpáirtí polaitiúla mar atá a fhios againn). B.éigean do Choláiste Feirste iad féin ceart na bpáistí a sheasamh agus an cás a thógáil agus beidh le feiceáil cad é an deireadh a bhéas leis ach ar chaoí ar bith léiríonn sé gur gasta a bhfhaigheann an bhunaíocht an bua ar an dream is radacaí amuigh mar a bhí Sinn Féin lá den saol
    .

    Freagra
  7. seamus mac seain

    tá ruball leis an scéal sin thuas a Choncubhair. Nuair a bhí abhcóide Choláiste Feirste ag cur cás na scoile sa chúirt luaigh sé Comhaontú Aoine an Chéasta agus go bhfuil an Ghaelscolaícht luaite go sonrach ann agus go gcaithfear gach cuidiú a chur taobh thiar dithe. Ba é an freagair a bhí ag Abhcóide an Roinne (agus is bobgháiste do Shinn Féin é seo dar liom) dúirt se nach raibh i gComhaontú Aoine an Chéasta ach “EXPRESSIONARY DOCUMENT” Bí ag caint ar do “scaoileadh féin sa chos” Ní lá go fóill é

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s