Beidh Enda ann….ó bhéal an chapaill

Tá sé dearbhaithe ag Enda Kenny go mbeidh sé i láthair do dhiospóireacht le Mícheál Martin agus Eamon Gilmore ar TG4 ar an 16ú Feabhra, naoi lá roimh an olltoghchán. Táim buioch do Pharaic Gallagher, comhfhreagraí pholatúil Newstalk as an méid sin a chur in iúl dom ar twitter.

Deis a bheidh sa dhiospóíreacht seo Enda Kenny a chur faoi bhrú ar an gceist práinneach do lucht na Gaeilge is na Gaeltachta: Cén údar atá le seasamh Fhine Gael go mbeadh an Ghaeilge níos fearr as dá mbeadh sí ina abhar roghnach ag libhéal na hArd Teiste? An bhfuil aon taighde ann a leireodh gur ar leas na teanga a bheadh sé an cinneadh sin a ghlacadh gan imeacht i gcomhairle le saineolaithe san earnáil?

Ar ndóigh, tuigimíd go léir go bhfuil gá le h-athrú san slí a múintear na Gaeilge ach d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi go leor ábhair eile. Leiríonn an Ard Teist nach córas oideachais atá againn sa tír seo ach córas scruduithe. Agus sinn ag feidhmiu faoin dhaoirse sin, tá moladh amháin déanta agam: go mbeadh pointí dúbailte CAO ar fáil don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic agus, sa chás sin amháin, go mbeadh siad roghnach.

Ní dócha go nglacfar leis an rogha seo – ach is fiú an ceist a chur agus a phlé (seachas é a ardú mar a bhionn á dhéanamh de shíor ar na meáin Ghaeilge.

Chomh tabhachtach le ceist na Gaeilge féin, níos tabhachtaí go deimhin, beidh diospóireacht ar cheisteanna eile an lae. Is maith an rud é go mbeadh saol taobh amuigh den Ghaeilge ag dioscúrsa trí Ghaeilge. Ós rud é, áfach, nach dtugtar aon spás do cheisteanna faoin nGaeilge sa dhioscúrsa phoiblí sna meáin Bhéarla, is maith ann an diospóireacht seo.

An chéad chéim eile i ndiaidh seo réimse an dhioscúrsa ar chúrsaí reatha trí Ghaeilge leathnú agus a threisiú. Is beag atá á dhéanamh ar RnaG, TG4 agus eile.

5 thuairim ar “Beidh Enda ann….ó bhéal an chapaill

  1. Ping: First ever leaders' election debate as Gaeilge - Page 10

  2. Ping: Anaithnid

  3. Aodán Ó Sé

    Mura mbeadh staidéar na Gaeilge lárnach, riachtanach agus dá bhrí sin éigeantach go leibhéal Ardteiste, ní bheadh sa teanga ach iarsma staire, í caillte ag cosmhuintir na h-Éireann. B’fhuafásach an tubaist í sin.

    Freagra
  4. Mick Rua

    Tá difear ann sa Ghaeilge idir ceist a ardú is a chur ar ndóigh.

    Má chuireann tú ceist ar dhuine, is rud díreach é a dhéanann tú.

    Ma ardaíonn tú ceist, is rud indhíreach é agus ní gá gur chuir tú scairt nó rud éigin mar sin.

    Má chuireann tú an cheist, bíonn a fhios an duine gur cuireadh an cheist orthu, ach b’fheidir ceist a ardú gan cur in iúl do dhuine ar bith.

    Freagra
  5. Concubhar Ó Liatháin

    Is nath cainte é atá tagtha ón mBéarla go díreach – to raise a question – agus tá an miníu atá tugtha agat agteacht leis an miniú i mBéarla. Nach féidir ceist a chur ‘ós árd’ agus is féidir an ceist sin a phlé gan é a bheith curtha go díreach ar dhuine ar bith?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s