Deireadh na Dála…tús an fheachtais

Faoi dheireadh thiar tá an 30ú Dáil ar scor agus na teachtaí ag ardú a seol is iad ag ullmhú d’fheachtas nua nó do saol nua taobh amuigh den pholataíocht. Thug An Taoiseach, Brian Ó Comhain, a oráid dheireanach sa Dáil inniu agus é ag ráite aige ón oíche aréir [Dé Luain] nach mbeidh sé san iomaíocht don Dáil i mbliana.

Bhí go leor Gaeilge ina oráid – agus in oráid Enda Kenny freisin – agus bhí sé oiriúnach. Ni h-é go raibh croí Brian Ó Comhain san áit mícheart – ní raibh an t-adh leis agus chothaigh sé go leor deacrachtaí do féin – ach is dócha gur féidir a rá gur dhein sé, mar a dúirt sé féin, a mhíle dícheall. Bhí cúpla focal Ghaeilge in oráid Éamon Gilmore chomh maith – leath líne ó dhán Raifteirí’. Go deimhin bhí ceannairí na bpríomh phairtithe ar fad ag baint úsáide as an dán céanna….

Deirtear linn go mbeidh an fheachtas romhainn ar an toghchán is tabhachtaí i stair na tíre. Feachtas stairiúil, is cosúil, mar den chéad uair riamh, beidh díospóireacht i nGaeilge ar TG4. B’é seo sprioc a chuir mé romham nuair a chuireas m’ainm chun tosaigh sa chomórtas phoiblí le bheith i m’ionadaí phoiblí ar Bhórd TG4. Anois, ar amharaí an tsaoil b’fhéidir nó ‘events, dear boy, events’, tarlóidh sé agus tá cuireadh seolta ag an staisiún chuig ceannairí na dtrí mórpháirtí, Fianna Fáil (Mícheál Martin), Fine Gael (Enda Kenny) agus An Lucht Oibre (Eamon Gilmore), chun páirt a ghlacadh i ndiospóireacht a chraolfar BEO, is cosúil, ag 10 AR MAIDIN, ar an 16ú Feabhra, naoi lá roimh an olltoghchán.

Is cuma liom triúr nó cúigear bheith sa dhíospóireacht – ba chuma liom freisin, go deimhin ba mhaith liom, dá mbeadh diospóireachtaí foirmeálta idir urlabhraithe na bpairtithe sna príomh réimsí, cúrsaí oideachais, sláinte, gnó agus fiontraíocht is airgeadais, Gaeilge/Gaeltacht.

Ach tá sé tabhachtach go mbeadh diospóireacht ann idir iad san a fhéadfaí, go réadúil, bheith tofa mar Thaoiseach. Agus má tá sé tabhachtach go mbeadh sé ann i mBéarla, tá sé chomh tabhachtach céanna go mbeadh sé i nGaeilge.

Feicim go bhfuil ráiteas éisithe ag Conradh na Gaeilge ag cur fáilte roimh an dhiospóireacht stairiúil seo. Tá tagairt sa ráiteas céanna don éileamh ar gach páirtí go mbeadh an Ghaeilge ina chroí-ábhar san Ard Teist. Tá ceangal laidir idir an dhá rud, creidim, Má bhionn an diospóireacht seo ann uair amháin, beidh sé tabhachtach leanúint leis an nós seo agus má leantar cothóidh sé bunriachtanas d’ábhar ceannairí sna toghcháin amach anseo: is é sin go mbeidh Gaeilge ag aon duine ar mhaith leo bheith ina ceannaire ar mhór pháirtí. Ciallaíonn sin, d’fhéadfá a rá, go mbeadh Gaeilge ag furmhór mhór na bpolaiteoirí, is é sin má tá suim acu i gceannaireacht a bpairtithe. Caithfidh sin cuidiú leis an nGaeilge a choimeád ina chroí-ábhar san Ard Teist amach anseo.

Creidim go laidir gur fearr i bhfad iacaill a chur ar cheannairí pholatúla an dea-shampla a thabhairt ná bheith ag caint de shíor faoi ‘stadas oifigiúíl’ agus ‘caipéisí’ is reachtaíocht bheith aistrithe go Gaeilge fiú is go bhfuil a fhios againn nach mbionn cainteoirí Ghaeilge á lorg nó á léamh. Ach sin mo shean phort….

5 thuairim ar “Deireadh na Dála…tús an fheachtais

  1. aonghus

    Spéisiúil sa chomhthéacs seo go bhfuil an dá alt i nGaeilge ag tús óráid an Taoisigh ar lár sa leagan a chuir an Irish Times ar fáil….

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    A Choncubhair is maith an rud diospóireacht a bheith ann i nGaeilge ach can a thaobh go bhfuil an diabhail diaspóireacht ann 10r.n. seachas at 10i.n. nuair a bheadh deis ag i bhfad níos mó daoine feachaint air.Aontaoim leat faoi Bhriain Comhainn, an fear mi-cheart san áit mí-cheart san am mí-cheart.Ní raibh na scilleanna cumarsáide aige in am an ghathair, mór an trua mar ba chainteoir mhaith é.Bhí cuid des na líomaintí a chuireadh ina leith thar fóir i.e gur dhein sé tréas ar an tír.Sílim go mbeidh sé chun tairbhe do FF bheith san fhreasúra le haghaidh dhá tréimhse.Caithfidh siad filleadh ar prionsabail na daoine a bhunaigh an phairtí.Go dtí seo tá Ó Mairtín ag dul san treo cheart seachas Willie a bhith fágtha ar lár.Ach tá bóthar fada roimh “saighdiúirí na cinniúna”. Beidh rialtas nua againn gan dabht agus beidh sé i bhfad níos leadranaí ag éisteacht le Joan agus Enda.Bhí siamsa ag baint le FF igcónaí ach níl an tír i ndann íoch asa thuilleadh.Deireadh ré !!!!!?

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    B’fhéidir, a Aonghuis, go mbeidh orm litir eile a chur chuig an Madame Editor chun a dualgas i leith iomlán an scéil a chur i gcuimhne dhi. Is cuimhin liom gur dhein mé rud mar seo roimhe agus bhí toradh éigean air.

    http://wp.me/pcxvk-10

    Freagra
    1. aonghus

      Sheol mé nóta chuig an Newsdesk, ach ní bhfuair mé freagra.

      B’fhéidir go mba cheart dom dul suas an líne ceart go leor.

      Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Ní léifeadh éinne ar an mbínse nuachta a leithéid de nóta, ó mo thaithí. Scrígh ‘litir chuig an Eagarthóir’ má tá fonn ort dul níos faide le seo – ansan léifidh duine éigean é ar aon nós.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s