Ath-shaolú Fhianna Fáil agus dúshlán Uí Mhairtín

Tar éis dom a rá go bhféadfad deireadh bheith ag teacht le ré Fhianna Fáil sa phostáil dheireannach, agus a rá go raibh mé ag eirí dubh dóite leis an sobal leanúnach timpeall an cheannaireacht, tá athrú poirt le fógairt agam ar maidin.

Tá fonn orm clárú im bhall de Fhianna Fáil tar éis toghchán mo chomh Chorcaíoch, Mícheál Ó Máirtín, ina cheannaire ar an bpáirtí inné. Ní h-é a Chorcaíochas atá mo chur ar an mbóthar nua seo – ach cuidíonn sé gan amhras – agus ní h-é nach gcreidim go fóill gur bascadh neamh-choitianta atá i ndán don pháirtí ag an olltoghchán.

Is é an dúshlán atá tugtha ag Mícheál, féach chomh ceanúil is atáim air cheana féin, do cheannairí na mór pháirtithe eile, Enda agus Eamon, go mbeadh níos mó diospóireachtaí le linn an fheachtais seo ná mar a bhí roimhe agus go mbeadh diospóíreacht amháin ann i nGaeilge idir na gceannairí, is é an dúshlán sin atá mo spreagadh.

Cé gur moladh é seo a rinne mé nuair a bhíos á chur faoi agallamh don suíochán ar Bhórd TG4, agus gur phléigh mé anseo é roimhe, ní fheadar an féidir liom an chreidiúint a ghlacadh mar gheall ar an chasadh chinniúnach seo.

Pé slí a cuireadh an síol i gceann Mhícheál, ní miste. D’fhas sé ann agus anois tá sé ós comhair an tsaoil agus tá seans laidir ann go dtiocfaidh sé faoi bhlath.

Ní raibh, chomh fada agus is eol dom, aon fhocal i nGaeilge in oráid Uí Mháirtín, a chéad oráid mhar cheannaire Fhianna Fáil, ach is cuma liom chomh fada agus go leanann sé ag briseadh an tsean mhúnla mar a rinne sé ar a chéad lá. Is cainteoir Ghaeilge é gan amhras agus deirtear liom go raibh sé ar TG4 aréir – ní fhaca mé an Nuacht sin go fóíll.

Is beart i bhfad níos tabhachtaí é seo don teanga ná aon rud a chuaigh roimhe. Nuair a bhíos óg agus ar scoil b’é ceann de na príomh chúiseanna le meath na Gaeilge, dar le m’athair, an múinteoir staire, gur stop ceannairí na tíre á labhairt. D’fhéadfá a rá nár labhair ceannairí na tíre Gaeilge sa ghnath dhioscúrsa ó bhí na hIarlaí ann.

Má thapaítear an deis is má ghlactar le dúshlán Uí Mhairtín, beidh diospóireacht i nGaeilge mar chuid de gach fheachtas Olltoghcháin is, dá bhrí sin, beidh ar ceannairí na tíre níos mó Gaeilge a úsáid. Go deimhin beidh sé amhail is go raibh Gaeilge eigeantach le bheith id cheannaire ar mhór pháírtí pholatúil. Ciallaíonn sin go mbeidh ar gach duine a chlaraíonn le páírtí pholatúil ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh sa pháirtí sin Gaeilge a bheith acu agus a úsáid. Agus má fheiceann daoine a gceannairí á dhéanamh, bhuel b’fhéidir go ndéanfaidh siad amhlaidh. Is fearr an seans go mbeidh an toradh sin ar an mbeart ná a mhalairt.

Gan amhras tá drochmheas ag an bpobal ar Fhianna Fáil anois. Is cinnte go mbeidh Fine Gael agus an Lucht Oibre chun tosaigh orthu san Olltoghchán agus tá gach seans go mbeidh siad féin agus Sinn Féin in adharca a cheile do cheannaireacht an fhreasúra. Beidh an lá is measa a bhí riamh ag FF ag an pháirtí ar 25ú Feabhra 2011. Ach tá síol dochais curtha ag an cheannaire nua ar a chéad lá agus b’fhéidir go mbeidh páirtí nua mar bhlath air. Tús mhaith atá ann.

[Bhí tús mhaith ag Brian Cowen freisin – ach chuaigh sé ó mhaith go tapaidh. Tá súil agam, ar mhaithe leis an tír agus ar mhaithe le Fhianna Fáil, nach dtarlóidh an rud céanna le Mícheál Ó Mairtín]

12 de thuairimí ar “Ath-shaolú Fhianna Fáil agus dúshlán Uí Mhairtín

  1. Ping: Tweets that mention Ath-shaolú Fhianna Fáil agus dúshlán Uí Mhairtín « iGaeilge -- Topsy.com

  2. instsignpost

    Bhí díomá orm-sa nár labhair sé i nGaeilge ina chéad oráid mar cheannaire. Aon áit eile a chuala mé é ag tabhairt oráid bhain sé úsáid as an gcúpla focail cé chomh beag is a bhí an slua. Ach mar a deireann tú níl eagla ar bith an teanga a úsáid agus tá dúshlán curtha ós comhair na ceannaire eile aige. (Feicim go bhfuil an dúshlán sin dúltaithe ag Enda áfach).
    Mar a deireann tú is ceart go mbeadh an Gaeilge á úsáid ag na ceannaire ar fad. Is tabhachtaí iad gan a bheith ag caint faoin nGaeilge seachas a bheith ag labhairt sa Ghaeilge!

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Mar is léir ón ráíteas seo ó mhír nuachta RTÉ, ní ceist na teanga an chúis atá drogall ar Enda dul ag diospóireacht le Mícheál, ach ceist na n-uimhreacha. Ba mhaith leis SF agus na Glasaigh a bheith san áireamh. Níl aon rud agam ina choinnibh sin –

    Fine Gael leader Enda Kenny has ruled out a three-way election debate with the leaders of the Labour Party and Fianna Fáil.
    Mr Kenny said he would be ‘quite happy’ to engage in a five-way leaders’ debate on any television station in either English or Irish.

    Is é an smaoineamh atá ar chúl seo FF a chur sa bhád céanna le SF i súile an phobail agus iad a ‘imeallú’ mar sin. Ar ndóigh is le FF a bheidh Enda agus Eamon ag diospóireacht, nuair nach mbeidh siad ag argóint eatarthu féin.

    Freagra
  4. instsignpost

    Is ag leanúint tuibhteanna RTÉ a bhí mé agus bé an diúltiú ó Enda a chéad rud a scríodar agus nios deanaí an píosa faoi SF agus an Glasaigh a bheith istigh ar an ndíospóireacht…is mór an spóirt é!!!

    Freagra
  5. Dubhaltach

    Ní thuigim do dhóchas faoi athshaolú Fhianna Fáil ar chor ar bith, cad atá athruithe?
    Nó an fhíric go bhfuil ríméad ort go bhfuil Gaeilge ag Martin. Bhí Gaeilge ag gach ceann des na ceithre iomaitheoir.

    Agus b’olc an mhaise do Mhartin, mar a chéad gníomh mar cheannaire den neamhpháirtí truaillithe, gur dhein sé, d’aon ghnó, neamhaird de Shinn Féin, an Comhaontas Glas agus an Chomhghuaillíocht Chlé ó thaobh díospóireacht daonlathach de ar an teilifís.

    A leithéid d’amaideacht. An bhfuil siabhrán mórgachta air cheana!? An bhfuil an chumhacht imithe go dtí a chloigeann cheana? An t-amadán ag iarraidh dioscúrsa na díospóireachta a shocrú le cantaireacht gan bhrí idir na páirtithe siúd a bhfuil aontú eatarthu cheana faoi ról an IMF agus an AE i gcúrsaí daonlathais na hÉireann.
    Níl uaidh ach rámhaille idir na trí pháirtí siúd den eite dheis gan faic eatarthu ó thaobh polasaithe eacnamaíochta de nó dearcadh idé-eolaíochta.

    Mar gheall ar sin creideann Martin go mbeadh an díospóireacht bunaithe ar phearsantacht seachas polaitíocht. Agus creideann an focain amadán go bhfuil pearsantacht níos oiriúnaí aige le haghaidh olltoghcháin.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Chuala mé ag rá díreach cúpla soicind ó shin nár mhiste leis triúr nó cúigear a bheith sa dhiospóireacht.

    Ní miste liomsa má bhionn SF sa dhiospóireacht. Thabharfadh sé deis dúinn na polasaithe atá acu a cheistiú go dian – agus ní go maith a eireodh leo.

    Freagra
  7. Dubhaltach

    Nílim chun polasaithe Sinn Féin a chosaint, d’fhéadfaidís é sin a dhéanamh más mian leo, ach ba mhaith liom a rá go bhfuil tú i d’fhimíneach a bheith ag caitheamh anuas ar pholasaithe Shinn Féin, gan, feictear domsa, aon chur amach agat orthu!
    Agus ag an am céanna tá tú ag moladh duine atá ina bhaill fadtréimhseach den pháirtí le polasaithe a rinne cac den gheilleagar!

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Tá sin go deas, a D, ag caitheamh anuas ormsa mar go gcreideann tú nach bhfuil aon chur amach agam ar pholasaithe SF agus ansan níl tusa sasta iad a chosaint. Ní h-é nach bhfuil a fhios agam mar gheall ar pholasaithe SF – más polasaithe iad seachas caipéisí folmha – ach tá sé deacair ciall a bhaint astu. An priomh pholasaí atá acu, tarraingt siar ón mhargadh leis an EU/IMF agus ansan dul ar nais ag lorg airgid i gceann bliana. Níl aon miniú inchreidte tugtha acu ar conas mar a dhíolfaidh siad na billí idir an dhá linn nó conas mar a chosnóidh siad an t-airgead atá ag pobal na tíre i dtaisce sna bainc. Chomh fada agus a bhaineann sé liom, tá Sinn Féin sásta rud ar bith a rá chun an dubh a chur ina gheal orainn agus ár votaí a mhealladh. Ní chreidim iad. Is é sin an deacracht is mó atá agam leo. Creidim nach gcreideann go leor daoine ach aithním go bhfuil an baol ann go bhfaighidh siad níos mó votaí an uair seo de bhrí go bhfuil siad ag gabhail den phort sin. Tá difríocht mór idir an rud a deireann Sinn Féin agus iad ag lorg do vóta agus an rud a dheineann siad i gcumhacht.

    Freagra
  9. johnmodonoghue@yahoo.ie

    An bhfuil dallamullóg orm ach is é seo an chéad toghacháin im chuimhse go bhfuil lucht an fhreasúra sotalach.Ar chuala sibh Joan Burton leis an guth leadránach ag caitheamh aníos ar Sheosamh Uí Higín aru aréir ar chlár Uinsinn De Brún agus anois Ó Chionnaith ag éileamh réamh choinniollacha don díospóireacht Ghaeilge.Tá siad ag dul ar aghaidh ionas go bhfuil an toghacháin buaite roimh ré acu.Ar chuala siad an seanfhocal”ní breac é go mbeidh sé ar an bport”Ní maith liom é cé go naontoinn go gcaithfear fáil reidh le FF.

    Freagra
  10. Mícheál Mac Murchaidh

    Dúil agam sa suíomh seo le tamall ach caithfidh mé a rá – partyline Fhine Gael le sonrú i gcónaí.

    I ndeireadh na dála, tá igaeilge ag seasamh leis an líne seo – atá díreach cosúil le líne FF.

    Ní fhaca mé focal ag cáineadh Fine Gael riamh anseo.

    Freagra
  11. igaeilge Údar an Ailt

    Níor thuig mé go raibh orm aon pháírtí ar leith – Fine Gael nó eile – a cháineadh. Dála an scéil, cad é ‘partyline’ Fine Gael? An áit é gur féidir glaoch a chur ar ‘Fine Gaels’ agus coinne a dhéanamh leo le dul ar suirí leo?
    Mar eolas:
    https://igaeilge.wordpress.com/2009/05/11/ag-bru-na-gcnaipi/

    https://igaeilge.wordpress.com/2010/03/13/fg-ag-geilleadh-vota-don-deorai-ach-ni-don-tuaisceartach/

    https://igaeilge.wordpress.com/2010/07/31/4044/

    Freagra
  12. Mise Áine

    @ ‘dhein sé, d’aon ghnó, neamhaird de Shinn Féin, an Comhaontas Glas agus an Chomhghuaillíocht Chlé ó thaobh díospóireacht daonlathach de ar an teilifís.’

    Thug mé féin é sin faoi deara, chomh luath agus a dúirt sé é, a Dhubhaltaigh.

    Nílim cinnte, mar sin féin, an ‘d’aon ghnó’ a rinne sé é. D’fhéadfadh sé go bhfuil ‘sotal’ de shaghas i gceist, ceart go leor, ó tharla go leor acu, (Joan san áireamh, a John) rófhada ag éisteacht lena chéile, seachas bheith ag éisteacht leis an bpobal.

    Teastaíonn diospóireacht ina mbeidh gach páirtí/dream páirteach, le go mbeidh deis ag mo leithéid, mar vótálaí, cinneadh ‘cothrom’ a dhéanamh. Ní dóigh liom gur mise an t-aon vótálaí inathraitheach a bheadh ag éisteacht leo uilig, agus chaithfeadh na ceannairí uilig bheith páirteach, le bheith féaráilte.

    Maidir le ‘partyline Fhine Gael le sonrú i gcónaí’, ar an suíomh seo, níor thug mé féin a leithéid faoi deara, caithfidh mé a rá. Ach, ní lia duine ná tuairim, agus níl againn, mar léitheoirí, nó mar éisteoirí, ach ár dtuairim féin – bainfidh muid as focail, scríofa agus luaite, an ní a fheileann dár dtuairimí féin, is dócha!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s