Fianna Fáil agus Sinn Féin: Tweedle dum agus Tweedle dee

Is cuimhin liom nuair a ceapadh Brian Cowen ina Thaoiseach – agus ba cheapachán seachas toghchán a bhí ann – go raibh dóchas éigean agam go raibh ceannaire ag an tír a thuig, b’fhéidir, go raibh gá le ceannaireacht. Thóg sé mo chroí gur labhair sé as Gaeilge ina chéad oráid – ba rud fónta é sin ar a shon agus nuair nár craoladh an mír i nGaeilge ar shuíomh an Irish Times, rinneas gearán agus fuaireas leithscéal ón eagarthóir, Geraldine Kennedy.

Ní raibh an t-adh leis cinnte ach, mar a dúirt Bill Clinton, agus é ag tagairt do chúrsaí spoirt:

Golf is like life. All the biggest wounds are self inflicted.

Cé gur thosnaigh sé go maith agus é ag caint go macánta is, fiú, go spreagúil leis an bpobal, chuaigh sé ó mhaith go tapaidh agus ba thubaiste ‘caidrimh phoiblí’ a réim ag an deireadh.

B’é a shlánaigh Fianna Fáil ag an olltoghchán deireannach – ach is cosúil go ndeinfear ollscrios ar an bpáirtí ag an toghchán seo agus gur ar fhear Uibh Fháílí a bheidh an locht á chur. Gan amhras ní raibh sé leis féin ag an mbarr. Bhí sé timpeallaithe ag lucht gaimbín agus ‘lucht sea’. Fuair lucht ‘sea’ ardú céime agus d’fhan an chuid eile ina dtost go dti anois. Ná bíodh aon dul amú ort, ní leas na tíre atá ag déanamh tinnis d’amhrasáin FF ach compórd a suiocháin féin. Níl aon cruthúnas chomh soiléir ar sin ach an socrú a rinneadh, faoi choim, go mbeadh ciste ollmhór ar fáil do Theachtaí Dála a bheadh ag eirí as ag an toghchán seo… Go deimhin beidh tuarastal níos fearr – nó pinsean más fearr leat – ag na Teachtaí is na hAirí atá ag eirí as ná mar a bheadh dá dtoghfaí iad in athuair.

Má eiríonn Brian Cowen as inniu, nó i gceann cúpla lá, díreach roimh an Olltoghchán nó ina dhiaidh, ceapfaidh FF go mbeidh siad ábalta an titim tubaisteach a mhoilliú. Ní tharlóidh sin. Tá rás FF rite – agus b’fhéidir nach mbeidh FF ina fhórsa níos mó i saol na tíre. Arís ní feidir an milleán a chur ar fhear amháin – Brian Cowen nó Bertie Ahern – as sin. Tá an locht ar an bpáirtí trí cheile nó tá siad go léir chomh h-olc lena chéile. Gach duine acu ag geall leis gach deis, rinne siad an rogha éasca agus mí cheart. Cuirim i gcás an bannaí a thug FF do na bainc, an Banc Angla Éireannach san áireamh, agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, cairt mhaorláthach gan tairbhe, na meaisíní votála Tá samplaí eile ann nach luafaidh mé faoi láthair.

Na roghanna ceart: an dleacht ar mhalaí plaisteacha agus an chosc ar chaitheamh tabac.

Bhí bá na nGaeilgeoirí – a bhfurmhór acu ar aon nós – riamh le Fianna Fáil. Bhí FF i gcónaí ábalta an rud ar theastaigh uainn a chlos a rá. An cuimhin libh an gheallúint roimh an Olltoghchán deireannach: go mbeadh Aire sinsearach le cúram na Gaeilge is na Gaeltachta orthu? Chomhlíon siad an gheallúint, maith go leor, ach rinne siad cuimil a mhailín den bhuiséad, rud a fhagann go mbeidh an nGaeltacht buailte níos troime ná earnáil ar bith eile ag an mbuiséad.

Anois is cosúil go bhfuil Gaeilgeoirí ag féachaint i dtreo SF agus is cinnte go mbeidh na ‘rudaí cearta’ á rá ag an bpáírtí sin agus iad ag iarraidh ár vótaí a mhealladh. Ach an oiread le FF, ní dheineann SF beart de réir briathar agus, go deimhin, uaireannta is ar aimhleas na Gaeilge a ghníomhaíonn siad. Fiú má tá corr Ghaeilgeoir ‘mór le rá’ ar bórd acu, feictear dom gur pairtí é nach gcreideann i rud ar bith ach cumhacht ar son na cumhachta agus, mar a chonacthas ó thuaidh den teorainn, gur beag a dhéanfaidh siad ar son na Gaeilge agus iad i gcumhacht.

Mar atá ráite agam roimhe, níl idir FF agus SF ach am. Agus tá SF ag iompú ina FF lite go h-an tapaidh. Agus sinn ag iarraidh ceannasaíocht stuama a chur i bhfeidhil ar an dtír san olltoghchán, ná deinfimís meancóg agus tweedle dum a thoghadh in áit tweedle dee

11 de thuairimí ar “Fianna Fáil agus Sinn Féin: Tweedle dum agus Tweedle dee

  1. Peig

    A Choncubhair a chara – Is suimiúil é an blúire seo thuas agus d’aontóin le go leor de. Is é an trua é más ea, im thuairimse amháin gan dabht, go dtosnaís ag caitheamh anuas ar pháirtí nach raibh aon bhaint acu le Rialtas ná comhacht. Nílim féin báúil ná im’bhall d’aon pháirtí – ach, tuigtear dom go bhfuileann tú féin (Ón mblúire thuas) tógtha le FG nó lucht oibre agus nach bhfuil i ndáiríre thuas ach Canbhasáil dóibh.
    Cad a tharla dod’ bhlúire: “Ciallaíonn sin go mbeidh sé neamhspleach agus má bhionn sé claonta, is claontaí an eagarthóra féin a bheidh á nochtadh.” An méid sin ráite – tá gach ceart agat do chlaontacht a chur ar do chuid féin – Nil faic thuas faoi FG agus an chéasadh agus róstadh, atá ullamh acu siúd don nGaeilge. Pé scéal é – bhaineas taithneamh de shaghas as do bhlúire go dtósnaís ag dul sa mhullach ar pháirtí atá neamhchiontach ar a gcuiris ina leith. Dea-ghuí Peig

    Freagra
  2. Ping: Tweets that mention Fianna Fáil agus Sinn Féin: Tweedle dum agus Tweedle dee « iGaeilge -- Topsy.com

  3. igaeilge Údar an Ailt

    Nílim le h-aon pháirtí, go h-áirithe nílim le FG nó an Lucht Oibre. Ach is é mo thuairim go bhfuil SF, de réir mar atá cruthaithe acu ag an olltoghcán in 07, agus ó shin, ina FF lite. Ní féidir iad a thrust.

    Freagra
  4. Eoghan Ó Murchadha

    Foc sin mar alt, is léir do cheann bheith sáite go daingean suas áit éigin. Tá fadhbanna le FF agus SF ó thaobh na Gaeilge cinnte ach murab ionann agus FG agus P lucht Oibre tá siad i bhfábhar na teanga ar an mórgóir. Fan go bhfeice tú FGAll i gcumhacht agus tuigfidh tú. Agus tú i do thuairmeoir ar chúrsaí Gaeilge shamhlófá go mbeifeá níos tógtha leis an madra atá ag tafann lasmuigh ná an cat atá ag meánfách istigh. FF cineál mí-éifeachtúil agus gan bheith iomlán dáiríre faoin teanga vs. Fine Gall atá mionnaithe ar í a scrios.

    Sortáil amach tú féin a mhic, sula scríobhann tú alt mar seo arís ar chursaí Gaeilge.

    Freagra
  5. Gael thar lear

    Ba mhaith liom ceist dhíreach dháiríre a chur ort, a Chonchubhair, gan an caitheamh anuas ort atá le feiscint sna freagraí eile ná aon tuairim pholaitiúil dom chuid féin a chur chun cinn … cé acu an páirtí, dar leat, a dhéanfaidh an beart is mó ar son na Gaelainne?

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Nach tusa atá lán de drochchaint a Eoghainín. Mar a dúirt mé roimhe, níl mé ar son FG, LO, nó aon pháírtí eile. Nuair a deirim go bhfuil mé neamh-spleach, sin atá i gceist agam. Tá daoine ann a chreideann gur ionann bheith neamhspleach bheith in éadan gach páirtí ach páirtí amháin. Níl mise ina measc. Is é SF an mádra a bhionn ag tafann – ach nuair a bhionn sí istigh, mar atá ó thuaidh, bionn sí ina samh codladh chomh fada is a bhaineann sé le pobal agus cúis na Gaeilge. Ni chreidim go bhfuil FG mionnaithe ar an teanga a scrios fiú nach n-aontaím leis an bpolasaí atá ag an pháirtí fáil reidh lei mar ábhar riachtanach don Ard Teist. Táim ar shon, in éagmais aon pholasaí eile le ciall, go mbeadh dúbailt poinntí ar fáil don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic ach go mbeadh an trí ábhar sin roghnach don Ard Teist, an moladh a rinne Donncha Ó hÉalaithe. Maidir le FF agus SF, deir siad go bhfuil siad i bhfabhar na teangan ach beartaíonn siad ar bhealach éagsúil (ghearr Rialtas FF buiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta go smior agus tá SF tar éis dhá nuachtán Ghaeilge a dhruidim mar aon le Acht Ghaeilge a chur ar an méar fhada ó ceapadh iad sa Rialtas ó thuaidh agus ar bhórd Fhoras na Gaeilge. B’fhéidir gur tusa an t-é ar cheart bheith ag sortáil – ach má thagann tú ar ais anseo arís, a mhicín, fag an droch theanga id dhiaidh.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Níl a fhios agam, a Ghaeil Thar Lear, an bhfuil aon páirtí chun beart stuama ar bith a dhéanamh ar son na Gaeilge. Sílim go bhfuil siad go léir lán le cac faoin ‘gheilleagar glic’ mar shampla ach nach dtuigeann siad an cheangal a dheineann an Ghaeilge idir an samhlaíocht atá againn, an teicneolaíocht agus an ghnó. Creidim féin gur foinse na h-ionsparáide í an Ghaeilge ach go bhfuil lucht an ghaimbín chomh dall sin ag $ Sam agus € an EU, nach bhfeiceann siad sin. Táim leath ag smaoineamh ar sheasamh don Seanad ar an ábhar sin….

    Freagra
  8. Eoghan

    Tá tú ag caint ar eapsa dáiríreachta FF agus Sf ach tá dúnghaois ag FG an Ghaeilge a bheith roghnach don ardteist, mura gcreideann/dtuigeann tú go dtagann seo ó idé-eolaíocht fhrithGhaeilge tá éirithe leo. Ceann fáth nach mbeadh an Ghaeigle éigeantach, teanga atá faoi dhrochmheas, faoi bhrú agus a mbíonn sé an-deacair orainn aon seirbhísí a fháil inti.

    Maith dhom as an racht a Chonchúir, táim an-churtha trí chéile ag polasaithe frithGhaeilge Fhine Gall agus feictear dom go bhfuil ag éirí leo bob a bhualadh ar mhuintir na Gaeigle fiú, tú féin agus Donncha ina measc. Níor chóir dúinn géilleadh riamh dá ndearcadh frithGhaeilge siúd. Teastaíonn uatha nach mbeadh aon dualgas scoile ná stáit, nó fiú mórán tacaíochta ann di.

    Cad is fiú dúbailt ar na pointí don Bhéarla? Nach bhfágfadh sin sa bhád céanna muid ar bhealach?

    Freagra
  9. seamus mac seain

    a Eoghain a chara go raibh maith agat as do ainm ceart a úsáid agus tú ag díospóireacht anseo, tá barraíocht de lucht “Balaclava” ar an idirlín nach eol duit cé hiad iad. I dtaca leis an cur agus cúiteamh seo faoi cé acu páirtí is Gaelaí, is rogha an dá dhíogha a bhíos i gcónaí ann nó ní dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ina príoracht ag páirtí ar bith i nÉirinn aineoin go bhfuil Gaeil fhiúntacha ins gach páirtí. Nach amhlaidh gur fúinn féin atá sé cur ar ár son féin (mar Ghaeil) le gach páirtí agus gan muid fein a dhíol le dream ar bith acu agus ar saoirse chainte a chailleadh. Is cinnte go bhfuil ag teip ar an chóras ó dheas dóthan Gaeilge a fhoghlaim do dhaoine le go dtiocfadh leo úsaid a bhaint aistí taobh amuigh de am scoile. Dá dtiocfadh linn an fhadhb sin a reiteach ba chéim mhór chun tosaigh a bheadh ann ba chuma í a bheith riachtanach don ardteist nó a mhalairt. Sin an gad is cóngaraí don scornach dar liom agus caithfear sin a scaoileadh ar dtús. Ba muid féin mar Ghaeil a chruthaigh an córas Gaelscolaíochta a n-éiríonn leis an fhadhb a reiteach. An amhlaidh nár cheart dúinn muid féin a bhaitheadh sa díospóieacht seo faoín Ghaeilge san Ardteist agus cur ar son tuilleadh Gaelscoileanna a bheith bunaithe?. Tá rud amháin cinnte, níl an status quo maith go leor agus tá áthrú radacach de dhíth agus ní thabharfaidh díospóireacht faoin Ghaeilge éigeantacht sin dúinn bíodh as go mbeidh páirtíthe polaitiúla éagsúla ag iarraidh í a theorannú chuige sin.

    Freagra
  10. liamascorcaigh

    Dúirt Raghnall Ó Riagáin, Uachtarán SAM tráth, gurb iad na focail is sceimhlithí ar féidir a chloisteáil ná “Is ón rialtas mise agus táim chugat le fóirithint a dhéanamh ort”.

    Smut den gceart aige sa mhéid sin go deimhin. Ní cuid de Ghluaiseacht na Gaeilge an rialtas agus ní cuid den rialtas GnG. Agus ní cuid de GnG gach gaeilgeoir agus ní gaeilgeoir gach cainteoir gaeilge. Agus ní cainteoir Gaeilge gach duine go bhfuil Gaeilge ar a chumas aige.

    I bhfoclaibh eile tá an scéal i bhfad níos casta ná polasaithe rialtais is gníomhartha polaiteoirí, ná habair a gcuid geallúintí. Má theastaíonn ó go leor de mhuintir na hÉireann an Ghaeilge a bheith ann mairfidh sí beagbeann ar rialtas ar bith. Má’s cuma le muintir na hÉireann fúithi, titfidh sí le faill na haimsire amach anseo ainneoin a dhiograisí is a d’fheidhmeodh aon rialtas ar a son.

    DAS, an féidir an beocheartú litrithe a chur ar ceal sa ghléas seo agus fáilt réidh leis na diabhail línte dearga faoi gach focal a scrítear?

    Freagra
    1. aonghus

      DAS, an féidir an beocheartú litrithe a chur ar ceal sa ghléas seo agus fáilt réidh leis na diabhail línte dearga faoi gach focal a scrítear?

      Ní bhaineann sin leis an suíomh, ach le do bhrabhsálaí féin. (Firefox atá agamsa, agus Gaeilge in uachtar. Níl ach corrfhocal le líne dearg faoi)

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s