Gaelú an DUP!

Ceannaire an DUP - ar nós nár chuala tú riamh é.


Is beag a bhí le rá agam anseo le tamall, idir an Nollag agus go leor eile ná raibh ag titim amach. Nílim chun morán a rá anois ach déarfaidh mé an meid seo, an fear a thugann Hector Ó Hackatdawn ar féin, an bradalaí idirlín a chur teachtaireacht as Gaeilge ar shuíomh an DUP:
Maith thú! Is tusa mo laoch an tseachtain seo.

D’eirigh leat an Ghaeilge a chur ós comhair an DUP ar shlí shíochánta ach ar shlí nach bhféadfaidís ach é a thabhairt faoi ndeara. Ar ndóigh tá sé deacair an DUP a mhealladh i dtreo aon polasaí réasúnta – ach uaireannta tá sé tabhachtach a mheabhrú don pháirtí chomh mí réasúnta agus atá an pháirtí. Ní h-amháin go bhfuil an DUP mí-réasúnta i leith na Gaeilge, tá siad biogóideach agus mailíseach agus, ó am go cheile, creidimse go bhfuil siad ag fáil an lámh in uachtar ar Shinn Féin.

Ná stop ag an DUP, bain triail as an UUP agus an SDLP agus SF freisin – ansan téir i mbun gnímh ó dheas den teorainn, le Fianna Fáíl, Fine Gael, an Lucht Oibre, SF, rannaí rialtais agus eile. An Post, RTÉ, Eircom – tá siad go léir ag déanamh faillí….

3 thuairim ar “Gaelú an DUP!

  1. instsignpost

    Tá suíomh face book ag Houses of the Oireachtas (sic) agus foilsítear preas ráitaisí ann go minic. Tá cnaipe ar a bharr “Gaeilge” ach ní théann sé áit ar bith. Anois chuirim “Níl leagan Gaeilge le fáil” mar thrácht air gach ráiteas. Tá sé thar a bheith spéisiúil suíomh nuachta Chomhthionóil na Breataine Bige (http://wales.gov.uk/newsroom/?skip=1&lang=cy) a chuir i gcomparáid le suíomh nuachta An Oireachtais (http://www.oireachtas.ie/ViewDoc.asp?DocId=-1&CatID=36).

    Freagra
  2. Anraoi

    Tá tú ag tacú le fear atá ag briseadh an dlí. An mbeadh tu chomh sásta dá scriosfadh bradaí eile, nár aontaigh le do sheasamh ar cheist éigin, do shuíomh féin?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s