Brionglóidi agus straitéisí

Ní maith an rud é don anam a bheith diúltach an t-am go léir. Mar sin féin ní féidir liom a rá ach gur díomá an príomh mhothú a bhí agam ar léamh dom an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a sheol an Taoiseach inné (Dé Máirt) ceithre bhliain agus lá ón uair gur foilsíodh ‘Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge’.

Creidim nach bhfuilimíd céim chun tosaigh ón 20ú Nollag 2006 agus an méid a dúradh ann. Ráiteas ‘uaillmhiannach’ a deineadh an lá sin – go leor ‘spriocanna’ breatha ach gan an cur chuige luaite leo chun an obair a dhéanamh chun iad a bhaint amach. Ar an lá sin gealladh go mbeadh ‘plean’ nó ‘straitéis’ ann laistigh de dhá bhliain chun an Ráiteas a fhíorú. Tá’s againn cad d’imigh ar an ngeallúint sin.

Anois is cosúil go bhfuil an Straitéis is déanaí ag ‘fulaingt’ de bharr na cúinsí eacnamaíochta. Dúirt an Taoiseach, Brian Cowen, agus é ag seoladh na straitéise:

Mr Cowen admitted the availability of funding for the strategy — just €1.5m next year — had been affected by the economic crisis. But he said the strategy’s success would depend on the people.

“If we had €1bn, it wouldn’t give us the result that everyone is speaking Irish,” he said.

Bheadh san maith go leor ach fiú nuair a raibh an tír ag snámh le h-airgead, níor caitheadh acmhainní leis an nGaeilge. Nó má deineadh, caitheadh go h-amaideach iad, ar sheafóid Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Chuala mé an tAire Carey ag rá, an lá theana, go raibh €55,000 in aghaidh na bliana á chaitheamh ag gach roinn ar dhualgaisí na reachtaíochta a chomhlíonadh. Níl a fhios agam an bhfuil aon fhigiúir ar an méid airgid atá caite ó reachtaíodh an Achta ar chomhlíonadh na ndualgaisí ag gach roinn stáit is ag gach eagras phoiblí.

Tá blaiseadh den soiniciúlacht ag baint leis an seoladh seo a dhéanamh agus an Rialtas ag saothrú an bháis. Ce mheid den straitéis seo a bheidh an Rialtas atá le teacht i gcumhacht ag seasamh leis? Theana féin tá Frank Feighan, úrlabhraí Fhine Gael, ag rá go mbeidh an páirtí sin ag seasamh lena gheallúint deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge don Ard Teist.

However, Fine Gael Gaeltacht spokesman Frank Feighan, who is learning Irish, said his party was sticking to its policy of abolishing Irish as a compulsory Leaving Cert subject.

“There are a lot of people like myself who spent 13 years in school who just have the ‘cupla focal’. We need a lot of confidence and I think this plan is the framework for 100,000 people like myself,” he said.

San alt chéanna san Irish Independent, maítear:

The 20-year strategy has cross-party support, which means that both Fine Gael and Labour are committed to implementing it if they get into power.

Tá mé in amhras faoi sin mar de réir mar a fheictear domsa is beag na h-athruithe a deineadh idir an dréacht straitéis de réir mar a foilsíodh anuraidh agus an straitéis a foilsíodh an tseachtain seo. Ní féidir liom aon moladh a rinne an Chomhchoiste Oireachtais maidir leis an straitéis, tar éis doibh dul i gcomhairle le h-eagrais is gnathdhaoine ar fuaid na tíre, a thabhairt faoi ndeara sa straitéis nua fhoilsithe. An é gur brionglóid abea an proiseas comhairleoireachta, cosúil leis an mbrionglóid úd ag Bobby i nDallas nuair ar eirigh le léiritheoirí Dallas séasúr iomlán den sraith úd a chur ó mhaith, a tharla le linn 2010 nó an é ná raibh ann ach straitéis moilleadóireachta?

Tá ráite agam roimhe seo gur beag an meas a bhí agam ar an gcéad phlean mar gheall ar an easpa samhalaíochta is uaillmhian a bhain le na moltaí i leith na meáin. Is iad na meáin an tosca is mó a imríonn tionchair ar an bpobal agus is tríd na meáin a shroichfidh, má bhaintear feidhm mar is ceart astu, an deascéal faoin nGaeilge an phobal amuigh ansin. Seachas sin nílimíd ach ag athchóiriú na suíocháin ar bhórd an Titanic.

An bhfuil aon suáilc ag baint leis an bplean seo? Tugaim faoi ndeara go gcaithfidh gach ceantar Gaeltachta plean teanga a fhorbairt a bheidh mar sprioc aige cur le neart teanga an cheantair. Tá sin maith go leor agus tá gá leis – ach ní doigh liom go gcuirfear i bhfeidhm an chuid seo den riachtanas sin:

Under a new Gaeltacht Act, each district will have to develop a language plan if it cannot comply with linguistic criteria indicating that Irish is still in daily use. If communities fail to develop “acceptable sustainable language plans” within a two-year period, they will lose their Gaeltacht status.

Sin mar ar tuairiscíodh san Irish Examiner an scéal. An bhfuil aon dealramh faoin spéir le bata a dhéanamh de phlean teanga mar sin? Mar dhuine atá ag obair ar phlean teanga a chur le cheile i Múscraí, is féidir liom a rá go bhfuil sé deacair go leor a leithéid a dhéanamh gan a bheith ag gearradh bataí le go mbeifeá féin ag fáil bataráil. Nach ag iarraidh daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge atá an phlean – cén tairbhe atá ann daoine a chur ó dhoras le bagairtí mar gheall ar stadas Gaeltachta?

In áit bheith ag iarraidh ceantair a bhrú isteach sa sean sainmhíniú den Ghaeltacht, tá gá an sainmhíniú sin a athrú le bheith i dtiúin leis an nua-aimsir. B’fhéidir go bhfuil rud eigean sa mhéid a deirtear in eagarfhocal an Irish Examiner:

Another programme to rejuvenate the language was launched yesterday but it is hard to see how it might succeed when so many others have failed. Some people love the language for what it is, others cherish it for the economic rewards it can bestow. Until very many more of us love it for itself its future remains in jeopardy.

Is cuimhin liom blag spéisiúil a scrígh Proinsias Mac a’Bhaird tamall maith ó shin a bhí ar an ndul chéanna: An bhfuil sé in am dúinn deireadh a chur le deontais Ghaeilge?

Creidim go laidir gur cheart smaoineamh ar dheireadh a chur le deontais a thugann airgead do dhuine nó do theaghlach chun Gaeilge a labhairt agus gur fearr i bhfad acmhainní a dhíriú ar phobail chun cuidiú leo an timpeallacht a ghaelú, le h-ionaid cultúrtha/cultúrlainne is aiseanna eile, a chinnteoidh go mbeidh áiteanna ag daoine chun teacht le cheile ar mhaithe le comhluadar a dhéanamh, áíteanna nach tithe tabhairne iad.

Cad iad bhúr dtuairimí ar na gceisteanna seo?

6 thuairim ar “Brionglóidi agus straitéisí

  1. aonghus

    Tagaim leat cuid mhór.

    Tá gá le scéimeanna Rialtais chun cuidiú le dlús pobail a neartú sa nGaeltacht; ach ar an gcoinníoll gur pobal le Gaeilge iad. Tá tionchar ag an Rialtas go díreach ar an bpobal tríd na seirbhísí (nach gcuirtear ar fáil trí Ghaeilge) agus tríd an córas oideachas. Tá tionchar indíreach ag an Rialtas an na meáin.

    Rud eile a chuir cantal orm. Bhí mír ar Nuacht RTÉ faoi seo aréir. Ní bheadh fhios agat ón mír sin gurbh as Gaeilge a labhair an Taoiseach agus na hAirí. Cuireadh agallamh orthu as Béarla d’aon ghnó don Nuacht.

    Cad chuige nach gcuirfí fotheidil leis an méid a dúirt siad as Gaeilge?

    Ach pé scéal é tá amhras orm faoi tiomantas FG & an LO do seo. Tá Donncha Mac Fhionnghaile ar tí éirí as, go bhfios dom. Mar sin, cén fear (nó bean) Gaeltachta a bheidh sa chéad Oireachtas eile chun an chás ar son na Gaeltachta a dhéanamh (ní áirím san Rialtas)?

    Freagra
  2. seamus mac seain

    ó mo thaobh féin de, ba leor agam ” “straitéis Mhúscraí” a bheith agam ná céad straitéis fiche bliain ó Rialtas leonta atá sna déithe deiridh. Is go háitiúil a dhéanfar an teanga a shabháil nó a chailleadh, dar liom. Múscraí abú

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Má tá lámhleabhar ó aon duine chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar an dtalamh, i measc an phobail, ní gá dóibh ach leabhar Shéamuis, D’Imigh Sin agus Tháinig Seo, a léamh. Is leabhar é atá á léamh agam i lathair na h-uaire, mír anseo agus ansiúd, agus tá sé amhail is go bhfuil mé ag suí ag bórd sa Chultúrlann agus ag comhrá leis an bhfear é féin….

    Is cosúil go bhfuil fear FG, Frank Feighan, tar éis a rá go bhfáiltíonn FG leis an Straitéis – seachas go bhfuil an pháirtí chun deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge ag an Ard Teist.

    Faoi láthair táimíd i mbun plean teanga a chur le cheile do Mhúscraí. Bhí sraith cruinnithe againn le déanaí inar phléamar na nithe éagsúla a fhéadfaí déanamh i ngach sraidbhaile. B’úsáideach an obair é – cé go mothaím go fóill go bhfuilim ag snámh sa dorchadas….ach leanaimíd orainn. Caithfidh mé a rá nach dtagaim leis an gcur chuige atá ag an Rialtas, ag cur proiseas comhairleoireachta ar bun agus ag diultú do gach moladh a thagann as an bproiseas sin. Seo straitéis an Rialtais seachas straitéis lucht labhartha na Gaeilge….

    Freagra
    1. aonghus

      Tagaim le Séamas: is iad na pleananna logánta féitheoga an straitéis seo; agus tá súil agam nach dris cosain a bheidh sa Rialtas.

      Freagra
  4. seamus mac seain

    go raibh maith agat a choncubhair as an “plug” sin ach nach ort féin atá an chuma mhaith agus tú i gcuideachta na cuideachta sa leabhar céanna

    Freagra
  5. Oisín Mór

    aontaím go huile is gohiomlán leis seo:
    “gur fearr i bhfad acmhainní a dhíriú ar phobail chun cuidiú leo an timpeallacht a ghaelú, le h-ionaid cultúrtha/cultúrlainne is aiseanna eile, a chinnteoidh go mbeidh áiteanna ag daoine chun teacht le cheile ar mhaithe le comhluadar a dhéanamh, áíteanna nach tithe tabhairne iad.”

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s