Straitéis 20 Bliain scríte i dteanga dho-thuigthe

Tá an chéad fhéachaint faighte agam den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, atá le foilsiú níos déanaí inniu ag an Taoiseach, ach atá ar fáil theana féin ar shuíomh na Roinne anseo.

Údar mór díomá dom an easpa samhlaíochta atá ag baint leis an méid atá luaite leis an mír faoi na meáin cumarsáide, chomh mór ar chúl na teicneolaíochta agus na fealsúnachta atá sé, agus creidim féin gurb é seo an mír is tabhachtaí sa straitéis.

Anuas ar sin, tá an méid atá scríte ann, tá sé scríte i dteanga nach Gaeilge nó Béarla é. Cineál Gaeilglish nó Engaeil nó rud éigean. Bain tusa triail as an sliocht seo:

Ní mór forbairtí TF den sórt sin a leabú freisin i
gcleachtais a bhaineann le hoideachas, i
gcleachtais shóisialta agus i gcleachtais a
bhaineann leis an obair le go mbeidh siad ina
modhanna éifeachtacha chun cumarsáid
fheabhsaithe a chur ar fáil.

An rud is tabhachtaí le tabhairt faoi ndeara faoin straitéis seo go bhfuil sé á fhoilsiú inniu ag Rialtas atá ag saothrú an bháis. Bíodh is gur votáil gach páirtí ar shon na Gaeilge sa Dáil, ní bheidh ceangal ar aon Rialtas nua leanúint leis an straitéis seo. Ní gá go maródh Rialtas nua an Straitéis go h-oscailte ach is féidir go dtabharfadh siad le tuiscint do na statsheirbhísígh nach tosaíocht leo é agus go bhfaigheadh sé bás tre neamhshuim de réir a cheile.

Ar ndóigh tá an Straitéis scrite i dteanga atá doiléir agus oscailte – d’fhéadfaí miníú ar bith a thabhairt do. Feictear dom gur scríobhadh i mBéarla ar dtúis é agus gur aistríodh é ansan go Maorláithis (nó Meamráiméis, mar a thugann Aonghus air).

An chéad cheist don Taoiseach inniu, nuair a sheolfaidh sé an ‘Straitéis’ in Ionad Phreasa an Rialtais.

Cén uair a aistreofar an Straitéis go Gaeilge?

Mór an náire do TG4 agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta nár chraol ceachtar acu beo an seoladh den Straitéis 20 Bliain na Gaeilge. Ní thuigim conas nach bhféadfadh an dhá meán stát mhaoinithe seo polasaí oifigiúil an Stáit don chéad fiche bliain eile, ocáid tabhachtach cheapfá, a chraoladh beo. Agus, sea, táim ar bhórd TG4. Tá litir gearáin á sheoladh agam chuig an Ceannasaí anois. Chun an fhírinne a ínsint rinne mé talamh tirim de go gcraolfaí beo é….

Tuigtear dom go raibh sé á chraoladh ag Raidió na Life, maith iad. Is mór an trua nach raibh na staisiúin eile inchurtha leo…

10 dtuairim ar “Straitéis 20 Bliain scríte i dteanga dho-thuigthe

  1. aonghus

    Meamraiméis den scoth. An rud is mó a chuireann imní orm ná go dtuigim cad atá i gceist acu. Is léir go bhfuil barraíocht truflaise mar seo díchódaithe agam le tamaill.

    Freagra
  2. nora de balla

    Ambaiste tá an blag seo ‘scríte’ (sic) i dteanga nach Gaeilge nó Béarla é. In ainm Dé déan cúrsa gramadaigh, ceannaigh foclóir agus Gaelspell nó leanfaidh tú ort ag maslú na teanga. Cén seans atá ag an straitéis in éadan an ionsaí laethúil a dhéanann tú uirthi ar an mblag seo.

    Freagra
    1. igaeilge Údar an Ailt

      I gcead dhuit a Nóra, is dhá rud difriúil an blag seo agus foilseachán oifigiúil de chuid Rialtas na hÉireann. Ait an rud go dtagann tú ar chuairt anseo gan de rún agat ach díspeagadh a dhéanamh orm, gan bunús, ós rud é go bhfuil do chuid Ghaeilge féin leibideach agus lochtach agus i bhfad Éireann níos measa ná mo chuid lag iarrachtaí féin. Tá an fógra thuas ar an doras maidir le mo chuid Gaeilge, Gaolúinn ó dhúchas atá agam ó Mhúscraí dála an scéil. Mura dtaitníonn sí leat, fán amach ón suíomh seo.

      Freagra
    2. Seosamh Ó Beirgin

      Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte a rá go ndéanann ár gcara, an Liathánach, ionsaí ar an straitéis ar bonn laethúil mar atá ráite agat, a Nóra. I ndáiríre ní dhéanann sé ionsaí nó fiú moladh ar rud ar bith ar bonn laethúil ar an mblag seo a thuilleadh. Mar, muna bhfuil sé tugthá faoi ndéara agat, is rud annamh é anois dár bhfear tí rud ar bith a scríobh anseo. Seo an 21 Nollaig agus ní raibh faic postáilte aige roimhe seo ón 7 Nollaig. Sin chuid de patrún a bhfuil le braith anseo le tamall maith anuas agus is mór an trua é mar go bhfuil rudaí fiúntacha le rá aige ar uairibh. Buille marfach d’aon blag é an neamhrialtacht seo, tá mé ag ceapadh.

      B’fhéidir gur spreagadh a leigheasódh an scéal seachas díspreagadh, a Nóra.

      Freagra
      1. Sláine

        Is aoibhinn an rud í an chanúint, a Chonchubhair, agus dá bhféadfainnse í a scríobh agus mé san ollscoil le chúig bliana anuas, dhéanfainn amhlaigh, ach faraor, moltar dúinn scríobh sa chaighdeán. Ní mhairfidh ceachtar acu má cuirtear iachall orainn scríobh i gceann amháin acu de shíor.

  3. Séamas Ó Neachtain

    Ba chóir dóibh comhairle a chur le chéile agus an t-aon riail a bheadh ann ná go mbeadh sé riachtanach go bhfuil gach ball de in a fheirmeoir nó ina iascaire. Ní dóigh liom go dtugann aon duine nach stáitseirbhíseach é/í aon aird dá leithéid seo. Mór an trua nach bhfuil caint na ndaoine chomh tábhachtach agus a mhaítear.

    Maidir le Gaeilge Mhúscraí, maidir leis an inscne, an bhfuil polasaí “ná ceistigh, ná hinis” agaibh? 😉

    Freagra
  4. Seán

    Beannachtaí na Nollag daoibh go léir agus go háirithe do na daoine breátha sin i Múscrai, na filí, na saoithe, na fáidh agus lucht an cheoil, na daoine uaisle go léir go raibh aithne agam orthu idir bheo agus mharbh agus an teanga bhinn atá ina mbéal acu.

    Go mbeannaithe daoibh!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s